6 1927


Uimh. 6 de 1927.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 2), 1927.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ SHOCRÚ SPEISIALTA DO CHUR ANN I dTREO GO dTOGHFAR I dTOGHACHÁN GHENERÁLTA AN BALL SAN DE DHÁIL ÉIREANN DO BHÍ INA CHEANN COMHAIRLE AR DHÁIL ÉIREANN DÍREACH SARAR SCUIREADH AN tOIREACHTAS DEN UAIR DHEIREANACH ROIMHE SIN. [19adh Márta, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An té ba Cheann Comhairle ar Dháil Éireann d'aththogha i dtoghachán ghenerálta.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tríd an mír seo a leanas do chur isteach ann i ndeire Airtiogal 21 agus mar bhreis air, sé sin le rá:—

“An ball san de Dháil Éireann is Ceann Comhairle ar Dháil Éireann díreach roimh an Oireachtas do scur tuigfar, gan aon togha achtúil do dhéanamh, agus fé bhun é a chraola do Dháil Éireann roimh an scur san nách mian leis leanúint de bheith ina bhall de Dháil Éireann, tuigfar é do bheith tofa do réir an Bhunreachta so sa chéad thoghachán ghenerálta ina dhiaidh sin mar bhall de Dháil Éireann don dáilcheanntar dar bhall é díreach roimh an scur san no, i gcás aith-bhreithniú do bheith déanta ar dháilcheanntair, don dáilcheanntar aith-bhreithnithe do fógruíodh ar n-a n-aithbhreithniú san do bheith ar aon dul leis an dáilcheanntar san do céad-luaidheadh. Pé uair a tuigfar duine ba Cheann Comhairle ar Dháil Éireann do bheith tofa amlaidh i dtoghachán ghenerálta mar bhall do dháilcheanntar is lú de bhall an líon ball a bheidh le togha go hachtúil don dáilcheanntar san sa toghachán ghenerálta san ná mar ba riachtanach do thogha don dáilcheanntar san in aon chás eile.”

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 2), 1927 , do ghairm den Acht so.