|
|||||
|
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 19 de 2009 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FAIREACHAS) 2009 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Alt | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1 . Léiriú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2 . Feidhm an Achta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3 . Faireachas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4 . Iarratas ar údarú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
5 . Údarú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
6 . Údarú a athrú nó a athnuachan. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
7 . Ceadú le haghaidh faireachais i gcásanna práinne. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
8 . Feistí rianúcháin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
9 . Ábhair a bhaineann le hiarratais agus le tuarascálacha a choinneáil. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
10 . Srian ar nochtadh go bhfuil údaruithe agus doiciméid eile ann. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
11 . Nós imeachta gearán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
12 . Breitheamh ainmnithe do dhéanamh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
13 . Rúndacht faisnéise. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
14 . Inghlacthacht fianaise. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
15 . Faisnéis a nochtadh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
16 . Rialacháin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
17 . Leasú ar Acht an Gharda Síochána 2005. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
18 . Leasú ar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
19 . Gearrtheideal. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 19 de 2009 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (FAIREACHAS) 2009 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FAIREACHAS I dTACA LE CIONTA INGHABHÁLA A IMSCRÚDÚ, I dTACA LE CIONTA INGHABHÁLA, A bhFUILTEAR IN AMHRAS GO nDÉANFAR IAD, A CHOSC AGUS I dTACA LEIS AN STÁT A CHOSAINT AR BHAGAIRTÍ LOITBHEARTACHA AGUS SCEIMHLITHEOIREACHTA, DO LEASÚ ACHT AN GHARDA SÍOCHÁNA 2005AGUS ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) 1961 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉIDSIN. | ||
[12 Iúil, 2009] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Léiriú. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht um Post-Phaicéid agus Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh (Rialáil) 1993; | |
[EN] | tá le “cion inghabhála” an bhrí atá leis in alt 2 (arna leasú le halt 8 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) den Acht um an Dlí Coiriúil 1997; | |
[EN] | ciallaíonn “údarú” údarú chun faireachas a dhéanamh arna eisiúint faoi alt 5 nó arna athrú nó arna athnuachan faoi alt 6; | |
[EN] | folaíonn “doiciméad”— | |
[EN] | (a) aon leabhar, taifead nó ábhar scríofa nó clóite eile i bhfoirm ar bith, agus | |
[EN] | (b) aon taifeadadh, lena n-áirítear aon sonraí nó faisnéis a stóráiltear, a chothabháiltear nó a chaomhnaítear go leictreonach nó ar shlí seachas i bhfoirm inléite; | |
[EN] | ciallaíonn “breitheamh” breitheamh den Chúirt Dúiche; | |
[EN] | ciallaíonn “comhalta d’Óglaigh na hÉireann” comhalta d’Óglaigh na hÉireann de réir bhrí alt 1 den Acht Cosanta (Leasú) 1990, seachas comhalta de na hÓglaigh Cúltaca de réir bhrí an Achta Cosanta 1954; | |
[EN] | ciallaíonn “comhalta den Gharda Síochána” comhalta den Gharda Síochána de réir bhrí alt 3 d’Acht an Gharda Síochána 2005, seachas duine dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; | |
[EN] | folaíonn “áit”— | |
[EN] | (a) teaghais nó foirgneamh eile, | |
[EN] | (b) feithicil, cibé acu is feithicil inneallghluaiste í nó nach ea, | |
[EN] | (c) soitheach, cibé acu is soitheach farraige é nó nach ea, | |
[EN] | (d) aerárthach, cibé acu atá sé inoibrithe nó nach bhfuil, agus | |
[EN] | (e) sciorrárthach; | |
[EN] | ciallaíonn “Aire iomchuí”— | |
[EN] | (a) an tAire, i ndáil le ceaduithe arna ndeonú ag oifigeach uachtarach den Gharda Síochána, agus i ndáil le doiciméid agus faisnéis atá i gcoimeád an Gharda Síochána, | |
[EN] | (b) an tAire Cosanta, i ndáil le ceaduithe arna ndeonú ag oifigeach uachtarach d’Óglaigh na hÉireann, agus i ndáil le doiciméid agus faisnéis atá i gcoimeád Óglaigh na hÉireann, agus | |
[EN] | (c) an tAire Airgeadais, i ndáil le ceaduithe arna ndeonú ag oifigeach uachtarach do na Coimisinéirí Ioncaim, agus i ndáil le doiciméid agus faisnéis atá i gcoimeád na gCoimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “cion ioncaim” cion faoi aon cheann de na forálacha seo a leanas is cion inghabhála: | |
[EN] | (a) alt 186 den Customs Consolidation Act 1876; | |
[EN] | (b) alt 1078 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997; | |
[EN] | (c) alt 102 den Acht Airgeadais 1999; | |
[EN] | (d) alt 119 den Acht Airgeadais 2001; | |
[EN] | (e) alt 79 (arna chur isteach le halt 62 den Acht Airgeadais 2005) den Acht Airgeadais 2003; | |
[EN] | (f) alt 78 den Acht Airgeadais 2005; | |
[EN] | ciallaíonn “oifigeach uachtarach”— | |
[EN] | (a) i gcás an Gharda Síochána, comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort; | |
[EN] | (b) i gcás Óglaigh na hÉireann, comhalta d’Óglaigh na hÉireann nach ísle céim ná cornal; agus | |
[EN] | (c) i gcás na gCoimisinéirí Ioncaim, oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nach ísle céim ná príomhoifigeach; | |
[EN] | ciallaíonn “faireachas”— | |
[EN] | (a) maidir le duine áirithe nó grúpa daoine nó a ngluaiseachtaí, a ngníomhartha agus a gcumarsáid, faireachán nó breathnú a dhéanamh orthu, éisteacht leo nó taifeadadh a dhéanamh díobh, nó | |
[EN] | (b) faireachán nó taifeadadh a dhéanamh ar áiteanna nó ar rudaí, | |
[EN] | le feistí faireachais nó le cuidiú feistí faireachais; | |
