45 1933


Uimhir 45 de 1933


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 22), 1933.


ACHT CHUN AIRTIOGAIL 66 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ I SLÍ GO mBEIDH DEIREADH LEIS AN gCEART CHUN CUISE DO THABHAIRT FÉ AITH-EISTEACHT GO DTÍ A SHOILLSE I gCOMHAIRLE.

[16adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 66 den Bhunreacht do leasú.

1. —Deintear leis seo Airtiogal 66 den Bhunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an Airtiogal san, agus dar tosach na focail “Ar choinníoll” agus dar críoch na focail “do dheonú,” do scriosadh amach as an Airtiogal san, agus

(b) tré sna focail seo leanas do chur isteach san Airtiogal san in ionad an choinníll sin, sé sin le rá:— “agus ní luighfidh aon athchomharc, i gcoinnibh breithe den Chúirt Uachtaraigh no d'aon Chúirt eile i Saorstát Éireann, chun a Shoillse i gComhairle, agus ní bheidh sé dleathach d'éinne cead chun aon athchomhairc den tsórt san do bhunú d'achuinge ar a Shoillse.”

Athchomhairc i gcoinnibh breitheanna atá tugtha agus i gcoinnibh orduithe atá déanta.

2. —Na leasuithe deintear leis an Acht so ar Airtiogal 66 den Bhunreacht beidh acu, i gcás breitheanna do thug agus i gcás orduithe do rinne an Chúirt Uachtarach roimh an Acht so do rith, feidhm agus éifeacht maidir le hathchomharc no achuinge ag lorg ceada athchomhairc, i gcoinnibh aon bhreithe no orduithe den tsórt san, do bhunú agus do chur ar aghaidh tar éis an Achta so do rith agus fós maidir le dul ar aghaidh a thuilleadh, tar éis an Achta so do rith, le hathchomharc no le hachuinge ag lorg ceada athchomhairc, i gcoinnibh aon bhreithe no orduithe den tsórt san, do bunuíodh roimh an Acht so do rith.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 22), 1933 , do ghairm den Acht so.