7 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2019


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

3. Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht

4. Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

5. Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht

6. Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

7. Sceideal nua a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

8. Leasú ar alt 25 den Acht Toghcháin, 1992

9. Gearrtheideal, comhluanna, forléiriú agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1992 (Uimh. 23)

Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2018

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 (Uimh. 2)

Na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 2014

An tAcht Rialtais Áitiúil, 2019 (Uimh. 1)

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2019


AN tACHT UM THOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do thabhairt éifeacht do Chinneadh (AE) 2018/9371 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus do Chinneadh (AE, Euratom) 2018/9942 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 agus, chun na críche sin, d’athleasú thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa; do dhéanamh socrú maidir le líon na gcomhaltaí atá le toghadh do na toghlaigh sin; do leasú an Achta um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997; do leasú an Achta Toghcháin, 1992; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[12 Márta 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 10 den Phríomh-Acht, i mír (a) d’fho-alt (1), trí “seasca lá” a chur in ionad “caoga lá”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i mír (d) d’fho-alt (2), trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh,

(b) i bhfo-alt (3), trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint agus a mbeidh, tráth a thofa nó a tofa amhlaidh, ceann de na hoifigí seo a leanas ina sheilbh aige nó ina seilbh aici—

(i) an tArd-Aighne,

(ii) Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach na Dála nó Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, nó

(iii) Aire Stáit,

scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh na hoifige sin, ar a thoghadh nó ar a toghadh amhlaidh agus tráth nach déanaí ná an tráth a ghlacfaidh sé nó sí a shuíochán nó a suíochán sa Pharlaimint, ar an dáta a bheidh sonraithe ag an bParlaimint chun suíocháin den sórt sin a ghlacadh.

(b) Duine a mheasfar de bhun alt 19 den Acht seo a bheith tofa chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint nó a mbeidh, an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, ceann de na hoifigí seo a leanas ina sheilbh aige nó ina seilbh aici—

(i) an tArd-Aighne,

(ii) Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach na Dála nó Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, nó

(iii) Aire Stáit,

scoirfidh sé nó sí de bheith i seilbh na hoifige sin, tráth a mheasfar é nó í a bheith tofa amhlaidh, ar an lá a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, agus tráth nach déanaí ná an tráth a ghlacfaidh sé nó sí a shuíochán nó a suíochán sa Pharlaimint, ar an dáta a bheidh sonraithe ag an bParlaimint chun suíocháin den sórt sin a ghlacadh.”,

agus

(d) i bhfo-alt 4A—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Duine a thoghfar faoin Acht seo chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint, agus a bheidh, tráth a thofa nó a tofa amhlaidh, ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach den Oireachtas lena mbaineann, ar a thoghadh nó ar a toghadh amhlaidh agus tráth nach déanaí ná an tráth a ghlacfaidh sé nó sí a shuíochán nó a suíochán sa Pharlaimint, ar an dáta a bheidh sonraithe ag an bParlaimint chun suíocháin den sórt sin a ghlacadh.”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Duine a mheasfar de bhun alt 19 den Acht seo a bheith tofa chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint nó an tráth a chéadmheasfar amhlaidh é nó í, agus tráth nach déanaí ná an tráth a ghlacfaidh sé nó sí a shuíochán nó a suíochán sa Pharlaimint, scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach den Oireachtas lena mbaineann, ar an dáta a bheidh sonraithe ag an bParlaimint chun suíocháin den sórt sin a ghlacadh.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht

5. Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Faoi réir fho-alt (4), aon limistéar a shonraítear sa Tríú Sceideal, measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí an 1 Meán Fómhair 2018.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Beidh feidhm ag ailt 28 agus 29 den Acht Rialtais Áitiúil, 2019 chun toghcháin Eorpacha a dhéanamh sa bhliain 2019 mar atá feidhm acu chun toghcháin áitiúla a dhéanamh sa bhliain sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas in alt 28—

(a) trí ‘Eorpacha’ a chur in ionad ‘rialtais áitiúil’ i mír (b) d’fho-alt (1),

(b) trí ‘Eorpacha’ a chur in ionad ‘rialtais áitiúil’ i bhfo-alt (2), agus

(c) trí ‘faoin Acht seo’ a chur in ionad ‘faoi Chuid 4 den Phríomh-Acht’ i bhfo-alt (3).”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

6. Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i riail 2, trí “an cúigiú lá is daichead” a chur in ionad “an cúigiú lá is tríocha”,