[EN] | ciallaíonn “feiste faireachais” gaireas arna dhearadh nó arna oiriúnú lena úsáid le linn faireachais, ach ní fholaíonn sé— | |
[EN] | (a) gaireas atá ceaptha chun géire radhairc nó radharc oíche a fheabhsú, a mhéid nach n-úsáidtear é chun taifeadadh a dhéanamh d’aon duine, nó d’aon áit nó rud a bhfuil faireachán nó breathnú á dhéanamh air nó uirthi, | |
[EN] | (b) Teilifís Chiorcaid Iata de réir bhrí alt 38 d’Acht an Gharda Síochána 2005, ná | |
[EN] | (c) ceamara, a mhéid a úsáidtear é chun grianghraif a thógáil d’aon duine nó d’aon rud atá in áit a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi; | |
[EN] | ciallaíonn “feiste rianúcháin” feiste faireachais nach n-úsáidtear ach amháin chun faisnéis a sholáthar maidir le cén áit a bhfuil duine, feithicil nó rud; | |
[EN] | ciallaíonn “taifead scríofa ar cheadú” taifead scríofa ar cheadú arna ullmhú ag oifigeach uachtarach faoi alt 7(6) nó 8(6). | |
Feidhm an Achta. |
2 .— (1) Tá feidhm ag an Acht seo maidir le faireachas a dhéanann comhaltaí den Gharda Síochána, comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (2) Ní fhágfaidh aon ní san Acht seo gur gníomhaíocht neamhdhleathach aon ghníomhaíocht a bheadh dleathach thairis sin. | |
[EN] | (3) Ní ceadmhach údarú ná ceadú faoin Acht seo a eisiúint ná a thabhairt i leith gníomhaíochta arb éard í tascradh de réir bhrí Acht 1993. | |
[EN] | (4) D’fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo nach bhfuil feidhm ag an Acht seo maidir leis an méid seo a leanas: | |
[EN] | (a) úsáid córais teilifíse ciorcaid iata i stáisiún Garda Síochána; | |
[EN] | (b) taifeadadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó trí mheán eile den tsamhail sin faoi alt 27 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 ar cheistiú duine ag comhaltaí den Gharda Síochána i stáisiúin Gharda Síochána nó in áiteanna eile i ndáil le cionta a imscrúdú; | |
[EN] | (c) taifeadadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó trí mheán eile den tsamhail sin d’aon fhianaise a thabharfaidh duine, nó ráiteas a dhéanfaidh duine, chun críocha aon imeachtaí cúirte. | |
Faireachas. |
3 .— Ní dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána, comhalta d’Óglaigh na hÉireann ná oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim faireachas ach amháin de réir údaraithe bhailí nó ceadaithe arna dheonú de réir alt 7 nó 8. | |
Iarratas ar údarú. |
4 .— (1) Féadfaidh oifigeach uachtarach den Gharda Síochána iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar údarú i gcás go bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint— | |
[EN] | (a) mar chuid d’oibríocht nó d’imscrúdú a bheidh á déanamh nó á dhéanamh ag an nGarda Síochána i dtaca le cion inghabhála, gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun faisnéis a fháil i dtaobh an amhlaidh go ndearnadh an cion nó maidir leis na himthosca a bhaineann le déanamh an chiona, nó chun fianaise a fháil chun críocha imeachtaí i ndáil leis an gcion, | |
[EN] | (b) gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun cosc a chur le cionta inghabhála a dhéanamh, nó | |
[EN] | (c) gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun slándáil an Stáit a choimeád ar bun. | |
[EN] | (2) Féadfaidh oifigeach uachtarach d’Óglaigh na hÉireann iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar údarú i gcás go mbeidh forais réasúnacha aige nó aici lena chreidiúint gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun slándáil an Stáit a choimeád ar bun. | |
[EN] | (3) Féadfaidh oifigeach uachtarach do na Coimisinéirí Ioncaim iarratas a dhéanamh chuig breitheamh ar údarú i gcás go mbeidh forais réasúnacha aige nó aici lena chreidiúint— | |
[EN] | (a) mar chuid d’oibríocht nó d’imscrúdú a bheidh á déanamh nó á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le cion ioncaim, gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun faisnéis a fháil i dtaobh an amhlaidh go ndearnadh an cion nó maidir leis na himthosca a bhaineann le déanamh an chiona, nó chun fianaise a fháil chun críocha imeachtaí i ndáil leis an gcion, nó | |
[EN] | (b) gur gá an faireachas a iarrtar a údarú chun cosc a chur le cionta ioncaim a dhéanamh. | |
[EN] | (4) I gcás go n-iarrfar faoi fho-alt (10) d’alt 7 trí iarratas faoin alt seo leanúint le faireachas a dhéanfar faoi alt 7, beidh ar áireamh san fhaisnéis faoi mhionn a bheidh ag tacú leis an iarratas cóip den taifead scríofa ar cheadú lena mbaineann, achoimre ar thorthaí an fhaireachais atá déanta agus na cúiseanna ar gá leanúint leis an bhfaireachas. | |
[EN] | (5) Aon oifigeach uachtarach a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (1), (2), (3) nó (4), beidh forais réasúnacha aige nó aici freisin chun a chreidiúint, maidir leis an bhfaireachas a iarrtar a údarú — | |
[EN] | (a) gurb é an modh is lú cur isteach atá ar fáil é, ag féachaint do na cuspóirí a ghabhann leis agus do chúinsí iomchuí eile, | |
[EN] | (b) go bhfuil sé ar comhréir leis na cuspóirí a ghabhann leis, ag féachaint do na himthosca go léir lena n-áirítear an éifeacht is dóigh a bheidh aige ar chearta aon duine, agus | |
[EN] | (c) go mairfidh sé go ceann tréimhse a theastóidh le réasún chun na cuspóirí a ghabhann leis a bhaint amach. | |
Údarú. |
5 .— (1) Maidir le hiarratas faoi alt 4 ar údarú agus faoi alt 6 ar athrú nó athnuachan ar údarú— | |
[EN] | (a) is ex parte a dhéanfar é agus éistfear é ar shlí seachas go poiblí, agus | |
[EN] | (b) féadfar é a dhéanamh chuig breitheamh atá sannta d’aon dúiche cúirte dúiche. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (4), eiseoidh an breitheamh cibé údarú is dóigh leis nó léi atá réasúnach, más deimhin leis nó léi trí fhaisnéis faoi mhionn ón oifigeach uachtarach lena mbaineann— | |
