23 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2019


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TALÚN AGUS TÍOLACTHA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Míniú

2. Leasú ar alt 2 d’Acht 2013

3. Nósanna imeachta a mbeidh feidhm acu in imeachtaí áirithe

4. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013 (Uimh. 30)

An tAcht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 (Uimh. 44)

An tAcht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011 (Uimh. 40)

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 2019


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ TALÚN AGUS TÍOLACTHA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013 chun socrú a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint in imeachtaí dlí áirithe lena mbaineann alt 2 den Acht sin; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[10 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Míniú

1. San Acht seo, ciallaíonn “Acht 2013” an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha, 2013.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2013

2. Leasaítear alt 2 d’Acht 2013—

(a) i bhfo-alt (5), trí “faoin alt seo nó faoi alt 2A,” a chur in ionad “faoin alt seo,”, agus

(b) i bhfo-alt (7), trí “san alt seo, in alt 2A agus in alt 3” a chur in ionad “san alt seo agus in alt 3”.

Nósanna imeachta a mbeidh feidhm acu in imeachtaí áirithe

3. Leasaítear Acht 2013 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2:

“2A. (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le himeachtaí, arna dtionscnamh ag morgáistí, lena lorgaítear ordú seilbhe i leith talamh lena mbaineann an morgáiste agus ar talamh é an talamh sin a bhfuil feidhm ag alt 2 maidir leis—

(a) arb imeachtaí iad a cuireadh ar atráth faoi alt 2 agus, ar dhul in éag don tréimhse atrátha (lena n-áirítear aon tréimhse atrátha breise faoin alt sin), a bhfuil feidhm ag fo-alt (5) maidir leo,

(b) arb imeachtaí iad ina ndearna duine iomchuí iarratas faoi alt 2(2)(b) agus inar diúltaíodh don iarratas sin, nó

(c) i gcás, maidir leis an morgáisteoir—

(i) go raibh sé nó sí rannpháirteach, de mheon macánta, i scéim shainainmnithe, roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, nó

(ii) go ndearna sé nó sí, roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, seirbhísí cleachtóra dócmhainneachta pearsanta a fhruiliú chun cabhrú leis nó léi a riaráistí morgáiste a réiteach agus, tar éis an fhruilithe sin, go bhfuil feidhm ag fo-alt (5) maidir leis na himeachtaí sin.

(2) In imeachtaí lena mbaineann an t-alt seo, maidir leis an gcúirt—

(a) déanfaidh sí, le linn di breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sí ordú seilbhe nó an ndiúltóidh sí ordú seilbhe a dhéanamh, agus

(b) féadfaidh sí, le linn di breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfaidh sí aon ordú eile is cuí léi sna himthosca,

an méid seo a leanas a chur i gcuntas—

(i) na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3), agus

(ii) cibé nithe breise is cuí léi.

(3) Is iad seo a leanas na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(i):

(a) an amhlaidh go mbeadh sé comhréireach sna himthosca go léir an t-ordú a dhéanamh;

(b) imthosca an mhorgáisteora agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe (más ann) arb amhlaidh ina leith gurb í an phríomháit chónaithe phríobháideach is ábhar do na himeachtaí a bpríomháit chónaithe phríobháideach;

(c) an amhlaidh go bhfuil ráiteas déanta ag an morgáistí leis an morgáisteoir i dtaobh na dtéarmaí ar a mbeadh an morgáistí sásta an ní a réiteach ar shlí a fhágfaidh go bhféadfadh an morgáisteoir agus a chleithiúnaithe nó a cleithiúnaithe dá dtagraítear i mír (b) fanacht sa phríomháit chónaithe phríobháideach;

(d) mionsonraí aon togra arna dhéanamh, cibé acu roimh na himeachtaí a thosú nó tar éis na himeachtaí a thosú, ag an morgáisteoir, nó thar ceann an mhorgáisteora, chun a chumasú don mhorgáisteoir agus dá chleithiúnaithe nó dá cleithiúnaithe dá dtagraítear i mír (b)—

(i) fanacht sa phríomháit chónaithe phríobháideach, lena n-áirítear aon togra maidir le rannpháirtíocht an mhorgáisteora i scéim shainainmnithe, nó

(ii) cóiríocht de shórt eile a áirithiú;

(e) an freagra, más ann, arna thabhairt ag an morgáistí ar aon togra dá dtagraítear i mír (d)(i);

(f) iompar na bpáirtithe sa mhorgáiste in aon iarracht chun teacht ar réiteach ar an tsaincheist arb éard í déileáil le riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór an mhorgáiste.

