Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Aisghairm agus Cúlghairm)

24 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2019


AN tACHT UM RÁTAÍ RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS NITHE EILE, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Léiriú

2. Forléiriú tagairtí don ráta bliantúil ar luacháil

3. An ráta bliantúil ar luacháil

4. An ráta a bheidh le tobhach ar áititheoirí maoine iomchuí

5. Leabhar Rátaí

6. Cumhacht chun ráta bliantúil ar luacháil a theorannú

7. Rátaí a urscaoileadh trí fhritháireamh

8. Bailiú, cúram agus bainistiú rátaí

9. Foráil maidir le rátaí a laghdú i leith maoine folmha

10. An Bunachar Sonraí um Maoine Iomchuí

11. Dualgas aistriú maoine iomchuí a chur in iúl don údarás rátúcháin

12. Ús ar rátaí thar téarma

13. Rátaí a íoc ar dhíol maoine iomchuí

14. Rátaí neamhíoctha chun bheith ina muirear ar mhaoin iomchuí

15. Scéim chun rátaí a tharscaoileadh

16. Oifigigh údaraithe

17. Cumhachtaí oifigeach údaraithe

18. Rialacháin

19. Caiteachais

20. Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978

21. Leasú ar an Acht Luachála, 2001

22. Leasú ar Acht 2014

23. Straitéisí spáis agus eacnamaíocha réigiúnacha áirithe

24. Leasú ar alt 11 d’Acht 2000

25. Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004

26. Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019

27. Aisghairm agus cúlghairm

28. Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

AN SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm

CUID 1

Achtanna an Oireachtais


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 (Uimh. 5)

An tAcht Léiriúcháin, 2005 (Uimh. 23)

An tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930 (Uimh. 27)

An tAcht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 (Uimh. 35)

Local Government (Ireland ) Act 1898 (61 & 62 Vict. c. 37)

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí), 1970 (Uimh. 2)

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23)

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24)

An tAcht Rialtais Áitiúil, 2001 (Uimh. 37)

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2016

An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014 (Uimh. 1)

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 (Uimh. 16)

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30)

Poor Law Acts (Ireland) Amendment Act 1890 (53 & 54 Vict. c. 30)

Poor Relief (Ireland) Act 1838 (1 & 2 Vict. c. 56)

Poor Relief (Ireland) Act 1843 (6 & 7 Vict. c. 92)

Poor Relief (Ireland) Act 1849 (12 & 13 Vict. c. 104)

An tAcht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Uimh. 28)

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 (Uimh. 14)

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 (Uimh. 27)

Reacht na dTréimhsí, 1957 (Uimh. 6)

An tAcht Luachála (Leasú), 2015 (Uimh. 10)

An tAcht Luachála, 2001 (Uimh. 13)

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2019


AN tACHT UM RÁTAÍ RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS NITHE EILE, 2019

[An tiontú oifigiúil]

Acht d’athchóiriú an dlí a bhaineann le rátaí a bhailiú i ndáil le maoine áirithe, do dhéanamh socrú maidir le bunachar sonraí de na maoine sin sa Stát a bhunú agus a chothabháil, do dhéanamh socrú maidir le hachtacháin áirithe a leasú agus a aisghairm; chun críoch nach mbaineann leis na nithe sin roimhe seo, do leasú an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus do dhéanamh socrú thairis sin i ndáil le straitéisí spáis agus eacnamaíocha réigiúnacha áirithe, agus do leasú an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 agus an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 ; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[11 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Léiriú

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000;

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Rialtais Áitiúil, 2001;

ciallaíonn “Acht 2014” an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014;

ciallaíonn “Acht 2015” an tAcht Luachála (Leasú), 2015;

ciallaíonn “ráta bliantúil ar luacháil” an ráta arna chinneadh ag an údarás áitiúil lena mbaineann mar an t-údarás rátúcháin de bhun alt 3 ;

tá le “achtachán” an bhrí chéanna atá leis san Acht Léiriúcháin, 2005;

forléireofar “duine dliteanach” de réir alt 4 ;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2001;

tá le “bliain airgeadais áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 96 d’Acht 2001;

ciallaíonn “Aire” an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil;

tá le “áititheoir” an bhrí chéanna atá leis san Acht Luachála, 2001;

ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le maoin iomchuí, duine (seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh) atá i dteideal, cibé acu as ceart féin an duine sin nó mar iontaobhaí nó mar ghníomhaire d’aon duine eile, cíos na maoine a fháil nó, i gcás nach bhfuil an mhaoin á ligean, a mbeadh an teideal sin aige nó aici amhlaidh dá mbeadh an mhaoin á ligean amhlaidh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

tá le “ráta” an bhrí a shanntar dó le halt 4;

tá le “údarás rátúcháin” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2001;

tá le “limistéar údaráis rátúcháin” an bhrí chéanna atá leis san Acht Luachála, 2001;

ciallaíonn “rátíocóir”, i ndáil le maoin iomchuí, duine a gceanglaítear air nó uirthi rátaí a íoc ar an maoin sin;

tá le “maoin iomchuí” an bhrí chéanna atá leis san Acht Luachála, 2001;

forléireofar “luacháil” ar an modh céanna leis an modh ar a bhforáiltear leis an míniú ar “luach” san Acht Luachála, 2001 go bhforléireofar é.

Forléiriú tagairtí don ráta bliantúil ar luacháil

2. Maidir le tagairtí do ráta bliantúil ar luacháil atá in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi reacht, forléireofar mar thagairtí do ráta bliantúil ar luacháil de réir bhrí alt 1 iad.

An ráta bliantúil ar luacháil

3. Ag cruinniú buiséid údaráis áitiúil a thionólfar faoi alt 103 d’Acht 2001 chun dréachtbhuiséad údaráis áitiúil arna ullmhú de réir alt 102 den Acht sin a bhreithniú, déanfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir alt 6 , an ráta bliantúil ar luacháil is infheidhme maidir le ríomh mhéid an ráta faoi alt 4 a chinneadh, le rún, de réir an bhuiséid údaráis áitiúil arna ghlacadh faoi alt 103 den Acht sin.

An ráta a bheidh le tobhach ar áititheoirí maoine iomchuí

4. (1) Faoi réir an ailt seo, déanfaidh gach údarás rátúcháin, i ngach bliain airgeadais áitiúil, muirear (dá ngairtear “ráta” san Acht seo) a fhorchur agus a bhailiú, is muirear a thoibheofar i leith maoin iomchuí a áireofar ar an liosta luachála a gcuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara é a fhoilsiú faoi alt 23 d’Acht 2001 i limistéar rátúcháin an údaráis sin de réir fhorálacha an ailt seo.

(2) Déanfar méid an ráta a thoibheofar amhlaidh a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

A x B

i gcás

gurb é A luacháil inrátaithe na maoine iomchuí, agus

gurb é B an ráta bliantúil ar luacháil arna chinneadh ag an údarás rátúcháin lena mbaineann faoi alt 3 don bhliain sin.

(3) Beidh an ráta a ríomhfar faoin alt seo in aon bhliain dlite agus iníoctha an chéad lá d’Eanáir sa bhliain sin.

(4) Dlífidh na daoine seo a leanas an ráta a thoibheofar faoin alt seo a íoc:

(a) áititheoir na maoine iomchuí ar an dáta a shonraítear i bhfo-alt (3);

(b) má tá an mhaoin iomchuí neamháitithe ar an dáta sin, an duine atá i dteideal, de thuras na huaire, an mhaoin a áitiú ar an dáta.

(5) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann bille rátaí ina luafar an ráta a thoibheofar faoin alt seo a thabhairt do dhuine dliteanach de réir fho-alt (6) agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa bhille rátaí:

(a) méid an ráta;

(b) an dáta faoina mbeidh an ráta dlite agus iníoctha agus an modh ar a mbeidh sé le híoc;

(c) seoladh na maoine iomchuí;

(d) luacháil inrátaithe na maoine iomchuí;

(e) aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an t-údarás rátúcháin a bheith riachtanach.