[EN] | (a) go gcomhlíontar na ceanglais a shonraítear i bhfo-alt (1), (2) nó (3), de réir mar a bheidh, d’alt 4, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil bonn cirt faoina dhéanamh, ag féachaint do na nithe dá dtagraítear in alt 4(5) agus do na himthosca iomchuí eile go léir. | |
[EN] | (3) Maidir le faisnéis faoi mhionn ó oifigeach uachtarach ina sonrófar na forais ar a gcreideann sé nó sí gur gá an faireachas chun cosc a chur le cionta inghabhála dá dtagraítear in alt 4(1)(b) a dhéanamh, nó cionta ioncaim dá dtagraítear in alt 4(3)(b) a dhéanamh, ní gá cion inghabhála áirithe ná cion ioncaim áirithe, de réir mar a bheidh, a n-iarrtar an t-údarú ina leith a shonrú inti. | |
[EN] | (4) Ní eiseoidh an breitheamh údarú más deimhin leis nó léi gur dóigh gur le cumarsáidí atá faoi chosaint le pribhléid go príomha a bhainfidh an faireachas a iarrtar a údarú. | |
[EN] | (5) Féadfar le húdarú cibé coinníollacha is cuí leis an mbreitheamh a fhorchur i leith an fhaireachais a údarófar. | |
[EN] | (6) Is i scríbhinn a bheidh údarú agus sonrófar ann— | |
[EN] | (a) sonraí i dtaobh na feiste faireachais a údaraítear a úsáid, | |
[EN] | (b) an duine, nó an áit nó an rud, atá le bheith ina ábhar nó ina hábhar don fhaireachas, | |
[EN] | (c) ainm an oifigigh uachtaraigh dá n-eisítear é, | |
[EN] | (d) na coinníollacha (más ann) ar faoina réir a eisítear an t-údarú, agus | |
[EN] | (e) dáta éagtha an údaraithe. | |
[EN] | (7) Féadfar, le húdarú, a údarú don oifigeach uachtarach atá ainmnithe ann, nó d’aon chomhalta den Gharda Síochána, d’aon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann nó d’aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim atá ainmnithe ag an oifigeach uachtarach sin, agus aon duine eile a mheasfaidh sé nó sí is gá ina theannta nó ina teannta, dul isteach, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, in aon áit chun an faireachas údaraithe a thionscnamh nó a dhéanamh, agus chun an fheiste faireachais údaraithe a bhaint as an áit, gan toiliú duine ar leis nó léi an áit nó atá i bhfeighil na háite. | |
[EN] | (8) Rachaidh údarú in éag an lá a bheidh socraithe ag an mbreitheamh agus a mheasfaidh sé nó sí a bheith réasúnach sna himthosca agus ar lá é nach déanaí ná 3 mhí ón lá a eisíodh é. | |
[EN] | (9) Faoi réir aon choinníollacha arna bhforchur ag an mbreitheamh faoi fho-alt (5), beidh éifeacht le húdarú laistigh den dúiche cúirte dúiche dá bhfuil an breitheamh sannta agus in aon chuid eile den Stát araon. | |
Údarú a athrú nó a athnuachan. |
6 .— (1) Féadfaidh breitheamh, ar iarratas chuige sin ag an oifigeach uachtarach dár eisíodh údarú, más deimhin leis nó léi trí fhaisnéis faoi mhionn go bhfuil bonn cirt tugtha ag an oifigeach uachtarach sin chun an t-údarú a athrú nó a athnuachan— | |
[EN] | (a) an t-údarú a athrú, nó | |
[EN] | (b) an t-údarú a athnuachan, ar na coinníollacha céanna nó ar choinníollacha éagsúla, go ceann cibé tréimhse breise, nach faide ná 3 mhí, is cuí leis an mbreitheamh. | |
[EN] | (2) Déanfar iarratas ar athnuachan faoin alt seo sula mbeidh an t-údarú lena mbaineann, nó aon athnuachan roimhe sin ar an údarú, de réir mar a bheidh, dulta in éag. | |
[EN] | (3) I gcás go ndéantar iarratas ar athnuachan faoin alt seo agus go rachadh an t-údarú lena mbaineann, murach an fo-alt seo, in éag le linn an t-iarratas a éisteacht, measfar nach rachaidh sé in éag go dtí go gcinnfear an t-iarratas. | |
Ceadú le haghaidh faireachais i gcásanna práinne. |
7 .— (1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, comhalta d’Óglaigh na hÉireann nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim faireachas a dhéanamh gan údarú más rud é go bhfuil oifigeach uachtarach tar éis an faireachas a cheadú de réir an ailt seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta nó oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iarratas a dhéanamh chuig oifigeach uachtarach ar cheadú a dheonú chun faireachas a dhéanamh má chreideann sé nó sí ar fhorais réasúnacha go gcomhlíontar ceanglais fho-alt (1), (2) nó (3), de réir mar a bheidh, d’alt 4 agus go bhfuil bonn cirt faoin bhfaireachas ag féachaint do na nithe dá dtagraítear in alt 4(5), ach, sula bhféadfaí údarú a eisiúint— | |
[EN] | (a) gur dóigh go n-éalódh duine chun ceartas a sheachaint, go gcuirfeadh sé nó sí bac ar chúrsa an cheartais nó go ndéanfadh sé nó sí cion inghabhála nó cion ioncaim, de réir mar a bheidh, | |
[EN] | (b) gur dóigh go scriosfaí nó go gcaillfí faisnéis nó fianaise i ndáil le cion inghabhála nó cion ioncaim, de réir mar a bheidh, a dhéanamh, nó go dtarlódh ar shlí eile nach mbeadh sí ar fáil, nó | |
[EN] | (c) gur dóigh go gcuirfí slándáil an Stáit i mbaol. | |
[EN] | (3) Oifigeach uachtarach a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2) chuige nó chuici, ceadóidh sé nó sí cibé faireachas a dhéanamh is cuí leis nó léi, ag féachaint don fhaisnéis san iarratas, más deimhin leis nó léi go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go n-eiseofaí údarú faoi alt 5 ach go bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca práinne a shonraítear i bhfo-alt (2). | |
[EN] | (4) Féadfar ceadú a dheonú faoi réir coinníollacha, lena n-áirítear coinníoll maidir le fad an fhaireachais. | |
[EN] | (5) Le ceadú faoin alt seo, ceadaítear don chomhalta nó don oifigeach lena mbaineann, agus aon duine eile a mheasann sé nó sí is gá ina theannta nó ina teannta, dul isteach, trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá, in aon áit chun an faireachas ceadaithe a thionscnamh nó a dhéanamh, agus chun an fheiste faireachais cheadaithe a bhaint as an áit, gan toiliú duine ar leis nó léi an áit nó atá i bhfeighil na háite. | |
[EN] | (6) Déanfaidh oifigeach uachtarach a cheadóidh faireachas a dhéanamh faoin alt seo, a luaithe is indéanta agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 n-uaire an chloig tar éis an faireachas a cheadú, taifead scríofa ar cheadú a ullmhú i dtaobh an fhaireachais sin. | |
