An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 6 Ilghnéitheach ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 2 Na Ceanglais Íosta i nDáil le Comhairle an Phreasa )

31 2009

An tAcht um Chlúmhilleadh 2009

SCEIDEAL 1

Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Shrianta

Alt 18.

CUID 1

Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Gan Mhíniú ná Bréagnú

1. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon ní a mbeadh feidhm ag cosaint arna bunú ar phribhléid iomlán maidir leis (seachas tuarascáil chothrom chruinn dá dtagraítear in alt 17(2)(i) nó (k)).

2. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon imeachtaí a éisteadh go poiblí os comhair cúirte roimhe sin, nó ar bhreith arna foilsiú ag cúirt (lena n-áirítear armchúirt) arna bunú le dlí aon stáit nó áite (seachas an Stát nó Tuaisceart Éireann).

3. Tuarascáil chothrom chruinn ar na himeachtaí (seachas imeachtaí cúirte) a mbeidh breitheamh de chuid cúirte arna bunú faoi dhlí Thuaisceart Éireann i gceannas orthu.

4. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag teach aon reachtais (lena n-áirítear fo-reachtas nó reachtas cónaidhme) le haon stát seachas an Stát.

5. Tuarascáil chothrom chruinn ar imeachtaí poiblí ag aon chomhlacht arna cheapadh go cuí, sa Stát, ar údarás ó Aire den Rialtas, ón Rialtas, ón Oireachtas, ó cheachtar Teach den Oireachtas nó ó chúirt arna bunú le dlí sa Stát chun fiosrúchán poiblí a sheoladh i dtaobh ní a mbaineann tábhacht phoiblí leis.

6. Tuarascáil chothrom chruinn ar imeachtaí poiblí ag aon chomhlacht arna cheapadh go cuí, i dTuaisceart Éireann, ar údarás ó dhuine nó ó chomhlacht atá ar comhréir le duine nó le comhlacht dá dtagraítear i mír 5, chun fiosrúchán poiblí a sheoladh ar ní a mbaineann tábhacht phoiblí leis.

7. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag aon chomhlacht—

(a) is cuid d’aon reachtas (lena n-áirítear fo-reachtas nó reachtas cónaidhme) le haon stát (seachas an Stát), nó

(b) arna cheapadh go cuí i stát seachas an Stát, ar údarás ó dhuine nó ó chomhlacht atá ar comhréir le duine nó le comhlacht dá dtagraítear i mír 5,

chun fiosrúchán poiblí a sheoladh ar ní a mbaineann tábhacht phoiblí leis.

8. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag eagraíocht idirnáisiúnta ar ball di an Stát nó an Rialtas nó ar díol suime don Stát a cuid imeachtaí.

9. Tuarascáil chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag aon chomhdháil idirnáisiúnta a gcuireann an Rialtas ionadaí nó breathnadóir chuici nó ag a mbeidh ionadaíocht ag rialtais stát (seachas an Stát).

10. Cóip chothrom chruinn d’aon chlár, nó sliocht as aon chlár, atá á choimeád de bhun aon dlí agus atá ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal nó d’aon doiciméad eile is gá de réir dlí a bheith ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal.

11. Tuarascáil, cóip nó coimriú atá cothrom agus cruinn, d’aon fhógra nó fógrán arna fhoilsiú ag aon chúirt, nó le húdarás ó aon chúirt, arna bunú le dlí sa Stát nó faoi dhlí Ballstáit den Aontas Eorpach, nó ag aon bhreitheamh nó oifigeach de chuid cúirte den sórt sin, nó le húdarás ón gcéanna.

12. Tuarascáil, cóip nó coimriú atá cothrom agus cruinn, d’aon fhógra nó doiciméad eile arna eisiúint mar eolas don phobal ag aon Roinn Stáit, nó thar ceann aon Roinne Stáit, a bhfuil freagracht ar Aire den Rialtas aisti nó ag údarás áitiúil nó ag Coimisinéir an Gharda Síochána, nó thar ceann an chéanna nó ag roinn, údarás nó oifigeach comhréire i mBallstát den Aontas Eorpach nó thar ceann an chéanna.

