20 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 20 de 2009


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Leasú ar alt 194 den Phríomh-Acht.

3 . Leasú ar alt 371A den Phríomh-Acht.

4 . Leasú ar alt 19 d’Acht 1990.

5 . Leasú ar alt 20 d’Acht 1990.

6 . Leasú ar alt 23 d’Acht 1990.

7 . Leasú ar alt 40 d’Acht 1990.

8 . Iasachtaí a nochtadh, etc. — leasú ar na heisceachtaí is infheidhme maidir le stiúrthóirí banc ceadúnaithe agus forálacha i dtaobh cionta agus nithe eile.

9 . Leasuithe ar fhorálacha eile d’Acht 1990 a bhaineann le bainc cheadúnaithe agus le hiasachtaí, etc., a nochtadh.

10 . Leasú ar ailt 43 agus 44 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999.

11 . Gearrtheideal agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna an Bhainc Ceannais 1942 go 1998

Achtanna an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003 agus 2004

Acht na gCuideachtaí 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999

1999, Uimh. 30

An tAcht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001

2001, Uimh. 28

Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003

2003, Uimh. 44

/images/harp.jpg


Uimh. 20 de 2009


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO CHUR DEIRIDH LE hEISCEACHTAÍ ÁIRITHE ATÁ IN ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ AGUS A bhFUIL FEIDHM ACU I gCÁSANNA CUIDEACHTAÍ A SHEALBHAÍONN CEADÚNAIS FAOI ALT 9 D’ACHT AN BHAINC CEANNAIS 1971 (NÓ CUIDEACHTAÍ SEALBHAÍOCHTA DE CHUID CUIDEACHTAÍ DEN SÓRT SIN) MAIDIR LE hIASACHTAÍ DO STIÚRTHÓIRÍ AGUS IDIRBHEARTA ATÁ AR AON DUL LEO A NOCHTADH, DO LEASÚ ACHTANNA NA gCUIDEACHTAÍ THAIRIS SIN MAIDIR LE hIASACHTAÍ AG CUIDEACHTAÍ (IS CUMA CÉN CINEÁL) DO STIÚRTHÓIRÍ NÓ DO PHÁIRTITHE GAOLMHARA ÁIRITHE AGUS MAIDIR LE hIDIRBHEARTA ATÁ AR AON DUL LEO, AGUS, GO hÁIRITHE, DO LEASÚ ALT 40 D’ACHT NA gCUIDEACHTAÍ 1990 I dTACA LE DLITEANAS COIRIÚIL INA LEITH SIN, DO THABHAIRT CUMHACHTAÍ BREISE DON STIÚRTHÓIR UM FHORFHEIDHMIÚ CORPARÁIDEACH I nDÁIL LE ROCHTAIN AR FHAISNÉIS ATÁ I SEILBH CUIDEACHTAÍ, LENA nÁIRÍTEAR FAISNÉIS ARNA COIMEÁD ACU I gCLÁIR NÓ I LEABHAIR ÁIRITHE, NÓ ATÁ I SEILBH TRÍÚ PÁIRTITHE, DO LEASÚ AILT 20 AGUS 23 D’ACHT NA gCUIDEACHTAÍ 1990 I nDÁIL LE BARÁNTAIS CHUARDAIGH AGUS NÓSANNA IMEACHTA ATÁ LE LEANÚINT I gCÁSANNA INA nÉILÍTEAR PRIBHLÉID GHAIRMIÚIL DLÍ, DO LEASÚ AILT 43 AGUS 44 D’ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ) (UIMH. 2) 1999 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[12 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1990 ” Acht na gCuideachtaí 1990;

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001;

ciallaíonn “ Acht 2003 ” Acht na gCuideachtaí (Iniúchadh agus Cuntasaíocht) 2003;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” Acht na gCuideachtaí 1963.

Leasú ar alt 194 den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 194 (arna leasú le hAcht 2003) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (5)(b), trí “an fo-alt seo nó fo-alt (5A) a chomhlíonadh” a chur in ionad “an fo-alt seo a chomhlíonadh”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Déanfaidh cuideachta, má cheanglaíonn an Stiúrthóir uirthi é, an leabhar atá á choimeád aici de réir fho-alt (5)(a) a thabhairt ar aird don Stiúrthóir lena iniúchadh agus tabharfaidh sí don Stiúrthóir cibé saoráidí chun an t-ábhar atá sa leabhar a iniúchadh, agus cóipeanna de a thógáil, a cheanglóidh an Stiúrthóir.”.

Leasú ar alt 371A den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 371A (a cuireadh isteach le hAcht 2001) den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), trí “alt 19(3)(c)” a chur in ionad “alt 19(3)(b)”.