(b) i riail 5—

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c) de mhír (1):

“(c) foirm ráitis ina gcuirfear in iúl cé acu—

(i) is saoránach d’Éirinn an t-iarrthóir, nó

(ii) is náisiúnach de Bhallstát, seachas an Stát, an t-iarrthóir,

agus”,

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“(3) (a) Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta chláraithe arb iarrthóir dó é nó í nó ainm an pháirtí polaitíochta sin maille le hainm aon ghrúpa polaitíochta nó aon pháirtí polaitíochta Eorpaigh atá taifeadta i gClár na bPáirtithe Polaitíochta i ndáil leis an bpáirtí polaitíochta sin a chur sa pháipéar ainmniúcháin, ar choinníoll go ndéanfar, an tráth a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin ar an gceann comhairimh, deimhniú san fhoirm a ordóidh an tAire (dá ngairtear ‘deimhniú cleamhnachta polaitíochta’ sa Sceideal seo), lena bhfíordheimhnítear an iarrthóireacht a thabhairt ar aird don cheann comhairimh, ar deimhniú é a bheidh sínithe ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí sin a mbeidh a ainm nó a hainm nó a n-ainmneacha sa Chlár sin de bhun alt 25(7)(d) d’Acht 1992. I gcás go dtabharfar deimhniú den sórt sin ar aird, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, ar choinníoll gur deimhin leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh i ndáil leis an iarrthóir, go ndéanfar—

(i) ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí agus cóip d’fheathal an pháirtí polaitíochta mar atá cláraithe sa Chlár sin a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide, agus

(ii) ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar fhógraí.

(b) I gcás go gcuirfidh iarrthóir ráiteas sa pháipéar ainmniúcháin ina luafar ainm grúpa polaitíochta nó páirtí polaitíochta Eorpaigh mar aon le hainm páirtí polaitíochta, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, ar choinníoll gur deimhin leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh i ndáil leis an iarrthóir, go ndéanfar ráiteas ina luafar ainm an ghrúpa polaitíochta sin nó an pháirtí polaitíochta Eorpaigh sin mar aon le hainm an pháirtí sin a shonrú ar gach páipéar ballóide agus fógra den sórt sin.”,

agus

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (5):

“(5) Féadfaidh duine lena mbaineann mír (4) ainm aon cheann díobh seo a leanas a chur sa pháipéar ainmniúcháin—

(a) grúpa polaitíochta a bunaíodh de réir rialacha nós imeachta Pharlaimint na hEorpa, nó

(b) páirtí polaitíochta Eorpach arna bhunú de réir Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 20143 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha,

ar comhalta de é nó í, ar choinníoll go ndéanfar, an tráth a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin ar an gceann comhairimh, deimhniú (dá ngairtear ‘deimhniú cleamhnachta polaitíochta Eorpaí’ sa Sceideal seo) a thabhairt ar aird don cheann comhairimh freisin, ar deimhniú é a bheidh sínithe ag comhalta de Rúnaíocht an ghrúpa polaitíochta nó an pháirtí polaitíochta Eorpaigh iomchuí á rá gur comhalta an duine atá i gceist den ghrúpa polaitíochta nó den pháirtí polaitíochta Eorpach atá ainmnithe sa deimhniú. I gcás go dtabharfar deimhniú den sórt sin ar aird, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, ar choinníoll gur deimhin leis nó léi gur cuí déanamh amhlaidh i ndáil leis an iarrthóir, go ndéanfar ráiteas ina luafar ainm an ghrúpa polaitíochta sin nó an pháirtí polaitíochta Eorpaigh sin, mar aon leis an abairt ‘Neamh-Pháirtí’, más cuí, a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí.”,

(c) i riail 6, trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh i mír (1),

(d) i riail 10—

(i) i mír (2), trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh, agus

(ii) i mír (3), trí “nó saoránach Briotanach” a scriosadh,

(e) i riail 18, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír (1):

“(b) foirm ráitis ina gcuirfear in iúl cé acu, maidir le duine a bheidh ainmnithe trína thaifeadadh nó trína taifeadadh ann mar iarrthóir ionaid—

(i) is saoránach d’Éirinn é nó í, nó

(ii) is náisiúnach de Bhallstát seachas an Stát é nó í,

agus”,

(f) i riail 19, trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh i mír (2),

(g) i riail 50, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír (2):

