27 1928


Uimhir 27 de 1928


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 8), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ ATHARÚ DO DHÉANAMH AR AN AOIS A CHAITHFIDH BHEITH SLÁN AG DUINE CHUN BHEITH ION- TOGHTHA MAR BHALL DE SHEANAD ÉIREANN. [25adh Deire Fomhair, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 31 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 31 den Bhunreacht tríd an bhfocal “chúig bliana déag ar fhichid” atá anois ann do scriosa amach agus tríd an bhfocal “dheich mbliana ar fhichid” do chur isteach in ionad an fhocail a scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 8), 1928 , do ghairm den Acht so.