Leasú ar alt 19 d’Acht 1990.

4 .— (1) Leasaítear alt 19 (a cuireadh isteach le hAcht 2001) d’Acht 1990—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más rud é, de bhua fho-alt (1), go bhfuil cumhacht ag an Stiúrthóir a cheangal ar aon chomhlacht aon leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird, beidh cumhacht ag an Stiúrthóir—

(a) a cheangal ar aon duine ar dealraitheach don Stiúrthóir na leabhair nó na doiciméid sin a bheith ina sheilbh iad a thabhairt ar aird,

(b) a cheangal ar aon duine ar dealraitheach don Stiúrthóir cóipeanna d’aon leabhair nó doiciméid de chuid an chomhlachta a bheith ina sheilbh iad a thabhairt ar aird, agus

(c) a cheangal, faoi réir fho-alt (4), ar aon duine ar dealraitheach don Stiúrthóir leabhair nó doiciméid eile (cibé acu is iad na cóipeanna bunaidh díobh iad nó nach ea) a fhéadfaidh a bheith bainteach le haon leabhair nó doiciméid de chuid an chomhlachta a bheith ina sheilbh na leabhair nó na doiciméid eile sin a thabhairt ar aird,

ach má éilíonn aon duine den sórt sin lian ar leabhair nó doiciméid a bheidh á dtabhairt ar aird aige nó aici, déanfar iad a thabhairt ar aird gan dochar don lian.

(3A) Maidir le haon cheanglas faoi fho-alt (3), is tríd an Stiúrthóir do thabhairt ordacháin don duine ar a mbeidh an ceangal á chur a chuirfear é, is ordachán lena sonrófar—

(a) na leabhair nó na doiciméid a bheidh le tabhairt ar aird ag an duine, agus

(b) an t-am agus an áit a mbeidh siad le tabhairt ar aird.”;

(b) i bhfo-alt (4), trí “faoi fho-alt (3)(c)” a chur in ionad “faoi fho-alt (3)(b)” gach áit a bhfuil sé agus “i bhfo-alt (3)(c)” a chur in ionad “i bhfo-alt (3)(b)”; agus

(c) i bhfo-alt (9), trí “maidir le hordachán faoi fho-alt (1) nó (3A)” a chur in ionad “maidir le hordachán faoi fho-alt (1)”.

(2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a chiallaíonn go raibh, murach an leasú a dhéantar leis, ordachán arna thabhairt ag an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, roimh an Acht seo a rith, faoi alt 19(3) d’Acht 1990, teoranta ar aon dóigh maidir lena éifeacht nó maidir le méid a oibrithe nó, maidir le haon leabhair nó doiciméid a tugadh ar aird dá bhun don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, nár tugadh ar aird dó iad go dleathach.

Leasú ar alt 20 d’Acht 1990.

5 .— Leasaítear alt 20 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (2), trí “aon tráth nó tráthanna laistigh de thréimhse bhailíochta an bharántais” a chur in ionad “aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí ó dháta eisiúna an bharántais”;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Gan dochar d’fho-alt (2B), más rud é—

(a) go bhfaighidh an t-oifigeach, san áitreabh atá ainmnithe sa bharántas, nó i gcoimeád nó i seilbh aon duine a gheofar ann, aon rud a mbeidh forais réasúnacha ag an oifigeach chun a chreidiúint gur faisnéis ábhartha é nó go bhfuil faisnéis ábhartha ann, agus

(b) nach indéanta le réasún a chinneadh san áitreabh—

(i) maidir lena bhfuil faighte aige, an rud é atá sé i dteideal a urghabháil faoin mbarántas (cibé acu mar a luaitear i bhfo-alt (2)(d) nó i bhfo-alt (2B)), nó

(ii) a mhéid a bhfuil rud ina bhfuil faighte aige atá sé i dteideal a urghabháil faoin mbarántas i gceachtar cás díobh sin,

folóidh cumhachtaí urghabhála an oifigigh faoin mbarántas an chumhacht chun cibé méid dá bhfuil faighte aige a urghabháil is gá a aistriú ón áitreabh chun gur féidir é sin a chinneadh (dá ngairtear ‘cumhacht leathnaithe urghabhála’ i bhfo-ailt (2D) go (2G)).

