23 2009

/images/harp.jpg


Uimh. 23 de 2009


AN tACHT SLÁINTE POIBLÍ (TOBAC) (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3 . Ordú ón gcúirt de dhroim ciontú i gcion.

4 . Díolúintí ón toirmeasc ar fhógraíocht táirgí tobac.

5 . Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht.

6 . Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

7 . Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

8 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais 2001

2001, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais 2005

2005, Uimh. 5

An tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002

2002, Uimh. 6

An tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004

2004, Uimh. 6

Na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) 2002 agus 2004

/images/harp.jpg


Uimh. 23 de 2009


AN tACHT SLÁINTE POIBLÍ (TOBAC) (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA SLÁINTE POIBLÍ (TOBAC) 2002; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN.

[16 Iúil, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 2004 ” an tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (1), tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘ toitíní ’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil 3 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2005;”.

Ordú ón gcúirt de dhroim ciontú i gcion.

3 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach:

“5A.— (1) Faoi réir fho-alt (2), má chiontaítear duine atá cláraithe faoi alt 37 (arna leasú le halt 5 den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2009) i gcion faoin Acht seo agus má bhaineann an cion le háitreabh ina seolann an duine, go hiomlán nó go páirteach, an gnó arb éard é táirgí tobac a mhiondíol nó má rinneadh an cion san áitreabh sin, déanfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion, a ordú go scoirfidh clárú an duine d’éifeacht a bheith leis—

(a) i gcas é nó í a chiontú go hachomair sa chion, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 3 mhí, nó

(b) i gcas é nó í a chiontú ar díotáil sa chion, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 12 mhí.

(2) Má chiontaítear duine, atá cláraithe faoi alt 37 i leith níos mó ná áitreabh amháin, i gcion faoin Acht seo agus má bhaineann an cion le ceann de na háitribh sin nó má rinneadh an cion i gceann de na háitribh sin, déanfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion, a ordú go scoirfidh clárú an duine i ndáil leis an áitreabh sin d’éifeacht a bheith leis—

(a) i gcas é nó í a chiontú go hachomair sa chion, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 3 mhí, nó

(b) i gcas é nó í a chiontú ar díotáil sa chion, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 12 mhí.

(3) Má chiontaítear duine a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (3) d’alt 37 i gcion faoin Acht seo sula bhfuil an duine cláraithe ag an Oifig faoin alt sin, déanfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion, a ordú nach mbeidh an duine inchláraithe amhlaidh—

(a) i gcas é nó í a chiontú go hachomair sa chion, roimh éag do cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 3 mhí, nó

(b) i gcas é nó í a chiontú ar díotáil sa chion, roimh éag do cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná 12 mhí.

(4) Má chiontaítear duine a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (4) d’alt 37 i gcion faoin Acht seo le linn na tréimhse 15 mhí tar éis an tosach feidhme sin ach sula bhfuil an duine cláraithe ag an Oifig faoin alt sin, déanfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion, a ordú—

(a) go dtoirmisctear ar an duine táirgí tobac a mhiondíol ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná an chuid neamhéagtha den tréimhse chéadluaite, agus

(b) nach mbeidh an duine inchláraithe amhlaidh go dtí go mbeidh cibé tréimhse bhreise a shonrófar san ordú éagtha,

ar choinníoll, maidir le comhiomlán na dtréimhsí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) agus a shonrófar san ordú—

(i) i gcás é nó í a chiontú go hachomair sa chion, nach faide é ná 3 mhí, agus

(ii) i gcás é nó í a chiontú ar díotáil sa chion, nach faide é ná 12 mhí.

(5) Má chiontaítear duine (seachas duine a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (4) d’alt 37), a sheol go hiomlán nó go páirteach, díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 37, an gnó arb éard é táirgí tobac a mhiondíol, i gcion faoin Acht seo le linn na tréimhse 3 mhí tar éis an tosach feidhme sin, déanfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála nó téarma príosúnachta a fhorchuirfidh an chúirt mar gheall ar an gcion, a ordú—

(a) go dtoirmisctear ar an duine táirgí tobac a mhiondíol ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú nach faide ná an chuid neamhéagtha den tréimhse chéadluaite, agus

(b) nach mbeidh an duine inchláraithe faoin alt sin go dtí go mbeidh cibé tréimhse bhreise a shonrófar san ordú éagtha,

ar choinníoll, maidir le comhiomlán na dtréimhsí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) agus a shonrófar san ordú—

(i) i gcás é nó í a chiontú go hachomair sa chion, nach faide é ná 3 mhí, agus

(ii) i gcás é nó í a chiontú ar díotáil sa chion, nach faide é ná 12 mhí.