(6) Déanfar bille rátaí faoin alt seo a dhíriú chuig an duine dliteanach lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a sheirbheáil amhlaidh ar an duine, nó a thabhairt amhlaidh dó nó di, ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, chuig an seoladh sin; nó

(d) trí mheán leictreonach, i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an duine don duine a bheidh ag seirbheáil nó ag tabhairt an fhógra nó an doiciméid lena mbaineann á rá go dtoilíonn sé nó sí leis an bhfógra nó leis an doiciméad (nó le fógraí nó doiciméid d’aicme lena mbaineann an fógra nó an doiciméad) a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, ar an modh sin.

(7) I gcás nach féidir ainm an duine dhliteanaigh lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar bille rátaí faoin alt seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir” nó “an t-úinéir”, de réir mar a bheidh.

(8) Maidir le ráta a thoibheofar faoin alt seo, beidh sé iníoctha ag duine dliteanach ar cibé modh agus i leith cibé tréimhse nó tréimhsí a chinnfidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann.

(9) I gcás go ndéanfar luacháil maoine iomchuí ar an liosta luachála a leasú de bhun alt 28 d’Acht 2001 nó go n-áireofar maoin iomchuí nua ar an liosta luachála ar scór luacháil arna déanamh de bhun an ailt sin, féadfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann méid an ráta arna ríomh faoi fho-alt (2) a leasú nó ráta a thobhach, nó iad sin araon a dhéanamh, de réir mar a bheidh, i leith na maoine iomchuí.

(10) I gcás go mbeidh ráta toibhithe i leith maoin iomchuí in aon bhliain airgeadais áitiúil agus go scoirfidh an duine dliteanach a mbeidh bille rátaí tugtha dó nó di faoin alt seo de bheith ina úinéir nó ina húinéir nó ina áititheoir nó ina háititheoir, de réir mar a bheidh, ar an maoin iomchuí roimh dheireadh na bliana sin agus nach mbeidh an ráta a thoibheofar amhlaidh íoctha aige nó aici, beidh an t-úinéir nó an t-áititheoir sin faoi dhliteanas an chuid sin den ráta, arna thobhach i leith na tréimhse ar lena linn a bhí sé nó sí fós ina úinéir nó ina húinéir nó ina áititheoir nó ina háititheoir, a íoc agus déanfar an chuid eile den ráta a thobhach ar aon daoine dliteanacha ina dhiaidh sin ar bhonn pro-rata.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Luachála, 2001;

tá le “liosta luachála” an bhrí chéanna atá leis in Acht 2001.

Leabhar Rátaí

5. Féadfar lánas leabhair rátaí arna ullmhú ag údarás áitiúil a stóráil go leictreonach agus féadfar é a fhoilsiú ar an idirlíon.

Cumhacht chun ráta bliantúil ar luacháil a theorannú

6. (1) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt i scríbhinn d’údarás áitiúil sula dtionólfar cruinniú buiséid faoi alt 103 d’Acht 2001 i ndáil le bliain airgeadais áitiúil a shonrófar san ordachán, á cheangal go ndéanfar an ráta bliantúil ar luacháil a chinnfidh an t-údarás áitiúil ag an gcruinniú buiséid sin a theorannú faoi threoir méid, a shonrófar san ordachán, agus déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann de réir ordachán a thabharfar dó faoin alt seo.

(2) Ní thabharfaidh an tAire ordachán faoin alt seo gan toiliú a fháil i dtosach ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordachán i scríbhinn, ordachán faoin alt seo (lena n-áirítear ordachán faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(4) I gcás nach ndéanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann de réir ordachán faoin alt seo, ní chuirfear an cinneadh maidir leis an ráta bliantúil ar luacháil faoi alt 3 ó bhail ach beidh éifeacht leis an gcinneadh sin amhail is dá gcuirfí an méid a bheidh sonraithe san ordachán in ionad an ráta bhliantúil ar luacháil a chinnfear amhlaidh.

(5) Déanfaidh príomhfheidhmeannach údaráis áitiúil—

(a) sula nglacfaidh an t-údarás áitiúil an dréachtbhuiséad údaráis áitiúil a bhainfidh leis an mbliain airgeadais áitiúil a shonrófar in ordachán faoin alt seo, ráiteas a ullmhú don údarás lena gcuirfear in iúl an éifeacht a bheidh leis an ordachán ar an dréachtbhuiséad údaráis áitiúil,

(b) i gcás nach ndéanfar de réir ordachán faoin alt seo, an méid dá ndeachthas thar aon teorainn a shonrófar san ordachán a dheimhniú i scríbhinn don Aire a luaithe is féidir, agus

(c) i gcás go mbeidh feidhm ag forálacha fho-alt (4), an buiséad iomchuí arna ghlacadh ag an údarás a leasú a luaithe is féidir chun é a chur ar comhréir leis an ordachán (is leasú a n-údaraítear don phríomhfheidhmeannach leis seo é a dhéanamh).

Rátaí a urscaoileadh trí fhritháireamh

7. I gcás go mbeidh suim dlite d’aon duine d’údarás áitiúil agus, an tráth céanna, go mbeidh suim dlite don údarás áitiúil sin den duine sin i leith rátaí, féadfar an tsuim is túisce a luaitear a fhritháireamh in aghaidh na suime is déanaí a luaitear, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is cuí.

Bailiú, cúram agus bainistiú rátaí

8. (1) Déanfar na rátaí agus an t-ús uile a fhorchuirfear agus is iníoctha le húdarás áitiúil de bhun an Achta seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistiú an údaráis áitiúil lena mbaineann.

(2) Is feidhm de chuid gach údaráis áitiúil rátaí agus ús atá dlite dó faoin Acht seo a bhailiú agus déileáil le nithe atá bainteach leis an mbailiú sin.

Foráil maidir le rátaí a laghdú i leith maoine folmha

9. (1) De réir cibé rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, féadfaidh údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar socrú maidir leis an údarás do laghdú rátaí a bheidh dlite dó de dhaoine dliteanacha nó d’aicmí de dhaoine dliteanacha i leith maoine folmha d’aicme nó d’aicmí ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí ama a shonrófar sa scéim.

(2) Ceadófar scéim faoin alt seo ag an gcruinniú buiséid údaráis áitiúil a thionólfar faoi alt 103 d’Acht 2001 i dtaobh na bliana airgeadais áitiúla a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi agus beidh feidhm ag an scéim ar feadh iomlán na bliana airgeadais áitiúla sin.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus, go háirithe ach gan dochar don mhéid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) méid uasta an laghdaithe ar rátaí a shonrú a fhéadfaidh údarás áitiúil a dheonú faoin alt seo;

(b) na tairseacha luachála inrátaithe a shonrú nach mbeidh feidhm ag mír (a) faoina mbun;

(c) na dálaí agus na himthosca a shonrú faoina bhféadfar laghdú ar rátaí a dheonú;

(d) na cúinsí airgeadais agus na nósanna imeachta riaracháin agus nósanna imeachta eile a shonrú a mbeidh feidhm acu i ndáil le húdarás áitiúil do dhéanamh scéim faoin alt seo;

(e) an próiseas comhchomhairliúcháin phoiblí nach mór d’údarás áitiúil a leanúint sula gceadófar scéim faoin alt seo;

(f) aon nithe eile is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an ailt seo.

(4) Is feidhm fhorchoimeádta de réir bhrí Acht 2001 é scéim a dhéanamh faoin alt seo.

(5) Déanfaidh údarás áitiúil, a luaithe is indéanta tar éis scéim a dhéanamh faoin alt seo, mionsonraí faoin scéim agus faoin nós imeachta, chun iarratas a dhéanamh ar laghdú ar rátaí faoin scéim, a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(6) Féadfaidh duine dliteanach iarratas a dhéanamh chun údaráis áitiúil ar laghdú ar rátaí faoi scéim arna déanamh ag an údarás sin.

(7) Beidh iarratas faoin alt seo i cibé foirm, agus déanfar é ar cibé modh, a shonróidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann.

(8) Is coinníoll de chuid gach iarratais ar laghdú ar rátaí faoin alt seo go dtabharfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis go léir a theastóidh ón údarás áitiúil lena mbaineann i dtaca leis an iarratas a bhreithniú.

