15 1923

Uimhir 15


ACHT UM DHÍOBHÁIL DO MHAOIN (CÚITEAMH), 1923.


ACHT CHUN ATHARÚ DO DHÉANAMH AR AN nDLI A BHAINEANN LE CÚITEAMH I nDÍOBHÁIL CHOIRIÚIL. [12adh Bealtaine, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Díobhála do Dineadh ar an 11adh Lá d'iúl, 1921, no roimhe

Ní bunófar aon imeacht dlí i dtaobh díobhálanna Coiriúla áirithe.

1. —(1) Ní bunófar aon imeacht fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil tar éis rithte an Achta so i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

(2) Gach imeacht fé sna hAchtanna roimh-ráite atá ar fionnraoi le linn rithte an Achta so i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an t-alt so agus nár dineadh aithne ann beidh siad agus faisnítear leis seo iad do bheith gan éifeacht agus as feidhm, agus ní bheidh ag aon pheártí san imeacht san aon éileamh i gcoinnibh aon pheártí eile ann i dtaobh costaisí a cuireadh suas san imeacht san.

(3) Ní bheidh sé dleathach d'aon duine tar éis rithte an Achta so éinní do dhéanamh chun fáil no feidhmiú íoca méide aon aithne a dineadh roimh rith an Achta so fé sna hAchtanna roimh-ráite i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

Bainfidh an fo-alt so le gach costas agus caithteachas chó maith le cúiteamh a molfar le haon aithne den tsórt san agus le hús aon chúitimh den tsórt san ’na mbeidh ús air.

(4) Bainfidh an t-alt so le himeachta agus le haitheanta aon ath-chomhairc chó maith le himeachta agus le haitheanta aon chúirte chéad-chéime.

(5) Bainfidh an t-alt so le haon díobháil pe'ca díobháil do mhaoin no do dhuine í a dineadh in Éirinn i rith na tréimhse idir an t-aonú lá ar fhichid d'Eanair, naoi gcéad a naoi déag, agus an t-aonú lá déag d'Iúl, naoi gcéad a h-aon ar fhichid agus an dá lá san d'áireamh ann.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so ná ní chuirfidh sé cosc le héileamh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an t-alt so do thíolaca d'aon Choimisiún Fiosrúcháin ná do phróiseacht ina láthair

CUID II.

Diobhála do Dineadh tar éis an 11adh lá d'lúl, 1921.

Féadfar iarrataisí gur deighleáladh leo cheana d'ath-oscailt agus d'athéisteacht.

2. —(1) Gach iarratas fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i ndíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus gur dineadh aithne ina thaobh roimh rith an Achta so déanfar é d'ath-oscailt agus d'ath-éisteacht ar iarratas a déanfar aon uair laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so ag an iarrthóir no ag an Aire Airgid.

(2) Gach iarrthóir atá ar intinn a iarraidh fén alt so go ndéanfaí aon iarratas den tsórt roimh-ráite d'ath-oscailt agus d'athéisteacht seirbheálfa sé fógra i dtaobh na hintinne sin sa bhfuirm agus ar na daoine a cheapfidh an t-Aire um Ghnóthaí Dúithche.

(3) I ngach cás gurb é intinn an Aire Airgid a iarraidh fén alt so go ndéanfaí aon iarratas den tsórt san roimh-ráite d'ath-oscailt agus d'ath-éisteacht féachfa sé chuige go seirbheálfar fógra i dtaobh na hintinne sin ar an duine gurb é iarrthóir an iarratais sin é agus féadfa sé a rá sa bhfógra san cadé an chúis atá le hathéisteacht d'iarraidh agus ce'ca a cuirtear no ná cuirtear i gcoinnibh an dátáin gur fhulag an t-iarrthóir díobháil ’na mbeadh sé i dteideal cúitimh na taobh ar an ath-éisteacht, agus mara gcuirfear i gcoinnibh an dátáin sin, féadfar tairisgint de pé cúitimh (fé choiníoll ath-shuidhimh no saor uaidh) is cóir dar leis an Aire do bheith sa bhfógra roimh-ráite agus má glactar leis an dtairisgint sin no le haon tairisgint leasuithe laistigh de cheithre lá déag tar éis an fógra roimh-ráite do sheirbheáil no den tuille ama san a lomhálfaidh an t-Aire Airgid, déanfar, gan dochar d'fhorálacha fó-alt (5) agus (6) den alt so agus d'fhorálacha an Achta so a bhaineann le coiníollacha ath-shuidhimh, déanfar aithne i gcóir méide an chúitimh a luadhfar sa dtairisgint no sa dtairisgint leasuithe a glacadh mar sin.

