6 1923

Uimhir 6.


ACHT UM GHIÚISTÍSÍ DÚITHCHE (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923


ACHT CHUN FORÁLACHT SHEALADACH DO DHÉANAMH I gCÓIR GIÚISTÍSÍ DÚITHCHE DO CHEAPA CHUN CÚIRTEANNA ÚDARÁIS ACHMHAIR DO CHOMÓRA AGUS CHUN ATHARUITHE A LEANANN SAN DO DHÉANAMH AR AN nDLÍ I dTAOBH CÚIRTEANNA ÚDARÁIS ACHMHAIR AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEANN LEO SAN. [27adh Márta, 1923.]

ACTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Giúistisí Dúithche do cheapa.

1. —(1) Beidh sé dleathach do Sheanascal Shaorstáit Éireann ar chomhairle na hArd-Chomhairle daoine cearta oiriúnacha, a bheidh 'na n-Abhchóidí Dlí i Saorstát Éireann le dhá bhliain ar a luighead roimhe sin no 'na n-Atúrnaethe de Chúirt Uachtaraigh Shaorstáit Éireann, do cheapa ó am go ham chun bheith 'na Máistreoirí fén dteideal “Giúistísí Dúithche” agus chun cólíonta na ndualgaisí agus chun sealbhuithe na gcomhacht a leagtar amach leis an Acht so.

(2) Gach duine a ceapfar chun bheith 'na Ghiúistís Dúithche féadfar é do bhrise no do chur chun siúil ar chomhairle na hArdchomhairle aon uair is maith le Seanascal Shaorstáit Éireann é.

(3) Gach duine a ceapfar mar sin chun bheith 'na Ghiúistis Dúithche, déanfar, faid a bheidh an oifig sin aige, tuarastal agus liúntaisí d'íoc leis as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas agus do réir scála a órdóidh an t-Aire le toil an Aire Airgid.

(4) Le linn aon duine do bheith i seilbh oifige Giúistís Dúithche ní bheidh ar a chumas aon oifig ná aon bheart eile sochair a bheith ar seilbh aige agus ní féadfar é do thogha, ná ní fhéadfa sé bheith, 'na bhall d'aon Tigh den Oireachtas.

(5) Gach duine a ceapfar mar sin chun bheith 'na Ghiúistís Dúithche déanfa sé, sara dtosnóidh sé ar ghnó a oifige, faisnéis sholamanata do shighniú agus do thabhairt sa bhfuirm atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Dualgaisí Giúistísí Dúithche.

2. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach Giúistís Dúithche a ceapfar fén Acht so Cúirteanna Dúithche do choinneáil laistigh den Dúthaigh a ceapfar do, sna háiteanna san agus ar na huaire sin a leagfaidh an t-Aire amach.

(2) Le linn Giúistís Dúithche do bheith, do réir an Achta so, ina shuidhe i gCúirt Dúithche agus á coinneáil, beidh gach comhacht agus údarás aige do bhí, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do réir reachta no éinní eile, ag Giúistís Síochána ina shuidhe i nGearr-Shiosón.

(3) Gach ordú, aithne no breith a dhéanfaidh no a thabharfaidh Giúistís Dúithche le linn é do bheith, do réir an Achta so, 'na shuidhe i gCúirt Dúithche agus á coinneáil, beid nocht d'aithéisteacht (má iarrtar san) díreach mar a bheadh ordú, aithne no breith den tsaghas chéanna a dhéanfadh no a thabharfadh Giúistís Síochána agus é 'na shuidhe i nGearr-Shiosón roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922.

(4) Laistigh dá Dhúthaigh, nuair ná beidh sé 'na i nGearr-Shiosón beidh ag Giúistís Dúithche gach comhacht, údarás agus dualgas a bhí, díreach roimh aimsir rithte an Achta so, bronnta no curtha ar Ghiúistís Síochana.

