1 1974


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1974


AN tACHT UM OSPIDÉAL PHAIRC BHAILE NA LOBHAR (GNÍOMHAS IONTAOBHAIS A LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ NA nIONTAOBHAS I nDINTIÚR TÍOLACAIS IN IONTAOBHAS DAR DÁTA AN 16ú LÁ DE DHEIREADH FÓMHAIR, 1917, A RINNEADH IDIR GERTRUDE FRANCES DUNNING DE PHÁIRT AGUS AN RÓ-ÓNORACH JOHN HODGE SIR MATTHEW NATHAN AGUS JOSHUA ALBERT FLYNN DEN PHÁIRT EILE TRÍNA nDEARNADH TAILTE ÁITRIBH AGUS OIDHREACHTÁIN ÁIRITHE I mBAILE NA LOBHAR, BAILE CORMÁIN AGUS BAILE UÍ MHURCHÚ I LEATH-BHARÚNTACHT RÁTH AN DÚIN AGUS I gCONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH A THÍOLACADH AR IONTAOBHAS DO BHUNÚ AGUS DO CHOTHABHÁIL AN OSPIDÉIL AR A dTUGTAR OSPIDÉAL PHÁIRC BHAILE NA LOBHAR CHUN DEIREADH A CHUR LE SRIANTACHT AR AN AICME DAOINE ATÁ I dTEIDEAL CÓIREÁLA SAN OSPIDÉAL SIN, DO LEATHNÚ CUMHACHTAÍ A IONTAOBHAITHE AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [12 Márta, 1974]

DE BHRÍ go ndearnadh le Dintiúr Tíolacais in Iontaobhas dar dáta an 16ú lá de Dheireadh Fómhair 1917 agus a rinneadh idir Gertrude Frances Dunning de pháirt An Ró-Onórach John Hodge Sir Matthew Nathan agus Joshua Albert Flynn den pháirt eile codanna áirithe de thailte Bhaile na Lobhar, Bhaile Cormáin agus Bhaile Uí Mhurchú atá suite go huile i Leath-Bharúntacht Ráth an Dúin agus i gContae Bhaile Átha Cliath a dheonú agus a thíolacadh faoi réir a bhfuil ráite sa Dintiúr sin do na páirtithe sin den dara páirt chun an céanna a theachtadh dóibh féin dá n-oidhrí agus dá gcomharbaí ar iontaobhas (1) go ndéanfadh siadsan agus na marthanóirí díobh agus na daoine go léir a thiocfadh dá éis sin chun bheith ina nIontaobhaithe i gcomharbas orthu (agus a bhfuil gach duine díobh ar áireamh dá éis seo san abairt “na hIontaobhaithe”) a chur faoi deara nó a cheadú na foirgnimh sna tailte sin agus orthu mar aon leis na tailte agus na háitribh sin a fheistiú agus a throscánú mar ospidéal mar shanatóir nó mar theaghlach chun aire agus cóireáil a thabhairt do na daoine dá ngairtear ann “officers or men of His Majesty's Navy and Army” ar ar tháinig nó ar a dtiocfadh dá éis sin míchumas nó easláine agus iad ag fónamh sa cháil sin nó a bheadh an tráth sin nó a bheadh dá éis sin ar scor nó ar díscor ón tseirbhís sin de dheasca an mhíchumais nó na heasláine sin (2) go gceadódh na hIontaobhaithe amhail ó thráth feistithe na bhfoirgneamh na dtailte agus na n-áitreabh sin mar ospidéal mar shanatóir nó mar theaghlach den sórt sin agus ón tráth sin amach an céanna a úsáid chun na daoine sin a ghlacadh agus aire agus cóireáil a thabhairt dóibh agus go ndéanfaidís na foirgnimh na tailte agus na háitribh sin a chothabháil go héifeachtach chun na críche réamhráite sin agus go gcoimeádfaidís an céanna i ndeisriocht agus i ndeachóir go dtí an t-am nach mbeadh na foirgnimh na tailte ná na háitribh sin ag teastáil a thuilleadh chun aon chríche díobh sin agus air sin go mbeadh deireadh agus críoch iomlán leis na hiontaobhais agus na forálacha chuige sin a dearbhaíodh ansin roimhe seo agus as a aithle sin go ndéanfadh na hIontaobhaithe na tailte na háitribh agus na hoidhreachtáin sin a deonaíodh ansin roimhe seo a theachtadh go hiomlán ar iontaobhas don Gertrude Frances Dunning sin dá hoidhrí agus dá sannaithe;

