|
|||||
|
| Ar Aghaidh (SCEIDEAL.) |
| [EN] | ||
Uimhir 2 (Príobháideach) de 1924. | ||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE PÍOLÓIDEACHTA, 1924. | |
[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.] | ||
ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA ROS MHIC TREOIN, 1924, AGUS AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA SHLIGIGH, 1924. [30adh Iúl, 1924.] | ||
DE BHRÍ gur dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, na hOrduithe Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so: | ||
AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh na hOrduithe sin in éifeacht mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an tOireachtas iad do dhaingniú: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIRE-ANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Daingniú ar na hOrduithe atá sa Sceideal. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Ros Mhic Treoin. 1924, agus Ordú Píolóideachta Shligigh, 1924, fé seach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnítear leis seo go mbeidh lán-fheidhm agus lánéifeacht ag forálacha uile agus fé leith na nOrduithe sin. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Píolóideachta, 1924 , do ghairm den Acht so, |