(6) Ní thosóidh tréimhse a shonrófar in ordú faoin alt seo—

(a) go dtí go rachaidh aon tréimhse a bhféadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chiontaithe lena linn in éag, nó

(b) i gcás go ndéantar achomharc i gcoinne an chiontaithe agus go ndaingnítear é, go dtí dáta na breithe ón gcúirt ar os a comhair a éistear an t-achomharc lena ndaingnítear an ciontú.

(7) Aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (1), measfar, le linn na tréimhse a shonrófar san ordú, nach bhfuil sé nó sí cláraithe faoi alt 37.

(8) Aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (2), measfar, le linn na tréimhse a shonrófar san ordú, nach bhfuil sé nó sí cláraithe faoi alt 37 i leith an áitribh lenar bhain an cion atá i gceist, nó ina ndearnadh an cion.”.

Díolúintí ón toirmeasc ar fhógraíocht táirgí tobac.

4 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 35 (a cuireadh isteach le halt 6 d’Acht 2004):

“35.— (1) Maidir le fógraíocht táirge tobac i bhfoilseachán—

(a) a chlóitear agus a fhoilsítear, agus a bheartaítear go príomha a dhíol nó a dháileadh, i stát seachas Ballstát de na Comhphobail Eorpacha, nó

(b) atá dírithe ar dhaoine a sheolann, go hiomlán nó go páirteach, an gnó arb éard é táirgí tobac a dhíol nó a dháileadh agus ar na daoine sin amháin,

níl sí toirmiscthe.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 33A (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2004) maidir le fógraíocht táirge tobac in áitreabh a shonrófar i ndeimhniú faoi fho-alt (2) d’alt 44.

(3) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 33A maidir le liosta pictiúrtha a thaispeáint in áitreabh saor ó dhleacht atá suite in aerfort, ar liosta pictiúrtha é d’amharc-íomhánna de phaicéid de na táirgí tobac atá ar díol san áitreabh sin, ar choinníoll—

(i) nach mó gach íomhá den sórt sin ná méid an phaicéid lena mbaineann,

(ii) nach bhfuil níos mó ná íomhá amháin den táirge céanna ar an liosta, agus

(iii) go bhfuil rabhadh ar an liosta nó ar gach íomhá den sórt sin, i cibé foirm agus de cibé cineál a shonraítear i gcolún 2 de Chuid 1 de Sceideal 1 a ghabhann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Tobac a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol) 2003 (I.R. Uimh. 425 de 2003).

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘ áitreabh saor ó dhleacht ’ stóras cánach de réir bhrí Chaibidil 1 de Chuid 2 den Acht Airgeadais 2001 ina miondíoltar táirgí tobac.

(4) Leasaítear Rialachán 8 de na Rialacháin um Tháirgí Tobac (Fógraíocht, Coimircíocht agus Spreagadh Díolachán a Rialú) 1991 (I.R. Uimh. 326 de 1991) trí fhomhír (c) de mhír (2) a scriosadh.”.

Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 37 (a cuireadh isteach le halt 8 d’Acht 2004) den Phríomh-Acht—

(a) trí fho-ailt (7) agus (8) a scriosadh,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (9) agus (10):

“(9) I gcás go gciontaítear duine a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (3) i gcion faoin Acht seo sula bhfuil an duine claraithe ag an Oifig faoin alt seo, ní bheidh an duine sin inchláraithe faoin alt seo roimh dhul in éag don tréimhse a shonrófar san ordú faoi fho-alt (3) d’alt 5A (arna chur isteach le halt 3 den Acht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2009) arna dhéanamh ag an gcúirt ar é nó í a chiontú sa chion, agus ní chomhlíonfaidh an Oifig, le linn na tréimhse sin, aon fheidhm faoi fho-alt (6) i ndáil lena iarratas nó lena hiarratas.