(9) Féadfaidh údarás áitiúil iarratas ar laghdú ar rátaí faoin alt seo a dhiúltú mura gcomhlíonfaidh an t-iarratas fo-alt (7)(8).

(10) Déanfaidh údarás áitiúil, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an t-iarratas a fháil, an t-iarratas a chinneadh agus cuirfidh sé faoi deara an cinneadh agus na cúiseanna atá leis a chur in iúl don iarratasóir trí fhógra i scríbhinn.

(11) I gcás go ndéanfar socrú le scéim arna déanamh ag údarás áitiúil maidir le méid, dá ndéantar rátaí a laghdú agus, ar lú é ná an méid uasta a shonrófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, maidir le haon ioncam breise a fhabhróidh chuig an údarás áitiúil—

(a) déanfar é a chur le leithrannta bardasacha ginearálta na gceantar bardasach san údarás áitiúil lena mbaineann, nó

(b) i gcás gurb éard atá san údarás áitiúil lena mbaineann aon cheantar bardasach amháin, nó nach bhfuil aon cheantar bardasach ann, déanfar é a chur le buiséad an údaráis.

(12) San alt seo—

ciallaíonn “leithroinnt bhardasach ghinearálta” maoiniú lánroghnach a chuirtear ar fáil do chomhaltaí ceantair bhardasaigh lena leithroinnt sa dréachtphlean buiséadach dá dtagraítear in alt 102 d’Acht 2001;

déanfar “ceantar bardasach” a fhorléiriú de réir alt 22A d’Acht 2001;

ciallaíonn “maoin fholamh” maoin atá neamháitithe—

(a) d’fhonn breisithe, athruithe (lena n-áirítear scartáil nó athfhorbairt) nó deisiúcháin a dhéanamh uirthi, nó

(b) toisc gan é a bheith bona fide ar chumas an duine dhliteanaigh tionónta oiriúnach a fháil di ar chíos réasúnach.

An Bunachar Sonraí um Maoine Iomchuí

10. (1) Cuirfidh gach údarás áitiúil faoi deara, a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo, bunachar sonraí faisnéise, ar a dtabharfar an Bunachar Sonraí um Maoine Iomchuí (dá ngairtear “an bunachar sonraí” san Acht seo), a bhunú agus a chothabháil.

(2) Beidh an fhaisnéis seo a leanas i leith gach maoine iomchuí ar áireamh sa bhunachar sonraí:

(a) ainm áititheoir na maoine iomchuí;

(b) seoladh na maoine iomchuí;

(c) aon uimhir thagartha uathúil arna sannadh i leith na maoine iomchuí;

(d) cineál an ghnó a ghabhtar de láimh ag an maoin iomchuí;

(e) aon fhaisnéis eile i ndáil leis an maoin a mheasfaidh údarás áitiúil a bheith cuí chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(3) Ar theacht ar an eolas d’údarás áitiúil go bhfuil aon sonra a taifeadadh sa bhunachar sonraí a bheidh á chothabháil aige faoin alt seo mícheart nó gur scoir sé de bheith ceart, déanfaidh sé cibé athruithe ar an mbunachar sonraí a mheasfaidh sé a bheith riachtanach.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil a fheidhmeanna faoin alt seo a tharmligean chuig an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil arna bunú leis an Ordú fán nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (Bunú), 2012 (I.R. Uimh. 290 de 2012)(dá ngairtear “an bord” san alt seo).

(5) I gcás go ndéanfaidh údarás áitiúil tarmligean chuig an mbord faoi fho-alt (4)

(a) déanfaidh an bord na feidhmeanna lena mbaineann a chomhlíonadh de réir aon teorainneacha a shonrófar sa tarmligean maidir leis an limistéar nó leis an tréimhse ina ndéanfaidh sé, nó a mhéid a dhéanfaidh sé, na feidhmeanna sin a chomhlíonadh,

(b) maidir le haon fhoráil den Acht seo, nó faoi, nó d’aon achtachán eile (cibé acu a ritheadh nó a rinneadh é roimh an Acht seo a rith nó dá éis), nó faoi, lena ndílsítear feidhmeanna don údarás áitiúil nó lena rialaítear an modh ar a gcomhlíonfar aon fheidhm, más infheidhme agus a mhéid is infheidhme í maidir leis an bhfeidhm tharmligthe, beidh éifeacht léi chun críocha chomhlíonadh na feidhme sin ag an mbord, ach an bord a chur in ionad an údaráis áitiúil, agus dá réir sin déanfar tagairtí in aon fhoráil den sórt sin d’údarás áitiúil a fhorléiriú chun críocha chomhlíonadh na feidhme tarmligthe ag an mbord mar thagairtí don bhord.

(6) Íocfaidh údarás áitiúil leis an mbord cibé táillí agus caiteachais (más ann) a fhorordófar maidir leis an mbord do chomhlíonadh feidhmeanna a tharmligfear faoin alt seo.

(7) Féadfar tarmligean faoin alt seo a chúlghairm go hiomlán nó go páirteach.

(8) Leanfaidh feidhm de chuid údarás áitiúil a tharmligfear faoin alt seo, d’ainneoin an tarmligin, de bheith dílsithe don údarás áitiúil ach beidh sí dílsithe amhlaidh i gcomhthráth don bhord sa chaoi go mbeidh an t-údarás áitiúil nó an bord in ann í a chomhlíonadh.

Dualgas aistriú maoine iomchuí a chur in iúl don údarás rátúcháin

11. (1) I gcás go ndéanfar maoin iomchuí, nó leas i maoin iomchuí, a aistriú ó dhuine amháin chuig duine eile in imthosca a fhágfaidh go ndlífidh an duine eile sin rátaí a íoc ar an maoin a bheidh aistrithe amhlaidh, ansin—

(a) is é dualgas úinéir na maoine (is úinéir ar an maoin roimh an aistriú) nó cibé duine eile a bheidh údaraithe ag an úinéir i scríbhinn chun gníomhú thar a cheann nó thar a ceann fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás rátúcháin, arb ina limistéir feidhme atá an mhaoin suite, go ndearnadh an t-aistriú tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis dháta an aistrithe, agus

(b) is é dualgas an duine a aistreoidh an mhaoin, arb é nó í an t-áititheoir nó an t-úinéir é nó í, na rátaí uile a bhfuil sé nó sí faoi dhliteanas ina leith dáta aistrithe na maoine nó dáta aistrithe leasa inti a urscaoileadh.

(2) Beidh úinéir maoine iomchuí faoi dhliteanas muirir atá comhionann le méid nach mó ná 2 bhliain de na rátaí gan íoc a bheidh dlite ón áititheoir roimhe sin nó ó na háititheoirí roimhe sin más rud é—

(a) nár thug an t-úinéir fógra i scríbhinn don údarás rátúcháin go ndearnadh maoin iomchuí nó leas i maoin iomchuí a aistriú de réir fho-alt (1)(a), agus

(b) nár comhlíonadh ceanglais fho-alt (1)(b).

Ús ar rátaí thar téarma

12. (1) Maidir le haon rátaí a thoibheoidh údarás rátúcháin i leith maoin iomchuí is iníoctha ag duine dliteanach faoin Acht seo, béarfaidh siad ús ón gcéad lá d’Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla a mbainfidh na rátaí léi go dtí go n-íocfar iad agus cinnfear méid an úis sin de réir fho-alt (2).

(2) Déanfar an t-ús dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh de réir na foirmle seo a leanas: T x D x R

i gcás

gurb é T an méid iomlán rátaí atá dlite agus iníoctha agus a fhanann gan íoc,

gurb é D an líon laethanta (lena n-áirítear cuid de lá) sa tréimhse ar lena linn a fhanann na rátaí gan íoc, agus

gurb é R ráta 0.0219 faoin gcéad.

(3) Beidh an t-ús is iníoctha faoin alt seo iníoctha leis an údarás rátúcháin iomchuí agus féadfar é a bhailiú agus a ghnóthú ar an modh céanna le méid rátaí.

