Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU PIOLOIDEACHTA PHORTLAIRGE.)

1 1927


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1927.


ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1927.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA PHORTLÁIRGE, 1926. [16adh Abrán, 1927.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis an tOrdú Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913:

AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh an tOrdú san in éifeacht mara ndaingnighidh ná do dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Daingniú ar an Ordú atá sa Sceideal.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Phortláirge, 1926, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnéistear leis seo go mbeidh lán-fheidhm agus lánéifeacht ag forálacha uile agus fé seach an Orduithe sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordú Píolóideachta, 1927 , do ghairm den Acht so.