An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1941)

2 1941

ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1941

SCEIDEAL.

Ordu Chuan Phortlairge, 1941.

ORDU CHUN A UDARU PINSIN, LIUNTAISI AGUS AISCI D'IOC LE hOIFIGIGH AGUS SEIRBHISIGH DE CHUID NA gCOIMISINEIRI CHUN PORT AGUS CUAN PHORT-LAIRGE D'FHEABHSU, AGUS CHUN CRICHEANNA EILE.

Gearr-theideal.

1. Féadfar Ordú Chuan Phortláirge, 1941, do ghairm den Ordú so agus léighfear agus léireofar mar éinní amháin an tOrdú so agus na Waterford Harbour Acts, 1846 to 1904, agus an Waterford Harbour Act, 1919, agus féadfar Achtanna Chuan Phortláirge, 1846 go 1941, do ghairm den Ordú so i deanta na Waterford Harbour Acts, 1846 to 1904, agus an Waterford Harbour Act, 1919.

Tosach feidhme an Orduithe.

2. Tiocfaidh an tOrdú so i ngníomh an lá rithfear Acht daingnithe an Orduithe seo.

Míniú.

3. San Ordú so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí chun Port agus Cuan Phortláirge d'fheabhsú.

Pinsin, liúntaisí agus aiscí.

4. (1) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire ar fostú ag na Coimisinéirí—

(a) a mbeidh 65 bliana slán aige agus a mbeidh 25 bliana ar a laghad de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige leis na Coimisinéirí, no

(b) a n-eireoidh dó gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige aigne no cuirp nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, agus a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige leis na Coimisinéirí,

ar eirghe as a fhostaíocht no ar scur ar shlí eile de bheith ar fostú dhó féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo é ach fé réir toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, liúntas bliantúil le n-a shaol do dheonadh dhó ach gan an liúntas san do dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúil agus, fé réir na teorann san, gan é dhul thar suim bhliantúil ar n-a háireamh do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(2) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire ar fostú ag na Coimisinéirí a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige leis na Coimisinéirí agus imeoidh no cuirfear as a fhostaíocht de dheascaibh deireadh do chur le n-a oifig no le n-a phost no chun go mb'usa-de cuirfí ar chóghléasadh no ar oibriú ghnóthas na gCoimisinéirí feabhsanna tré n-a bhféadfar níos mó éifeachtúlachta agus eacnamaíochta do thbhairt chun críche, feadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo é ach fé réir toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, liúntas bliantúil speisialta le n-a shaol do dheonadh dhó mar chúiteamh ar é d'imeacht no do chur as a fhostaíocht, liúntas de pé méid is dóich leis na Coimisinéirí, tar éis a mbaineann leis an scéal do lán-bhreithniú dhóibh, a bheidh ina chúiteamh chóir réasúnta i gcailliúint a oifige no a phuist, ach gan an liúntas san do dhul, in aon chás, thar dhá dtrian a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúil agus, fé réir na teorann san, gan é dhul thar suim bhliantúil ar n-a háireamh do réir an seascadú cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(3) Aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire a mbeidh níos lugha ná deich mbliana de sheirbhís leanúnaigh tugtha aige leis na Coimisinéirí agus—

(a) a n-eireoidh dó gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do dhéanamh go héifeachtúil de dheascaibh buan-laige aigne no cuirp nárbh é a mhí-iompar féin fé ndeár í, no de dheascaibh sean-aoise, no

(b) imeoidh no cuirfear as a fhostaíocht de dheascaibh deireadh do chur le n-a oifig no le n-a phost no chun go mb'usa-de cuirfí ar chóghléasadh no ar oibriú ghnóthas na gCoimisinéirí feabhsanna tré n-a bhféadfar níos mó éifeachtúlachta agus eacnamaíochta do thabhairt chun críche,

ar imeacht as a fhostaíocht no ar scur de bheith ar fostú dhó féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo é ach fé réir toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, aisce do dheonadh dhó nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís leis na Coimisinéirí.

(4) Chun crícheanna na bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní háirmheofar éinne atá ar fostú ag na Coimisinéirí mar Mháistir Cuain do bheith ina dhuine nach oifigeach lán-aimsire ina bhfostaíocht de bhíthin an duine sin do bheith ar fostú ag na Coimisinéirí (i gcáil údaráis phíolóideachta dhóibh) mar Mhaoirseoir Píolóideachta agus dá bhíthin sin amháin.