Rátaí a íoc ar dhíol maoine iomchuí

13. (1) Déanfaidh úinéir maoine iomchuí a bheartaíonn an mhaoin a dhíol, roimh dhíol na maoine a chur i gcrích, aon rátaí arna bhforchur faoin Acht seo agus aon ús a bheidh fabhraithe agus atá dlite agus iníoctha i leith na maoine sin a íoc leis an údarás áitiúil lena mbaineann.

(2) Déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann na nithe seo a leanas a sholáthar do dhuine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó do dhuine a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine i dtaca le maoin iomchuí a dhíol—

(a) daingniú maidir le haon rátaí neamhíoctha arna bhforchur faoin Acht seo agus aon ús a bheidh fabhraithe an dáta a dhíolfar maoin iomchuí, nó

(b) daingniú nach bhfuil aon mhéideanna is iníoctha gan íoc,

de réir mar a bheidh, i cibé foirm agus ar cibé modh a fhorordófar.

(3) San alt seo—

folaíonn “díol”, i ndáil le maoin iomchuí, aistriú na maoine ag úinéir na maoine, nó aon iontaobhaí nó ionadaí pearsanta de chuid an úinéara, chuig duine eile—

(a) de dhroim na nithe seo a leanas—

(i) cumhacht a fheidhmiú faoi aon achtachán chun talamh a fháil go héigeantach, nó

(ii) fógra a thabhairt á rá go bhfuiltear chun an chumhacht sin a fheidhmiú,

(b) gan comaoin ar bith nó ar chomaoin is lú go suntasach ná margadhluach na maoine tráth a haistrithe.

Rátaí neamhíoctha chun bheith ina muirear ar mhaoin iomchuí

14. (1) Beidh aon rátaí a thoibheoidh údarás rátúcháin i leith maoin iomchuí is iníoctha faoin Acht seo agus aon ús dá dtagraítear in alt 12 atá dlite agus neamhíoctha ag úinéir na maoine iomchuí ina muirear, agus fanfaidh siad ina muirear, ar an maoin iomchuí lena mbaineann siad.

(2) D’ainneoin alt 36 de Reacht na dTréimhsí, 1957, leanfaidh an muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) de bheith i bhfeidhm gan teorainn ama go dtí go mbeidh sé íoctha ina iomláine.

(3) Ní difear an t-alt seo—

(a) do dhliteanas aon áititheora roimhe sin i leith rátaí gan íoc a mbeidh sé nó sí faoi dhliteanas go príomha ina leith, ná

(b) d’fheidhmeanna an údaráis rátúcháin lena mbaineann faoi aon achtachán eile chun aon rátaí gan íoc a bhailiú ón áititheoir nó ó na háititheoirí a bheidh faoi dhliteanas go príomha.

Scéim chun rátaí a tharscaoileadh

15. (1) Faoi réir fho-alt (4) agus de réir cibé rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, féadfaidh údarás áitiúil scéim a dhéanamh lena ndéanfar socrú maidir leis an údarás do tharscaoileadh na rátaí go léir nó cuid de na rátaí a bheidh dlite dó de rátíocóirí chun tacú leis na nithe seo a leanas:

(a) an Straitéis Spáis Náisiúnta de réir bhrí Acht 2000 a chur i ngníomh;

(b) plean forbartha de réir bhrí Acht 2000 a chur i ngníomh;

(c) plean limistéir áitiúil de réir bhrí Acht 2000 a chur i ngníomh;

(d) plean áitiúil eacnamaíoch agus pobail de réir bhrí Acht 2001 a chur i ngníomh.

(2) Is feidhm fhorchoimeádta é scéim a dhéanamh faoin alt seo de réir bhrí Acht 2001.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil scéim a leasú faoin alt seo.

(4) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil scéim faoin alt seo go dtí go scoirfidh an tréimhse choigeartúcháin (de réir bhrí alt 29 d’Acht 2014) do gach limistéar sonraithe laistigh de limistéar riaracháin an údaráis sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo agus, go háirithe ach gan dochar don mhéid sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo i ndáil le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) an céatadán uasta rátaí a shonrú a fhéadfaidh údarás áitiúil a tharscaoileadh faoin alt seo;

(b) an tréimhse arb i ndáil léi a fhéadfar scéim a dhéanamh; agus

(c) aon nithe eile is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an ailt seo.

Oifigigh údaraithe

16. (1) Féadfaidh príomhfheidhmeannach údaráis áitiúil cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh a mheasfaidh sé nó sí is cuí chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe nó ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Maidir le duine a cheapfar chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe faoin alt seo, déanfar, ar é nó í a cheapadh, barántas a cheaptha nó a ceaptha a thabhairt dó nó di agus, le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an barántas sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.

(3) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo—

(a) má dhéanann an príomhfheidhmeannach an ceapachán a chúlghairm,

(b) más ar feadh tréimhse sheasta an ceapachán, ar éag don tréimhse sin, nó

(c) más rud é gur comhalta foirne den údarás áitiúil é nó í an duine a cheapfar, tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta foirne nó ina comhalta foirne den údarás áitiúil.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe

17. (1) D’fhonn iarratas faoi alt 9 a mheasúnú, féadfaidh oifigeach údaraithe—

(a) faoi réir fho-alt (3), dul isteach gach tráth réasúnach in aon mhaoin iomchuí agus an mhaoin a iniúchadh,

(b) i maoin den sórt sin, aon leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear leabhair, taifid nó doiciméid atá á stóráil i bhfoirm neamh-inléite), nó sleachta as an gcéanna, a fhaigheann sé nó sí i gcúrsa a iniúchta nó a hiniúchta a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,

(c) aon leabhair, doiciméid nó taifid den sórt sin a thabhairt chun siúil as an maoin agus iad a choinneáil ar feadh cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí a bheith riachtanach le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(d) a cheangal ar aon duine a bheidh sa mhaoin iomchuí lena mbaineann, lena n-áirítear an t-úinéir nó an t-áititheoir, cibé faisnéis agus cúnamh a thabhairt don oifigeach údaraithe a theastóidh le réasún ón oifigeach údaraithe chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Ní rachaidh oifigeach údaraithe isteach i dteaghais, seachas—

(a) le toiliú an áititheora, nó

(b) de bhun barántas faoi fho-alt (3).

(3) Ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis, leabhair, doiciméid nó taifid eile (lena n-áirítear faisnéis, leabhair, doiciméid nó taifid atá stóráilte i bhfoirm neamh-inléite) a theastaíonn ó oifigeach údaraithe faoin alt seo á coimeád nó á gcoimeád in aon teaghais, féadfaidh sé nó sí barántas a eisiúint á údarú d’oifigeach údaraithe ainmnithe, agus cibé oifigigh údaraithe eile nó cibé comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh riachtanach ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna, roimh dhul in éag aon mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, dul isteach (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) sa teaghais agus feidhmeanna oifigigh údaraithe a chomhlíonadh faoin alt seo.

(4) Beidh duine ciontach i gcion más rud é—

(a) go gcuireann sé nó sí cosc nó bac ar oifigeach údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána agus é nó í ag feidhmiú cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó barántas faoi fho-alt (3) nó go gcuireann sé nó sí treampán ar an oifigeach údaraithe nó ar an gcomhalta, de réir mar a bheidh, agus é nó í ag feidhmiú na cumhachta sin, nó

(b) go mainníonn nó go ndiúltaíonn sé nó sí déanamh de réir ceanglas ó oifigeach údaraithe nó ó chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo, nó i gcomhlíonadh airbheartaithe an cheanglais sin, go dtugann sé nó sí faisnéis nó go ndéanann sé nó sí dearbhú don oifigeach údaraithe nó do chomhalta is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,

agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Rialacháin

18. (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gan dochar d’aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach.

(3) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais

19. Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978

20. Leasaítear alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 i bhfo-ailt (2)(a), agus (3)(b)(ii) trí “le halt 3 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019” a chur in ionad “le halt 103(7)(b)(i) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001”.

Leasú ar an Acht Luachála, 2001

21. Leasaítear an tAcht Luachála, 2001—

(a) in alt 28 (arna leasú le halt 13 d’Acht 2015) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (14):

“(14) Beidh lánfheidhm ag leasú ar liosta luachála arna dhéanamh faoi fho-alt (10), (11) nó (12), ó dháta a dhéanta, chun go ndéanfaidh an t-údarás rátúcháin lena mbaineann ráta a ghearradh i ndáil leis an maoin lena mbaineann faoi threoir an liosta sin arna leasú amhlaidh.

