Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Fo-Dhli Pioloideachta.)

3 1932


Uimh. 3 (Príobháideach) de 1932.


ACHT DAINGNITHE FHO-DHLÍ PHÍOLÓIDEACHTA, 1932.


ACHT CHUN AN FHO-DHLÍ PHÍOLÓIDEACHTA DARAB UIMHIR 56 AGUS DO RINNE BORD PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH AN 10adh LÁ D'ABRÁN, 1930, DO DHAINGNIÚ.       [2adh Mí na Nodlag, 1932.]

DE BHRÍ go ndearna Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, sé sin an t-údaras píolóideachta i gcóir cheanntair phíolóideachta Bhaile Atha Cliath, ag gnícmhú dhóibh do réir na gcomhacht a bronntar ortha le fo-alt (4) d'alt 11 den Pilotage Act, 1913, go ndearnadar go cuibhe, ar an 10adh lá d'Abrán, 1930, an fo-dhlí píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so:

AGUS DE BHRÍ go bhfeictear don Aire Tionnscail agus Tráchtála go saorann an fo-dhlí sin o phíolóideacht éigeanta longa de chineál no de shaghas ná raibh, ar dháta an Pioltage Act, 1913, do rith, saor i gceanntar píolóideachta Bhaile Atha Cliath o phíolóideacht éigeanta agus dá bhíthin sin gur gá, de bhuadh an choinníll a ghabhann le fo-alt san (4) d'alt 11 den Acht san, go ndaingneodh an tOireachtas an fo-dhlí sin fé is dá mba Bhille é ag daingniú ordú píolóideachta fén Acht san:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An fo-dhlí sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an Fo-Dhlí Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht chuige sin atá dílsithe ionta de bhuadh an Pilotage Act, 1913, agus dearbhuítear leis seo go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag forálacha an Fho-Dhlí sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Fho-Dhlí Phíolóideachta, 1932 , do ghairm den Acht so.