(4) Bainfidh Cuideanna II. agus III. den Acht so le gach athéisteacht fén alt so chó hiomlán is do bhainfidís léi dá mba bunéisteacht a tosnuíodh tar éis rithte an Achta so an ath-éisteacht san.

(5) In aon chás ’nar dineadh aithne i gcóir chúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil, i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so, agus

(a) gur dineadh an cúiteamh a moladh leis an aithne sin do shanna no do chur fé mhorgáiste no fé mhuirear roimh an 1adh lá d'Eanair, 1923, agus

(b) gur tugadh fógra i dtaobh an tsanna, an mhorgáiste no an mhuirir sin go cuibhe roimh an 6adh lá d'Fheabhra, 1923, don Chomhairle Chontae no Chontae-Bhuirge atá freagarthach fén aithne sin in íoc an chúitimh do moladh leis an aithne sin, agus

(c) go ndéanfar iarratas fén alt so chun an t-iarratas ar an aithne sin d'ath-oscailt agus d'aith-éisteacht, agus

(d) go molfar cúiteamh de bharr na hath-éisteachta san,

ansan agus i ngach cás den tsórt san, gan dochar ná díobháil d'aon choiníoll ath-shuidhimh a bheidh ag gabháil leis an gcúiteamh a molfar san ath-éisteacht san, oibreoidh gach sanna, morgáiste no muirear den tsórt san ar an gcúiteamh san is déanaí luadhadh sa tslí chéanna agus chó hiomlán is d'oibrigh an sanna, an morgáiste no an muirear san, ar an 6adh lá d'Fheabhra, 1923, ar an gcúiteamh do moladh leis an aithne sin: Ach i gcomhnuí, nuair a déanfar in aon chás den tsórt san coiníoll ath-shuidhimh do chur leis an gcúiteamh, no le haon chuid den chúiteamh a molfar san ath-éisteachta san, féadfaidh an Breitheamh ar dhéanamh na hath-éisteachta san do, más cóir agus más cothrom leis san do dhéanamh, aon tsanna, morgáiste no muirear den tsórt san do shíne no d'aistriú chun an fhoirgnimh a bheidh le tógáil do réir an choiníll ath-shuidhimh sin, i dtreo go mbainfidh an sanna, an morgáiste no an muirear san leis an bhfoirgneamh san i dteanta no chun glana an chúitimh a moladh leis an aithne sin agus san sa tslí sin agus sa mhéid sin a ordóidh an Breitheamh agus féadfar aon tsíne no aistriú den tsórt san do dhéanamh ar shanna tré mhuirear ar an bhfoirgneamh roimh-ráite do thabhairt don sannuí i méid na comaoine d'íocadh sa sanna san.

(6) In aon chás ’nar dineadh aithne i gcóir cúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so, agus

(a) gur Breitheamh den Árd-Chúirt do dhin an aithne sin, agus

(b) go raibh Comhairle na Contae no na Contae-Bhuirge gur ’na líomatáiste feidhmiúcháin a dineadh an díobháil, go rabhadar i láthair tré Abhcóide no Atúrnae agus an éisteacht á dhéanamh ag an mBreitheamh san den Árd-Chúirt agus gur chuireadar bona fide i gcoinnibh aon chúiteamh do mhola no i gcoinnibh an méid cúitimh do héilíodh do mhola, agus

(c) gur dineadh an cúiteamh do moladh leis an aithne sin do shanna no do chur fé mhorgáiste no fé mhuirear roimh an 1adh lá d'Eanair, 1923, i gcomaoine suime nár mhó ná méid an chúitimh sin, no chun an tsuim sin d'fháil agus

(d) gur tugadh fógra i dtaobh an tsanna, an mhorgáiste no an mhuirir sin go cuibhe roimh an 6adh lá d'Fheabhra, 1923, don Chomhairle Chontae no don Chomhairle Chontae-Bhuirge a bhí freagarthach fén aithne sin in íoc an chúitimh do moladh leis an aithne sin, agus