“(d) clófar ainm pháirtí polaitíochta gach iarrthóra, más ann, nó, más cuí, an abairt ‘Neamh-Pháirtí’ i gceannlitreacha móra, agus clófar ainm ghrúpa polaitíochta nó pháirtí polaitíochta Eorpach gach iarrthóra, más ann, i ngnáthlitreacha.”,

(h) i riail 88—

(i) i mír (1), trí “Faoi réir mhír (4), nuair” a chur in ionad “Nuair”,

(ii) i mír (1A), trí “Faoi réir mhír (4), nuair” a chur in ionad “Nuair”, agus

(iii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (3):

“(4) Chun críoch na dtoghchán Eorpach arna ndéanamh sa bhliain 2019—

(a) ní bheidh feidhm ag mír (1A) i dtoghlaigh Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt mar a shonraítear sa Tríú Sceideal, agus

(b) faoi réir mhír (5), nuair a bheidh na folúntais go léir líonta i dtoghlaigh Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt mar a shonraítear sa Tríú Sceideal, is mar a leanas a bheidh an t-ord ina measfar iarrthóirí a bheith tofa i ngach toghlach den sórt sin—

(i) i gcás go measfar iarrthóir a bheith tofa ag deireadh comhairimh, measfar an t-iarrthóir sin a bheith tofa roimh iarrthóir a mheasfar a bheith tofa i gcomhaireamh dá éis sin,

(ii) i gcás go measfar beirt iarrthóirí nó níos mó a bheith tofa ag deireadh comhairimh, maidir leis an iarrthóir ag a mbeidh an líon is mó vótaí creidiúnaithe ag deireadh an chomhairimh sin, measfar é nó í a bheith tofa roimh iarrthóir ag a mbeidh líon is ísle vótaí creidiúnaithe ag deireadh an chomhairimh sin.

(5) Más rud é, ag deireadh comhairimh, go mbeidh an líon céanna vótaí ag gach duine de bheirt iarrthóirí nó níos mó i dtoghlaigh Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt mar a shonraítear sa Tríú Sceideal—

(a) tabharfar aird ar líon na mbunvótaí a bheidh creidiúnaithe do gach iarrthóir agus maidir leis an iarrthóir ag a mbeidh líon is mó bunvótaí, measfar é nó í a bheith tofa roimh iarrthóir ag a mbeidh líon is ísle bunvótaí creidiúnaithe,

(b) i gcás gurb ionann líon na mbunvótaí, tabharfar aird ar líon iomlán na vótaí a bheidh creidiúnaithe do gach iarrthóir sa chéad chomhaireamh ina raibh líon neamhionann vótaí acu agus maidir leis an iarrthóir ag a mbeidh líon is mó vótaí creidiúnaithe sa chomhaireamh sin, measfar é nó í a bheith tofa roimh iarrthóir ag a mbeidh líon is ísle vótaí creidiúnaithe sa chomhaireamh sin, nó

(c) i gcás gurb ionann líon na vótaí a bheidh creidiúnaithe do gach iarrthóir i ngach comhaireamh, déanfaidh an ceann comhairimh an t-ord ina measfar na hiarrthóirí a bheith tofa a chinneadh trí chrannadh.

(6) Sa riail seo agus gan dochar do riail 82, ciallaíonn “cinneadh trí chrannadh” cinneadh de réir na dtreoracha seo a leanas, is é sin, tar éis ainmneacha gach iarrthóra lena mbaineann a scríobh ar stialla cosúla páipéir agus na stialla sin a fhilleadh chun nach bhféadfaí iad a aithint thar a chéile agus iad a mheascadh agus a tharraingt ar corr, measfar gach iarrthóir a bheith tofa san ord ina dtarraingeofar a ainm nó a hainm.”,

(i) i riail 92, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (3):

“(4) D’ainneoin mhír (3), chun críoch na dtoghchán Eorpach arna ndéanamh sa bhliain 2019, tabharfaidh an ceann comhairimh do thoghlach Bhaile Átha Cliath agus an ceann comhairimh do thoghlach an Deiscirt fógra poiblí i dtaobh an iarrthóra deiridh a mheasfar a bheith tofa, de réir riail 88, i ngach toghlach acu sin. Cuirfidh an ceann comhairimh do thoghlach Bhaile Átha Cliath agus an ceann comhairimh do thoghlach an Deiscirt cóip den fhógra sin chuig an Aire, chuig an bpríomh-cheann comhairimh, chuig Cléireach na Dála (nó, i gcás nach féidir leis nó léi toisc é nó í a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh nó i gcás go mbeidh folúntas in oifig Chléireach Dháil Éireann, chuig Leas-Chléireach Dháil Éireann) agus chuig gach duine a bheidh tofa.”,

