An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1933)

3 1933

ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1933

SCEIDEAL.

ORDU CHUAN DUN DEALGAN, 1933.

ORDU SEALADACH CHUN A UDARU PINSIN AGUS LIUNTAISI D'IOC LE hOIFIGIGH AGUS LE SEIRBHISIGH DE CHUID CHOIMISINEIRI CHUAN DUN DEALGAN AGUS CHUN CRICHEANNA EILE.

Gearr-theideal.

1. Féadfar Ordú Chuan Dún Dealgan, 1933, do ghairm den Ordú so agus léighfear agus léireofar é mar éinní amháin le hAcht Chuan agus Phort Dhún Dealgan, 1925 .

Tosach feidhme an Orduithe.

2. Tiocfaidh an tOrdú so i ngníomh an lá rithfear Acht daingnithe an Orduithe seo.

Míniú.

3. San Ordú so cialluíonn an focal “Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Dún Dealgan.

Pinsin agus liúntaisí.

4.—(1) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire, ar fostú ag na Coimisinéirí—

(a) a bheidh 65 bliana d'aois agus 'na mbeidh 25 bliana ar a laighead de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige, no

(b) 'na n-eireoidh do gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige aigne no cuirp nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, agus nách lugha ná 10 mbliana de sheirbhís leanúnaigh a bheidh tugtha aige,

ar eirghe as a fhostaíocht do no ar scur ar aon tslí eile de bheith ar fostú dho, féadfaidh na Coimisinéirí más maith leo é liúntas bliantúil le n-a shaol do dheonadh dho ach gan san do dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúla agus, fé réir na teorann sáruithighe sin, gan é dhul thar shuim bhliantúil a háirmheofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(2) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire, ar fostú ag na Coimisinéirí, 'na mbeidh deich mbliana ar a laighead de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige agus a imeoidh no a cuirfear as a fhostaíocht de dheascaibh deire do chur le n-a oifig no le n-a bhirt, no chun go mb'usa a cuirfí ar chó-ghléasa no ar oibriú ghnó na gCoimisinéirí feabhsanna tré n-a bhféadfaí níos mó éifeachtúlachta agus economíochta do thabhairt chun críche, féadfaidh na Coimisinéirí más maith leo é liúntas bliantúil speisialta le n-a shaol do dheonadh dho mar chúiteamh, pé méid is dóich leis na Coimisinéirí, tar éis a mbaineann leis an scéal do lán-bhreithniú dhóibh, a bheith ina chúiteamh chóir réasúnta i gcailliúint a oifige no a bhirte ach gan san do dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúla agus, fé réir na teorann sáruithighe sin, gan é dhul thar suim bhliantúil a háirmheofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(3) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire gur lugha ná deich mbliana a sheirbhís leanúnach leis na Coimisinéirí agus—

(a) 'na n-eireoidh do gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige aigne no, cuirp nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, no

(b) a imeoidh no a cuirfear as a fhostaíocht de dheascaibh deire do chur le n-a oifig no le n-a bhirt, no chun go mb'usa a cuirfí ar chó-ghléasa no ar oibriú ghnó na gCoimisinéirí feabhsanna tré n-a bhféadfaí níos mó éifeachtúlachta agus economíochta do thabhairt chun críche,

ar imeacht as a fhostaíocht no ar scur de bheith ar fostú dho, féadfaidh na Coimisinéirí más maith leo é aisce nách mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil do dheonadh dho in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(4) Beidh íoc aon liúntaisí agus aiscí a húdaruítear leis an alt so d'íoc ina chrích chun a bhféadfar na dleachta agus an t-ioncum eile a gheobhaidh na Coimisinéirí do chur.

(5) San alt so cialluíonn an abairt “luach saothair agus sochar oifige bliantúil,” maidir le hoifigeach no seirbhíseach a bhí ar fostú trí bliana ar a laighead, meán-mhéid an luach saothair agus an tsochair oifige ar feadh na dtrí mblian dar chríoch lá a eirghithe as a fhostaíocht no a scurtha ar aon tslí eile de bheith ar fostú agus, maidir le hoifigeach no seirbhíseach gur lugha ná trí bliana bhí sé ar fostú, meán-mhéid a luach saothair agus a shochair oifige ar feadh gach bliana iomláine dá sheirbhís.

An Harbours Clauses Act, 1847, d'ionchorprú.

5. Déanfar an Harbours Docks and Piers Clauses Act, 1847, d'ionchorprú leis an Ordú so sa mhéid go bhfuil sé ionchorpruithe le hAcht Chuan agus Phort Dhún Dealgan, 1925 , agus sa mhéid sin amháin.

Costaisí an Orduithe.

6. Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí uile (fé mar a mheasfaidh an t-oifigeach ceart iad) a bhaineann no ghabhann leis an Ordú so d'ullamhú agus d'fháil no gur gá, ar aon tslí eile, dul fútha ina thaobh, féadfaidh na Coimisinéirí iad d'íoc as aon cheann dá gcistí.