|
|||||
|
[EN] | |||||||||||
| |||||||||||
Uimhir 33 de 2009 | |||||||||||
ACHT AN AONTAIS EORPAIGH 2009 | |||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||
RIAR NA nALT | |||||||||||
Alt | |||||||||||
1 . Mínithe. | |||||||||||
2 . Leasú ar alt 1 d’Acht 1972. | |||||||||||
3 . Leasú ar alt 2 d’Acht 1972. | |||||||||||
4 . Leasú ar alt 3 d’Acht 1972. | |||||||||||
5 . Forléiriú tagairtí. | |||||||||||
6 . Leasú ar Acht an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) 2002. | |||||||||||
7 . Ról Thithe an Oireachtais. | |||||||||||
8 . Ionstraimí reachtúla áirithe do leanúint i bhfeidhm. | |||||||||||
9 . Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. | |||||||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Uimhir 33 de 2009 | |||||||||||
ACHT AN AONTAIS EORPAIGH 2009 | |||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | |||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BALLRAÍOCHT AN STÁIT SAN AONTAS EORPACH; DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CONRADH LIOSPÓIN AG LEASÚ AN CHONARTHA AR AN AONTAS EORPACH AGUS AN CHONARTHA AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH, ARNA SHÍNIÚ I LIOSPÓIN AN 13ú LÁ DE NOLLAIG 2007, A FHEIDHMIÚ FAOI DHLÍ AN STÁIT; CHUN NA gCRÍOCH SIN DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH 1972; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. | ||
[27 Deireadh Fómhair 2009] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
Mínithe. |
1 .— San Acht seo— | |
[EN] | ciallaíonn “ Acht 197 2 ” Acht na gComhphobal Eorpach 1972; | |
[EN] | tá le “ Aontas Eorpach ” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1972; | |
[EN] | ciallaíonn “ Aire ” an tAire Gnóthaí Eachtracha; agus | |
[EN] | tá le “ conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach ” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1972. | |
Leasú ar alt 1 d’Acht 1972. |
2 .— Leasaítear alt 1 d’Acht 1972, i bhfo-alt (1), trí na mínithe seo a leanas a chur isteach: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘ Aontas Eorpach ’ an tAontas Eorpach, arna bhunú de bhua Chonradh Liospóin, agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ Conradh Liospóin ’ Conradh Liospóin ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna shíniú i Liospóin an 13ú lá de Nollaig 2007; | |
[EN] | ciallaíonn ‘ conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach ’— | |
[EN] | (a) an Conradh ar an Aontas Eorpach, | |
[EN] | (b) an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | |
[EN] | (c) Conradh Liospóin, agus | |
[EN] | (d) na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha, | |
[EN] | ach ní fholóidh sé na forálacha lena mbaineann an chéad mhír d’Airteagal 275 den chonradh dá dtagraítear i mír (b);”. | |
Leasú ar alt 2 d’Acht 1972. |
3 .— Leasaítear alt 2 d’Acht 1972 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) Beidh na nithe seo a leanas ina gceangal ar an Stát agus beidh siad ina gcuid dá dhlí baile faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach: | |
[EN] | (a) na conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach; | |
[EN] | (b) gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí an Aontais Eorpaigh (seachas gníomhartha lena mbaineann an chéad mhír d’Airteagal 275 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh); | |
[EN] | (c) gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí na gComhphobal Eorpach a bhí i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm do Chonradh Liospóin; agus | |
[EN] | (d) gníomhartha arna nglacadh ag comhlachtaí atá inniúil faoi na conarthaí sin (seachas gníomhartha lena mbaineann an chéad mhír den Airteagal sin 275).”. | |
Leasú ar alt 3 d’Acht 1972. |
4 .— Leasaítear alt 3 d’Acht 1972 trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) i mír (a) d’fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht na gComhphobal Eorpach 2007): | |
[EN] | “(i) d’fhoráil de chuid na gconarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach, nó | |
[EN] | (ii) de ghníomh, nó d’fhoráil de ghníomh, a ghlac institiúid den Aontas Eorpach, institiúid de na Comhphobail Eorpacha nó comhlacht atá inniúil faoi na conarthaí sin, agus”. | |
Forléiriú tagairtí. |
5 .— (1) Déanfar tagairtí in aon achtachán (seachas an tAcht seo agus Acht 1972) do na Comhphobail Eorpacha a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Aontas Eorpach. | |
[EN] | (2) Déanfar tagairtí in aon achtachán (seachas an tAcht seo agus Acht 1972) do na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha a fhorléiriú mar thagairtí do na conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach. | |
[EN] | (3) Déanfar tagairtí in aon achtachán don Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a fhorléiriú mar thagairtí don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. | |
[EN] | (4) San alt seo, tá le “achtachán” an bhrí chéanna atá leis san Acht Léiriúcháin 2005. | |
Leasú ar Acht an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) 2002. |
6 .— Leasaítear alt 1 d’Acht an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) 2002 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “beart”: | |
[EN] | “ciallaíonn ‘beart’— | |
[EN] | (a) rialachán arna ghlacadh nó treoir arna glacadh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, | |
[EN] | (b) cinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 28 nó 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nó | |
[EN] | (c) gníomh (seachas rialachán, treoir nó cinneadh dá dtagraítear i mír (a) nó (b)) nach foláir ceadú a fháil roimh ré ina leith ó dhá Theach an Oireachtais de bhun fho-alt 7° nó 8° d’Airteagal 29.4 den Bhunreacht;”. | |