AGUS DE BHRÍ gur bunaíodh gur feistíodh agus gur troscánaíodh an tOspidéal sin agus go bhfuil sé ó shin agus anois á sheoladh agus á riaradh de réir na bhforálacha atá sa Dintiúr Tíolacais in Iontaobhas a dúradh;

AGUS DE BHRÍ de bhua Tíolacas a rinneadh an 20ú lá de Nollaig 1932 idir Bernard Simon Dunning de pháirt agus Iontaobhaithe comhaimsire an Dintiúir dar dáta an 16 Deireadh Fómhair 1917 den pháirt eile gur dheonaigh agus gur thíolaic an Simon Dunning sin chun na nIontaobhaithe sin É SIN AGUS IAD SEO UILE na frithdhílsí i bhfeo simplí i bhfeofheirm agus i suthaineacht faoi seach de chuid an Bernard Simon Dunning sin a bhí feifeach ar fhoirceannadh na nIontaobhas i nDintiúr sin an 16 Deireadh Fómhair 1917 agus CHUIGE SIN AGUS CHUCU SEO UILE na hoidhreachtáin agus na háitribh sin atá ar áireamh sa Dintiúr sin agus arna ndeonú leis ar na hIontaobhais a luaitear sa Tíolacas sin;

AGUS DE BHRÍ gur tháinig laghdú le blianta beaga anuas ar líon na ndaoine faoi na hIontaobhais atá sa Dintiúr Tíolacais in Iontaobhas a dúradh a glacadh san Ospidéal sin agus a fuair aire agus cóireáil ann agus gur mian saoráidí an Ospidéil a chur ar fáil do dhaoine eile i dteannta na ndaoine atá ina dteideal faoi théarmaí an Dintiúir Tíolacais in Iontaobhas a dúradh;

AGUS DE BHRÍ gur mian na hiontaobhais sa Dintiúr Tíolacais in Iontaobhas a dúradh a leasú agus a athrú chun deireadh a chur le sriantacht ar an aicme daoine atá i dteideal cóireála san Ospidéal sin agus cead a thabhairt d'Iontaobhaithe an Ospidéil sin gach duine is cuí leo a ligean isteach san Ospidéal sin;

AGUS DE BHRÍ gur fóirsteanach na forálacha eile atá san Acht seo a achtú;

AGUS DE BHRÍ nach féidir na cuspóirí réamhráite sin a chur i gcrích gan údarás ón Oireachtas.

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an Gníomhas Iontaobhais” an Dintiúr Tíolacais in Iontaobhas a dúradh dar dáta an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1917, a rinneadh idir Gertrude Frances Dunning de pháirt agus An Ró-Onórach John Hodge Sir Matthew Nathan agus Joshua Albert Flynn den pháirt eile;

ciallaíonn “an tOspidéal” an tOspideal atá á sheoladh faoi réim agus de réir iontaobhais an Ghníomhais Iontaobhais agus dá ngairtear Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar;

ciallaíonn “na hIontaobhaithe” Iontaobhaithe láithreacha an Ospidéil faoin nGníomhas Iontaobhais agus a gcomharbaí agus a sannaithe.

Leathnú ar an aicme tairbhithe faoin nGníomhas Iontaobhais.

2. —Déanfar an Gníomhas Iontaobhais a léamh agus a fhorléiriú faoi réir na leasuithe seo a leanas, is é sin le rá—

(1) trí na focail “(hereinafter called ‘the Principal Beneficiaries’) and in addition when the facilities of such Hospital Sanatorium or Home shall permit for the care and treatment of all such other persons as the Trustees may from time to time admit thereto” a chur in ndiaidh na bhfocal “for such disablement or infirmity” i líne 100;

(2) trí na focail “the said invalided or disabled Officers or men of His Majesty's Forces” i líne 106 de a scriosadh as agus na focail “all such persons as aforesaid” a chur ina n-ionad.

Leasuithe ar an nGníomhas Iontaobhais agus foráil chun é a fhoirceannadh.