(2B) Más rud é—

(a) go bhfaighidh an t-oifigeach aon rud san áitreabh atá ainmnithe sa bharántas, nó i gcoimeád nó i seilbh aon duine a gheofar ann, is leabhar, doiciméad nó rud eile is faisnéis ábhartha (‘faisnéis in-urghabhála’) a bheadh sé i dteideal a urghabháil murach go bhfuil sé cuimsithe i rud eile nach bhfuil (ar leith ón bhfo-alt seo) cumhacht aige é a urghabháil, agus

(b) nach indéanta le réasún an fhaisnéis in-urghabhála a scaradh, san áitreabh sin, ón bhfaisnéis sin ina gcuimsítear í,

maidir leis an bhfaisnéis in-urghabhála agus leis an rud sin nach indéanta le réasún í a scaradh uaidh, folóidh cumhachtaí urghabhála an oifigigh an chumhacht iad araon a urghabháil (dá ngairtear freisin ‘cumhacht leathnaithe urghabhála’ i bhfo-ailt (2D) go (2G)).

(2C) Más rud é, chun críocha fho-alt (2A) nó (2B), go n-eascróidh ceist maidir le ceachtar de na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) cibé acu is indéanta le réasún in áitreabh áirithe rud a chinneadh nó nach ea, nó

(b) cibé acu is indéanta le réasún in áitreabh áirithe rud a scaradh ó rud eile nó nach ea,

is faoi threoir na nithe seo a leanas amháin a chinnfear an cheist:

(i) an fad ama a thógfadh sé an cinneadh nó an scaradh a chur i gcrích san áitreabh sin;

(ii) an líon daoine ba ghá chun an cinneadh nó an scaradh sin a chur i gcrích san áitreabh sin laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(iii) an mbeadh damáiste do mhaoin i gceist sa chinneadh nó sa scaradh (nó an mbeadh dá gcuirfí i gcrích san áitreabh sin é);

(iv) an gaireas nó an trealamh ba ghá nó ba chuí a úsáid chun an cinneadh nó an scaradh a chur i gcrích;

(v) na costais a bhainfeadh leis an gcinneadh nó leis an scaradh a chur i gcrích san áitreabh sin in aghaidh na gcostas a bhainfeadh leis an gcinneadh nó an scaradh a chur i gcrích in áit eile (is áit ina bhféadfaidh an Stiúrthóir a shuíomh gur chuí an ní lena mbaineann a dhéanamh agus ina mbeartaíonn an Stiúrthóir a shocrú, nó ina socraíonn sé, go ndéanfar an ní), agus

(vi) i gcás scartha, cibé acu, maidir leis an scaradh—

(I) gur dhóigh, nó

(II) gur dhóigh, dá gcuirfí i gcrích é ar an aon mhodh amháin is indéanta le réasún san áitreabh sin,

go ndéanfadh sé dochar maidir le cuid den fhaisnéis in-urghabhála scartha, nó maidir leis an bhfaisnéis go léir, a úsáid chun críche dá bhféadtar rud a urghabhtar faoin mbarántas a úsáid.

(2D) Ach amháin i gcás go mbeidh an t-oifigeach den tuairim go bhféadfadh go mbeadh ceilt, falsú nó scriosadh faisnéise ábhartha, nó diúscairt faisnéise ábhartha ar shlí eile, de thoradh ar chomhlíonadh an fho-ailt seo, ní fheidhmeofar cumhacht leathnaithe urghabhála mura mbeidh an t-oifigeach tar éis na socruithe seo a leanas a dhéanamh ar dtús i ndáil leis an rud nó na rudaí is ábhar d’fheidhmiú beartaithe na cumhachta sin, eadhon, socruithe réasúnacha—

(a) lena bhforálfar go ndéanfar an rud nó na rudaí sin a stóráil go cuí,

(b) lena gceadófar rochtain réasúnach, ó am go ham, ar an rud sin nó na rudaí sin ag úinéir, coimeádaí dleathach nó sealbhóir an ruda nó na rudaí (lena n-áirítear, i gcás doiciméad nó faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, trí chóipeanna a dhéanamh nó ábhar a tharchur trí mheán leictreonach), agus

(c) lena bhforálfar, maidir le haon ábhar faoi rún a chuimsítear sa rud sin nó sna rudaí sin, go gcoimeádfar faoi rún é,

is socruithe a bheidh le cur i bhfeidhm fad a bheidh ar feitheamh déanamh an chinnidh sin roimhe seo nó an scartha sin roimhe seo agus tabhairt ar ais aon ruda nach faisnéis ábhartha dá éis sin don úinéir, don choimeádaí dleathach nó don sealbhóir; le linn dó nó di a chinneadh cad iad téarmaí na socruithe sin, beidh aird ag an oifigeach ar aon uiríll a dhéanfaidh úinéir, coimeádaí dleathach nó sealbhóir an ruda nó na rudaí le réasún maidir leis an ní agus féachfaidh sé nó sí, más indéanta, le comhaontú an duine sin leis na téarmaí sin a áirithiú.

