1 1925

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1925.


ACHT TRAMBHEALACH AONTUITHE BHAILE ÁTHA CLIATH (SEIRBHÍSÍ OMNIBUS), 1925.


RIAR NA nALT.

Alt

1.

Mínithe.

2.

Athghairm leathrannach ar an Dublin United Tramways Act, 1905.

3.

Comhacht chun omnibusanna do sholáthar, do choinneáil suas agus do thiomáint i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContaethe Chill Mhanntáin agus Chill Dara.

4.

Comhacht chun comhacht tiomána leictriciúil d'úsáid i gcóir omnibusanna.

5.

Cuntaisí agus áireamhachtaí fé leith ar ghnóthaí trambhealaigh agus omnibuis.

6.

Stad le comhachta, agus socrú i dtaobh fíneála.

7.

Leanfidh connracha no có-aontuithe de bheith ceangailte ar an gCuideachtain.

8.

Bagáiste pearsanta paisnéirí agus postanna d'iompar.

9.

Costaisí an Achta.

10

Gearr-theideal.

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1925.


ACHT TRAMBHEALACH AONTUITHE BHAILE ÁTHA CLIATH (SEIRBHÍSÍ OMNIBUS), 1925.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO CHUIDEACHTA THRAMBHEALACH AONTUITHE BHAILE ÁTHA CLIATH (1896), TEORANTA, SEIRBHÍSÍ OMNIBUS DO SHOLÁTHAR AGUS DO CHOINNEÁIL SUAS I gCATHAIR AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS I gCONTAETHE CHILL MHANNTÁIN AGUS CHILL DARA, AGUS CHUN ACHTANNA ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN gCUIDEACHTAIN DO LEASÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [26adh Márta, 1925.]

DE BHRÍ go ndintar, le halt 48 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, Cuideachta Thrambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (1896) Teoranta, do chose ar chomhacht leictriciúil d'úsáid ach chun na caráistí a húsáidtear ar na trambhealaighe do shoilsiú agus do thiomáint agus chun aitreabhacha na Cuideachtan do shoilsiú agus chun cuaillí no postaí do shoilsiú chun úsáide na Cuideachtan:

AGUS DE BHRÍ go ndintar le fo-alt (3) d'alt 13 den Dublin United Tramways Act, 1905, an Chuideachta san do chosc ar aon ghnó eile do bheith ar siúl aca, ná aon leas airgeadais do bheith acu in aon ghnó eile, ach an stáisiún geiniúna a bhí acu an uair sin agus na trambhealaighe a haistrítear agus a dílsítear don Chuideachtain leis an Acht san agus pé leathanuithe ar na trambhealaighe sin no breiseanna leo a húdarófí le hOrdú i gComhairle ina dhiaidh sin:

AGUS DE BHRÍ go raghadh sé chun leasa don phuiblíocht, mar gheall ar ghlaoch sa bhreis do bheith ar chóir iompair paisnéirí i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContaethe Chill Mhanntáin agus Chill Dara, comhacht do thabhairt don Chuideachtain sin omnibusanna do sholáthar, do choinneáil suas agus do thiomáint sa Chathair agus sa Chontae sin Bhaile Atha Cliath agus sna Contaethe sin Chill Mhanntáin agus Chill Dara:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an “Chuideachta” Cuideachta Thrambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (1896), Teoranta;

foluíonn an focal “Údarás Áitiúil” i gCathair Bhaile Atha Cliath Bárdas Bhaile Atha Cliath, i mbailecheanntar Comhairle an Bhailecheanntair agus in aon áit eile an Chomhairle Chontae.

Athghairm leathrannach ar an Dublin United Tramways Act, 1905

2. —Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 13 den Dublin United Tramways Act, 1905, sa mhéid go gcoisceann sé an Chuideachta ar omnibusanna do sholáthar, do choinneáil suas agus do thiomáint i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContaethe Chill Mhanntáin agus Chill Dara.

Comhacht chun omnibusanna do sholáthar, do choinneáil suas agus do thiomáint i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContaethe Chill Mhanntáin agus Chill Dara.

3. —Féadfidh an Chuideachta, fé réir forálacha an Achta so, omnibusanna do sholáthar agus do choinneáil suas agus do thiomáint i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus i gContaethe Chill Mhanntáin agus Chill Dara:

Ach—

(a) sara dtiománfidh an Chuideachta aon omnibus do réir na gcomhacht a tugtar dóibh leis an Acht so, leagfid fé bhráid an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, o am go ham fé mar is gá é agus chun cead d'fháil uaidh, mion-innste ar aon bhealach no bealaighe ar a bhfuil an Chuideachta chun omnibusanna do thiomáint agus ní thiománfidh an Chuideachta omnibusanna ar aon bhealach ná beidh ceaduithe roimh ré ag an Aire sin.

