1 1979


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1979


AN tACHT UM CHOLÁISTE RÍOGA LIANNA NA hÉIREANN (CAIRT AGUS LITREACHA PAITINNE A LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ NA gCAIRTEACHA AGUS NA LIT-REACHA PAITINNE FAOINAR CORPRAÍODH COLÁISTE RÍOGA LIANNA NA hÉIREANN. [8 Iúil, 1979]

Brollach.

DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt nó Litreacha Paitinne dar dáta an 15ú de Nollaig 1692 (dá ngairtear “an Chairt Bhunaidh” anseo feasta) a dheonaigh a Soilsí Briotanacha an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire nach maireann daoine áirithe a bhí ainmnithe sa chéanna agus cibé daoine eile a thoghfaí ó am go ham ar an modh a ordaíodh sa chéanna a cheapadh ina gcomhlacht corpraithe ar a dtabharfaí agus dá ngairfí Uachtarán agus Ánraí Choláiste Lianna an Rí agus na Banríona in Éirinn agus go mbeadh comharbas suthain aige:

AGUS DE BHRÍ gur foráladh i measc nithe eile leis an gCairt Bhunaidh go mbeadh cumhachtaí, feidhmeanna agus dlínsí áirithe ag an gcomhlacht corpraithe sin agus go mbeadh dualgais agus oibleagáidí áirithe air i ndáil le calaoisí agus meabhlaireachtaí a chosc agus i ndáil le himscrúdú agus le pionósú mí-úsáidí, urchóidí agus mísceanna a bhain an uair sin le cleachtadh an leighis agus le poitigéirí agus drugadóirí:

AGUS DE BHRÍ go ndearna Reachtanna éagsúla difear ó am go ham don chomhlacht corpraithe sin agus don Chairt Bhunaidh:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt nó Litreacha Paitinne dar dáta an 12ú lá de Nollaig 1878 forálacha a bhaineann le Comhaltaí agus le Ceadúnaigh de chuid an chomhlachta chorpraithe sin:

AGUS DE BHRÍ gur dearbhaíodh le Cairt nó Litreacha Paitinne dar dáta an 5ú lá de Lúnasa 1890 gur The Royal College of Physicians of Ireland (dá ngairtear “an Coláiste” anseo feasta) a thabharfaí mar ainm ar an gcomhlacht corpraithe sin agus a ghairfí de uaidh sin amach:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh le Cairt nó Litreacha Paitinne dar dáta an 27ú lá de Mheitheamh 1905 (dá ngairtear “Litreacha Paitinne 1905” anseo feasta) forálacha breise áirithe i dtaobh Comhaltas agus Ánracht an Choláiste:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil a lán de na cumhachtaí, de na feidhmeanna, de na dlínsí, de na dualgais, de na hoibleagáidí agus de na forálacha sin imithe as úsáid nó curtha as ionad le fada:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach d'fhonn a áirithiú gur chun críocha carthanúla amháin atá an Coláiste bunaithe agus d'fhonn sochar agus dea-rialú an chéanna a chothú go ndéanfaí roinnt áirithe de na cumhachtaí, de na feidhmeanna, de na dlínsí, de na dualgais, de na hoibleagáidí agus de na forálacha sin a aisghairm agus go ndéanfaí leasuithe éagsúla eile mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo:

AGUS DE BHRÍ nach féidir na leasuithe sin a dhéanamh gan údarás ón Oireachtas:

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar línte 60 go 61 den Chairt Bhunaidh (nósanna imeachta araíonachta).

1. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 60 go 61 di, is é sin le rá, na focail “& the due & Orderly correcting & punishing of all Offences & Offenders”.

Leasú ar línte 131 go 132 agus ar líne 136 den Chairt Bhunaidh (an modh ar a dtoghtar Ánraí).

2. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 131 go 132 agus i líne 136 di faoi seach, is é sin le rá, na focail “Examined &”.

Leasú ar línte 207 go 208 den Chairt Bhunaidh (dualgais agus cumhachtaí an Uachtaráin, an Leas-uachtaráin agus na nÁnraí).

3. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 207 go 208 di, is é sin le rá, na focail “And the Reformaton & Redresse of the abuses mischeiffs & Enormityes herein mentoned & hereby intended to be pvided against & Suppressed in the tyme to come,”.

Leasú ar línte 210 go 215 den Chairt Bhunaidh (dualgais agus cumhachtaí an Uachtaráin, an Leas-uachtaráin agus na nÁnraí).

4. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 210 go 215 di, is é sin le rá, na focail “And alsoe of all other practizers of physick & other the psons aforenamed for the Reformaton & Redresse of the abuses deceipts misdemeanors & Enormityes & other the pmisses herein mentoned or expressed, And alsoe for Inflicting upon all & every delinquent Offender & Offenders against all or any such lawes Acts Ordinances Orders decrees Articles & Constitutons soe to be made as aforesd or any of them such reasonable paines penaltyes & punishmts: by Imprisonmt: of the Body or by ffynes or amerciamts: any or all of them as to the sd Psident & ffellows & their Successors or to the Vicepsident & ffellows in the absence of the Psident or the major pte of them as aforesd shall seeme reasonable & fitting”.

Leasú ar líne 216 den Chairt Bhunaidh (dualgais agus cumhachtaí an Uachtaráin, an Leas-uachtaráin agus na nÁnraí).

5. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i líne 216 di, is é sin le rá, na focail “under the paines & Penaltyes therein contained”.