3. —Déanfar an Gníomhas Iontaobhais a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá mba nach raibh na focail ó “the said buildings lands and premises are no longer” agus na focail sin a áireamh i línte 108 agus 109 den Ghníomhas sin go dtí na focail “Sanatorium or Nursing Home” agus na focail sin a áireamh i línte 123 agus 124 den ghníomhas sin ann riamh agus i n-ionad na bhfocal sin gurbh iad na focail seo a leanas a bhí sa Ghníomhas Iontaobhais ó dháta an Ghníomhais sin, is é sin le rá—

“the Trustees should resolve that in their opinion the continuance of the trusts hereby created is no longer necessary in order to provide for the care and treatment of the Principal Beneficiaries and that accordingly the trusts hereinbefore contained should cease and thereupon the trusts and provisions hereinbefore contained and declared shall absolutely cease and determine and the Trustees shall thereafter hold the lands hereditaments and premises hereinbefore granted Upon Trust for the said Gertrude Frances Dunning her heirs and assigns absolutely PROVIDED FURTHER that if the Trustees should resolve that in their opinion the retention by them of part of the lands hereditaments or premises hereinbefore granted or any buildings erected thereon as may be specified by the Trustees in the said resolution is no longer necessary in order to provide for the care and treatment of the Principal Beneficiaries and that accordingly the trusts hereinbefore contained should cease in respect of such lands hereditaments premises or buildings thereupon the trusts and provisions hereinbefore contained and declared shall absolutely cease and determine in respect of such lands hereditaments premises or buildings and the Trustees shall thereafter hold such lands hereditaments premises or buildings Upon Trust for the said Gertrude Frances Dunning her heirs and assigns absolutely PROVIDED FURTHER that if the Trustees should resolve that in their opinion the retention by them of the proceeds or of part of the proceeds of any sale lease mortgage charge or other alienation of any part of the lands hereditaments or premises hereinbefore granted or any buildings or other asset held by them is no longer necessary in order to provide for the care and treatment of the Principal Beneficiaries and that accordingly the trusts hereinbefore contained should cease in respect of the said proceeds or such part thereof as may be specified by the said Trustees in such resolution thereupon the trusts and provisions hereinbefore contained and declared shall absolutely cease and determine in respect of such proceeds or of such specified part thereof and the Trustees shall thereafter hold the said proceeds or such specified part thereof Upon Trust for the said Gertrude Frances Dunning her heirs and assigns absolutely”.

Cumhachtaí na nIontaobhaithe rialacha a dhéanamh agus táillí a ghearradh etc.

4. —Beidh lánchumhacht ag na hIontaobhaithe rialacha agus rialacháin a dhéanamh leis an Ospidéal a bhainistí agus a sheoladh agus féadfaidh siad ó am go ham cibé táillí is cuí leo a ghearradh chun aon duine a ligfear isteach san ospidéal a ghlacadh agus aire agus cóireáil a thabhairt dó ar choinníoll i gcónaí go ndéanfar an t-ioncam as na táillí sin a úsáid go heisiatach i leith agus le haghaidh críocha carthanúla an Ospidéil sa Stát.

Cumhachtaí diúscartha na nIontaobhaithe.

5. —Féadfaidh na hIontaobhaithe, le toiliú Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn, aon chuid nó codanna de na tailte nó de na foirgnimh nó de na sócmhainní eile a bheidh ar teachtadh acu ar iontaobhais an Ghníomhais Iontaobhais a dhíol, a léasadh, a mhorgáistiú, a mhuirearú, a choimhthiú nó a dhiúscairt in aon slí eile ar cibé téarmaí agus ar cibé comaoin is cuí leo.

Cumhachtaí na nIontaobhaithe iarratas a dhéanamh téarmaí an Ghníomhais Iontaobhais a leasú.

6. —(1) Féadfaidh na hIontaobhaithe ó am go ham iarratas a dhéanamh chun Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn forálacha an Ghníomhais Iontaobhais a athrú.

(2) Ar iarratas mar a dúradh a dhéanamh chucu féadfaidh na Coimisinéirí trí mheamram faoina séala athrú a dhéanamh ar aon fhoráil nó ar aon fhorálacha de chuid an Ghníomhais Iontaobhais nó de chuid an Ghníomhais Iontaobhais arna leasú le haon athruithe a dhéantar nó a dhéanfar faoin Acht seo.

(3) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas den sórt sin agus ní foláir é a bheith sínithe ag tromlach Iontaobhaithe an Ghníomhais Iontaobhais de thuras na huaire agus an t-athrú a iarrtar a bheith sonraithe ann.

An Gníomhas Iontaobhais a dhaingniú.

7. —Ach amháin a mhéid a leasaítear an Gníomhas Iontaobhais leis seo beidh sé agus leanfaidh sé faoi lánfheidhm agus faoi lánéifeacht.

Caiteachais.

8. —Féadfaidh na hIontaobhaithe na costais, na muirir agus na caiteachais a tabhaíodh roimh ré leis an Acht seo a ullmhú nó a fháil nó a rith nó a bhaineann nó a ghabhann leis sin a íoc agus a ghlanadh as cistí atá ar teachtadh acu ar iontaobhais an Ghníomhais Iontaobhais.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.