(j) an riail seo a leanas a chur in ionad riail 94:

“94. (1) Déanfaidh an príomh-cheann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis an freagra dá dtagraítear i riail 92 a fháil ó gach ceann comhairimh, freagra a thabhairt, san fhoirm a ordóidh an tAire, don Pharlaimint faoi na daoine atá tofa sa Stát chun bheith ina n-ionadaithe sa Pharlaimint.

(2) Chun críoch na dtoghchán Eorpach arna ndéanamh sa bhliain 2019, dearbhófar leis an bhfreagra arna thabhairt ag an bpríomh-cheann comhairimh faoi mhír (1), maidir leis an iarrthóir deiridh a mheasfar a bheith tofa, arna leagan amach san fhógra poiblí arna thabhairt de réir riail 92, i ngach ceann de thoghlaigh Bhaile Átha Cliath agus an Deiscirt mar a shonraítear sa Tríú Sceideal, nach nglacfaidh sé nó sí a shuíochán nó a suíochán i bParlaimint na hEorpa go dtí cibé tráth a bheidh dáta sonraithe ag an bParlaimint chun suíocháin den sórt sin a ghlacadh.”,

agus

(k) i riail 96, trí “nó an Ríocht Aontaithe” a scriosadh i bhfomhír (bb) de mhír (1).

Sceideal nua a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

7. Leasaítear an Príomh-Acht maidir le toghcháin Eorpacha a dhéanfar tar éis an 1 Eanáir 2019 tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Tríú Sceideal:

“An Tríú Sceideal

Alt 15

Toghlaigh

Toghlach

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Baile Átha Cliath

Na contaetha seo a leanas: Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall agus Baile Átha Cliath Theas; agus cathair Bhaile Átha Cliath.

4

An Lár Tíre-An tIarthuaisceart

Na contaetha seo a leanas: An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Cill Dara, Liatroim, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí; agus cathair na Gaillimhe.

4

An Deisceart

Na contaetha seo a leanas: Ceatharlach, an Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Loch Garman agus Cill Mhantáin; cathracha agus contaetha Luimnigh agus Phort Láirge; agus cathair Chorcaí.

5

”.

Leasú ar alt 25 den Acht Toghcháin, 1992

8. Leasaítear alt 25 den Acht Toghcháin, 1992—

(a) i bhfo-alt (7), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g):

“(g) ainm aon ghrúpa polaitíochta nó aon pháirtí polaitíochta Eorpaigh de réir fho-alt (8), agus”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) I gcás go ndéanfaidh páirtí, atá cláraithe sa Chlár mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaidh i dtoghchán Eorpach, nó a dhéanann iarratas ar chlárú den sórt sin sa Chlár, é a chur in iúl don Chláraitheoir go bhfuil comhalta den pháirtí, is ionadaí i bParlaimint na hEorpa (cibé acu mar gheall ar é a bheith tofa mar ionadaí den sórt sin sa Stát nó é a bheith ainmnithe mar iarrthóir ionaid faoin Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997), ina chomhalta de cheann díobh seo a leanas—

(a) grúpa polaitíochta a bunaíodh de réir rialacha nós imeachta Pharlaimint na hEorpa, nó

(b) páirtí polaitíochta Eorpach arna bhunú de réir Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha,

déanfaidh an Cláraitheoir, má dheimhníonn an comhalta sin i scríbhinn don Chláraitheoir gur comhalta é den pháirtí sin agus den ghrúpa polaitíochta sin nó den pháirtí polaitíochta Eorpach sin, ainm an ghrúpa polaitíochta sin nó an pháirtí polaitíochta Eorpaigh sin a thaifeadadh sa Chlár, i ndáil leis an bpáirtí.”.

Gearrtheideal, comhluanna, forléiriú agus tosach feidhme

9. (1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 2019 a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 2014 agus den Acht seo (seachas alt 8 ) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2018 agus d’alt 8 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

1 OJ Uimh. L165, 2.7.2018, lch.1

2 OJ Uimh. L178, 16.7.2018, lch.1

3 OJ Uimh. L 317, 4.11.2014, lch.1