Leasú ar línte 218 go 409 den Chairt Bhunaidh (cumhachtaí araíonachta an Uachtaráin, an Leas-uachtaráin agus na gCinsirí).

6. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail go léir ó “AND WEE will & by these psents for us our heires & Successors” agus na focail sin san áireamh i líne 218 di go dtí na focail “& by these psents are hereafter nominated Constituted & impowered in that behalfe” agus na focail sin san áireamh i línte 408 agus 409 di.

Leasú ar línte 415 go 433 den Chairt Bhunaidh (cumhachtaí Fiosraitheoirí).

7. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail go léir ó “AND WEE doe by these psents for us our heires & Successors” agus na focail sin san áireamh i líne 415 di go dtí na focail “according to the tenor true Intent & meaning of these psents” agus na focail sin san áireamh i línte 432 agus 433 di agus dá gcuirfí na focail seo a leanas ina n-ionad, is é sin le rá, na focail “and the said Visitors, or any two of them, shall have full power and authority to receive and entertain, hear, examine, and finally determine any matter or cause relating to the internal conduct, management, regulation and due government of the said College or Corporation, or to the exercise of the powers and authorities vested in the President, Vice-president, Censors and Fellows by these presents or by any Act of the Oireachtas amending these presents; and all disputes and differences which may arise between the Members or the Fellows or between the Members and Fellows of the said College or between the said College and the professors nominated by the said College, or between the said professors themselves, relative to the concerns of the said College or the duties of their said professorships, which may be brought by way of appeal before any two or more of them, and to appoint certain days, times and places for the hearing and adjudging thereof, and to summon, hear, and examine upon oath, or otherwise, all and every the President, Vice-president, Censors and Fellows and other members of the said College, and the said professors, touching the matter of the said appeal, to the end that a just and clear judgment and determination may be had therein”.

Leasú ar línte 433 go 479 den Chairt Bhunaidh (nósanna imeachta araíonachta).

8. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail go léir ó “AND we will & by these psents for us our heires & Successors” agus na focail sin san áireamh i líne 433 di go dtí na focail “these psents contained to the contrary in any wise notwithstanding” agus na focail sin san áireamh i líne 479 di.

Leasú ar línte 494 go 528 den Chairt Bhunaidh (cumhachtaí araíonachta lena n-áirítear cimiú agus an chumhacht sé chorp a ghlacadh gach bliain lena ndioscadh).

9. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail go léir ó “AND FURTHER wee doe for us our heires & Successors” agus na focail sin san áireamh i línte 494 agus 495 di go dtí na focail “the said Psident and ffellowes & their Successors” agus na focail sin san áireamh i línte 527 agus 528 di.

Leasú ar línte 532 go 533 den Chairt Bhunaidh (talamh a cheannach).

10. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí aisti na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 532 go 533 di, is é sin le rá, na focail “soe as the same doe not exceed in the whole the cleare yearly vallue of two hundred pounds ster p Ann above all charges & reprizes”.

Leasú ar línte 543 go 551 den Chairt Bhunaidh (cumhacht Printísigh Poitigéirí a scrúdú).

11. —Déanfar an Chairt Bhunaidh a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail go léir ó “AND we doe further for us our heires & Successors” agus na focail sin san áireamh i línte 543 agus 544 di go dtí na focail “to be levyed recovered & applyed respectively” agus na focail sin san áireamh i líne 551 di.

Leasú ar línte 62 go 64 de Litreacha Paitinne 1905 (na daoine atá i dteideal bheith ina gComhaltaí den Choláiste).

12. —Déanfar Litreacha Paitinne 1905 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 62 go 64 díobh, is é sin le rá, na focail “(1) Any Doctor or Bachelor of Medicine of any University of the United Kingdom, or India, or any British Colony or Dependency. (2) Any Licentiate of any College of Physicians in the United Kingdom.” agus dá gcuirfí na focail seo a leanas ina n-ionad, is é sin le rá, na focail “(1) Any Doctor or Bachelor of Medicine of any University in the State. (2) Any Doctor or Bachelor of Medicine of any University of the United Kingdom or any Licentiate of any College of Physicians in the United Kingdom.”

Leasú ar línte 72 go 73 de Litreacha Paitinne 1905 (cáilíochtaí le bheith intofa mar Ánra den Choláiste).

13. —Déanfar Litreacha Paitinne 1905 a léamh agus a fhorléiriú amhail is dá scriosfaí astu na focail seo a leanas san áit a bhfuil siad i línte 72 agus 73 díobh, is é sin le rá, na focail “person shall henceforth be elected a Fellow of the College unless he shall have been previously admitted as a Member of the College; and no”.

Na Cairteacha agus na Litreacha Paitinne a thuairiscítear sa Bhrollach a dhaingniú.

14. —Ach amháin mar a leasaítear leis an Acht seo iad, beidh lánfheidhm agus lánéifeacht leis na Cairteacha agus na Litreacha Paitinne a thuairiscítear sa Bhrollach atá leis an Acht seo agus leanfaidh siad de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leo.

Caiteachais.

15. —Íocfaidh an Coláiste as a chistí na costais, na muirir agus na caiteachais a tabhaíodh roimh ré leis an Acht seo a ullmhú, a fháil agus a rith nó a bhaineann nó a ghabhann leis sin.

Gearrtheideal.

16. —Féadfar an tAcht um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.