1 1963


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1963.


ACHT CHUAN LUIMNIGH (DROICHEAD), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO CHUR TEORANN LE DUALGAIS AGUS DLITEANAIS CHOIMISINÉIRÍ CHUAN LUIMNIGH MAIDIR LE DROICHEAD ATÁ FAOI LÁTHAIR AR AN tSIONAINN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CÚITIMH I gCÁSANNA ÁIRITHE. [12 Meitheamh, 1963.]

Réamhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh, le hAcht áitiúil agus pearsanta den bhliain 1823 dar teideal “An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate sharp vessels frequenting the port of Limerick”, Coimisinéirí Dhroichead Luimnigh a chorprú chun an droichead sin agus an duga snámha sin a thógáil;

AGUS DE BHRÍ gur foráladh le hAcht 1823 a dúradh, d'fhonn nach ndéanfaí dochar do loingseoireacht na Sionna, nárbh fholáir an droichead a thógfaí nó a dhéanfaí amhlaidh faoi údarás an Achta sin a dhéanamh agus a thógáil sa chaoi go bhfágfaí bealach saor oscailte ag longa agus ag árthaí chun dul suas agus síos an abhainn sin ar an taobh nó an ceann theas den droichead sin, tríd an droichead sin, aige nó in aice leis; agus, chun na críche sin, go mbeadh ar an droichead sin a thógfaí amhlaidh, nó ar an mbruach díreach tadhlach leis an gceann theas de, droichead sclóine amháin nó níos mó nó droichead tógála amháin nó níos mó ionas go bhféadfadh árthaí dul suas agus síos an abhainn sin in aice lena bruach theas ó na coda di lastuas den droichead sin go dtí na coda di lastíos de, agus a mhalairt;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh an droichead sin (a dtugtaí “the Wellesley Bridge” air an tráth sin agus a dtugtar “Droichead an tSairséalaigh” anois air) agus droichead sclóine ag gabháil leis a thógáil de bhun an Achta sin sa bhliain 1825, nó faoina thuairim sin;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, de bhua ordú ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí dar dáta an 22ú lá de Mhárta 1883 agus a rinneadh de bhun forálacha an Wellesley Bridge (Limerick) Act, 1882, agus de bhua na bhforálacha sin, an droichead sclóine sin agus na slite chuige d'uisce a dhílsiú do Choimisinéirí huan Luimnigh (dá ngairtear na Coimisinéirí san Acht seo) chun úsáid an phobail agus gurbh é dualgas na gCoimisinéirí an céanna a choimeád i ndeisriocht agus i ndea-bhail agus an céanna a oibriú ar mhodh a thabharfadh cóiríocht dóthanach do loingeas agus do dhaoine a úsáideann an droichead sin;

AGUS DE BHRÍ gur údaraíodh le hAcht dar teideal “The Limerick Harbour (Bridge) Act, 1913” do na Coimisinéirí droichead sclóine nua agus bealaí chuige do thrácht feithiclí agus coisithe thar an tSionainn a dhéanamh in ionad an droichid sclóine sin agus gur foráladh leis an Acht sin go measfaí na cumhachtaí na cearta na dualgais agus na dliteanais a theachtaigh na Coimisinéirí nó a forchuireadh orthu ar dháta an Achta a rith i ndáil leis, nó ar aon slí maidir leis, an droichead sclóine nó na bealaí chuige de bhóthar nó d'uisce nó na hoibreacha i ndáil leis an gcéanna agus na fodhlíthe uile a bhí i bhfeidhm ar an dáta sin do bhaint, agus go mbainfidís, leis an droichead sclóine nua agus na bealaí chuige agus na hoibreacha i ndáil leis an gcéanna;

AGUS DE BHRÍ gur tógadh an droichead sclóine nua de bhun an Achta is deireanaí a luaitear sa bhliain 1923 nó faoina thuairim agus gur úsáideadh ó shoin é agus go bhfuil sé á úsáid go fóill;