(e) go ndéanfar iarratas fén alt so chun an t-iarratas ar an aithne sin d'ath-oscailt agus d'ath-éisteacht;

ansan agus i ngach cás den tsórt san ní bheidh an méid cúitimh a molfar san ath-éisteacht san níos lú ná an chomaoine d'íocadh as an sanna san, ná níos lú ná an méid d'íocadh as an morgáiste no as an muirear (do réir mar bheidh), ach ní choiscfidh éinní sa bhfó-alt so coiníoll ath-shuidhimh do chur le hiomlán an chúitimh a molfar san ath-éisteacht san no le haon chuid de, ná ní bhacfidh an Breitheamh le forálacha an fho-ailt seo le linn do a shocrú ce'ca a cuirfear no ná cuirfear coiníoll ath-shuidhimh leis an gcúiteamh a molfar san ath-éisteacht san: Ach i gcomhnuí, nuair a déanfar in aon chás den tsórt san coiníoll ath-shuidhimh do chur leis an gcúiteamh no le haon chuid den chúiteamh a molfar san athéisteachta san, féadfaidh an Breitheamh ar dhéanamh na hathéisteachta san do, más cóir agus más cothrom leis san do dhéanamh, aon tsanna, morgáiste no muirear den tsórt san do shíne no d'aistriú chun an fhoirgnimh a bheidh le tógáil do réir an choiníll ath-shuidhimh sin i dtreo go mbainfidh an sanna, an morgáiste no an muirear san leis an bhfoirgneamh san i dteanta no chun glana an chúitimh a moladh leis an aithne sin, agus san sa tslí sin agus sa mhéid sin a ordóidh an Breitheamh, agus féadfar aon tsíne no aistriú den tsórt san do dhéanamh ar shanna tré mhuirear ar an bhfoirgneamh roimh-ráite do thabhairt don sannuí i méid na comaoine d'íocadh as an sanna san.

(7) San alt so foluíonn an focal “aithne” breith diúltuithe cúitimh chó maith le breith mholta cúitimh.

(8) Ar dhéanamh aon ath-éisteachta fén alt so, féadfaidh an Breitheamh, i dteanta costaisí na hath-éisteachta san a mhola, iomlán na gcostaisí fé n-ar chuaidh an t-iarrthóir i dtaobh no a los an iarratais roimhe sin no pé cuid díobh is réasúnta dar leis an mBreitheamh, do mhola don iarrthóir agus na costaisí a molfar mar sin íocfar iad an uair chéanna agus sa tslí chéanna ’na n-íocfar costaisí na hath-éisteachta.

(9) Ní bhainfidh an t-alt so le haon aithne a dineadh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so, in aon chás ’nar dineadh an aithne sin d'atharú no do dhaingniú ar athchomharc agus go raibh ag éisteacht an ath-chomhairc ionadaíocht ag an údarás áitiúil no ag na húdaráis le n-ar bhain an scéal agus gur chuireadar bona fide i gcoinnibh na haithne.

An t-am do shíne chun iarrataisí do lóisteáil.

3. —Síntear leis seo go ceann trí mí tar éis rithte an Achta so an t-am chun lóisteála iarrataisí ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so.

Fógra le seirbheáil ag iarrthóirí.

4. —(1) Gach duine a dhin iarratas roimh rith an Achta so, no a dhéanfaidh iarratas tar éis rithte an Achta so, fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil, ar chúiteamh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé na fógraí sin a órdóidh an t-Aire Airgid do sheirbheáil sa bhfuirm sin agus ar na daoine sin a órdóidh an t-Aire sin.

(2) Gach fógra a seirbheáladh i gcó-líona aon ordú no rialacháin a dhin an t-Aire Airgid fé sna Rúin do rith Dáil Éireann ar an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1922, tuigfear é do bheith seirbheálta i gcó-líona an ailt seo.

(3) Ar éisteacht aon iarratais, fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil, ar chúiteamh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so, más rud é ná beidh an Breitheamh sásta gur có-líonadh forálacha an ailt seo déanfa sé éisteacht an iarratais do chur ar ath-ló go dtí go gcó-líonfar na forálacha san, agus mara gcó-líonfar na forálacha san laistigh de mhí tar éis an dáta ar ar cuireadh an ath-éisteacht ar ath-ló diúltóidh sé don iarratas ar pé téarmaí is oiriúnach leis maidir le costaisí.

(4) Na fógraí a bheidh le seirbheáil fén alt so is mar bhreis ar na fógraí a orduíonn na hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil a bheid agus ní ’na n-ionad.

Ceart ag an Aire Airgid éisteacht d'fháil.

5. —Beidh an t-Aire Airgid i dteideal bheith i láthair agus éisteacht d'fháil trí Atúrnae i dteanta no d'éamais Abhcóide agus fínnithe do cheistiú agus do chros-cheistiú agus fianuise do thabhairt uaidh agus bheith páirteach go generálta in éisteacht gach iarratais fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus i ngach imeacht i bhfuirm ath-éisteachta no cáis aithriste a eireoidh as aon iarratas den tsórt san no a leanfaidh é.