(4) Áirítear na nithe seo a leanas ar na nithe a bhféadfaidh an chúirt aird a thabhairt orthu chun críocha fho-alt (3)(a):

(a) an méid iomlán atá fós le híoc leis an morgáistí ar scór an mhorgáiste nó ar scór aon chomhaontú iasachta gaolmhar;

(b) méid na riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór an mhorgáiste;

(c) margadhluach comhairlithe na príomháite cónaithe príobháidí ar an dáta ar ar tosaíodh imeachtaí.

(5) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo, más rud é, maidir le togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta a fholaíonn togra i leith na príomháite cónaithe príobháidí lena mbaineann—

(a) nach ndearnadh é, nó

(b) go ndearnadh é, agus go bhfuil deireadh leis an nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil deireadh le nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta más rud é—

(a) go bhfuil feidhm ag alt 106(3), 108(8)(b), 111A(8) nó (9) nó 114(3) d’Acht 2012 maidir leis an nós imeachta sin,

(b) go ndearnadh iarratas faoi alt 115A d’Acht 2012 i ndáil le togra le haghaidh Comhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta, agus go ndiúltaíonn an chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (9) den alt sin, nó

(c) gur foirceannadh an Chomhshocraíocht Dócmhainneachta Pearsanta lena mbaineann faoi alt 123 d’Acht 2012.

(7) Féadfaidh an tAire, chun críocha an ailt seo, scéim a shainainmniú, le hordú, i gcás gur deimhin leis nó léi—

(a) go n-áirítear ar chuspóirí na scéime cúnamh a sholáthar do dhaoine atá ag déileáil le riaráistí íocaíochtaí atá dlite ar scór morgáiste ar a bpríomháit chónaithe phríobháideach, ar cúnamh é ar dóigh dó le réasún—

(i) a chumasú do na daoine sin dul i ngleic le deacrachtaí ó thaobh a bheith ag déileáil leis na riaráistí sin, agus

(ii) a éascú, a mhéid is indéanta, do na daoine sin fanacht ina bpríomháit chónaithe phríobháideach,

agus

(b) gur dóigh le réasún go ndéanfar an cúnamh dá dtagraítear i mír (a) a sholáthar faoin scéim.

(8) Aon tagairt san alt seo do mhargadhluach comhairlithe príomháite cónaithe príobháidí is tagairt í don luach sin mar a shonraítear é i ráiteas faoi mhargadhluach comhairlithe na príomháite cónaithe príobháidí, arna sholáthar ag ceadúnaí.

(9) San alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 2011’ an tAcht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011;

ciallaíonn ‘margadhluach comhairlithe’, i ndáil le príomháit chónaithe phríobháideach arna luacháil ag ceadúnaí chun a díolta, meastachán réasúnach an cheadúnaí, tráth na luachála sin, ar an méid a d’íocfadh ceannaitheoir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí tar éis margaíocht chuí i gcás go ngníomhaíonn an dá pháirtí go feasach críonna agus gan iallach, agus aon tagairt do mhargadhluach comhairlithe príomháite cónaithe príobháidí ar dháta áirithe is tagairt í do mheastachán réasúnach an cheadúnaí ar an méid a d’íocfaí amhlaidh ar an dáta sin;

ciallaíonn ‘scéim shainainmnithe’ scéim arna sainainmniú faoi fho-alt (7);

tá le ‘ceadúnas’ an bhrí chéanna atá leis in alt 2(1) d’Acht 2011;

ciallaíonn ‘ceadúnaí’ sealbhóir ceadúnais atá i bhfeidhm i leith seirbhís maoine a thagann faoi réim mhír (a) nó (b) den mhíniú ar ‘seirbhís maoine’ in alt 2(1) d’Acht 2011;

tá le ‘nós imeachta Comhshocraíochta Dócmhainneachta Pearsanta’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.”.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

4. (1) Féadfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Talún agus Tíolactha (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.