2 1923

Uimhir 2.


ACHT SLÁNUÍOCHTA (ARM NA BREATAINE), 1923.


ACHT CHUN TEORA DO CHUR LE hIMEACHTA DLÍ DO THÓGAINT I dTAOBH GNÍOMHARTHA, RUDAÍ AGUS NITHE ÁIRITHE DO DINEADH I SAORSTÁT ÉIREANN SA CHOINBHLIOCHT A BHÍ ANN LE DÉANAÍ LEIS AN RIALTAS BRIOTÁINEACH, AGUS CHUN FORALACHT I gCOIR NITHE A LEANANN DÁ DHEASCAIBH. [10adh Feabhra, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Teoranta le himeachta dlí do thógaint i gcoinnibh daoine áirithe.

1. —Ní bunófar aon aicsean ná aon imeacht eile dlí ar bith, síbhialta ná coiriúil, in aon Chúirt dlí ná cothruim i Saorstát Éireann i gcoinnibh aon duine a‘los ná i dtaobh ná i leith aon ghníomha, ruda ná ní a dineadh tar éis an 23adh lá d'Abrán, 1916, agus roimh dáta rithte an Achta so, ag aon duine no fé údarás aon duine a bhí, le linn déanamh an ghníomha no an ruda no an ní, i seilbh aon oifige no ag obair i seirbhís d'aon tsaghas fén gCoróinn Bhriotáineach no fén Rialtas Briotáineach, pe'ca seirbhís chabhlaigh, airm, aer-fhórsa, phóilíneachta no shíbhialta í, má dineadh no gur tuigeadh go macánta gur dineadh an gníomh no an rud no an ní sin i bhfeidhmiú dualgais an te a dhin é, no i gcleachta no i bhfeidhmiú aon údaráis a bronnadh le haon reacht de Pháirlimint na Breataine no le haon ordú reachtúil no aon ordú eile den Rialtas Briotáineach ar an duine sin no ar an té gur fé n-a údarás a bhí an duine sin ag gníomhú, no má tuigeadh go macánta gur dineadh é chun an fhuirm rialtais a bhí in Éirinn an uair sin do chimeád suas no chun na sábháltachta publí no chun an leasa phuiblí ar aon tslí eile: Ach ní léireofar éinní san Acht so chun éinne do chosc ar aon imeachta do bhunú no do chur ar aghaidh fén Acht Slánuíochta, 1920, no ar aon díoluíocht no aon chúiteamh d'éileamh no do bhaint amach fén Acht roimh-ráite más bunú no cur ar aghaidh no éileamh no baint amach é a fhéadfadh se a dhéanamh mara mbeadh gur ritheadh an t-Acht so.

Imeachta ar fionnraoi do chur as feidhm.

2. —Má bunuíodh aon aicsean no aon imeacht eile den tsórt a luaidhtear san Acht so roimh rith an Achta so agus go bhfuil sé ar fionnraoi anois, déanfar é do chur as feidhm agus as éifeacht gan dochar do pé ordú i dtaobh costaisí is oiriúnach leis an gCúirt go bhfuil an t-aicsean san no an imeacht san ar fionnraoi inti no le Breitheamh di do dhéanamh.

Eilimh a bheid fé bhráid bhínsi áirithe ní bheid la stigh den Acht so.

3. —Chun críche an Achta so, má dintear aon éileamh do bhunú no do chur ar aghaidh i láthair aon bhínse a bheidh ceaptha chun féachaint isteach in éilithe ar chúiteamh fé sna hachtanna a bhaineann le díobhála coiriúla no fé aon acht le n-a leasuítear an céanna, ní tuigfear é do bheith in‘aicsean ná in‘imeacht dlí do réir brí Ailt a haon den Acht so.

Teisteas ó Rúnaí Stáit do bheith in fhianuise.

4. —Aon fhaisnéis i scríbhinn a bheidh sighnithe ag aon Rúnaí Stáit de Rialtas na Breataine agus ag deimhniú éinní de sna nithe a luaidhtear san alt so, beidh sí ina fianuise dho-chlaoite ar na nithe a deimhneofar mar sin, sé sin le rá:—

(a) le linn déanamh an ghníomha, an ruda no an ní ar a ngearántar in aon aicsean no imeacht dlí den tsórt a luaidhtear san Acht so, go raibh an té do dhin é no gur fé n-a údrás do dineadh é i seilbh oifige no ag obair i seirbhís fén gCoróinn Bhriotáineach no fén Rialtas Briotáineach;

(b) go raibh aon ghníomh, rud no ní den tsórt san roimhráite 'na chuid no laistig de dhualgas an té a dhin é;

(c) go raibh aon ghníomh, rud no ní den tsórt san roimhráite laistig de sna comhachtanna agus den údarás a bronnadh le reacht de Pháirlimint na Breataine no le hordú ón Rialtas Briotáineach ar an duine a dhin é no ar an té gur fé n-a údarás a bhí an duine sin ag gníomhú.

Ní cuirfear isteach ar Bhreithiúntaisí do dineadh.

5. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so aon dochar ná cur isteach ar aon bhreithiúntas deiridh a tugadh roimh rith an Achta so ag:—

(a) aon Chúirt ná téidheann aith-éisteacht ar a breith do réir dlí;

(b) aon Chúirt eile nuair ná fuil an breithiúntas le linn rithte an Achta so 'na chúis aith-éisteachta neachríochnuithe.

Gearr-Theideal.

6. —Féadfar an t-Acht Slánuíochta (Arm na Breataine), 1923 , do ghairm den Acht so.