(5) Aon ghníomh, rud no ní 'na raibh sé riachtanach no údaruithe, do réir aon reachta, riala no ordú díreach roimh aimsir rithte an Achta so, é do dhéanamh i lathair no i bhfianuise Giúistís Síochána no é do sheirbheáil air, beidh sé riachtanach no údaruithe (fé mar a bheidh) é do dhéanamh i láthair no i bhfianuise Giúistís Dúithche, no é do sheirbheáil air ó aimsir rithte an Achta so agus dá héis (gan dochar d'aon chomhacht no údarás a bronntar leis an Acht so ar Choimisinéir Shíochána).

Ath-shocrú na nDúithchí Gearr-Shiosóin.

3. —(1) Díreach tar éis rithte an Achta so no chó luath agus a bheidh caothúil 'na dhiaidh sin déanfaidh an t-Aire Saorstát Éireann (lasmuich de Chontae Chathrach Bhaile Atha Cliath agus den mhéid sin de Chontae Bhaile Atha Cliath atá laistigh d'údarás Máistreoirí Roinne Cathrach Bhaile Atha Cliath) do roinnt 'na Dhúithchí Cúirte caothúla agus aon áit chaothúil amháin do cheapa i ngach Dúthaigh den tsórt san no laistigh de mhíle ó theorainn na Dúithche sin, áit ina gcoinneofar an Chúirt Dúithche don Dúthaigh sin.

(2) Beidh sé dleathach don Aire atharú do dhéanamh ó am go ham fé mar is oiriúnach leis ar gach ceann no ar aon cheann de sna Dúithchí Cúirte a ceapfar fén alt so agus atharú do dhéanamh ar gach ceann no ar aon cheann de sna háiteanna a ceapfar fén alt so chun Cúirteanna Dúithche do choinneáil ionta.

(3) Díreach tar éis leaga amach na nDúithchí Cúirte fén alt so do chríochnú, ansan, chun gach críche, beidh na Dúithchí Cúirte sin in áit agus in ionad na nDúithchí Gearr-Shiosón ina raibh Saorstát Éireann rointe le linn rithte an Achta so agus déanfar an Chúirt Dúithche i ngach Dúithche agus i gcóir gach Dúithche den tsórt san do choinneáil san áit a cheapfaidh an t-Aire fén alt so agus ní coinneofar a thuille Gearr-Shiosón i Saorstát Éireann.

(4) Ceapfaidh an t-Aire mar Dhúthaigh do gach Giúistís Dúithche pé Dúithchí agus pé méid Dúithchí is oiriúnach leis de sna Dúithchí Cúirte a leagfar amach fén alt so (pe'ca in aon chontae amháin dóibh no i níos mó ná san) agus féadfa sé ó am go ham mar is oiriúnach leis atharú do dhéanamh ar na Dúithchí Cúirte do ceapadh do sna Giúistísí go léir no d'éinne aca agus aon Ghiúistís Dúithche d'aistriú ón nDúthaigh a ceapadh do mar sin go dtí aon Dúthaigh eile.

Coimisinéirí Siochána do cheapa.

4. —(1) Feadfaidh an t-Aire ó am go ham le barántas fé na láimh pé daoine cearta oiriúnacha agus pé méid díobh is oiriúnach leis, daoine ar a nglaofar “Coimisinéirí Síochána,” do cheapa i ngach Contae chun na dualgaisí agus na comhactanna a leagtar amach leis an Acht so do chó-líona agus d'fheidhmiú laistigh den Chontae sin agus féadfa sé ar an gcuma gcéanna iad do chur chun siúil.

(2) Beidh ag Coimisinéir Síochána gach comhacht agus údarás a bhí ag Giúistís Síochána díreach roimh aimsir rithte an Achta so, i dtaobh na rudaí uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) sighniú Gairmeacha;

(b) sighniú Barántas;

(c) Cur fé mhóid agus faisnéisí, deimhniúcháin agus finéachtaí do thógaint;

(d) geilteanna agus amadáin dainséaracha do chur go Gealtlanna fé alt10 den Acht um Ghealtacht (Éirinn), 1867 (30 & 31 Vict., ch. 118);

(e) sighniú teisteas chun geilteanna agus amadáin do leigint isteach i nGealtlanna;

(f) sighniú an teistis a éilítear le hAlt 2 den Reacht dá ngoirtear an t-Acht um Chlárú Cleobanna (Éirinn), 1904:

Ach is Giúistís Dúithche a shighneoidh aon ghairm i gcoinnibh aon bhaill den Ghárda Síochana.