(15) Mas rud é—

(a) go n-íocfar méid airgid de bharr ráta arna ghearradh i leith maoine, agus

(b) go ndealraíonn sé, de dhroim leasú ar luach na maoine arna dhéanamh de bhun na cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú, gur bhain ró-íocaíocht nó gearríocaíocht den mhéid a bhí dlite i leith ráta den sórt sin leis an íocaíocht sin,

ansin, maidir leis an iarmhéid a bheidh nó atá dlite, de réir mar a bheidh, don duine lena mbaineann nó den duine lena mbaineann, féadfar é a íoc nó a ghnóthú, de réir mar is cuí—

(i) i gcás ró-íocaíochta, trí mhéid atá comhionann leis an iarmhéid sin a aisíoc leis an duine lena mbaineann nó trí mhéid atá comhionann leis an iarmhéid sin a lamháil mar chreidmheas in aghaidh an mhéid atá dlite den duine lena mbaineann de bharr ráta arna ghearradh i leith na maoine sin nó aon mhaoine eile, agus

(ii) i gcás gearríocaíochta, trí mhéid atá comhionann leis an iarmhéid sin a ghnóthú ón duine lena mbaineann mar riaráiste an ráta lena mbaineann (agus, dá réir sin, féadfar feidhm a bhaint as aon cheann de na modhanna dá bhforáiltear faoi aon achtachán chun ráta a ghnóthú chun na críche sin).”,

(b) in alt 53 (arna leasú le halt 29 d’Acht 2015)—

(i) i bhfo-alt (9), trí “2 mhí” a chur in ionad “4 mhí”,

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) Déanfaidh an Coimisinéir, ar dháta nach déanaí ná 3 mhí roimh an dáta ar a n-eiseoidh sé nó sí deimhniú luachála uileghabhálaí, ina théarmaí críochnaitheacha, faoi fho-alt (10), cóip den deimhniú sin a eisiúint, sna téarmaí ina mbeartaíonn sé nó sí é a eisiúint amhlaidh faoin bhfo-alt sin, chuig an ngnóthas lena mbaineann, chuig na húdaráis rátúcháin iomchuí agus chuig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus eiseoidh an Coimisinéir an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (12) chuig an ngnóthas lena mbaineann agus chuig an Aire sin den Rialtas.”,

(iii) i bhfo-alt (12), trí “40 lá” a chur in ionad “28 lá”,

(c) in alt 54, trí “28 lá” a chur in ionad “3 mhí”,

(d) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 56:

“Cumhacht chun ioncam rátaí a theorannú

56. (1) San alt seo—

ciallaíonn ‘bliain chuí’ an bhliain airgeadais díreach tar éis an dáta éifeachtaigh i ndáil leis an liosta luachála a bheidh, de thuras na huaire, foilsithe i leith limistéar an údaráis rátúcháin lena mbaineann;

ciallaíonn ‘treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí’ an Treoir-Uimhir Praghsanna do Thomhaltóirí — Gach Ítim arna tiomsú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh;

ciallaíonn ‘treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí maidir leis an mbliain chuí’ an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is déanaí a bheidh foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh roimh an dáta éifeachtach a luaitear sa mhíniú ar ‘bliain chuí’ san fho-alt seo;

ciallaíonn ‘treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí maidir leis an mbliain roimhe sin’ an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí a bheidh foilsithe go deireanach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh roimh an lá a thiocfaidh 12 mhí roimh an lá ar a bhfoilseofar an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí dá dtagraítear sa mhíniú roimhe seo;

ciallaíonn ‘bliain roimhe sin’ an bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais a luaitear sa mhíniú ar ‘bliain chuí’ san fho-alt seo.

(2) Déanfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú á cheangal ar údarás rátúcháin a chumhachtaí maidir le rátaí a ghearradh a fheidhmiú ar shlí lena n-áiritheofar nach mó an méid iomlán a dhlífear a íoc leis i leith rátaí arna ngearradh aige sa bhliain chuí ná méid a chinnfear de réir na foirmle

(A x (B + C) +G) + (A x (H+I))

i gcás

gurb é A an figiúr a shonraítear i bhfo-alt (3),

gurb é B an méid iomlán a dhlífear a íoc leis an údarás rátúcháin i leith rátaí arna dtobhach aige i leith maoin iomchuí ar an liosta luachála láithreach (ach gan maoin iomchuí ar an Liosta Luachála Lárnaí sa bhliain roimhe sin a áireamh), agus

gurb é C méid arna chinneadh de réir na foirmle

D x (E + F)

i gcás

gurb é D an ráta bliantúil ar luacháil a thoibhigh an t-údarás rátúcháin don bhliain roimhe sin de bhun alt 3 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 ,

gurb é E luacháil chomhiomlán na maoine iomchuí sa limistéar a bhí, de bhun cumhachtaí oifigigh athbhreithnithe a fheidhmiú faoi alt 28(4)(b) den Acht seo, ar áireamh ar an liosta luachála don bhliain roimhe sin, mar a leasaíodh an liosta sin don limistéar sin i ndáil leis na maoine sin faoi alt 28(10),

gurb é F comhiomlán na méaduithe, más ann, ar luachálacha do mhaoine iomchuí sa limistéar a tharla le linn na bliana roimhe sin de bhun cumhachtaí oifigigh athbhreithnithe a fheidhmiú faoi alt 28(4)(a) agus ar feidhmiú é ar dá bharr a tháinig leasuithe ar an liosta luachála don bhliain sin roimhe sin de réir alt 28(10),

gurb é G méid a chinnfidh an tAire, i gcomhchomhairle leis an gCoimisinéir, arb ionannas dó, a mhéid is indéanta le réasún, an laghdú measta sa mhéid iomlán a dhlífear a íoc leis an údarás rátúcháin i leith rátaí sa bhliain chuí de bhun cumhachtaí an Choimisinéara a fheidhmiú faoi alt 38 ionas nach ndéanfaidh aon leasú ar an liosta luachála de bhun chumhachtaí an Choimisinéara faoi alt 38 difear don mhéid iomlán a dhlífear a íoc leis an údarás rátúcháin leith rátaí sa bhliain chuí,

gurb é H an méid iomlán a dhlífear a íoc leis an údarás rátúcháin i leith rátaí arna dtobhach aige, i leith maoin iomchuí ar an Liosta Luachála Lárnaí sa bhliain roimhe sin,

gurb é I méid arna chinneadh de réir na foirmle

D x (J + K)

i gcás

gurb é D an ráta bliantúil ar luacháil a thoibhigh an t-údarás rátúcháin don bhliain roimhe sin de bhun alt 3 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 ,

gurb é J comhiomlán na méideanna luachála uileghabhálacha go léir a bheidh cionroinnte ar an údarás rátúcháin iomchuí de réir alt 53(8), agus arna dtaifeadadh ar an Liosta Luachála Lárnaí de bhun cumhachtaí an Choimisinéara a fheidhmiú faoi alt 53(1) den Acht seo, le linn na bliana roimhe sin, agus ar feidhmiú é ar dá bharr a tháinig leasuithe ar an Liosta Luachála Lárnaí don bhliain sin roimhe sin de réir alt 55,

gurb é K comhiomlán na méaduithe, más ann, de na méideanna luachála uileghabhálacha a bheidh cionnroinnte ar an údarás rátúcháin iomchuí de réir alt 53(8), agus arna dtaifeadadh ar an Liosta Luachála Lárnaí le linn na bliana roimhe sin de bhun cumhachtaí an Choimisinéara a fheidhmiú faoi alt 53(6) agus ar feidhmiú é ar dá bharr a tháinig leasuithe ar an liosta luachála lárnaí don bhliain sin roimhe sin de réir alt 55.

(3) Is é an figiúr a luaitear i bhfo-alt (2) an chomhrann, arna cothromú suas go dtí 3 ionad dheachúla, arna fáil tríd an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí maidir leis an mbliain chuí a roinnt ar an treoir-uimhir praghsanna do thomhaltóirí is iomchuí maidir leis an mbliain roimhe sin.”.