(2E) Más rud é—

(a) mar gheall ar an oifigeach a bheith den tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (2D), nach ndéanfar na socruithe dá dtagraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt sin i ndáil leis an rud nó leis na rudaí is ábhar d’fheidhmiú beartaithe na cumhachta leathnaithe urghabhála, nó

(b) go n-eascróidh imthosca tar éis an chumhacht leathnaithe urghabhála a fheidhmiú ar cuí dá ndeasca na socruithe arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin a athrú,

maidir leis an oifigeach, de réir mar a bheidh—

(i) a luaithe is indéanta tar éis an chumhacht urghabhála sin a fheidhmiú, déanfaidh sé na socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2D)(a) go (c) i ndáil leis an rud nó na rudaí lena mbaineann, nó

(ii) athróidh sé na socruithe arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin ar mhodh is cuí leis,

ach, le linn téarmaí na socruithe nó an athruithe sin a chinneadh, beidh aird ag an oifigeach ar aon uiríll i dtaobh an ní a dhéanfaidh úinéir, coimeádaí dleathach nó sealbhóir an ruda nó na rudaí lena mbaineann le réasún agus féachfaidh sé nó sí, más indéanta, le comhaontú an duine sin leis na téarmaí sin a áirithiú.

(2F) I gcás go bhfeidhmeofar cumhacht leathnaithe urghabhála, is é dualgas an oifigigh—

(a) an cinneadh nó an scaradh lena mbaineann a chur i gcrích a luaithe is indéanta, agus, in aon chás, faoi réir fho-alt (2G), laistigh den tréimhse fhorordaithe, tar éis a fheidhmithe, agus

(b) maidir le haon rud a urghabhfar i bhfeidhmiú na cumhachta agus a bhfionnfar nach faisnéis ábhartha é nó, de réir mar a bheidh, aon rud a scarfar ó rud eile i bhfeidhmiú na cumhachta nach faisnéis ábhartha, an rud a thabhairt ar ais, a luaithe is indéanta, agus, in aon chás, faoi réir fho-alt (2G), laistigh den tréimhse fhorordaithe, tar éis an fhionnta nó an scartha sin, dá úinéir nó don duine is dealraitheach don oifigeach teideal dleathach a bheith aige coimeád nó seilbh an ruda a bheith aige.

(2G) Ar an Stiúrthóir, nó ar aon duine dá ndéanann feidhmiú cumhachta leathnaithe urghabhála difear, do dhéanamh iarratais chun na cúirte, féadfaidh an chúirt, más cuí léi agus tar éis aird a thabhairt, go háirithe, ar aon aighneachtaí arna ndéanamh thar ceann an Stiúrthóra maidir le dul chun cinn aon imscrúdaithe atá á sheoladh ag an Stiúrthóir ar chun a chríoch a feidhmíodh na cumhachtaí faoin alt seo, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a thabhairt:

(a) ordachán go gcuirfear i gcrích déanamh gnímh dá dtagraítear i bhfo-alt (2F)(a) nó (b) laistigh de cibé tréimhse ama is giorra nó is faide ná an tréimhse ama a shonraítear san fhoráil sin a chinnfidh an chúirt,

(b) ordachán maidir le socruithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2D)(a) go (c) i ndáil le rud lena mbaineann a dhéanamh, a athrú nó a oibriú nó ordachán go mbeidh éifeacht ag cibé socruithe dá bhforálfaidh an chúirt san ordachán in ionad aon socruithe den sórt sin a rinneadh nó a beartaíodh a dhéanamh,

(c) ordachán d’aon chineál eile is dóigh leis an gcúirt is ceart a thabhairt chun cearta aon duine dá ndéanann feidhmiú cumhachta leathnaithe urghabhála difear a áirithiú tuilleadh, lena n-áirítear, más gá in imthosca eisceachtúla an cháis déanamh amhlaidh, ordachán go dtabharfar rud a urghabhadh ar ais dá úinéir nó don duine ar dealraitheach don chúirt teideal dleathach a bheith aige coimeád nó seilbh an ruda a bheith aige, d’ainneoin nár tharla an cinneadh nó an scaradh lena mbaineann,

agus maidir le haon ordachán den sórt sin—

(i) féadfaidh baint a bheith aige le cuid de na rudaí is ábhar d’fheidhmiú na cumhachta leathnaithe urghabhála nó leo go léir,

(ii) féadfar é a bheith sainráite ann go n-oibreoidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an chúirt, lena n-áirítear, i gcás ordacháin faoi mhír (c), coinníoll go gceadófar d’oifigeach don Stiúrthóir, le linn tréimhse sonraithe dá éis sin seilbh an ruda a thabharfar ar ais chun an cinneadh nó an scaradh lena mbaineann a sheoladh a athghlacadh agus a choimeád (agus, an méid sin a bhfionnfar gur faisnéis ábhartha é, nó ar faisnéis ábhartha é, a choimeád tar éis dheireadh na tréimhse sin).

