30 1928


Uimhir 30 de 1928.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 7), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ LAIGHEADÚ DO DHÉANAMH AR THÉARMA OIFIGE NA mBALL DE SHEANAD ÉIREANN A TOGHFAR INA DHIAIDH SEO AGUS TRÉ ATHARUITHE A LEANANN AS SAN DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN gCION DE BHAILL SHEANAD ÉIREANN A BHEIDH LE TOGHA GACH TRÍ BLIANA AGUS I dTAOBH NITHE EILE AGUS FÓS TRÉ SHOCRÚ SPEISIALTA A LEANANN AS AN LAIGHEADÚ SAN DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN gCION DE SNA BAILL SIN A BHEIDH LE TOGHA AG AN TOGHACHÁN A COMÓRFAR CHUN ÁITEANNA NA mBALL DE SHEANAD ÉIREANN ATÁ LE DUL AS OIFIG SA BHLIAIN 1928 DO LÍONA AGUS I dTAOBH TÉARMA OIFIGE NA mBALL A TOGHFAR AG AN TOGHACHÁN SAN. [30adh Deire Fomhair, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 31 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 31 den Bhunreacht tré sna focail “gach baill den tSeanad dhá bhliain déag” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail seo do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, eadhon, “na mball de Sheanad Éireann ná dhá bhliain déag, i gcás na mball do toghadh (ar aon tslí seachas fé Airtiogal 34 den Bhunreacht so) sa toghachán do comóradh do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht so sa bhliain 1925, agus pé méid blian a foráltar in Airtiogal 32 B den Bhunreacht so, i gcás na mball a toghfar sa toghachán a comórfar do réir an Airtiogail sin 32 chun áiteanna na mball de Sheanad Éireann atá le dul as oifig sa bhliain 1928 do líona, agus naoi mbliana i ngach cás eile ach fé réir forálacha an Airtiogail sin 34.”

Airtiogal 32 den Bhunreacht do leasú.

2. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 32 den Bhunreacht mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “Toghfar an ceathrú cuid” atá anois ann do scriosa amach agus tré sna focail “Ach sa mhéid go bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo toghfar trian” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tríd an abairt seo a leanas do chur i ndeire an Airtiogail sin, sé sin le rá,

“Sa toghachán a comórfar do réir an Airtiogail seo chun aiteanna na mball de Sheanad Éireann atá le dul as oifig sa bhliain 1928 do líona, toghfar an ceathrú cuid, agus an méid sin amháin, de bhaill Sheanad Éireann fén Airtiogal so.”

Socrú speisialta i dtaobh toghacháin 1928.

3. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tríd an Airtiogal so a leanas do chur isteach ann díreach i ndiaidh Airtiogal 32 A atá anois ann, sé sin le rá:—

“32 B. Is mar leanas a bheidh téarmaí oifige fé seach na mball uile agus fé seach de Sheanad Éireann a toghfar sa toghachán a comórfar do réir Airtiogal 32 den Bhunreacht so chun áiteanna na mball de Sheanad Éireann atá le dul as oifig sa bhliain 1928 do líona, sé sin le rá:—

(a) an chéad chúigear ball a toghfar amhlaidh beid i seilbh oifige ar feadh naoi mblian,

(b) pé méid, de sna baill a toghfar amhlaidh tar éis an chéad chúigear ball san, is gá chun folúntaisí breise (más ann dóibh) do líona fé Airtiogal 34 den Bhunreacht so, folúntaisí a tháinig ar dtúis tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do bhaill de Sheanad Éireann a bhí le dul as oifig sa bhliain 1937, beid i seilbh oifige ar feadh naoi mblian,

(c) an chéad chúigear ball eile a toghfar amhlaidh beid i seilbh oifige ar feadh sé mblian,

(d) pé méid, de sna baill a toghfar amhlaidh tar éis an chúigear ball deiridh sin a luaidhtear, is gá chun folúntaisí breise (más ann dóibh) do líona fé Airtiogal 34 den Bhunreacht so, folúntaisí a tháinig ar dtúis tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do bhaill de Sheanad Éireann a bhí le dul as oifig sa bhliain 1934, beid i seilbh oifige ar feadh sé mblian,

(e) gach ball eile a toghfar amhlaidh beidh sé i seilbh oifige ar feadh trí mblian.

An provísó a ghabhann leis an Airtiogal san 34 ní bhainfe sé leis an toghachán san.”

Airtiogal 34 den Bhunreacht do leasú.

4. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 34 den Bhunreacht tré sna focail “chúig dhuine dhéag” atá anois ann do scriosa amach agus na focail “fhiche duine” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh agus tré sna focail “séú ball déag” atá anois ann do scriosa amach agus na focail “aonú ball ar fhichid” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 7), 1928 , do ghairm den Acht so.