10 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2019


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Leasú ar alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014

2. Gearrtheideal agus tosach feidhme

An tAcht dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 2014 (Uimh. 38)

/images/harp.jpg


Uimhir 10 de 2019


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[11 Aibreán 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Leasú ar alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014

1. Leasaítear alt 343 d’Acht na gCuideachtaí, 2014—

(a) i bhfo-alt (2), trí “56 lá” a chur in ionad “28 lá”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “56 lá” a chur in ionad “28 lá”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

2.(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.