(2H) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas faoi fho-alt (2G) agus féadfar, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, é a éisteacht ar shlí eile seachas go poiblí.

(2I) I bhfo-alt (2F), ciallaíonn ‘ tréimhse fhorordaithe ’—

(a) i gcás mhír (a) de—

(i) mura bhfuil feidhm ag fomhír (ii), 3 mhí, nó

(ii) cibé tréimhse eile a fhorordóidh an tAire de dhroim athbhreithnithe a fhéadfaidh an tAire a sheoladh, nó a fhéadfar a sheoladh thar a cheann, ó am go ham, ar oibriú agus cur i ngníomh leasuithe a dhéantar le halt 5 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 2009,

(b) i gcás mhír (b) de—

(i) mura bhfuil feidhm ag fomhír (ii), 7 lá, nó

(ii) cibé tréimhse eile a fhorordóidh an tAire de dhroim athbhreithnithe den sórt sin a fhéadfaidh an tAire a sheoladh, nó a fhéadfar a sheoladh thar a cheann, ó am go ham,

ach ní léifear aon rialacháin a dhéanfar chun tréimhse den sórt sin a fhorordú mar rialacháin a oibreoidh chun difear a dhéanamh d’aon ordachán arna thabhairt ag an gcúirt faoi fho-alt (2G)(a) a bheidh i bhfeidhm ar thosach feidhme na rialachán sin.

(2J) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar foráil maidir le cibé nithe a mheasfaidh sé a bheith riachtanach nó fóirsteanach is nithe a bheidh forlíontach d’fho-ailt (2A) go (2F), iarmhartach dóibh agus teagmhasach leo nó a bheidh forlíontach, iarmhartach agus teagmhasach ina leith.”;

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Is é a bheidh i dtréimhse bhailíochta barántais tréimhse 1 mhí ó dháta a eisiúna ach féadfar an tréimhse bhailíochta sin a fhadú de réir fho-ailt (9) agus (10).

(9) Féadfaidh an t-oifigeach, le linn tréimhse bailíochta barántais (lena n-áirítear an tréimhse sin arna fadú roimhe sin faoi fho-alt (10)), iarratas a dhéanamh chun breithimh den Chúirt Dúiche ar ordú lena bhfadófar tréimhse bhailíochta an bharántais agus beidh iarratas den sórt sin bunaithe ar fhaisnéis faoi mhionn a bheidh curtha i láthair ag an oifigeach agus ina luafar, faoi threoir na críche nó na gcríoch chun ar eisíodh an barántas, na cúiseanna go measann sé gur gá an fadú.

(10) Más deimhin leis an mbreitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint, ag féachaint don fhaisnéis sin arna chur i láthair amhlaidh, gur gá tuilleadh ama chun gur féidir an chríoch nó na críocha chun ar eisíodh an barántas a chomhlíonadh, féadfaidh an breitheamh ordú a dhéanamh lena ndéanfar tréimhse bhailíochta an bharántais a fhadú de cibé tréimhse is cuí agus is cóir i dtuairim an bhreithimh; i gcás go ndéanfar ordú den sórt sin, cuirfidh an breitheamh faoi deara an barántas a fhormhuiniú go cuí chun a thréimhse bhailíochta fhadaithe a chur in iúl.

(11) Ní choisceann aon ní sna fo-ailt roimhe seo ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh breise faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an áitreabh céanna a eisiúint ar scór iarratais nua arna dhéanamh faoi fho-alt (1).”.

Leasú ar alt 23 d’Acht 1990.

6 .— Leasaítear alt 23 d’Acht 1990 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo—

tá le ‘ ríomhaire ’ an bhrí chéanna atá leis in alt 20;

ciallaíonn ‘ faisnéis ’ faisnéis atá i ndoiciméad, ar ríomhaire, nó in áit eile;

ciallaíonn ‘ ábhar dlíthiúil faoi phribhléid ’ faisnéis a bhfuil duine i dteideal, i dtuairim na cúirte, diúltú í a thabhairt ar aird ar fhorais a bhaineann le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil.

