|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954.) |
[EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1955. | ||
[EN] |
AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE SHEALADAIGH CHONTAE-BHUIRG CHORCAIGHE (TÍRAINN A LEATHNÚ). 1954, ORDUITHE SHEALADAIGH CHOMHAIRLE CHONTAE LUGHBHAIDH (CUMHACHTA CHUN IASACHT D'FHÁIL), 1954, AGUS ORDUITHE SHEALADAIGH CHONTAE-BHUIRG PHORTLÁIRGE (TÓRAINN A LEATHNÚ), 1955. [16Márta, 1955.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954. atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú). 1941 (Uimh. 5 de 1941). ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil). 1954, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú). 1955. atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Daingniú Orduithe Shealadaigh Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954. atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so. |
[EN] |
Daingniú Orduithe Shealadaigh Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil), 1954. |
2. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil). 1954, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
[EN] |
Daingniú Orduithe Shealadaigh Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú), 1955. |
3. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú), 1955, atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1955 , a ghairm den Acht seo. |