[EN] | (7) Aon taifead scríofa ar cheadú, beidh sé i cibé foirm a fhorordóidh an tAire iomchuí le rialacháin agus beidh na nithe seo a leanas ann— | |
[EN] | (a) sonraí i dtaobh na feiste faireachais a cheadaítear a úsáid, | |
[EN] | (b) an duine, nó an áit nó an rud, atá le bheith ina ábhar nó ina hábhar don fhaireachas, | |
[EN] | (c) ainm an chomhalta den Gharda Síochána, an chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó an oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim dá ndeonaítear an ceadú, | |
[EN] | (d) na coinníollacha (más ann) ar faoina réir a dheonaítear an ceadú, | |
[EN] | (e) an t-am a dheonaítear an ceadú, agus | |
[EN] | (f) fad an fhaireachais a cheadaítear. | |
[EN] | (8) Ní dhéanfaidh an comhalta nó an t-oifigeach faireachas faoin alt seo ar feadh tréimhse is faide ná 72 uair an chloig ón am a dheonófar an ceadú. | |
[EN] | (9) An t-oifigeach uachtarach a cheadaigh faireachas a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí, tráth ar bith roimh dhul in éag na tréimhse 72 uair an chloig, an ceadú sin, nó aon choinníoll a bheidh ag gabháil leis, a athrú. | |
[EN] | (10) (a) Maidir leis an oifigeach uachtarach a d’údaraigh an faireachas a dhéanamh, má chreideann sé nó sí ar fhorais réasúnacha gur cheart leanúint den fhaireachas go ceann tréimhse ab fhaide ná an tréimhse 72 uair an chloig, déanfaidh sé nó sí, a luaithe is féidir ach in aon chás sula rachaidh an tréimhse sin in éag, iarratas faoi alt 4(4) ar údarú chun leanúint leis an bhfaireachas. | |
[EN] | (b) I gcás go mbeidh iarratas faoi alt 4(4) déanta agus go rachadh an tréimhse dá dtagraítear i mír (a), murach an mhír seo, in éag le linn an t-iarratas a éisteacht, measfar nach rachaidh sí in éag go dtí go gcinnfear an t-iarratas. | |
[EN] | (11) Tabharfaidh oifigeach uachtarach a cheadóidh faireachas a dhéanamh faoin alt seo tuarascáil a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an faireachas lena mbaineann a chríochnú, agus sonrófar sa tuarascáil na forais ar ar deonaíodh an ceadú agus beidh cóip den taifead scríofa ar cheadú agus achoimre ar thorthaí an fhaireachais sa tuarascáil. | |
[EN] | (12) Tabharfar tuarascáil faoi fho-alt (11)— | |
[EN] | (a) i gcás comhalta den Gharda Síochána, do chomhalta den Gharda Síochána a bhfuil céim Leas-Choimisinéara aige nó aici, | |
[EN] | (b) i gcás oifigigh d’Óglaigh na hÉireann, do ghinearál-oifigeach de réir bhrí alt 2 (arna leasú le halt 2(b) den Acht Cosanta (Leasú) 1979) den Acht Cosanta 1954, agus | |
[EN] | (c) i gcás oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim, d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil céim Rúnaí Chúnta aige nó aici. | |
Feistí rianúcháin. |
8 .— (1) D’ainneoin ailt 4 go 7, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, comhalta d’Óglaigh na hÉireann nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, ar feadh tréimhse nach faide ná 4 mhí nó cibé tréimhse is giorra a fhorordóidh an tAire le rialacháin, faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí daoine, feithiclí nó rudaí trí fheiste rianúcháin a úsáid má tá an úsáid sin ceadaithe ag oifigeach uachtarach de réir an ailt seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh comhalta nó oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iarratas a dhéanamh chuig oifigeach uachtarach ar cheadú a dheonú chun feiste rianúcháin a úsáid má chreideann sé nó sí ar fhorais réasúnacha— | |
[EN] | (a) go gcomhlíontar ceanglais fho-alt (1), (2) nó (3), de réir mar a bheidh, d’alt 4 agus go bhfuil bonn cirt leis an bhfaireachas, ag féachaint do na nithe dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d’alt 4(5), ach gur leor úsáid feiste rianúcháin chun an fhaisnéis nó an fhianaise a fháil sna himthosca lena mbaineann, agus | |
[EN] | (b) go bhféadfaí an fhaisnéis nó an fhianaise a lorgaítear a fháil le réasún trí fheiste rianúcháin a úsáid ar feadh tréimhse sonraithe a bheidh chomh gearr agus is indéanta chun gur féidir an fhaisnéis nó an fhianaise a fháil. | |
[EN] | (3) Oifigeach uachtarach a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (2) chuige nó chuici, ceadóidh sé nó sí cibé úsáid a bhaint as feiste rianúcháin is cuí leis nó léi, ag féachaint don fhaisnéis san iarratas, más deimhin leis nó léi go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go n-eiseofaí údarú faoi alt 5 agus go bhfuil feidhm ag na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2). | |
[EN] | (4) Féadfar ceadú a dheonú faoi réir coinníollacha, lena n-áirítear coinníoll maidir leis an bhfad a úsáidfear an fheiste rianúcháin. | |
[EN] | (5) Le ceadú faoin alt seo, ceadaítear don chomhalta nó don oifigeach lena mbaineann, agus aon duine eile a mheasann sé nó sí is gá ina theannta nó ina teannta, an fheiste rianúcháin a leagan agus í a thabhairt chun bealaigh nuair a bheidh deireadh lena húsáid, gan toiliú duine ar leis nó léi an fheithicil nó an rud, nó atá i bhfeighil na feithicle nó an ruda, ar a mbeidh sí leagtha. | |
[EN] | (6) Déanfaidh oifigeach uachtarach a cheadóidh feiste rianúcháin a úsáid faoin alt seo, a luaithe is indéanta agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 n-uaire tar éis an úsáid a cheadú, taifead scríofa ar cheadú a ullmhú i dtaobh úsáid na feiste rianúcháin. | |
[EN] | (7) Aon taifead scríofa ar cheadú, beidh sé i cibé foirm a fhorordóidh an tAire iomchuí le rialacháin agus beidh na nithe seo a leanas ann— | |
[EN] | (a) sonraí i dtaobh na feiste rianúcháin a cheadaítear a úsáid, | |
[EN] | (b) an duine nó an fheithicil nó an rud a bhfuil an faireachán le déanamh air nó uirthi, | |
[EN] | (c) ainm an chomhalta den Gharda Síochána, an chomhalta d'Óglaigh na hÉireann nó an oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim dá ndeonaítear an ceadú, | |
[EN] | (d) na coinníollacha (más ann) ar faoina réir a dheonaítear an ceadú, | |
[EN] | (e) an t-am a dheonaítear an ceadú, agus | |