(1A) Faoi réir fho-alt (1B), ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo d’iallach ar aon duine ábhar dlíthiúil faoi phribhléid a nochtadh ná ní údaróidh aon ní sa Chuid seo seilbh a ghlacadh ar an gcéanna.

(1B) Féadfar iallach a chur faisnéis a nochtadh, nó féadfar seilbh a ghlacadh ar fhaisnéis, de bhun na gcumhachtaí sa Chuid seo, d’ainneoin go dtuigtear gur ábhar dlíthiúil faoi phribhléid an fhaisnéis, ar choinníoll go gcuirtear iallach í a nochtadh nó go nglactar seilbh uirthi ar mhodh a fhágfaidh gur féidir rúndacht na faisnéise a chaomhnú (amhail i gcoinne an duine a chuirfidh iallach an fhaisnéis sin a nochtadh nó a ghlacfaidh seilbh uirthi) go dtí go gcinnfidh an chúirt an tsaincheist i dtaobh an ábhar dlíthiúil faoi phribhléid an fhaisnéis.

(1C) Gan dochar d’fho-alt (1D), más rud é, sna himthosca dá dtagraítear i bhfomhír (1B), go mbeidh faisnéis nochta nó go mbeidh seilbh glactha ar fhaisnéis de bhun na gcumhachtaí sa Chuid seo, déanfaidh an duine—

(a) dár nochtadh an fhaisnéis sin amhlaidh, nó

(b) a ghlac seilbh ar an bhfaisnéis,

(mura ndearnadh, laistigh den tréimhse a luaitear ina dhiaidh seo san fho-alt seo, fógra i dtaobh iarratais faoi fho-alt (1D) i ndáil leis an ní lena mbaineann a sheirbheáil ar an duine) iarratas chun na cúirte ar chinneadh i dtaobh an ábhar dlíthiúil faoi phribhléid an fhaisnéis agus déanfar iarratas faoin bhfo-alt seo laistigh de 7 lá tar éis an nochta nó tar éis seilbh a ghlacadh.

(1D) Aon duine a gcuirfear iallach air faisnéis a nochtadh nó aon duine a nglacfar seilbh ar fhaisnéis uaidh, sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (1B), de bhun na gcumhachtaí sa Chuid seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chinneadh i dtaobh an ábhar dlíthiúil faoi phribhléid an fhaisnéis.

(1E) Go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar iarratas faoi fho-alt (1C) nó (1D), féadfaidh an chúirt cibé ordacháin eatramhacha nó idirbhreitheacha is cuí léi a thabhairt, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, ordacháin—

(a) maidir leis an bhfaisnéis a chaomhnú, go hiomlán nó go páirteach, in áit shlán shábháilte ar aon modh a shonróidh an chúirt,

(b) maidir le duine ag a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha dlí agus ag a bhfuil an leibhéal taithí agus an neamhspleáchas ó aon leas a bheidh le cinneadh idir na páirtithe lena mbaineann, is dóigh leis an gcúirt a bheith cuí—

(i) chun an fhaisnéis a scrúdú, agus

(ii) chun tuarascáil a ullmhú don chúirt d’fhonn cuidiú leis an gcúirt, nó d’fhonn éascú di, a cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ábhar dlíthiúil faoi phribhléid an fhaisnéis.

(1F) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas faoi fho-alt (1C), (1D) nó (1E) agus féadfar, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, é a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.”.

Leasú ar alt 40 d’Acht 1990.

7 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 40 d’Acht 1990:

“Pionóis choiriúla i leith sárú ar alt 31.

40.— Má dhéanann cuideachta idirbheart nó comhshocraíocht a sháraíonn alt 31, beidh gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.”.

Iasachtaí a nochtadh, etc. — leasú ar na heisceachtaí is infheidhme maidir le stiúrthóirí banc ceadúnaithe agus forálacha i dtaobh cionta agus nithe eile.

8 .— (1) Leasaítear alt 41 d’Acht 1990—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) chun críocha aon chuntas a ullmhóidh aon chuideachta is banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta de chuid bainc cheadúnaithe—

(a) i ndáil le hidirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 31 a dhéantar le haghaidh duine a bhí bainteach, aon tráth le linn na tréimhse iomchuí, le stiúrthóir de chuid na cuideachta sin nó de chuid na cuideachta sealbhaíochta sin; ná

(b) i ndáil le haon chomhaontú chun idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh do dhuine atá bainteach amhlaidh,

ar páirtí ann an banc ceadúnaithe.”;

agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Ní dhéanann aon ní san alt seo ná in ailt 42 go 45 dochar—

