Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU CHUAN DUN DEALGAN, 1933.)

3 1933


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1933.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1933.


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN DÚN DEALGAN, 1933, DO DHAINGNIÚ. [13adh Deire Fómhair, 1933.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan Dún Dealgan, 1933, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, mar do hoiriúnuíodh iad san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAcht san ná beidh aon dleathacht ná feidhm in aon chor ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1933 , do ghairm den Acht so.