(3) I gcás ball den Ghárda Síochána do ghabháil aon duine a bheidh cúisithe i gcoir indíotálta do dhéanamh, déanfar mara mbeidh Giúistís Dúithche ar fáil díreach le na linn sin an duine sin do thabhairt gan mhoill os cóir Coimisinéara Shíochána agus tar éis pé fianuise a tairgeofar d'éisteacht, déanfa sé sin an duine sin do chur siar fé choimeád no fé pé bannaí is oiriúnach leis an gCoimisinéir Síochána agus an chúis do chur chun éisteachta os cóir Giúistís Dúithche ar dháta nách déanaí ná an chéad Chúirt Dúithche eile a coinneofar sa Dúthaigh Chúirte inar gabhadh an duine sin.

(4) Aon uair a tabharfar i láthair Giúistís Dúithche aon duine a bheidh cúisithe i gcoir indíotálta do dhéanamh, beidh sé dleathach don Ghiúistís Dúithche sin an duine sin do chur siar go dtí dáta nách déanaí ná an chéad Chúirt Dúithche eile a choinneoidh sé sa Dúthaigh Cúirte inar gabhadh an duine sin.

Cléirigh Chúirteanna Dúithche do cheapa.

5. —(1) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis beidh deire leis na sean-oifigí Cléirigh Ghearr-Shiosóin agus scuirfidh gach sean-Chléireach Gearr-Shiosóin den oifig atá aige do shealbhú.

(2) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis déanfaidh agus féadfaidh an t-Aire ó am go ham do réir mar a bheidh gá leis daoine cearta oiriúnacha do cheapa ina gCléirigh Chúirte Dúithche sna Dúithchí Cúirte sin uile a bunófar fén Acht so agus féadfa sé gach duine den tsórt san do cheapa ina Chléireach Cúirte Dúithche in aon cheann amháin no i mbreis agus aon cheann amháin de sna Dúithchí Cúirte sin.

(3) Gach Cléireach Cúirte Dúithche a ceapfar fén alt so sealbhóidh sé a oifig do réir na sealbhuíochta san a órdóidh an t-Aire agus íocfar leis tuarastal do réir scála a órdóidh an t-Aire le toil an Aire Airgid.

(4) Na Cléirigh Chúirte Dúithche a ceapfar fén alt so íocfar a dtuarastail as na cistí céanna as a bhfuil tuarastail na sean-Chléireach Gearr-Shiosóin á ndíol go dtí so agus maran leor na cistí sin chun na tuarastail sin d'íoc déanfar suas oiread den easnamh agus a cheadóidh an t-Aire Airgid as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas: Ach ní dhéanfaidh éinní sa bhfo-alt so dochar don chomhacht chun luíoduithe a bronntar le hAlt 2 den Acht um Chléirigh Ghearr-Shiosóin (Éirinn), 1881.

(5) Gach Cléireach Cúirte Dúithche a ceapfar fén Acht so, có-líonfa sé i dtaobh a Dhúithche no a Dhúithchí na dualgaisí céanna do bhí á gcó-líona go dtí so ag na sean-Chléirigh Ghearr-Shiosóin i dtaobh na sean-Dúithchí Gearr-Shiosóin agus có líonfa sé leis na dualgaisí eile sin a cheapfaidh an Giúistís Dúithche do ó am go ham.

(6) Gach Cléireach Cúirte Dúithche a ceapfar fén Acht so beidh aige i ngach Contae ina mbeidh aon chuid dá dhúthaigh no dá dhúithchí an chomhacht agus an t-údarás céanna san chun Gairmeacha Cúirte Dúithche do shighniú a bronntar leis an Acht so ar Choimisinéir Shíochána sa Chontae sin.