Ról Thithe an Oireachtais. |
7 .— (1) (a) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fógra a fháil faoin tríú fomhír d’Airteagal 48.7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, rún a rith ag cur i gcoinne ghlacadh an chinnidh lena mbaineann an fógra. | |
[EN] | (b) Maidir le rún dá dtagraítear i mír (a), is freasúra é leis an gcinneadh lena mbaineann chun críocha an tríú fomhír d’Airteagal 48.7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus cuirfear an méid sin in iúl do Chomhairle na hEorpa dá réir. | |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis fógra a fháil faoin tríú fomhír d’Airteagal 81.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, rún a rith ag cur i gcoinne ghlacadh an chinnidh lena mbaineann an fógra. | |
[EN] | (b) Maidir le rún dá dtagraítear i mír (a), is freasúra é leis an gcinneadh lena mbaineann chun críocha an tríú fomhír d’Airteagal 81.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus cuirfear an méid sin in iúl don Chomhairle dá réir. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas, tráth nach déanaí ná 8 seachtain tar éis dréachtghníomh reachtach dá dtagraítear in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharchur, tuairim réasúnaithe de réir an Airteagail sin a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh má ritheann an Teach lena mbaineann rún i leith an dréachtghnímh reachtaigh lena mbaineann á údarú don Teach déanamh amhlaidh. | |
[EN] | (4) Más rud é gurb é tuairim ceachtar Teach den Oireachtas go ndéanann gníomh de chuid institiúide den Aontas Eorpach sárú ar phrionsabal na coimhdeachta dá bhforáiltear sna conarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach agus gur mian leis go ndéanfaí imeachtaí ag lorg athbhreithniú ar an ngníomh lena mbaineann a thionscnamh i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh sé fógra faoi sin don Aire i scríbhinn chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an gconradh sin agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus, a luaithe is féidir tar éis fógra faoi sin a fháil, déanfaidh an tAire socrú chun na himeachtaí sin a thionscnamh. | |
Ionstraimí reachtúla áirithe do leanúint i bhfeidhm. |
8 .— (1) Más rud é, maidir le gníomh Eorpach (dá ngairtear “gníomh aisghairthe” san fho-alt seo), ar tugadh éifeacht nó tuilleadh éifeachta dó, go hiomlán nó go páirteach, le hionstraim reachtúil, go ndéantar é a aisghairm agus gníomh Eorpach eile (dá ngairtear “gníomh códúcháin” san fho-alt seo) a chur ina ionad gan aon mhodhnú ábhartha a dhéanamh ar an ngníomh aisghairthe, beidh éifeacht leis an ionstraim reachtúil sin, ar an ngníomh aisghairthe a aisghairm agus dá éis sin, amhail is go ndearnadh í d’fhonn éifeacht nó tuilleadh éifeachta a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach (de réir mar a bheidh), don ghníomh códúcháin, agus dá réir sin— | |
[EN] | (a) déanfar tagairtí san ionstraim reachtúil sin don ghníomh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don ghníomh códúcháin, agus | |
[EN] | (b) déanfar tagairtí san ionstraim reachtúil sin d’fhoráil den ghníomh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don fhoráil den ghníomh códúcháin a fhreagraíonn, de réir an ghnímh códúcháin, don fhoráil chéadluaite. | |
[EN] | (2) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, maidir le gníomh Eorpach (dá ngairtear “gníomh aisghairthe” san fho-alt seo), ar tugadh éifeacht nó tuilleadh éifeachta dó, go hiomlán nó go páirteach, le hionstraim reachtúil, go ndearnadh é a aisghairm agus gníomh Eorpach eile (dá ngairtear “gníomh códúcháin” san fho-alt seo) a chur ina ionad gan aon mhodhnú ábhartha a dhéanamh ar an ngníomh aisghairthe, measfar, ó dháta aisghairthe an ghnímh aisghairthe, go ndearnadh an ionstraim reachtúil sin d’fhonn éifeacht nó tuilleadh éifeachta a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach (de réir mar a bheidh), don ghníomh códúcháin, agus dá réir sin beidh éifeacht léi, agus measfar ón dáta sin go raibh éifeacht léi, faoi réir— | |
[EN] | (a) tagairtí san ionstraim reachtúil sin don ghníomh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don ghníomh códúcháin, agus | |
[EN] | (b) tagairtí san ionstraim reachtúil sin d’fhoráil den ghníomh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don fhoráil den ghníomh códúcháin a fhreagraíonn, de réir an ghnímh códúcháin, don fhoráil chéadluaite. | |
[EN] | (3) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “gníomh Eorpach”— | |
[EN] | (a) foráil de chuid na gconarthaí a rialaíonn an tAontas Eorpach, nó | |
[EN] | (b) gníomh, nó foráil de ghníomh, a ghlac institiúid den Aontas Eorpach, institiúid de na Comhphobail Eorpacha nó aon chomhlacht eile atá inniúil faoi na conarthaí sin; | |
[EN] | ciallaíonn “ionstraim reachtúil” ordú, rialachán, riail, scéim nó fodhlí a dhéantar i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar— | |
[EN] | (a) le hAcht den Oireachtas (lena n-áirítear Acht 1972), nó | |
[EN] | (b) le reacht a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i bhfeidhm agus a leanann de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith aige de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht. | |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
9 .— (1) Féadfar Acht an Aontais Eorpaigh 2009 a ghairm den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach 1972 go 2009 a ghairm d’Achtanna na gComhphobal Eorpach 1972 go 2007 agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas alt 8) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla. |