|
|||||
|
| Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU PIOLOIDEACHTA BHAILE ATHA CLIATH.) |
| [EN] | ||||||||||
SAORSTÁT ÉIREANN. | ||||||||||
Uímhír 1 (Príobháideach) de 1926. | ||||||||||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1926. | |||||||||
RIAR NA nALT. | ||||||||||
| ||||||||||
SAORSTÁT ÉIREANN. | ||||||||||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1926. | ||||||||||
ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1926. | ||||||||||
[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.] | ||||||||||
ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1925. [20adh Feabhra, 1926.] | ||||||||||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis an tOrdú Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913: | ||||||||||
AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh an tOrdú san in éifeacht mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||||||||||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||||||||||
| [EN] |
Daingniú ar an Ordú atá sa Sceideal. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Bhaile Atha Cliath, 1925, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnéistear leis seo go mbeidh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag forálacha uile agus fé seach an Orduithe sin. | ||||||||
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordú Píolóideachta, 1926 , do ghairm den Acht so. |