(7) O aimsir rithte an Achta so agus dá héis glaofar “Cláradóir na gCléireach Cúirte Dúithche” ar shean-oifig Chláradóra na gCléireach Gearr-Shiosóin, agus co-líonfaidh an Cláradóir sin i dtaobh na gCléireach Cúirte Dúithche a ceapfar fén alt so na dualgaisí céanna a bhí aige á chó-líona go dtí so i dtaobh na sean-Chléireach Gearr-Shiosóin.

(8) San alt so cialluíonn an focal “sean” bheith ann ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922.

Comhacht chun am do shíne i gcásanna áirithe.

6. —(1) Féadfaidh aon Ghiúistís Dúithche, más dó leis agus nuair is dó leis gur rud ceart réasúnta le déanamh é, féadfa sé gan dochar do sna teoranta a marcáltar leis an alt so, sine do dhéanamh ar an am a teoruítear le haon reacht, riail no rialachán chun aon imeachta i nGearr-Shiosón no i gCúirt Dhúithche do thionnscnamh, no chun aon fhógra do thabhairt, chun aon scribhinn do sheirbheáil no chun aon ghníomh, rud no ní do dhéanamh i dtaobh aon imeachta den tsórt san no mar roimhchoiníoll d'aon imeachta den tsórt san.

(2) An chomhacht um shíne ama a bronntar leis an alt so féadfar í d'fheidhmiú pe'ca bheidh deire an ama san tagaithe roimh dáta feidhmithe na comhachta san no ná beidh, ach ní feidhmeofar an chomhacht san ach i dtaobh ama gur tháinig no go dtiocfaidh a dheire tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1920, agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1923.

(3) Ní sínfear aon am fén alt so go dtí aon dáta tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1923.

Gníomhóidh an Gárda Síochána in ionad Constábluíochta Ríogdha na hÉireann.

7. —Gach gníomh, rud no ní go raibh do réir dlí ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, gá no údarás le n-a dhéanamh ag Cigire, Sáirsint, Constábla no ball eile de Chonstábluíocht Ríogdha na hÉireann no le n-a dhéanamh i bhfianaise an chéanna no le n-a sheirbheáil air in aon Ghearr-Shiosón no 'na thaobh no mar gheall air beidh, ó aimsir rithte an Achta so, gá no údarás le n-a dhéanamh ag Cigire, Sáirsint, Constábla no ball eile (fé mar a éileoidh an cás) den Ghárda Síochána, no le n-a dhéanamh i bhfianaise an chéanna no le n-a sheirbheáil air i gCúirt Dhúithche no 'na taobh no mar gheall uirthi.

Táillí Gearr-Shiosóin do mhéadú.

8. —Na táillí uile atá le linn rithe an Achta so iníoctha do réir dlí i nGearr-Shiosón no mar gheall ar Ghearr-Shiosón, no atá iníoctha leis an gCléireach Gearr-Shiosóin no atá ionbhailithe aige no a teasbántar no íoctar le Stampaí Gearr-Shiosóin (ar a n-áirítear an Ghadhar-Cháin), leanfaid de bheith iníoctha ar na huaire céanna agus sa tslí chéanna 'na rabhadar iníoctha go dtí so ach go mbeid atharuithe i dtreo go ndéanfar, ó aimsir rithte an Achta so agus dá héis, na táillí uile sin ach an Ghadhar-Cháin d'éileamh agus d'íoc ar dúbailt an ráta ar ar dineadh an céanna d'éileamh agus d'íoc go dtí so agus go ndéanfar an Chúirt Dúithche, an Cléireach Cúirte Dúithche agus Stampaí Cúirte Dúithche do chur fé seach in ionad Gearr-Shiosón, an Cléireach Gearr-Shiosóin agus Stampaí Gearr-Shiosóin.

Ceapa agus gníomhartha na nGiúistísí Dúithche atá ann do dhaingniú.