Sara gceadóidh sé bealach chun crícheanna na míre seo, tabharfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fógra do gach údarás áitiúil 'na ngabhann an bealach san tré n-a líomatáiste agus breithneoidh sé aon aithris cúise a dhéanfidh aon údarás áitiúil den tsórt san i dtaobh an bhealaigh sin, agus, más do leis gur gá é, féadfa sé fiosrúchán áitiúil puiblí do chomóra i dtaobh a mbaineann leis an scéal. Ní bhainfidh an mhír seo leis an gCuideachta do thiomáint aon omnibus i gcóir riachtanais phuiblí shealadaigh no i gcóir riachtanais láithrigh;

(b) chun crícheanna aon fhiosrúcháin áitiúla a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt so beidh ag cigirí don Aire sin na comhachta céanna a bheadh acu dá mba fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, a hordófí an fiosrúchán san;

(c) isí an Chuideachta a íocfidh na costaisí fé n-a raghaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir le haon fhiosrúchán áitiúil a ordóidh sé fén alt so agus ar a n-áireofar tuarastal aon chigire no oifigigh don Aire sin a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin sin, tuarastal ná raghaidh thar cúig giní sa ló, ach ná háireofar ortha aon chostaisí fé n-a raghaidh aon údarás áitiúil no daoine eile a bheidh i láthair ag an bhfiosrúchán san, agus féadfidh an tAire sin méid na gcostaisí sin is iníoctha leis do dheimhniú agus gach suim a deimhneofar amhlaidh beidh sí ina fiacha ag an Aire sin ar an gCuideachtain;

(d) na táillí a héileofar ar son aon phaisnéir d'iompar sna homnibusanna a bhaineann leis an gCuideachtain, no ortha, ní raghaid thar pingin in aghaidh gach dhá dtrian de mhíle ar stáitsí a shocróidh an Chuideachta, ach amháin le ceadú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála tar éis fiosrúcháin phuiblí ina dtaobh a fógradh go cuibhe, ach ní bheidh ar an gCuideachtain aon phaisnéir d'iompar ar tháille thosaigh is lú ná dhá phingin (agus chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur dhá dtrian de mhíle cuid de mhíle is lú ná dhá dtrian de mhíle).

Comhacht chun comhacht tiomána leictriciúil d'úsáid i gcóir omnibusanna.

4. —D'ainneoin forálacha alt 48 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, no forálacha alt 13, fo-alt (2), den Dublin United Tramways Act, 1905, tá comhacht ag an gCuideachtain chun comhacht tiomána leictriciúil d'úsáid chun a gcuid omnibus do thiomáint, ach gur ar na homnibusanna no ionta a hiomprófar an soláthar leictreachais i gcóir fíor-chomhachta tiomána, agus nách tré throlaí a ghlacfid ná nách tré chábla ná tré shraing leictriciúil ag rith fan bealach na n-omnibus san a gheobhaid í.

Cuntaisí agus áireamhachtaí fé leith ar ghnóthaí trambhealaigh agus omnibuis.

5. —(1) Faid a leanfidh aon Acht i bhfeidhm 'na bhfuil comhacht dá bhua ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála no ag aon Aire eile no ag aon Roinn Rialtais chun atharú do dhéanamh ar na forálacha reachtúla le n-a regleáltar na héilithe atá le déanamh ag an gCuideachtain, cimeádfidh an Chuideachta cuntaisí fé leith agus tabharfid áireamhachtaí fé leith i dtaobh a ngnóthaí trambhealaigh agus a ngnótha omnibuis, agus déanfar an deighilt sin idir na cuntaisí agus na háireamhachtaí ar gach slí díreach mar a ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

(2) Faid a leanfidh aon Acht den tsórt san roimhráite i bhfeidhm, soláthróidh an Chuideachta don Aire Tionnscail agus Tráchtála gach bliain, laistigh de dhá mhí tar éis an dáta 'na ndéanfar suas a gcuntaisí bliantúla go dtí é, trí fíor-chóipeanna dá gcuntaisí mar a bheid déanta suas go dtí an dáta san, agus fós trí fíor-chóipeanna de gach áireamhacht a thugadar uatha i gcóir na bliana no i gcóir aon chuid den bhliain le n-a mbaineann na cuntaisí sin.