Leasú ar Acht 2014

22. Leasaítear Acht 2014—

(a) in alt 29, sa mhíniú ar “ráta bliantúil ar luacháil” i bhfo-alt (1), trí “ alt 3 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 ” a chur in ionad “alt 103(7)(b)(i) den Phríomh-Acht”, agus

(b) i gCuid 3 de Sceideal 3, trí “ Alt 3 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 ” a chur in ionad “Alt 103 (arna ionadú le halt 58 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014) ”.

Straitéisí spáis agus eacnamaíocha réigiúnacha áirithe

23. (1) D’ainneoin mhíreanna (a) agus (b) d’Airteagal 2 den Ordú fán Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 (Tosach Feidhme), 2019 (I.R. Uimh. 133 de 2019), measfar—

(a)maidir le hailt 31AQ agus 31AR (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht 2018) d’Acht 2000, agus

(b) maidir leis an leasú sonraithe,

a mhéid amháin a bhfuil feidhm acu i ndáil le hionstraim iomchuí, nár tháinig siad riamh i ngníomh.

(2) Leasaítear alt 31A (mar a mheastar, de bhua fho-alt (1), go n-oibríonn sé i ndáil le hionstraim iomchuí) d’Acht 2000, a mhéid amháin a bhfuil feidhm aige i ndáil le hionstraim iomchuí—

(a) trí “6 seachtaine” a chur in ionad “4 sheachtain” i bhfo-alt (3),

(b) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) i mír (a) d’fho-alt (10), trí “chuig an Aire” a chur in ionad “chuig Oifig an Rialálaí Pleanála”, agus

(ii) i mír (b) d’fho-alt (10), trí “chuig Oifig an Rialálaí Pleanála” a chur in ionad “chuig an Aire”,

(d) i bhfo-alt (19)—

(i) trí “chuig tionól réigiúnach nó tionóil réigiúnacha” a chur in ionad “chuig údarás réigiúnach nó údaráis réigiúnacha”,

(ii) trí “an tionól nó na tionóil” a chur in ionad “an t-údarás nó na húdaráis”,

(iii) trí “an tionóil” a chur in ionad “an údaráis” gach áit a bhfuil sé,

agus

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(21) Féadfaidh an tAire, aon tráth, a iarraidh ar Oifig an Rialálaí Pleanála—

(a) comhairle a thabhairt dó nó di i ndáil le haon ní i dtaca le straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach nó aon tuarascáil faoin alt seo, nó

(b) tuarascáil i ndáil le haon ní den sórt sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire,

agus comhlíonfaidh Oifig an Rialálaí Pleanála an iarraidh sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.”,

agus tá an t-alt sin 31A, arna leasú amhlaidh i ndáil le hionstraim iomchuí, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2000” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000;

ciallaíonn “Acht 2018” an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018;

ciallaíonn “ionstraim iomchuí”—

(a) fógra arb ina leith a rinne tionól réigiúnach na feidhmeanna faoi fho-alt (2) d’alt 24 d’Acht 2000 a chomhlíonadh (go hiomlán nó go páirteach) roimh an 3 Aibreán 2019,

(b) fógra nó dréachtstraitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach arb ina leith a rinne tionól réigiúnach na feidhmeanna faoi fho-alt (4) den alt sin 24 a chomhlíonadh (go hiomlán nó go páirteach) roimh an dáta sin, nó

(c) aon straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach arna déanamh roimh an dáta sin;

ciallaíonn “leasú sonraithe” an leasú ar alt 31A d’Acht 2000 a shonraítear i gcolún (3) de Sceideal 1 d’Acht 2018 os coinne uimhreacha tagartha 36, 37, 38, 39, 40, 43, 44 agus 45 a shonraítear i gcolún (1) den Sceideal sin.

AN TÁBLA

31A. (1) I gcás gurb é tuairim an Aire—

(a) go ndearna tionól réigiúnach, nó tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, le linn an straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach a dhéanamh, neamhshuim d’aighneachtaí nó de thuairimí arna ndéanamh ag an Aire chuig an tionól réigiúnach nó na tionóil réigiúnacha, nó arna dtabhairt ag an Aire dó nó dóibh, faoi alt 24 nó 26 nó nár chuir sé nó siad i gcuntas ar shlí leordhóthanach iad,

(b) nach ndéantar leis an straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach creat pleanála agus eacnamaíoch a bheidh straitéiseach agus fadtéarmach a sholáthar d’fhorbairt an réigiúin nó na réigiún, de réir mar a bheidh, arb ina leith a dhéantar í, de réir phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe agus de réir bheartais agus chuspóirí eacnamaíocha an Rialtais,

(c) nach gcomhlíonann an straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach ceanglais an Achta seo, nó

(d) más infheidhme, i ndáil le tionól réigiúnach nó tionóil réigiúnacha a bhfuil a limistéar réigiúnach, nó cuid de, i Mór-Limistéar Bhaile Átha Cliath (MLBÁC), nach bhfuil na treoirlínte i gcomhréir le straitéis iompair an Údaráis Iompair Náisiúnta,

féadfaidh an tAire, de réir an ailt seo, ar chúiseanna sonraithe, a ordú do thionól réigiúnach nó do thionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, cibé bearta sonraithe a dhéanamh a cheanglóidh sé nó sí i ndáil leis an bplean sin.

(2) I gcás go n-eiseoidh an tAire ordachán faoin alt seo, comhlíonfaidh an tionól réigiúnach nó na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, d’ainneoin aon ní i gCaibidil III den Chuid seo, an t-ordachán sin agus ní fheidhmeoidh an príomhfheidhmeannach nó na comhaltaí aon chumhacht nó ní chomhlíonfaidh siad aon fheidhm a thugtar dóibh leis an Acht seo ar mhodh a sháraíonn an t-ordachán arna eisiúint amhlaidh.

(3) Sula n-eiseoidh sé nó sí ordachán faoin alt seo, eiseoidh an tAire fógra i scríbhinn chuig tionól réigiúnach nó chuig tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis an straitéis nó na straitéisí a dhéanamh.

(4) Déanfar san fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a chur in iúl, ar chúiseanna sonraithe, don tionól réigiúnach nó do na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh—

(a) gur thángthas ar an tuairim dá dtagraítear i bhfo-alt (1),

(b) go bhfuil sé ar intinn ag an Aire ordachán a eisiúint (a mbeidh dréacht de san fhógra) chuig an tionól réigiúnach nó chuig na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, chun bearta áirithe a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonann an straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach ceanglais an Achta seo agus creat pleanála agus eacnamaíoch a bheidh straitéiseach agus fadtéarmach a sholáthar d’fhorbairt an réigiúin nó na réigiún, de réir mar a bheidh, de réir phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe agus de réir bheartais agus chuspóirí eacnamaíocha an Rialtais,

(c) an chuid den straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach a measfar, de bhua an fógra a eisiúint, nár tháinig sí in éifeacht, agus

(d) más infheidhme, i dtaobh é a cheangal ar an tionól réigiúnach nó ar na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, bearta a shonraítear san fhógra a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonann an plean straitéis iompair an Údaráis Iompair Náisiúnta.

(5) Tabharfaidh an tAire cóip den fhógra dá dtagraítear i bhfo-alt (3) don tionól réigiúnach nó do na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, agus don Údarás Iompair Náisiúnta.

(6)(a) D’ainneoin aon ní atá i gCaibidil III, nó aon ní arna fhorordú faoi Chaibidil III, ní bheidh éifeacht le straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach de réir na Caibidle sin i ndáil le ní atá sa straitéis agus dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (3).

(b) Más rud é, maidir le cuid den straitéis a mbeartaítear í a ionadú faoi alt 26, go bhfuil ní inti a fhreagraíonn d’aon ní atá sa straitéis agus dá dtagraítear i bhfógra faoi fho-alt (3), ní scoirfidh an chuid sin, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (17), d’éifeacht a bheith léi i leith an ní sin.