9. —(1) De bhrí gur ceapadh fén Acht Constábluíochta (Éirinn), 1836, (6 & 7 Will. iv. ch. 13), ag Seanascal Shaorstáit Éireann chun bheith ina Mháistreoir fén Acht san gach duine dá bhfuil ainmnithe sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so tuigfear gach duine dhíobh do bheith ceaptha agus do bheith ina Ghiúistís Dúithche fén Acht so.

(2) Gach gníomh, rud agus ní do dineadh tar éis an 28adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, ag éinne de sna daoine sin atá ainmnithe sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so má dhin sé é i bhfeidhmiú no le hintinn a dhéanta i bhfeidhmiú aon údaráis a tuigeadh a bheith aige le linn do an gníomh, rud no ní sin do dhéanamh, toisc gur ceapadh no gur tuigeadh gur ceapadh é ag Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí, no ag aon Aire dhe, chun bheith ina Ghiúistís Dúithche, beid, in ainneoin aon teipe i gcó-líona aon reachta, riala no orduithe (pe'ca le gníomh no le faillí é) agus in ainneoin aon mhírialtachta eile beid chó stóinsithe agus chó héifeachtach is dá ndintí an céanna go rialta ag Máistreoir a ceapadh go cuibhe fén Acht Constábluíochta (Éirinn) 1836 (6 & 7 Will. iv. ch. 13), no (i gcás gníomhartha, rudaí agus nithe go n-éilíonn an dlí iad do dhéanamh ag beirt Mháistreoirí 'na suidhe le chéile) ag beirt Mháistreoirí den tsórt san.

(3) Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh éinne de sna daoine sin atá ainmnithe sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná ní bheidh sé i mbaol aon phionós do chur air a' los ná i dtaobh ná i leith aon ghnímh ruda ná ní do dhin aon duine den tsórt san tar éis an 22adh lá de Dheire Foghmhair, 1922, i bhfeidhmiú no le hintinn a dhéanta i bhfeidhmiú aon údaráis den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ná a' los ná i dtaobh ná i leith aon teipe (pe'ca le gníomh no le faillí é) i gcó-líona téarmaí aon reachta, riala no orduithe ná a' los ná i dtaobh ná i leith aon mhí-rialtachta eile i ndéanamh an ghnímh, an ruda no an ní sin.

Oiriúnú Achtanna.

10. —(1) Gach luadh no tagairt atá in aon Reacht Briotáineach no in aon ordú, riail no rialachán, a dineadh fé aon Reacht Briotáineach, d'aon oifigigh, chúirteanna, dúithchí no nithe atá luaidhte sa Chéad Cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, léireofar agus feidhmeofar é i dtaobh aon ghníomh, rud no ní do dhéanamh no d'fhágaint gan déanamh i Saorstát Éireann tar éis rithte an Achta so, mar thagairt don oifigeach, don chúirt, don dúthaigh no don ní atá ainmnithe sa Dara Cholún den Dara Sceideal roimh-ráite os coinne ainme an oifigigh, na cúirte, na dúithche no an ní atá sa Chéad Cholún.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “Reacht Briotáineach” Acht a dhin Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí agus go raibh feidhm aige ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é.

Mínithe.

11. —San Acht so beidh ar na habairtí seo leanas, nuair a cheaduíonn an có-théacs é, na mínithe a tugtar ortha fé seach leis an alt so, sé sin le rá:—Cialluíonn “An t-Aire” an t-Aire um Ghnóthaí Dúithche; cialluíonn agus foluíonn “Giúistís Síochána” gach n-aon díobh so leanas, eadhon:—

(a) aon Ghiúistís Síochána amháin 'na shuidhe no ag gníomhú in' aonar;

(b) beirt no níos mó Giúistísí Síochána 'na suidhe no ag gníomhú le chéile;

(c) aon Mháistreoir amháin dar ceapadh fén Acht Constábluíochta (Éirinn), 1836 (6 & 7 Will. iv., ch. 13);

(d) beirt Mháistreoirí den tsórt san 'na suidhe no ag gníomhú le chéile:

Sé rud a chialluíonn “Gárda Síochána” ná an Fórsa Póilíní i Saorstát Éireann ar a nglaotar de ghnáth le linn rithte an Achta so an Gárda Síochána agus a aithnítear de ghnáth mar sin.

