Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Ordu Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnu), 1950.)

1 1950


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1950.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHÉANAMH DAINGNITHE AR ORDÚ SEALADACH CHATHAIR LUIMNIGH (TEORA A LEATHNÚ), 1950, AGUS AR ORDÚ SEALADACH CEANTAIR UIRBIGH BHRÍ CHUALANN (CAIDREAMH AIRGEADAIS), 1950. [30ú Márta, 1950.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidramh Airgeadais), 1950, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950 a dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950, a dhaingniú.

2. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar Acht Daingnithe Orduithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1950 , a ghairm den Acht seo.