(a) d’oibriú aon rialach nó ionstraime eile; ná

(b) d’oibriú aon ordacháin nó ceanglais,

a rinneadh, a eisíodh, a deonaíodh nó a cruthaíodh ar shlí eile faoi Achtanna an Bhainc Ceannais 1942 go 1998, faoi Achtanna an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003 agus 2004 nó faoi aon achtachán eile lena gceanglaítear ar bhanc ceadúnaithe, nó ar chuideachta shealbhaíochta de chuid bainc cheadúnaithe, sonraí a nochtadh, cibé acu i gcuntais arna n-ullmhú ag an mbanc ceadúnaithe nó ag an gcuideachta shealbhaíochta nó ar shlí eile, maidir le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe (cibé acu den chineál a thuairiscítear in alt 31 nó nach ea) a rinne an banc ceadúnaithe.

(11) I gcás go mainneoidh cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach duine is stiúrthóir de chuid na cuideachta tráth na mainneachtana sin ciontach i gcion.

(12) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (11) don chosantóir a chruthú go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh.”.

(2) Leasaítear alt 43 d’Acht 1990 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (5) agus (6):

“(5) Maidir leis na nithe seo a leanas, eadhon—

(a) grúpchuntais cuideachta, is banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta de chuid bainc cheadúnaithe, arna n-ullmhú de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht; agus

(b) cuntais aon chuideachta eile is banc ceadúnaithe, arna n-ullmhú de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht,

i leith na tréimhse iomchuí, beidh ráiteas iontu i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe—

(i) a rinne an chuideachta atá ag ullmhú na gcuntas, más banc ceadúnaithe í; agus

(ii) i gcás cuideachta sealbhaíochta, a rinne aon cheann dá cuid fochuideachtaí is banc ceadúnaithe,

do dhaoine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, bainteach le stiúrthóir de chuid na cuideachta, ar ráiteas é i dtaobh na nithe seo a leanas—

(I) na méideanna comhiomlána atá gan íoc i ndeireadh na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a thagann faoi réim aon mhíre d’fho-alt (1) (ar idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iad a thagann faoi réim aon mhíre áirithe den sórt sin agus dá ngairtear ‘idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí’ ina dhiaidh seo san alt seo);

(II) na huasmhéideanna comhiomlána atá gan íoc i rithna tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí a rinneadh do dhaoine a bhí bainteach amhlaidh;

(III) an líon daoine a bhí bainteach amhlaidh agus dá ndearnadh idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí a bhí ar marthain i ndeireadh na tréimhse iomchuí; agus

(IV) an t-uaslíon daoine a bhí bainteach amhlaidh agus dá ndearnadh idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí a bhí ar marthain aon tráth i rith na tréimhse iomchuí.

(6) Ní gá idirbheart, comhshocraíocht ná comhaontú lena mbaineann fo-alt (5) a chur sa ráiteas dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) má dhéanann an chuideachta lena mbaineann é i ngnáthchúrsa a gnó, agus

(b) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin—

(i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó

(ii) a mbeifí ag súil le réasún é nó iad a bheith tairgthe ag an gcuideachta,

do dhuine nó i leith duine ag a bhfuil an seasamh airgeadais céanna ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta.

(6A) Le linn na huasmhéideanna comhiomlána nó an t-uaslíon daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(II) nó (IV), de réir mar is cuí, a ríomh, ní chomhairfear, de réir mar a bheidh—

(a) idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí a rinne an chuideachta, nó fochuideachta di, dá dtagraítear i bhfo-alt (5) agus ar banc ceadúnaithe í, d’aon duine atá bainteach mar a luaitear san fho-alt sin, mura mó ná €3,174.35 an t-uasmhéid comhiomlán atá fágtha gan íoc i rith na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe iomchuí a rinneadh don duine sin; nó

(b) duine atá bainteach amhlaidh nach mó ná an t-uasmhéid comhiomlán atá fágtha gan íoc ina leith mar a luaitear i mír (a) ná an méid a luaitear sa mhír sin.”.

(3) Leasaítear alt 43 d’Acht 1990 tuilleadh—

(a) i bhfo-alt (7), trí “fo-alt (2) nó (5)” a chur in ionad “fo-alt (2), (5) nó (6)”;

(b) i bhfo-alt (8), trí “fo-ailt (2) agus (5)” a chur in ionad “fo-ailt (2), (5) agus (6)”;

(c) trí fho-alt (9) a scriosadh; agus

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) I gcás go mainneoidh cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach duine is stiúrthóir de chuid na cuideachta tráth na mainneachtana sin ciontach i gcion.

(12) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (11) don chosantóir a chruthú go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh.”.