(10) I gcás go gciontaítear duine a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (4) i gcion faoin Acht seo le linn na tréimhse 15 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo ach sula bhfuil an duine cláraithe ag an Oifig faoin alt seo, ní bheidh sé nó sí inchláraithe faoin alt seo roimh dhul in éag do na tréimhsí a shonrófar in ordú faoi fho-alt (4) d’alt 5A arna dhéanamh ag an gcúirt ar é nó í a chiontú sa chion agus ní chomhlíonfaidh an Oifig, le linn na dtréimhsí a shonrófar amhlaidh, aon fheidhm faoi fho-alt (6) i ndáil lena iarratas nó lena hiarratas.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(10A) Más rud é, i gcás duine—

(a) a sheol, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go hiomlán nó go páirteach, an gnó arb éard é táirgí tobac a mhiondíol, agus

(b) nach bhfuil iarratas faoi fho-alt (4) déanta aige nó aici,

go gciontaítear é nó í i gcion faoin Acht seo le linn na tréimhse 3 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo, ní bheidh sé nó sí inchláraithe faoin alt seo roimh dhul in éag do na tréimhsí a shonrófar in ordú faoi fho-alt (5) d’alt 5A arna dhéanamh ag an gcúirt ar é nó í a chiontú sa chion, agus ní chomhlíonfaidh an Oifig, le linn na dtréimhsí a shonrófar amhlaidh, aon fheidhm faoi fho-alt (6) i ndáil le haon iarratas arna dhéanamh aige nó aici chun é nó í a chlárú faoin alt seo.”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (15):

“(15) (a) Is dleathach do dhuine táirge tobac a mhiondíol, nó a chur faoi deara táirge tobac a mhiondíol, de réir an Achta seo, as áitreabh a bhfuil sé nó sí cláraithe ina leith faoin alt seo.

(b) Faoi réir aon ordaithe faoi fho-alt (4) nó (5) d’alt 5A, maidir le duine a sheol, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go hiomlán nó go páirteach, an gnó arb éard é táirgí tobac a mhiondíol, is dleathach dó nó di táirge tobac a mhiondíol, nó a chur faoi deara táirge tobac a mhiondíol, de réir an Achta seo, le linn na tréimhse 3 mhí tar éis an tosach feidhme sin, as áitreabh (is áitreabh nach bhfuil sé nó sí cláraithe ina leith faoin alt seo) inar sheol sé nó sí an gnó sin, díreach roimh an tosach feidhme sin.

(c) Faoi réir aon ordaithe faoi fho-alt (4) nó (5) d’alt 5A, is dleathach do dhuine lena mbaineann mír (b), agus a bhfuil iarratas déanta aige nó aici faoi fho-alt (4), táirge tobac a mhiondíol nó a chur faoi deara táirge tobac a mhiondíol, de réir an Achta seo, le linn na tréimhse 12 mhí tar éis dhul in éag don tréimhse 3 mhí dá dtagraítear san fho-alt sin, as áitreabh (is áitreabh nach bhfuil sé nó sí cláraithe ina leith faoin alt seo) inar sheol sé nó sí gnó den sórt sin, díreach roimh an tosach feidhme sin.”.

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

6 .— Leasaítear alt 38 (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht 2004) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Féadfar rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (4) nó (5)—

(a) chun éifeacht a thabhairt d’Airteagal 5 de Threoir 2001,

(b) chun tuilleadh éifeachta a thabhairt do Chinneadh Uimh. 2003/641/CE ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2003 1 maidir le grianghraif dhaite nó léaráidí eile a úsáid mar rabhaidh shláinte ar tháirgí tobac, nó

(c) chun éifeacht nó tuilleadh éifeachta a thabhairt d’aon ionstraim a ghlac institiúid de na Comhphobail Eorpacha lena leasaítear an tAirteagal sin 5 nó an Cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír (b).”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(12) San alt seo, tá le ‘Comhphobail Eorpacha’ an bhrí chéanna atá leis in Acht na gComhphobal Eorpach 1972.”.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 44 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine—

(a) a sheolann, go hiomlán, an gnó arb éard é—

(i) táirgí tobac a mhiondíol, nó

(ii) táirgí a úsáidtear chun táirgí tobac a chaitheamh ina ndeatach nó i dtaca leis sin a mhiondíol,

mura rud é gur fochuideachta é nó í de chuid cuideachta nach seolann an gnó sin go hiomlán, nó

(b) a sheolann, go páirteach, an gnó arb éard é táirgí tobac a mhiondíol agus nach seolann aon ghnó arb éard é, go hiomlán nó go páirteach, toitíní a dhíol.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

8 .— (1) Féadfar an tAcht Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) 2002 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Sláinte Poiblí (Tobac) 2002 agus 2004 agus den Acht seo le chéile.

1IO Uimh. L226 an 10.09.2003, lch. 24