(3) Má dhineann an Chuideachta, aon uair le linn aon Acht den tsórt san roimhráite do bheith i bhfeidhm, aon cheann áirithe d'fhorálacha an ailt seo d'fhágaint gan có-líona, féadfar fíneáil caoga punt do chur ortha, fíneáil a féadfar a bhaint amach i gcúirt údaráis achmair.

Stad le comhachta, agus socrú i dtaobh fíneála.

6. —(1) Más rud é, laistigh de thrí bliana o am rithte an Achta so, ná déanfar na comhachta a bronntar ar an gCuideachtain leis an Acht so, no cuid acu, d'fheidhmiú chun sástacht an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus go ndeimhneoidh an tAire sin don Oireachtas, tar éis fiosrúcháin phuiblí i dtaobh an scéil, fiosrúchán a fógradh agus a comóradh go cuibhe, go raibh an Chuideachta ciontach i bhfaillí no i moill mhí-réasúnta sa scéal, beidh stad agus deire leis na comhachta agus leis na húdaráis go léir a tugtar don Chuideachtain leis an Acht so, ach amháin le pé méid de sna comhachta san a feidhmíodh agus fé réir pé coiníollacha agus maoluithe is gá sa chás do réir tuairim an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(2) Más rud é, aon uair, go ndéanfidh an Chuideachta aon cheann áirithe d'fhorálacha an Achta so d'fhágaint gan có-líona, féadfar an Chuideachta do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lá a leanfidh an nea-chó-líona san agus féadfar an fhíneáil sin do bhaint amach ar an slí a foráltar leis na hAchtanna Údaráis Achmair.

Leanfidh connracha no có-aontuithe de bheith ceangailte ar an gCuideachtain.

7. —D'ainneoin éinní atá san Acht so beidh gach connra no có-aontú a dineadh idir aon údarás áitiúil agus Cuideachta Aontuithe Bhaile Atha Cliath no Cuideachta Dheisceartach Bhaile Atha Cliath agus dá dtagartar in alt 8 den Dublin United Tramways Act de 1905 agus a dineadh ceangailte ar an gCuideachtain leis sin, beid chó ceangailte agus chó hiomlán feidhm agus éifeacht ar gach slí i gcoinnibh no i bhfabhar na Cuideachtan, agus féadfar iad d'fheidhmiú chó hiomlán agus chó héifeachtúil, agus dá mba ná rithfí an tAcht so, agus faisnéistear leis seo gach connra acu do bheith dleathach agus ceangailte ar na páirtithe mara bhforálaidh agus go dtí go bhforálfidh an tOireachtas a mhalairt. D'ainneoin aon eirghe as úsáid, no tréigean, i bpáirt no go hiomlán, a dhéanfidh an Chuideachta maidir le haon cheann de sna línte trambhealaigh no den ghléasra atá ann fé láthair, leanfidh an Chuideachta de mhéideanna nách lú ná na méideanna fé seach a íocann an Chuideachta anois d'íoc leis na húdaráis áitiúla gach bliain as cead slí mara bhforálaidh agus go dtí go bhforálfidh an tOireachtas a mhalairt.

Bagáiste pearsanta paisnéirí agus postanna d'iompar.

8. —Ní cuirfar fhiachaint ar an gCuideachtain aon earraí d'iompar ar a gcuid omnibus ach bagáiste pearsanta paisnéirí nách truime ná ocht bpúint fhichead agus 'na mbeidh an paisnéir á thionlacan:

Ach déanfidh an Chuideachta, maidir leis na homnibusanna a thiománfid fé fhorálacha an Achta so, gach seirbhís i dtaobh iompar postanna 'na bhfuil teideal ag an Aire Puist agus Telegrafa chun í éileamh ortha maidir le n-a dtrambhealaighe fé alt 24 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, agus bainfidh forálacha alt 2 agus forálacha na céad mhíre d'alt 5 (1) den Conveyance of Mails Act, 1893, leis na homnibusanna san fé is dá mba thrambhealaighe do réir brí an Achta san na homnibusanna san.

Costaisí an Achta.

9. —Isí an Chuideachta a íocfidh gach costas, éileamh agus caiteachas a bhaineann ar aon tslí le fáil agus le rith an Achta so, no le héinní eile a bhaineann leis sin.

Gearr-theideal.

10. —Féadfar Acht Trambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (Seirbhísí Omnibus), 1925, do ghairm den Acht so.