[EN] | (f) fad na húsáide a cheadaítear. | |
[EN] | (8) Gan dochar don tréimhse uasta a bhféadfaidh éifeacht a bheith le ceadú arna dheonú faoin alt seo ina leith, féadfaidh an t-oifigeach uachtarach a cheadóidh feiste rianúcháin a úsáid faoin alt seo an ceadú sin, nó aon choinníoll a ghabhann leis, a athrú, aon tráth roimh dhul in éag don cheadú sin. | |
[EN] | (9) Tabharfaidh oifigeach uachtarach a cheadóidh feiste rianúcháin a úsáid faoin alt seo tuarascáil, a luaithe is indéanta agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis úsáid na feiste a bheith críochnaithe, agus sonrófar sa tuarascáil na forais ar ar deonaíodh an ceadú agus beidh cóip den taifead scríofa ar cheadú agus achoimre ar thorthaí an fhaireacháin sa tuarascáil. | |
[EN] | (10) Tabharfar tuarascáil faoi fho-alt (9)— | |
[EN] | (a) i gcás comhalta den Gharda Síochána, do chomhalta den Gharda Síochána a bhfuil céim Coimisinéara Cúnta aige nó aici, | |
[EN] | (b) i gcás oifigigh d’Óglaigh na hÉireann, do ghinearál-oifigeach de réir bhrí alt 2 (arna leasú le halt 2(b) den Acht Cosanta (Leasú) 1979) den Acht Cosanta 1954, agus | |
[EN] | (c) i gcás oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim, d’oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil céim Rúnaí Chúnta aige nó aici. | |
[EN] | (11) Féadfaidh an tAire, ar mhaithe le príobháideacht daoine agus cearta eile daoine a chosaint, ar mhaithe le slándáil an Stáit, agus ar mhaithe leis na haidhmeanna maidir le déanamh cionta inghabhála a chosc agus cionta inghabhála a bhrath, rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar tréimhse is lú ná 4 mhí mar an tréimhse uasta ar lena linn a fhéadfaidh éifeacht a bheith le ceaduithe arna ndeonú faoin alt seo, agus féadfar leis na rialacháin sin tréimhsí éagsúla a fhorordú i leith críoch éagsúil nó imthosca éagsúla. | |
Ábhair a bhaineann le hiarratais agus le tuarascálacha a choinneáil. |
9 .— (1) Coinneofar iarratas ar údarú faoi alt 4 nó 6, agus aon doiciméid a bheidh ag tacú leis an iarratas— | |
[EN] | (a) go dtí an lá a bheidh 3 bliana tar éis an lae a scoir an t-údarú lena mbaineann de bheith i bhfeidhm, nó | |
[EN] | (b) go dtí an lá nach mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhair aon ionchúisimh nó aon achomhairc a mbeidh siad iomchuí maidir leis, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (2) Coinneofar taifead scríofa ar cheadú arna ullmhú faoi alt 7(6) nó 8(6) agus tuarascáil arna tabhairt faoi alt 7(11) nó 8(9)— | |
[EN] | (a) go dtí an lá a bheidh 3 bliana tar éis an lae a ullmhaíodh an taifead scríofa ar cheadú nó a tugadh an tuarascáil lena mbaineann, nó | |
[EN] | (b) go dtí an lá nach mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhair aon ionchúisimh nó aon achomhairc a mbeidh siad iomchuí maidir leis, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (3) Déanfar na doiciméid a gheofar de thoradh faireachais a dhéanfar nó feistí rianúcháin a úsáidfear faoin Acht seo, seachas iad sin dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2), a choinneáil— | |
[EN] | (a) go dtí an lá a bheidh 3 bliana tar éis dheireadh an fhaireachais nó an fhaireacháin lena mbaineann, nó | |
[EN] | (b) go dtí an lá nach mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhair aon ionchúisimh nó aon achomhairc a mbeidh siad iomchuí maidir leis, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (4) Faoi réir fho-alt (5), díothófar na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (3) a luaithe is indéanta nuair nach ceanglaítear iad a choimeád a thuilleadh faoi na fo-ailt sin. | |
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire iomchuí a údarú i scríbhinn aon doiciméid dá dtagraítear san alt seo a choimeád más rud é go gceapann sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh ag féachaint don mhéid seo a leanas— | |
[EN] | (a) an ní is leas maidir le príobháideacht agus cearta eile daoine a chosaint, | |
[EN] | (b) slándáil an Stáit, | |
[EN] | (c) na haidhmeanna maidir le déanamh cionta inghabhála a chosc agus cionta inghabhála a bhrath, agus | |
[EN] | (d) an ní is leas maidir leis an gceartas. | |
Srian ar nochtadh go bhfuil údaruithe agus doiciméid eile ann. |
10 .— (1) Cinnteoidh an tAire iomchuí go ndéanfar faisnéis agus doiciméid lena mbaineann an tAcht seo a stóráil go daingean agus nach mbeidh rochtain orthu ach ag daoine a údaróidh sé nó sí chun na críche sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire iomchuí, ar mhaithe le príobháideacht daoine agus cearta eile daoine a chosaint, ar mhaithe le slándáil an Stáit, agus ar mhaithe leis na haidhmeanna maidir le déanamh cionta inghabhála a chosc agus cionta inghabhála a bhrath, rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar— | |
[EN] | (a) na daoine nó na haicmí daoine a mbeidh rochtain acu chun críocha an ailt seo ar fhaisnéis i leith údaruithe, ceaduithe arna ndeonú faoi ailt 7 agus 8 agus doiciméid dá dtagraítear in alt 9 a bheith ann, | |
[EN] | (b) na nósanna imeachta agus na socruithe chun an fhaisnéis sin agus na doiciméid sin a stóráil go daingean, agus chun slándáil na faisnéise agus na ndoiciméad a choimeád ar bun, agus | |
[EN] | (c) an líon cóipeanna de na doiciméid sin a fhéadfar a dhéanamh agus scriosadh na gcóipeanna sin a luaithe is féidir nuair nach mbeidh gá leo a thuilleadh faoi alt 9. | |
[EN] | (3) D’ainneoin alt 13, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le nochtadh nó neamhnochtadh, don duine ab ábhar dó nó do dhaoine eile a ndéanann sé difear ábhartha dá leasa, go bhfuil údarú nó ceadú faoi alt 7 nó 8 ann, ar choinníoll maidir le haon nochtadh arna údarú faoi rialacháin den sórt sin— | |
[EN] | (a) go mbeidh sé ar comhréir leis na críocha chun ar eisíodh nó ar deonaíodh an t-údarú nó an ceadú lena mbaineann, | |
[EN] | (b) go mbeidh sé ar comhréir le slándáil an Stáit, príobháideacht agus cearta eile daoine a chosaint agus na haidhmeanna maidir le déanamh cionta inghabhála a chosc agus cionta inghabhála a bhrath, agus | |