(5) Beidh íoc aon liúntaisí agus aiscí a húdaruítear leis an alt so d'íoc ina chrích chun a bhféadfar na rátaí, na dleachta, na diúitéthe no an t-ioncum eile gheobhaidh na Coimisinéirí d'úsáid.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “luach saothair agus sochar oifige bliantúil”, maidir le haon oifigeach no seirbhíseach a bhí ar fostú ar feadh trí bliana ar a laighead, meán-mhéid bliantúil a luach saothair agus a shochair oifige ar feadh na dtrí mblian dar chríoch lá a eirithe as a fhostaíocht no a scurtha ar shlí eile de bheith ar fostú agus, maidir le hoifigeach no seirbhíseach gur lugha ná trí bliana bhí sé ar fostú, meán-mhéid bliantúil a luach saothair agus a shochair oifige ar feadh tréimhse iomláine a sheirbhíse no a fhostaíochta; agus foluíonn an abairt “sochar oifige” na táillí, an puntáiste agus na híocaíochta eile go léir a ghabhann le n-a oifig no le n-a fhostaíocht agus a tugtar d'aon oifigeach no seirbhíseach chun a úsáide féin, agus fós an méid airgid is fiú aon tseomraí, lón no liúntaisí eile i bhfuirm earraí ghabhann leis an gcéanna.

Comhacht chun liúntaisí bliantúla do laghdú.

5. Má chítear, in aon bhliain áirithe, go dtiocfadh d'íoc iomlán do dhéanamh in aon liúntas bliantúil le saol duine no in aon liúntas bliantúil speisialta le saol duine dheonfaidh na Coimisinéirí agus a húdaruítear d'íoc fé fhorálacha an Orduithe seo nár leor ioncum an Phuirt agus an Chuain sin Phortláirge chun an méid do sholáthar is gá in aghaidh na bliana chun an port agus an cuan san do riaradh agus do chothabháil, ansan, agus sa chás san, agus chó minic agus a thárlóidh san, déanfaidh na Coimisinéirí, maidir leis an mbliain ina dtárlóidh an t-easnamh san, na liúntaisí sin is iníoctha in aghaidh na bliana áirithe sin do laghdú go dtí pé liúntaisí is lugha ná san is oiriúnach leis na Coimisinéirí ach san i slí go laghdófar gach liúntas den tsórt san do réir na cionúireachta céanna.

Deonadh liúntas no aiscí do bheith ina ghnó neaghnáthach.

6. Beidh tairgsintí chun aon liúntas bliantúil le saol duine no chun aon liúntas bliantúil speisialta le saol duine no chun aon aisce do dheonadh, no chun aon liúntaisí den tsórt san do laghdú, fé fhorálacha an Orduithe seo ina ghnó nea-ghnáthach maidir le forálacha Cláis XLIII den Commissioners Clauses Act, 1847, do bhaint leis an gcéanna.

Toirmeasc ar liúntaisí no aiscí d'aistriú.

7. (1) Gach sannadh dá ndéanfar agus gach muirear dá gcuirfear, agus gach có-aontú chun sannadh do dhéanamh no muirear do chur, ar liúntas bliantúil le saol duine no ar liúntas bliantúil speisialta le saol duine fén Ordú so beidh sé gan bhrí.

(2) Ní féadfar aon liúntas bliantúil le saol duine ná aon liúntas bliantúil speisialta le saol duine deonfar fén Ordú so do thógaint i bhfeidhmiúchán ná d'aistriú ar shlí eile tré phróiseas dlí chun íoctha aon fhiacha no fiachaisí bheidh ar an duine dar deonadh an liúntas no an aisce sin amhlaidh.

An Harbours Clauses Act, 1847, d'ionchorprú.

8. Beidh an Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, ionchorpruithe leis an Ordú so sa mhéid go bhfuil sé ionchorpruithe leis na Waterford Harbour Acts, 1846 to 1904, agus an Waterford Harbour Act, 1919, agus sa mhéid sin amháin.

Costaisí an Orduithe.

9. Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí uile (fé mar a mheas-iniúchfaidh an t-oifigeach ceart iad) a bhaineann no ghabhann leis an Ordú so d'ullmhú agus d'fháil no gur gá, ar shlí eile, dul fútha ina thaobh san, déanfaidh na Coimisinéirí iad d'íoc amach as aon cheann dá gcistí.