(7) Déanfaidh stiúrthóir an tionóil réigiúnaigh nó na dtionól réigiúnach, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis an fógra a d’eisigh an tAire faoi fho-alt (3) a fháil, fógra i dtaobh an dréacht-ordacháin a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear i limistéar an tionóil réigiúnaigh nó na dtionól réigiúnach, de réir mar a bheidh, agus luafar san fhógra—

(a) na cúiseanna atá leis an dréacht-ordachán,

(b) go bhféadfar cóip den dréacht-ordachán a iniúchadh i cibé áit nó áiteanna a shonrófar san fhógra le linn cibé tréimhse a luafar amhlaidh (is tréimhse nach faide ná 2 sheachtain), agus

(c) go bhféadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn i leith an dréacht-ordacháin a dhéanamh chuig an tionól réigiúnach nó chuig na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, nó a thabhairt dó nó dóibh le linn na tréimhse sin agus go ndéanfaidh an tAire iad a bhreithniú sula dtabharfaidh sé nó sí ordú don tionól réigiúnach nó do na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, de bhun an ailt seo.

(8) Déanfaidh an stiúrthóir, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(b), tuarascáil a ullmhú i dtaobh aon aighneachtaí nó tuairimí a gheofar faoi fho-alt (7)(c) agus tabharfar an tuarascáil don Aire agus do chomhaltaí an tionóil réigiúnaigh nó na dtionól réigiúnach, de réir mar a bheidh.

(9) Déanfar sa tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (8)—

(a) achoimre a thabhairt ar bharúlacha aon duine a rinne aighneachtaí chuig an tionól réigiúnach nó na tionóil réigiúnacha, nó a thug tuairimí dó nó dóibh, de réir mar a bheidh,

(b) achoimre a thabhairt ar bharúlacha chomhaltaí an tionóil réigiúnaigh nó na dtionól réigiúnach, de réir mar a bheidh, agus ar na moltaí (más ann) a rinne sé nó siad,

(c) moltaí a dhéanamh i ndáil leis an modh is fearr chun éifeacht a thabhairt don dréacht-ordachán.

(10) I ndáil leis an bhfógra a eiseoidh an tAire faoi fho-alt (3), maidir le comhaltaí an tionóil réigiúnaigh nó na dtionól réigiúnach, de réir mar a bheidh—

(a) féadfaidh siad aighneacht a dhéanamh chuig an Aire aon tráth suas go dtí deireadh na tréimhse ama dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(b), agus

(b) má dhéantar aighneacht amhlaidh, cuirfidh siad cóip den aighneacht chuig Oifig an Rialálaí Pleanála.

(11) Déanfaidh an tAire an tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi fho-alt (8) agus aon aighneachtaí a dhéanfar chuige nó chuici faoi fho-alt (10) a bhreithniú, agus—

(a) i gcás go gcreideann sé nó sí nach gá aon leasú ábhartha a dhéanamh ar an dréacht-ordachán, nó nach bhfuil gá le himscrúdú breise chun aon ghné den tuarascáil nó de na haighneachtaí a shoiléiriú, féadfaidh sé nó sí a chinneadh, ar chúiseanna sonraithe, tráth nach déanaí ná 3 seachtaine tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil faoi fho-alt (8)—

(i) an t-ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b) a eisiúint fara mionleasuithe nó gan mhionleasuithe, nó

(ii) gan an t-ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b) a eisiúint,

(b) i gcás go gcreideann sé nó sí—

(i) go bhféadfadh sé gur gá leasú ábhartha a dhéanamh ar an dréacht-ordachán, nó

(ii) go bhfuil gá le himscrúdú breise chun aon ghné den tuarascáil a thabharfar dó nó di faoi fho-alt (8) nó d’aighneachtaí a dhéanfar faoi fho-alt (10) a shoiléiriú, nó

(iii) gur gá é ar aon chúis eile,

féadfaidh sé nó sí, ar chúiseanna sonraithe, cigire a cheapadh tráth nach déanaí ná 3 seachtaine tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil faoi fho-alt (8).

(12) Maidir leis an gcigire a cheapfar faoi fho-alt (11)(b), is duine é nó í a mbeidh, i dtuairim an Aire, taithí agus inniúlacht shásúil aige nó aici chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a cheanglaítear air nó uirthi de bhun an ailt seo agus beidh sé nó sí neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.

(13) Maidir leis an gcigire a cheapfar faoi fho-alt (11)(b), ag féachaint do na cúiseanna a shonrófar lena cheapadh nó lena ceapadh—

(a) déanfaidh sé nó sí athbhreithniú ar an dréacht-ordachán, ar an tuarascáil a thabharfar faoi fho-alt (8) agus ar na haighneachtaí a dhéanfar faoi fho-alt (10),

(b) rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an tionól réigiúnach nó leis na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh,

(c) féadfaidh sé nó sí dul i gcomhairle le daoine a rinne aighneachtaí faoi fho-alt (7)(c), agus

(d) déanfaidh sé nó sí, tráth nach déanaí ná 3 seachtaine tar éis é nó í a cheapadh, tuarascáil ina mbeidh moltaí a thabhairt don Aire.

(14) Déanfaidh an tAire cóipeanna den tuarascáil ón gcigire dá dtagraítear i bhfo-alt (13)(d) a thabhairt chomh tapa agus is féidir don tionól réigiúnach nó do na tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, agus do dhaoine a rinne aighneachtaí faoi fho-alt (7)(c).

(15) Maidir leis na daoine ar tugadh an tuarascáil ón gcigire dá dtagraítear i bhfo-alt (13)(d) dóibh, féadfaidh siad, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dóibh an tuarascáil a fháil, aighneacht a dhéanamh chuig an Aire i ndáil le haon ní dá dtagraítear sa tuarascáil.

(16) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 3 seachtaine (nó a luaithe is féidir le linn cibé tréimhse lena bhfadófar an tréimhse 3 seachtaine sin a ordóidh an tAire) tar éis an tuarascáil ón gcigire dá dtagraítear i bhfo-alt (13)(d), nó aon aighneachtaí a dhéanfar chuige nó chuici faoi fho-alt (15), a fháil, agus tar éis dó nó di an tuarascáil, na moltaí nó na haighneachtaí, de réir mar a bheidh, a bhreithniú, cinneadh ar chúiseanna sonraithe—

(a) an t-ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b) a eisiúint,

(b) gan an t-ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b) a eisiúint, nó

(c) an t-ordachán dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b) a eisiúint, agus é arna leasú ag an Aire chun aon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) nó (ii) is cuí leis an Aire a chur i gcuntas:

(i) moltaí atá sa tuarascáil ón gcigire dá dtagraítear i bhfo-alt (13)(d); nó

(ii) aon aighneachtaí a bheidh déanta de bhun fho-alt (15).

(17) Measfar éifeacht a bheith láithreach leis an ordachán a eiseoidh an tAire faoi fho-alt (16) agus measfar a théarmaí a bheith corpraithe sa straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach nó, más cuí, gurb iad a théarmaí an straitéis.

(18) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip d’ordachán arna eisiúint faoi fho-alt (16) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(19) A luaithe is féidir tar éis ordachán a eisiúint chuig tionól réigiúnach nó tionóil réigiúnacha, de réir mar a bheidh, cuirfidh an tionól nó na tionóil an t-ordachán arna eisiúint amhlaidh ar fáil lena iniúchadh ag daoine den phobal, le linn uaireanta oifige an tionóil, in oifigí an tionóil, agus féadfaidh sé nó siad an t-ordachán a chur ar fáil freisin trína chur ar shuíomh gréasáin an tionóil nó ar shlí eile i bhfoirm leictreonach.

(20) Déanfaidh an tAire, nó cuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, ordacháin arna n-eisiúint faoi fho-alt (16) a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis nó léi.