[EN] | (c) nach dóigh dó treampán a chur ar imscrúdú sa todhchaí ar chionta den sórt sin. | |
[EN] | (4) Féadfar le haon rialachán arna dhéanamh faoi fho-alt (3)— | |
[EN] | (a) a cheangal ar an Aire dul i gcomhairle, in aon chás áirithe nochta, le cibé aicmí daoine a fhorordófar, | |
[EN] | (b) aicmí daoine (seachas daoine is ábhar do na húdaruithe nó na ceaduithe) a ndéanann údaruithe nó ceaduithe difear ábhartha dá leasa agus dá mbeidh nochtadh le déanamh a fhorordú, agus | |
[EN] | (c) forchur téarmaí agus coinníollacha a cheadú lena gcuirfear teorainn le méid nó le mionsonra an nochta de réir mar is gá, ag féachaint do na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3). | |
Nós imeachta gearán. |
11 .— (1) Aon duine a chreideann go mb’fhéidir gur ábhar d’údarú nó do cheadú faoi alt 7 nó 8 é nó í, féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an Réiteoir ar an ní a imscrúdú. | |
[EN] | (2) Maidir le hoifigeach uachtarach a thabharfaidh tuarascáil faoi alt 7(11) nó 8(9), nó a gheobhaidh tuarascáil faoi alt 7(12) nó 8(10), féadfaidh sé nó sí iarratas a dhéanamh chuig an Réiteoir ar ní a imscrúdú má chreideann sé nó sí gur ar mhaithe leis an gceartas imscrúdú den sórt sin a dhéanamh. | |
[EN] | (3) Má dhéantar iarratas faoin alt seo (seachas iarratas a mheasfaidh an Réiteoir a bheith suaibhreosach nó cráiteach), déanfaidh an Réiteoir imscrúdú— | |
[EN] | (a) i dtaobh an amhlaidh gur eisíodh údarú nó gur deonaíodh ceadú, de réir mar a bheidh líomhnaithe san iarratas,agus | |
[EN] | (b) i dtaobh, más amhlaidh gur eisíodh nó gur deonaíodh, an amhlaidh go ndearnadh sárú iomchuí. | |
[EN] | (4) Más rud é, tar éis an ní a imscrúdú, gurb é tátal an Réiteora go ndearnadh sárú iomchuí, déanfaidh an Réiteoir— | |
[EN] | (a) fógra i scríbhinn a thabhairt don iarratasóir, agus d’aon duine eile a ndéanann an sárú iomchuí difear ábhartha dá leasa, faoin tátal sin, agus | |
[EN] | (b) tuarascáil i dtaobh a fhionnachtana nó a fionnachtana a thabhairt don Taoiseach. | |
[EN] | (5) Sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (4), féadfaidh an Réiteoir freisin, más é a thuairim nó a tuairim gur sárú ábhartha a bhí sa sárú iomchuí agus go mbeadh bonn cirt faoina dhéanamh amhlaidh sna himthosca, ceann amháin nó níos mó de na rudaí seo a leanas a dhéanamh le hordú: | |
[EN] | (a) a ordú— | |
[EN] | (i) an t-údarú a neamhniú nó an ceadú a fhreaschur, agus | |
[EN] | (ii) an taifead scríofa ar cheadú lena mbaineann, an tuarascáil faoi alt 7(11) nó 8(9) lena mbaineann, agus aon fhaisnéis nó doiciméid a fuarthas de thoradh an údaraithe nó an cheadaithe a dhíothú; | |
[EN] | (b) moladh a dhéanamh go ndéanfar cibé suim a shonrófar san ordú, agus nach mó ná €5,000, a íoc ar mhodh cúitimh leis an duine ab ábhar don údarú nó don cheadú; | |
[EN] | (c) an ní agus aon mholadh faoi mhír (b) a thuairisciú— | |
[EN] | (i) do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, i gcás sárú a bheith déanta ag an nGarda Síochána, | |
[EN] | (ii) don Aire Cosanta, i gcás sárú a bheith déanta ag Óglaigh na hÉireann; | |
[EN] | (iii) don Aire Airgeadais, i gcás sárú a bheith déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | (d) an ní agus aon mholadh faoi mhír (b) a thuairisciú don bhreitheamh arna ainmniú nó arna hainmniú faoi alt 12. | |
[EN] | (6) Más é tuairim an Réiteora nárbh é leas an phobail é, sna himthosca go léir— | |
[EN] | (a) fógra a thabhairt, faoi fho-alt (4)(a), don iarratasóir nó don duine eile, más ann, faoi thátal go ndearnadh sárú iomchuí, | |
[EN] | (b) an neamhniú, an freaschur nó an díothú faoi fho-alt (5)(a) a ordú, nó | |
[EN] | (c) moladh a dhéanamh chun suim a íoc ar mhodh cúitimh faoi fho-alt (5)(b), | |
[EN] | diúltóidh sé nó sí déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (7) Más rud é, tar éis an ní a imscrúdú, gurb é tátal an Réiteora nach ndearnadh sárú iomchuí, tabharfaidh an Réiteoir fógra i scríbhinn don iarratasóir nach mbeidh ráite ann ach nach ndearnadh sárú den sórt sin. | |
[EN] | (8) Is breith chríochnaitheach breith ón Réiteoir faoin alt seo. | |
[EN] | (9) Sárú iomchuí nach sárú ábhartha é, ní hionann é ann féin agus cúis chaingne ar agra duine ab ábhar don údarú nó don cheadú lena mbaineann. | |
[EN] | (10) Aon duine atá i bhfeighil stáisiúin Garda Síochána de réir bhrí alt 99(10) d’Acht an Gharda Síochána 2005, áite atá faoi rialú Óglaigh na hÉireann nó na gCoimisinéirí Ioncaim nó aon áite eile ina gcoimeádtar doiciméid atá iomchuí maidir le himscrúdú faoin alt seo, cinnteoidh sé nó sí go mbeidh rochtain ag an Réiteoir ar na háiteanna sin, agus ar na húdaruithe, na taifid scríofa ar cheadú, na tuarascálacha agus ar dhoiciméid iomchuí eile a fhéadfaidh an Réiteoir a iarraidh. | |
[EN] | (11) Maidir leis an Réiteoir— | |
[EN] | (a) féadfaidh sé nó sí, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus | |
[EN] | (b) déanfaidh sé nó sí, i gcás go mbeidh cás arna tharchur chuige nó chuici ag an mbreitheamh ainmnithe faoi alt 12(8), | |
[EN] | imscrúdú i dtaobh an amhlaidh go ndearnadh sárú iomchuí agus beidh feidhm ag an alt seo (seachas fo-alt (7)) maidir le himscrúdú den sórt sin amhail is dá mba thagairtí do “duine ab ábhar don údarú nó don cheadú” iad na tagairtí do “iarratasóir” i bhfo-ailt (4) agus (6). | |
[EN] | (12) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “Réiteoir” sealbhóir oifig an Réiteora Gearán faoi Acht 1993; | |
[EN] | ciallaíonn “sárú iomchuí” sárú ar fhoráil d’ailt 4 go 8. | |
Breitheamh ainmnithe do dhéanamh athbhreithniú ar fheidhmiú an Achta seo. |
12 .— (1) Iarrfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ar bhreitheamh den Ard-Chúirt na dualgais a shonraítear san alt seo a ghabháil de láimh (le linn a bheith ag fónamh mar bhreitheamh den sórt sin) agus, má ghlactar leis an iarraidh, ainmneoidh an Rialtas an breitheamh chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Beidh an breitheamh ainmnithe i seilbh oifige de réir théarmaí an ainmnithe. | |