Gearrtheideal agus Buaine.

12. —(1) Féadfar an t-Acht um Ghiúistísí Dúithche (Socruithe Sealadacha), 1923, do ghairm den Acht so.

(2) Leanfaidh an t-Acht so i bhfeidhm ar feadh bliana caileandair tar éis a rithte agus raghaidh sé in éag ansan.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

“Bheirim-se......................................mo mhóid go dtabharfad seirbhís mhaith mhacánta uaim do Shaorstát Éireann in oifig Ghiúistís Dúithche gan fabhar ná páirt, gan mailis ná droch-aigne; go bhféachfad chuige agus go n-abharód go ndéanfar an tsíocháin do chimeád agus do choinneáil; go gcoiscfead chó fada lem' chumas gach cionta i gcoinnibh an chéanna; go ndéanfad mo dhícheall, do réir mo thuisgiona agus m'eolais, an fhaid a bhead i seilbh na hoifige roimh-ráite, ar dhualgaisí uile na hoifige do chó-líona go macánta do réir dlí maidir le feidhmiú Barántas agus gach ní eile agus ná bainim anois agus, an fhaid a bheidh seilbh na hoifige roimh-ráite agam, ná ceanglód agus ná bainfead le haon chumann politíochta ná le haon chumann sicréideach.

A Dhia dem' neartú.”

AN DARA SCEIDEAL.

Ainm sa Reacht Briotáineach.

Ainm i Saorstát Éireann.

Gearr-Shiosón

...

...

......

Cúirt Dhúithche.

Dúthaigh Ghearr-Shiosóin

...

Dúthaigh Chúirte.

Cléireach Gearr-Shiosóin

...

Cléireach Cúirte Dúithche.

Cláradóir Cléireach Gearr-Shiosóin

Cláradóir Cléireach Cúirte Dúithche

Gairm Ghearr-Shiosóin

...

...

Gairm Chúirte Dúithche.

Stampaí Gearr-Shiosóin

...

Stampaí Cúirte Dúithche.

Giúistís

Giúistísí

Máistreoir

Máistreoirí

'na suidhe i nGearr-Shiosón.

Giúistís Dúithche 'na shuidhe i gCúirt Dhúithche agus á coinneáil.

AN TREAS SCEIDEAL.

Lughaidh Breathnach, Atúrnae.

Pilib O Labhradha, Atúrnae.

Séamus O Crotaigh, Atúrnae.

Liam Praidheas, Abhcóide Dlí.

Risteárd Mac Eoin, Atúrnae.

Pilib O Donnchadha, Abhcóide Dlí.

Diarmaid O Glasáin, Atúrnae.

Seoirse O Cúisín, Atúrnae.

Seán O Fathaigh, Atúrnae.

Seosamh O Maolthuile, Abhcóide Dlí.

Maitiú O hAnnáin, Abhcóide Dlí.

Liam O Cuinn, Atúrnae.

Cionath O Rodáin, Atúrnae.

Seán O Maolmhuaidh, Atúrnae.

Pártholán Mac Eochaidh, Atúrnae.

Cathal O Flaitire, Atúrnae.

Seán Mac Giollaranáth, Atúrnae.

Eamonn O Beagáin, Abhcóide Dlí.

Tomás Mac Fhionnlaoich, Abhcóide Dlí.

Cearbhall O Biadha, Abhcóide Dlí.

Seán O Gallachobhair, Abhcóide Dlí

Seán de Treo, Atúrnae.

Liam O Meachair, Atúrnae.

Donncha O Súilleabháin, Abhcóide Dlí

Gearóid O Fearghail, Abhcóide Dlí.

Seán O hAnnracháin, Atúrnae.

Pádraig O Súilleabháin, Abhcóide Dlí.