(21) Féadfaidh an tAire, aon tráth, a iarraidh ar Oifig an Rialálaí Pleanála—

(a) comhairle a thabhairt dó nó di i ndáil le haon ní i dtaca le straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach nó aon tuarascáil faoin alt seo, nó

(b) tuarascáil i ndáil le haon ní den sórt sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire,

agus comhlíonfaidh Oifig an Rialálaí Pleanála an iarraidh sin laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

Leasú ar alt 11 d’Acht 2000

24. Leasaítear alt 11 d’Acht 2000—

(a) i bhfomhír (i) de mhír (b) d’fho-alt (1), trí “de réir mhír (a), (aa) nó (ab)” a chur in ionad “de réir mhír (a)”,

(b) i bhfomhír (ii) den mhír sin, trí “i mír (a), (aa) nó (ab)” a chur in ionad “i mír (a)”, agus

(c) i bhfomhír (iii) den mhír sin, trí “de réir mhír (a), (aa) nó (ab)” a chur in ionad “de réir mhír (a)”.

Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004

25. (1) Leasaítear an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004—

(a) i bhfo-alt (1A) (a cuireadh isteach le mír (a) d’alt 3 d’Acht 2019) d’alt 3, trí “ach níl feidhm aige maidir le teaghais” a chur in ionad “ach níl ar áireamh ann teaghais”, agus

(b) i bhfo-alt (5) d’alt 19, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach le mír (b) d’fho-alt (1) d’alt 6 d’Acht 2019):

“(a)maidir leis an gcíos arna chéadsocrú—

(i) faoi thionóntacht teaghaise—

(I) i ndéanmhas cosanta nó i ndéanmhas cosanta beartaithe de réir bhrí an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000, nó

(II) ar déanmhas den sórt sin é,

ar choinníoll nach raibh tionóntacht ar bith i leith na teaghaise sin ar marthain le linn thréimhse aon bhliana amháin díreach roimh an dáta ar ar thosaigh an tionóntacht lena mbaineann, nó

(ii) faoi thionóntacht aon teaghaise eile, ar choinníoll nach raibh tionóntacht ar bith i leith na teaghaise sin ar marthain le linn na tréimhse 2 bhliain díreach roimh an dáta ar ar thosaigh an tionóntacht lena mbaineann,”.

(2) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2019” an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019 .

Leasú ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019

26. Leasaítear an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú), 2019

(a) in alt 22, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)(a) Má thosaíonn tionóntacht (seachas tionóntacht lena mbaineann fo-alt (1A) d’alt 3) laistigh de 3 mhí ó theacht i ngníomh fho-alt (1) (seachas fomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) de mhír (b)), déanfar an t-iarratas ina leith faoi mhír (a) d’fho-alt (1) d’alt 134 d’Acht 2004, d’ainneoin chlásal (II) d’fhomhír (ii) de mhír (b) d’fho-alt (2) den alt sin, tráth nach déanaí ná 4 mhí ón teacht i ngníomh sin.

(b) Má thiteann cothromdháta thosach na tionóntachta laistigh de 3 mhí ó theacht i ngníomh fho-alt (1) (seachas fomhíreanna (ii), (iii) agus (iv) de mhír (b)), déanfar an t-iarratas ina leith faoi mhír (b) d’fho-alt (1) d’alt 134 d’Acht 2004, d’ainneoin fho-alt (2B) den alt sin, tráth nach déanaí ná 4 mhí ón teacht i ngníomh sin.”,

(b) in alt 25, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 137 d’Acht 2004 a dhéantar leis an alt seo i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) d’alt 134 den Acht sin—

(a) arna dhéanamh tar éis thosach feidhme mhír (a) (mar a bhaineann sé le mír (a) d’fho-alt (1) den alt sin 137) d’fho-alt (1), agus

(b) a ceanglaíodh a bheith déanta aon tráth roimh an tosach feidhme sin.”,

(c) in alt 26, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 137A d’Acht 2004 a dhéantar leis an alt seo i ndáil le hiarratas lena mbaineann fo-alt (2A) d’alt 134 den Acht sin—

(a) arna dhéanamh tar éis thosach feidhme an ailt seo, agus

(b) a ceanglaíodh a bheith déanta aon tráth roimh an tosach feidhme sin.”,

agus

(d) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 37:

“37. (1) Beidh feidhm ag Acht 2004 maidir le ceadúnais lena mbaineann an t-alt seo agus maidir le comhaontuithe ceadúnais mar atá feidhm aige maidir le tionóntachtaí teaghaisí dá dtagraítear i bhfo-alt (1A) d’alt 3 den Acht sin agus maidir le comhaontuithe tionóntachta a bhaineann leis na tionóntachtaí sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe riachtanacha eile:

(a) forléireofar tagairtí do thionóntacht mar thagairtí do cheadúnas lena mbaineann an t-alt seo;

(b) forléireofar tagairtí do chomhaontú tionóntachta mar thagairtí do chomhaontú ceadúnúcháin;

(c) forléireofar tagairtí do thiarna talún mar thagairtí do cheadúnóir;

(f) forléireofar tagairtí do chíos mar thagairtí d’íocaíochtaí nó do mhuirir (cibé tuairisc atá orthu) is iníoctha faoi chomhaontú ceadúnais leis an gceadúnóir ag aon duine (cibé acu an é nó an í an ceadúnaí nó nach ea) i gcomaoin an cheadúnais lena mbaineann; agus

(g) an focal ‘eisiach’, i mír (a) d’fho-alt (1) d’alt 12, a scriosadh.

(2) Níl feidhm ag an alt seo maidir le ceadúnas i leith cóiríocht do mhic léinn ina bhfuil cónaí ar an gceadúnóir (seachas ceadúnóir nach pearsa aonair), agus forléireofar tagairtí san alt seo do cheadúnas lena mbaineann an t-alt seo dá réir sin.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘ceadúnas’ ceadúnas—

(a) arna thabhairt do mhac léinn (dá ngairtear an ‘ceadúnaí’ san alt seo) ag an úinéir (dá ngairtear an ‘ceadúnóir’ san alt seo) ar chóiríocht do mhic léinn, agus

(b) arna chruthú tráth nach luaithe ná aon mhí amháin tar éis thosach feidhme an ailt seo, lena gceadófar don cheadúnaí dul isteach agus cónaí in aonad cónaithe (cibé acu lánscartha nó nach ea) laistigh den chóiríocht sin do mhic léinn i gcomaoin aon duine (cibé acu an é nó an í an ceadúnaí nó nach ea) do dhéanamh íocaíocht nó íocaíochtaí leis an gceadúnóir;

ciallaíonn ‘comhaontú ceadúnais’ comhaontú (cibé acu i scríbhinn nó nach ea) idir an t-úinéir ar chóiríocht do mhic léinn agus mac léinn lena dtugtar ceadúnas lena mbaineann an t-alt seo don mhac léinn;

ciallaíonn ‘úinéir’, i ndáil le cóiríocht do mhic léinn, aon duine (seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh) ag a bhfuil eastát nó leas sa chóiríocht sin;

ciallaíonn ‘mac léinn’ duine atá cláraithe mar mhac léinn le soláthraí iomchuí (de réir bhrí an Achta um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012);

ciallaíonn ‘cóiríocht do mhic léinn’ foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, a úsáidtear d’aon toisc (faoi réir mhíreanna (a), (b) agus (c)) chun cóiríocht chónaithe a sholáthar do mhic léinn le linn tráthanna téarmaí acadúla—

(a) cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an foirgneamh nó an chuid den fhoirgneamh lena mbaineann chun aon chríche eile lasmuigh de na tráthanna sin,

(b) cibé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear d’aon mhic léinn den sórt sin cónaí ann nó inti lasmuigh de na tráthanna sin, agus

(c) cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn aon duine seachas mac léinn ann nó inti, ar choinníoll go bhfónann an chríoch ar chuici atá cónaí ar an duine sin ann nó inti don chríoch chéadluaite.”.

Aisghairm agus cúlghairm

27. Aisghairtear na hachtacháin a shonraítear i gcolún (3) de Chuid 1 den Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

28. (1) Féadfar an tAcht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 2016 agus den Acht seo (seachas ailt 23, 24, 25 agus 26) le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(3) Folófar ailt 23 agus 24 sa chomhlua, na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2019.

(4) Folófar ailt 25 agus 26 sa chomhlua, na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 go 2019.

(5) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla lena n-áirítear feidhm alt 27 maidir le hachtacháin éagsúla a shonraítear sa Sceideal.