Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959.)

1 1959


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1959.


ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]


ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM BUIRG LOCH GARMAN (TEORAINN A ATHRÚ), 1959. [3 Márta, 1959.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis an tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoin Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é :

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS :—

Daingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Buirg Loch Garman (Teorainn a Athrú), 1959, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar Acht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1959 , a ghairm den Acht seo.