41 1933


Uimhir 41 de 1933.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 21), 1933.


ACHT CHUN AN BHUNREACHTA DO LEASÚ TRÉ SNA FORÁLACHA ATÁ ANOIS ANN, I dTAOBH IONADAÍ NA COROINNEACH DO CHOINNEÁIL SIAR AONTUITHE AN RÍ LE BILLÍ AGUS I dTAOBH BILLÍ DO MHOILLIÚ CHUN TOILE AN RÍ INA dTAOBH DO CHUR IN ÚIL, DO SCRIOSADH AMACH. [2adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Airtiogal 41 den Bhunreacht do leasú.

1. —Déanfar agus deintear leis seo Airtiogal 41 den Bhunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá, tré sna focail uile, o sna focail “agus féadfaidh an tIonadaí sin” go dtí deireadh an Airtiogail sin, do scriosadh amach as, agus léireofar an tAirtiogal san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 21), 1933 , do ghairm den Acht so.