13. Tuarascáil, nó cóip nó coimriú atá cothrom agus cruinn, d’aon fhógra nó doiciméad arna eisiúint ag coiste, nó le húdarás ó choiste, arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar.

14. Cinneadh ó Ombudsman an Phreasa dá dtagraítear i mír 9(2) de Sceideal 2.

15. Cinneadh ó Chomhairle an Phreasa dá dtagraítear i mír 9(4) de Sceideal 2 nó tuarascáil ó Chomhairle an Phreasa a bhaineann le comhlíonadh a feidhmeanna san am atá caite.

16. Aon ráiteas arna fhoilsiú de bhun, agus de réir, chinneadh ó Ombudsman an Phreasa nó ó Chomhairle an Phreasa.

17. Aon ráiteas arna dhéanamh le linn d’Ombudsman an Phreasa gearán a iniúchadh nó a éisteacht de réir Sceideal 2.

18. Aon ráiteas arna dhéanamh le linn achomhairc i gcoinne cinnidh ó Ombudsman an Phreasa de réir Sceideal 2 a éisteacht.

19. Aon ráiteas arna fhoilsiú ag duine de réir ceanglais faoi Acht den Oireachtas cibé acu is é nó í nó nach é nó í an duine sin údar an ráitis.

CUID 2

Ráitis a bheidh faoi Phribhléid faoi réir a Mínithe nó a mBréagnaithe

1. Tuarascáil chothrom chruinn ar imeachtaí, ar chinntí nó ar bhreitheanna ó aon chomhlachas, nó ó choiste nó ó chomhlacht ceannais comhlachais, cibé acu atá siad corpraithe sa Stát nó i mBallstát den Chomhphobal Eorpach nó nach bhfuil, agus a bhaineann le comhalta den chomhlachas nó le duine atá, faoi réir conartha nó eile, faoi rialú an chomhlachais.

2. Tuarascáil chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú poiblí, arna thionól sa Stát nó i mBallstát den Chomhphobal Eorpach, ar cruinniú chun críche dleathaí é agus chun aon ní is cúram don phobal a phlé, cibé acu a ligeadh an pobal i gcoitinne isteach chun an chruinnithe nó nár ligeadh isteach ach daoine áirithe.

3. Tuarascáil chothrom chruinn ar na himeachtaí ag cruinniú ginearálta, cibé acu is sa Stát nó i mBallstát den Chomhphobal Eorpach é, d’aon chuideachta nó comhlachas arna bunú nó arna bhunú le reacht nó faoi reacht, nó arna corprú nó arna chorprú le cairt.

4. Tuarascáil chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú nó suí d’aon údarás áitiúil, nó d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus d’aon chomhlacht comhréire i mBallstát den Chomhphobal Eorpach.

5. Tuarascáil chothrom chruinn ar phreasagallamh arna thionól ag comhlacht lena mbaineann an Chuid seo nó thar a cheann nó ag lucht eagraithe cruinnithe phoiblí de réir bhrí mhír 2 nó thar a gceann chun cuntas a thabhairt don phobal ar na himeachtaí nó ar an gcruinniú.

6. Tuarascáil chothrom chruinn ar thuarascáil a mbeadh feidhm ag cosaint arna bunú ar phribhléid shrianta maidir léi.

7. Cóip, nó tuarascáil nó coimriú atá cothrom agus cruinn, d’aon rialú, ordachán, tuarascáil, imscrúdú, ráiteas (lena n-áirítear aon chomhairle, rabhadh nó cáineadh a thug nó a rinne Painéal Táthcheangail na hÉireann faoi alt 20 den Acht um Painéal Táthcheangail na hÉireann 1997) nó fógra arna dhéanamh, arna thabhairt, arna ullmhú, arna fhoilsiú nó arna sheirbheáil ag Painéal Táthcheangail na hÉireann.