An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 An Bord Náisiúnta um Sheirbhís Scagtha Ailse a Dhíscaoileadh ) Ar Aghaidh ( CUID 6 An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime a Dhíscaoileadh )

25 2009

An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009

CUID 5

Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí a Dhíscaoileadh

Míniú.

37 .— Sa Chuid seo ciallaíonn “Bord” Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí.

An Bord a dhíscaoileadh.

38 .— Díscaoiltear an Bord.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

39 .— (1) Gach ceart agus dliteanas de chuid an Bhoird a eascraíonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) arna dhéanamh nó arna thabhairt ag an mBord roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Feidhmeannachta ina hainm féin agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a ndéantar a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas a aistriú leis an bhfo-alt seo.

Maoin áirithe a aistriú.

40 .— (1) An talamh uile a bhí dílsithe, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, don Bhord agus gach ceart, gach cumhacht agus gach pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin, beidh siad, ar an tosach feidhme sin, arna n-aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus arna ndílsiú don Fheidhmeannacht, gan aon tíolacadh nó sannadh.

(2) Gach maoin seachas talamh (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina maoin de chuid an Bhoird, beidh sí, ar an tosach feidhme sin, arna haistriú chuig an bhFeidhmeannacht gan aon sannadh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2), féadfaidh an Fheidhmeannacht, ar thosach feidhme na Coda seo agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina hainm féin, agus ní gá don Fheidhmeannacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt d’aon duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Aon airgead, stoic, scaireanna agus urrúis a aistrítear chuig an bhFeidhmeannacht le fo-alt (2) agus atá, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, in ainm an Bhoird déanfar, ar an bhFeidhmeannacht á iarraidh sin, iad a aistriú isteach ina hainm.

Cuntais chríochnaitheacha.

41 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara cuntais chríochnaitheacha an Bhoird a ullmhú, i leith bhliain chuntasaíochta nó i leith an chuid de bhliain chuntasaíochta an Bhoird dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht, a luaithe is féidir, na cuntais a ullmhófar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip de na cuntais arna n-iniúchadh agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais iniúchta sin agus den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil chríochnaitheach.

42 .— (1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme na Coda seo, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin dá éis sin, cuirfidh an Fheidhmeannacht faoi deara tuarascáil chríochnaitheach don Aire ar ghníomhaíochtaí an Bhoird a ullmhú, i leith cibé tréimhse nach raibh ina hábhar do thuarascáil don Aire cheana féin agus ar tréimhse í dar críoch díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

43 .— Más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí a bhfuil an Bord ina pháirtí iontu ar feitheamh, déanfar ainm na Feidhmeannachta a chur in ionad ainm an Bhoird sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.

Conarthaí áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí áirithe don iarBhord a oiriúnú.

44 .— Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Bord, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid an Bhoird a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an Fheidhmeannacht ann in ionad an Bhoird nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire an Bhoird a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne na Feidhmeannachta.

Fostaithe a aistriú.

45 .— (1) Gach duine a bheidh, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina fhostaí nó ina fostaí den Bhord, déanfar, ar an tosach feidhme sin, é nó í a aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina fhostaí nó ina fostaí den Fheidhmeannacht.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní lú tairbhe dó nó di, ar thosach feidhme na Coda seo, na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair ar a gcuirfear é nó í ná na coinníollacha seirbhíse (lenan-áirítear coinníollacha i ndáil le seilbh oifige) nó luacha saothair a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(3) Beidh seirbhís roimh ré de chuid duine a aistrítear faoi fho-alt (1) ináirithe chun críocha na nAchtanna seo a leanas, ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh atá iontu:

(a) na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2007;

(b) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001;

(c) an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003;

(d) an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997;

(e) na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001;

(f) na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go 2005;

(g) na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2007;

(h) na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004;

(i) na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006;

(j) na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005;

(k) an tAcht um Shaoire Cúramóra 2001.

(4) Maidir le haon sochair aoisliúntais a dhámhfar do dhuine nó i leith duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus leis na téarmaí a bhaineann leis na sochair sin, ní lú fabhar iad ná na sochair agus na téarmaí sin ab infheidhme maidir leis an duine sin nó i leith an duine sin díreach roimh thosach feidhme na Coda seo.

(5) Ar thosach feidhme na Coda seo, tiocfaidh íocaíochtaí pinsin agus dliteanais aoisliúntais eile an Bhoird i leith a iarfhostaithe chun bheith ina ndliteanais de chuid na Feidhmeannachta.

(6) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh sé nó sí faoi réir na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008 agus ar fostú de réir na nAchtanna sin.

(7) San alt seo ciallaíonn “ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta” ceardchumann nó comhlachas foirne atá aitheanta ag an bhFeidhmeannacht chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó le coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre na ndaoine lena mbaineann.

Taifid an Bhoird.

46 .— Gach taifead a shealbhóidh an Bord díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, beidh sé, ar an tosach feidhme sin, arna aistriú chuig an bhFeidhmeannacht agus measfar, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, é a bheith i seilbh na Feidhmeannachta.

Cúlghairm

47 .— Cúlghairtear an tOrdú um Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí (Bunú) 1988 (I.R. Uimh. 76 de 1988).