[EN] | (3) Is iad feidhmeanna an bhreithimh ainmnithe— | |
[EN] | (a) feidhmiú ailt 4 go 8 a choimeád faoi athbhreithniú, agus | |
[EN] | (b) tuairisciú don Taoiseach ó am go ham agus uair amháin ar a laghad in aghaidh gach 12 mhí maidir le haon nithe a bhaineann le feidhmiú na n-alt sin a measfaidh an breitheamh ainmnithe gur chóir iad a thuairisciú. | |
[EN] | (4) D’fhonn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an breitheamh ainmnithe imscrúdú a dhéanamh ar aon chás ina n-eiseofar údarú faoi alt 5 nó ina n-athnuafar nó ina n-athrófar údarú faoi alt 6 nó ina ndeonófar ceadú faoi alt 7 nó 8. | |
[EN] | (5) Aon duine atá i bhfeighil stáisiúin Garda Síochána de réir bhrí alt 99(10) d’Acht an Gharda Síochána 2005, áite atá faoi rialú Óglaigh na hÉireann nó na gCoimisinéirí Ioncaim nó aon áite eile ina gcoimeádtar doiciméid is doiciméid iomchuí maidir le comhlíonadh fheidhmeanna an bhreithimh ainmnithe, cinnteoidh sé nó sí go mbeidh rochtain ag an mbreitheamh ainmnithe ar na háiteanna sin, agus ar na húdaruithe, na taifid scríofa ar cheadú, na tuarascálacha agus na doiciméid iomchuí eile a iarrfaidh an breitheamh ainmnithe. | |
[EN] | (6) Cinnteoidh an Taoiseach go ndéanfar cóip de thuarascáil faoi fho-alt 3(b), mar aon le ráiteas i dtaobh an amhlaidh gur fágadh aon ní aisti faoi fho-alt (7), a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt. | |
[EN] | (7) Má mheasann an Taoiseach, tar éis dul i gcomhairle leis an mbreitheamh ainmnithe, gur dhochar do shlándáil an Stáit aon ní i dtuarascáil, a mbeidh cóipeanna di le leagan faoi bhráid na dTithe faoi fho-alt (6), a fhoilsiú, féadfaidh an Taoiseach an ní sin a fhágáil as na cóipeanna sin. | |
[EN] | (8) I gcás go ndéanann breitheamh ainmnithe imscrúdú ar chás faoi fho-alt (4), agus go bhfuil an tuairim aige nó aici gur ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nó sí an cás sin a tharchur chuig an Réiteoir chun go ndéanfar imscrúdú faoi alt 11(11). | |
Rúndacht faisnéise. |
13 .— (1) Ní nochtfaidh duine aon fhaisnéis, laistigh nó lasmuigh den Stát, i dtaca le feidhmiú an Achta seo i ndáil le faireachas arna dhéanamh faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú de réir alt 7 nó 8, lena n-áirítear aon fhaisnéis nó doiciméid a fuarthas de thoradh an fhaireachais sin, ná ní nochtfaidh sé nó sí gurb ann d’iarratas ar údarú a eisiúint, ar údarú faoi alt 6 a athrú nó a athnuachan nó ar cheadú a dheonú faoi alt 7 nó 8, mura nochtadh do dhuine údaraithe an nochtadh agus mura ndéantar an nochtadh— | |
[EN] | (a) chun coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath, | |
[EN] | (b) chun cionta a ionchúiseamh, | |
[EN] | (c) ar mhaithe le slándáil an Stáit, nó | |
[EN] | (d) mar gheall ar cheangal faoi aon achtachán eile. | |
[EN] | (2) Beidh duine iomchuí a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (3) Beidh duine seachas duine iomchuí a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear— | |
[EN] | (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó | |
[EN] | (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi. | |
[EN] | (4) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “duine údaraithe”— | |
[EN] | (a) duine dá dtagraítear in alt 62(4)(a) d’Acht an Gharda Síochána 2005, | |
[EN] | (b) an tAire Cosanta, | |
[EN] | (c) an tAire Airgeadais, agus | |
[EN] | (d) duine a mbeidh an nochtadh dó nó di— | |
[EN] | (i) údaraithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Ceann Foirne na bhFórsaí Cosanta nó Coimisinéir Ioncaim, nó | |
[EN] | (ii) údaraithe ar shlí eile le dlí; | |
[EN] | ciallaíonn “duine iomchuí” duine atá nó a bhí— | |
[EN] | (a)ina chomhalta nó ina comhalta den Gharda Síochána, ina chomhalta nó ina comhalta d’Óglaigh na hÉireann nó ina oifigeach nó ina hoifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, | |
[EN] | (b)ina chomhalta cúltaca nó ina comhalta cúltaca den Gharda Síochána de réir bhrí Acht an Gharda Síochána 2005, | |
[EN] | (c)ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca de réir bhrí an Achta Cosanta 1954, | |
[EN] | (d)ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána nó Óglaigh na hÉireann, nó | |
[EN] | (e)fostaithe faoi chonradh nó faoi shocrú eile chun obair leis an nGarda Síochána, le hÓglaigh na hÉireann nó leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó chun obair don Gharda Síochána, d’Óglaigh na hÉireann nó do na Coimisinéirí Ioncaim. | |
Inghlacthacht fianaise. |
14 .— (1) Féadfar fianaise a gheofar de thoradh faireachais a dhéanfar faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú de réir alt 7 nó 8 a ghlacadh mar fhianaise in imeachtaí coiriúla. | |
[EN] | (2) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann dochar d’inghlacthacht fianaise nó ábhar a gheofar ar shlí seachas de thoradh faireachais arna dhéanamh faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú de réir alt 7 nó 8. | |
[EN] | (3) (a) Faisnéis nó doiciméid a gheofar de thoradh ar fhaireachas arna dhéanamh faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú de réir alt 7 nó 8, féadfar í nó é a ghlacadh mar fhianaise in imeachtaí coiriúla d’ainneoin aon earráid nó easnamh a bheith ar aghaidh an údaraithe nó an taifid scríofa ar cheadú lena mbaineann, má chinneann an chúirt, ag féachaint go háirithe do na nithe a shonraítear i mír (b)— | |
[EN] | (i) gur go neamhaireach a tharla an earráid nó an t-easnamh lena mbaineann, agus | |
[EN] | (ii) gur chóir an fhaisnéis nó an doiciméad a ghlacadh, ar mhaithe leis an gceartas. | |
[EN] | (b) Is iad seo a leanas na nithe dá dtagraítear i mír (a): | |
[EN] | (i) cibé acu a bhí an earráid nó an t-easnamh lena mbaineann tromchúiseach nó de chineál teicniúil agus sin amháin; | |
