Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Na Leasuithe.)

2 1941

ACHT UM AN DARA LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1941.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ.

[30adh Bealtaine, 1941.]

DE BHRÍ gur cead, de bhuadh Airteagail 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh socruítear leis an Airteagal san:

AGUS DE BHRÍ go socruítear le hAirteagal 51 den Bhunreacht go dtig leis an Oireachtas, taobh istigh de thrí bliana tar éis an lae rachas an chéad Uachtarán i gcúram a oifige agus fé chuimsiú na nithe atá leagtha amach ansan ina dhiaidh sin, leasú do dhéanamh ar aon fhoráiltibh den Bhunreacht:

AGUS DE BHRÍ go ndeachaidh an chéad Uachtarán i gcúram a oifige an 25adh lá de Mheitheamh, 1938:

AGUS DE BHRÍ gur léir de thoradh taithighe gur mhaith an rud leasuithe áirithe do dhéanamh ar an mBunreacht:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartuithe ar an abhar san an tOireachtas do dhéanamh na leasuithe uile agus fé seach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Na leasuithe sa Sceideal d'achtú.

1. —Na leasuithe uile agus fé seach, ar théacs Ghaedhilge an Bhunreachta agus ar théacs Bhéarla an Bhunreachta fé seach, a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tiocfaid láithreach chun bheith agus beid éifeachtúil ar an Acht so do rith agus, chuige sin, beidh gach Airteagal den Bhunreacht a luaidhtear sa dara colún den Sceideal san leasuithe ansan—

(a) maidir le n-a théacs Gaedhilge, ar an modh adeirtear sa tríú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san, agus

(b) maidir le n-a théacs Béarla, ar an modh adeirtear sa cheathrú colún den Sceideal san os coinne an luaidhte, no gach cinn fé leith de sna luaidhte uile, deintear ar an Airteagal sa dara colún san.

Luadh.

2. —(1) An Dara Leasú ar an mBunreacht do bhéarfar ar na leasuithe uile le chéile a deintear ar an mBunreacht leis an Acht so agus is cead, chun gach críche, an ainm sin do ghairm de sna leasuithe sin le chéile, agus is cead, chun crícheanna aitheantais, tagairt d'aon leasú áirithe aca tríd an uimhir do luadh atá sa chéad cholún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne an luaidhte deintear ar an leasú san sna colúin eile den Sceideal san.

(2) Féadfar an tAcht um an Dara Leasú ar an mBunreacht, 1941 . do ghairm den Acht so.