Leasuithe ar fhorálacha eile d’Acht 1990 a bhaineann le bainc cheadúnaithe agus le hiasachtaí, etc., a nochtadh.

9 .— Leasaítear alt 44 d’Acht 1990—

(a) i bhfo-alt (1), trí “ a gceanglaítear sonraí díobh a nochtadh le fo-alt (1) nó (2) d’alt 41, nó a gceanglófaí, murach alt 41(6), sonraí díobh a nochtadh le fo-alt (1) nó (2) den alt sin” a chur in ionad “a gceanglófaí, murach alt 41(6), sonraí díobh a nochtadh le fo-alt (1) nó (2) den alt sin”;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Ní cheanglófar le fo-alt (3) sonraí aon idirbhirt, comhshocraíochta nó comhaontaithe a chur sa ráiteas, más rud é, de bhíthin—

(a) nár bhain an chuideachta tairbhe as alt 41(6); nó

(b) gur ceanglaíodh ar an gcuideachta le riail, le hionstraim, le hordachán nó le ceanglas dá dtagraítear in alt 41(10) faisnéis a nochtadh ar an modh seo a leanas,

go mbeidh sonraí an idirbhirt, na comhshocraíochta nó an chomhaontaithe curtha ag an gcuideachta sna grúpchuntais nó sna cuntais dá dtagraítear in alt 41(1) nó (2), de réir mar a bheidh, don bhliain airgeadais iomlán is déanaí a luadh i bhfo-alt (3), ar sonraí iad nach mbeadh nochta aici sna cuntais sin de bhua alt 41(6), murach ceachtar de na cúiseanna sin.

(4B) I gcás go mbeidh fo-alt (1) le cur chun feidhme maidir le cuideachta is cuideachta shealbhaíochta de chuid bainc cheadúnaithe, measfar maidir le gach ceann de na tagairtí i bhfo-alt (2) don chuideachta, seachas an chéad tagairt den sórt sin, gur tagairt don bhanc ceadúnaithe í.

(4C) Déanfaidh cuideachta, má cheanglaíonn an Stiúrthóir uirthi é, an clár a choimeádann sí de réir fho-alt (1) a thabhairt ar aird don Stiúrthóir lena iniúchadh, agus tabharfaidh sí don Stiúrthóir cibé saoráidí a bheidh ag teastáil ón Stiúrthóir chun an méid atá sa chlár a iniúchadh agus cóipeanna de a thógáil.”;

(c) i bhfo-alt (8), trí “fo-alt (1), (3) nó (4C)” a chur in ionad “fo-alt (1) nó (3)”; agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (8) (is cion arb é atá ann mainneachtain fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh) don chosantóir a chruthú go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí ceanglais fho-alt (1) nó (3), de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.”.

Leasú ar ailt 43 agus 44 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999.

10 .— (1) Leasaítear alt 43 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2) 1999—

(a) i bhfo-ailt (1), (2), (8) agus (9), trí “i mBallstát de chuid LEE” a chur in ionad “sa Stát”;

(b) trí fho-alt (12) a aisghairm; agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (16) (a cuireadh isteach le hAcht 2003):

“(16) San alt seo—

ní fholaíonn ‘ stiúrthóir ’ stiúrthóir malairte;

ciallaíonn “ Ballstát de chuid LEE ’ stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna leasú de thuras na huaire.”.

(2) Leasaítear alt 44 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh. 2)—

(a) i bhfo-alt (8), trí “A mhéid gurb é atá le cinneadh an gcónaíonn an duine sa Stát chun críocha alt 43, chun críocha an ailt sin,” a chur in ionad “Chun críocha alt 43,”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (11):

“(12) Chun críocha an ailt seo, tá nasc réadach leanúnach ag cuideachta le gníomhaíocht eacnamaíoch atá á seoladh sa Stát má chomhlíonann sí ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a) déanann duine nó daoine ó áit ghnó arna bunú sa Stát gnóthaí na cuideachta a bhainistiú agus tá an duine nó na daoine sin údaraithe ag an gcuideachta chun gníomhú thar a ceann;

(b) seolann an chuideachta trádáil sa Stát;

(c) is fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta de chuid cuideachta nó comhlachta chorpraithe eile a chomhlíonann ceachtar de na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b), nó iad araon, an chuideachta;

(d) is fochuideachta de chuid cuideachta a gcomhlíonann fochuideachta eile dá cuid ceachtar de na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b), nó iad araon, an chuideachta.”.

Gearrtheideal agus forléiriú.

11 .— (1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Léifear Achtanna na gCuideachtaí agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.