AGUS DE BHRÍ go ndearna na Coimisinéirí suas go dtí an 8ú lá d'Fheabhra 1927 agus an lá sin an droichead sclóine nua a oscailt ó am go ham chun ligean do longa agus d'árthaí dul suas agus síos an tSionainn go dtí agus ó dhá ché ar an taobh thoir den droichead ar a dtugtar Cé an Eoghanánaigh agus Cé Mhig Uidhir;

AGUS DE BHRÍ nár osclaíodh an droichead sclóine nua chun long nó árthach a ligean tríd ó Mhí Feabhra, 1927;

AGUS DE BHRÍ gurb é Droichead an tSairséalaigh agus an droichead sclóine nua a théann an príomhshruth tráchta feithiclí thar an tSionainn go hAerfort na Sionna agus uaidh agus go hIarthar na hÉireann agus uaidh agus go bhfuil an trácht de bhóthar thar an droichead sclóine nua méadaithe go mór;

AGUS DE BHRÍ gur mhór an cheataí a dhéanfadh sé don trácht sin de bhóthar agus do thrácht coisithe an droichead sclóine sin a oscailt;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach ar mhaithe leis an bpobal a thaistealann de bhóthar go saorfaí na Coimisinéirí ón dualgas atá orthu an droichead sclóine nua sin a oscailt chun longa agus árthaí a ligean ar aghaidh;

AGUS DE BHRÍ nach féidir críocha an Achta seo a chur i gcrích gan údarás an Oireachtais.

AR AN ÁBHAR SIN ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo, mura n-éilíonn an t-ábhar nó an comhthéacs a mhalairt:—

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Luimnigh;

ciallaíonn an abairt “an droichead sclóine nua” an droichead sclóine a údaraíodh leis an Limerick Harbour (Bridge) Act, 1913.

Srian le dliteanas na gCoimisinéirí i leith an droichid sclóine.

2. —O dháta an Achta seo a rith agus dá éis agus d'ainneoin aon ní atá in aon Acht eile ní bheidh aon dliteanas ar na Coimisinéirí an droichead sclóine nua a oscailt chun longa nó árthaí a ligean ar aghaidh nó an droichead sclóine sin a chothabháil nó a dheisiú ar chaoi go bhféadfar an céanna a oscailt.

Cúiteamh.

3. —(1) I gcás ina bhfuil d'éifeacht leis an Acht seo ceart dlíthiúil de chuid aon duine (lena n-áirítear, go háirithe, ceart loingseoireachta, is cuma ar trí reacht a tugadh an ceart sin nó nach ea) a chiorrú nó a fhoirceannadh, féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, éileamh ar chúiteamh a dhéanamh chun na gCoimisinéirí i leith an chiorraithe nó an fhoirceannta sin agus beidh teideal aige go n-íocfaidh na Coimisinéirí cúiteamh leis ina leith agus, mura n-íocfar an cúiteamh sin leis nuair a bheifear tar éis comhaontú i dtaobh méid an chúitimh sin nó é a chinneadh faoin alt seo, chun é a ghnóthú ó na Coimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla.

(2) Mura ndéanfar comhaontú, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag na Coimisinéirí faoin alt seo a chinneadh faoi eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) ionann agus dá mba éard é an cúiteamh luach talún a glacadh go héigeanta agus beidh dlínse ag an eadránaí chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil cúiteamh iníoctha ar chor ar bith sna himthosca.

(3) Íocfaidh na Coimisinéirí an cúiteamh sin as aon airgead a bheidh ar láimh acu de thuras na huaire.

Caiteachais.

4. —Íocfaidh na Coimisinéirí as aon airgead a bheidh ar láimh acu de thuras na huaire na costais, na muirir agus na caiteachais uile faoina ndeachthas roimh ré chun an tAcht seo a ullmhú a fháil agus a rith agus a bhain agus a ghabh lena ullmhú, lena fháil agus lena rith nó eile.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar Acht Chuan Luimnigh (Droichead), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chuan Luimnigh (Droichead), 1823-1963, a ghairm den Acht seo, den Wellesley Bridge (Limerick) Act, 1882, den Limerick Harbour (Bridge) Act, 1913 agus de Acht 4 George IV Cap XCIV le chéile.