[EN] | (ii) cineál aon chirt a sháraítear tríd an bhfaisnéis nó an doiciméad lena mbaineann a fháil; | |
[EN] | (iii) an raibh imthosca práinne ann; | |
[EN] | (iv) an toradh dochrach a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfaisnéis nó ar an doiciméad lena mbaineann; | |
[EN] | (v) tábhacht na faisnéise nó an doiciméid lena mbaineann ó thaobh cruthúnais. | |
[EN] | (4) (a) Faisnéis nó doiciméid a gheofar de thoradh ar fhaireachas arna dhéanamh faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú de réir alt 7 nó 8, féadfar í nó é a ghlacadh mar fhianaise in imeachtaí coiriúla d’ainneoin aon mhainneachtana ag aon chomhalta den Gharda Síochána lena mbaineann, aon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann lena mbaineann nó aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim lena mbaineann ceanglas de chuid an údaraithe nó an cheadaithe lena mbaineann a chomhlíonadh, má chinneann an chúirt, ag féachaint go háirithe do na nithe a shonraítear i mír (b)— | |
[EN] | (i) gur ghníomhaigh an comhalta nó an t-oifigeach de mheon macánta agus gur go neamhaireach a tharla an mhainneachtain, agus | |
[EN] | (ii) gur chóir an fhaisnéis nó an doiciméad a ghlacadh ar mhaithe leis an gceartas. | |
[EN] | (b) Is iad seo a leanas na nithe dá dtagraítear i mír (a): | |
[EN] | (i) cibé acu a bhí an mhainneachtain lena mbaineann tromchúiseach nó de chineál teicniúil agus sin amháin; | |
[EN] | (ii) cineál aon chirt a sháraítear tríd an bhfaisnéis nó an doiciméad lena mbaineann a fháil; | |
[EN] | (iii) an raibh imthosca práinne ann; | |
[EN] | (iv) an toradh dochrach a d’fhéadfadh a bheith ar an bhfaisnéis nó ar an doiciméad lena mbaineann; | |
[EN] | (v) tábhacht na faisnéise nó an doiciméid lena mbaineann ó thaobh cruthúnais. | |
[EN] | (5) Toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, maidir le feiste faireachais nó feiste rianúcháin arna húsáid ag comhalta den Gharda Síochána, comhalta d’Óglaigh na hÉireann nó oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim chun na gcríoch dá dtagraítear san Acht seo gur feiste í ar féidir di faisnéis bheacht nó ábhar beacht a tháirgeadh gan é a bheith riachtanach a chruthú go raibh an fheiste faireachais nó an fheiste rianúcháin in ordú maith oibre. | |
Faisnéis a nochtadh. |
15 .— (1) Mura n-údaróidh an chúirt é, ní nochtfar gurb ann nó nach ann do na nithe seo a leanas ar mhodh follúsaithe ná ar shlí eile i gcúrsa aon imeachtaí: | |
[EN] | (a) iarratas faoi alt 4 nó 6; | |
[EN] | (b) údarú; | |
[EN] | (c) ceadú arna dheonú faoi alt 7 nó 8; | |
[EN] | (d) faireachas arna dhéanamh faoi údarú nó faoi cheadú arna dheonú faoi alt 7; | |
[EN] | (e) feiste rianúcháin a bheith á úsáid faoi alt 8, agus | |
[EN] | (f) faisnéis nó fianaise dhoiciméadach nó eile— | |
[EN] | (i) i ndáil leis an gcinneadh iarratas a dhéanamh ar údarú nó ar cheadú faoi alt 7 nó 8, nó | |
[EN] | (ii) i ndáil le haon rud dá dtagraítear i míreanna (a) go (e). | |
[EN] | (2) Ní údaróidh an chúirt an nochtadh más deimhin léi gur dóigh dá ndéanfaí amhlaidh go mbeadh baol ábhartha ann— | |
[EN] | (a) do shlándáil an Stáit, | |
[EN] | (b) do chumas an Stáit daoine a chosaint ar ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta, ar ghníomhaíocht a bhaineann le sceimhlitheoireacht, ar choireacht eagraithe agus ar choireacht thromchúiseach eile, | |
[EN] | (c) do chaomhnú shláine, éifeachtacht agus shlándáil oibríochtaí an Gharda Síochána, Óglaigh na hÉireann nó na gCoimisinéirí Ioncaim, nó | |
[EN] | (d) do chumas an Stáit finnéithe, lena n-áirítear a gcéannacht, a chosaint. | |
[EN] | (3) D’ainneoin fho-alt (2), féadfaidh an chúirt an nochtadh a údarú, faoi réir cibé coinníollacha a gceapfaidh sí bonn cirt a bheith fúthu, más rud é sna himthosca go léir gur ar mhaithe leis an gceartas déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (4) San alt seo— | |
[EN] | tá le “coireacht eagraithe” an bhrí atá leis i gCuid 7 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006; | |
[EN] | tá le “gníomhaíocht sceimhlitheoireachta” agus “gníomhaíocht a bhaineann le sceimhlitheoireacht” na bríonna atá leo in alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005 agus i Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin. | |
Rialacháin. |
16 .— (1) Féadfaidh an tAire, an tAire Cosanta agus an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú aige nó aici. | |
[EN] | (2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin a dhéanfar faoin alt seo a fheicfear don Aire den Rialtas a bheidh á ndéanamh a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán. | |
[EN] | (3) Déanfar gach rialachán faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
Leasú ar Acht an Gharda Síochána 2005. |
17 .— Leasaítear an míniú ar “achtachán” in alt 98(5) d’Acht an Gharda Síochána 2005— | |
[EN] | (a) trí “agus” a scriosadh i ndeireadh mhír (a), | |
[EN] | (b) i mír (b), trí “ar an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983, agus” a chur in ionad “ar an Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide 1983;”, agus | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b): | |
[EN] | “(c) aon fhoráil den Acht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009;”. | |
Leasú ar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961. |
18 .— Leasaítear alt 32A(1) (a cuireadh isteach le halt 180 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961— | |
[EN] | (a) i mír (c), trí “ag duine nó faoi rialú duine;” a chur in ionad “ag duine nó faoi rialú duine.”, agus | |
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): | |
[EN] | “(d) an chumhacht chun údarú faoi alt 5 nó 6 den Acht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009 a eisiúint, a athrú nó a athnuachan.”. | |
Gearrtheideal |
19 .— Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faireachas) 2009 a ghairm den Acht seo. |