Ní bheidh cúiteamh le fáil i gcailliúint a leanfidh as damáiste.

6. —An ceart chun cúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ní bhainfe sé ach le cúiteamh sa damáiste do dineadh don mhaoin a díobháladh agus ní shínfe sé chun aon chúitimh in aon chailliúint a leanfaidh as an damáiste sin agus go sonnrách ní shínfe sé chun cúitimh i gcailliúint úsáide na maoine do díobháladh no i gcailliúint ná raibh inti ach cailliúint phleisiúir no aoibhnis.

Ní déanfar cúiteamh i gcailliúint áirnéise áirithe.

7. —(1) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil i dtaobh cailliúint no mille no damáistiú aon choda den áirnéis le n-a mbaineann an t-alt so más díobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so fé ndear é.

(2) Isí áirnéis le n-a mbaineann an t-alt so ná:—

(i.) Uaireadóirí, seodra no earraí órnáide pearsan a bhíonn ag an únaer ar aon tslí eile seachas mar chuid dá stoc trádála.

(ii.) Monaidh, notaí bainc no Rialtais no airgead aon tíre.

(iii.) Stampaí puist no stampaí greamathacha eile.

(iv.) Orduithe puist no orduithe airgid phost-oifige.

Ní bheidh teideal ag Cuideachtanna Bóthair Iarainn chun cúitimh.

8. —(1) Ní bheidh teideal ag aon Chuideachta Bhóthair Iarainn chun aon chúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ná fén Acht so i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a dineadh d'aon mhaoin leis an gCuideachta Bhóthair Iarainn sin.

(2) Féadfaidh an t-Aire Airgid réitigh do dhéanamh le haon Chuideachta no Cuideachtanna Bóthair Iarainn chun cúiteamh d'íoc leis an gCuideachta no na Cuideachtanna san, as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas, i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no in ionad an chúitimh sin, chun ath-shuidheamh do dhéanamh as an airgead roimhráite ar an maoin a loiteadh leis an díobháil sin, agus féadfa sé socrú do chur in aon réiteach den tsórt san i dtaobh conus a déanfar amach méid an chúitimh sin no cineál an ath-shuidhimh sin (pe'ca aca san é) agus i dtaobh na dtéarmaí agus na gcoiníollacha ar a n-íocfar no ar a ndéanfar an céanna.

(3) Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an Chuideachtan Bóthair Iarainn i dtaobh ná a los cailliúint no damáistiú aon mhaoine a tugadh don Chuideachta Bhóthair Iarainn sin le breith chun siúil no le stóráil má tháinigh an chailliúint no an damáiste sin:—

(a) As díobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no

(b) As gníomh éagcórtha ’na bhféadfaí iarratas cúitimh do lóisteáil ina thaobh fén gCuid seo den Acht so.

Breithneofar iompar an iarrthóra.

9. —Ní bheidh teideal ar bith chun cúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ag duine a iarrfaidh cúiteamh fé sna hAchtanna san mar gheall ar dhíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so má cruthnuítear chun sástachta don Bhreitheamh gur chabhruigh an t-iarrthóir ós íseal no ós árd le déanamh na díobhála no gur chur sé in usacht é do dhéanamh no má sé tuairim an Bhreithimh go raibh an t-iarrthóir sin, le linn no timpeal na haimsire in ar dineadh an díobháil:—

(a) i gcoidreamh no i gcombáidh no i gcamann leis an duine no na daoine a dhin an díobháil agus gur chun an díobháil sin no aon díobháil eile dá samhail do dhéanamh do mhaoin do bhí sé amhlaidh, no

(b) ina bhall d'aon chó-ghléasa a bhí in arm i gcoinnibh Rialtais Shealadaigh na hÉireann a bhí ann le déanaí no i gcoinnibh Rialtais Shaorstáit Éireann no ag cabhrú no i ngníomh-bháidheacht le có-ghléasa den tsórt san.

Coiníollacha athshuidhimh do chur le haitheanta i dtaobh foirgintí.

10. —(1) Ar éisteacht iarratais le n-a mbainneann an t-alt so má sé tuairim an Bhreithimh go bhfuil teideal ag an iarrthoir chun cúitimh beidh sé dleathach don Bhreitheamh fé fhorálacha an ailt seo agus dá réir, coiníoll éigin de sna coiníollacha so leanas do chur len' aithne, sé sin le rá:—

(i.) Coiníoll (dá ngairmtear san alt so “coiníoll lán-athshuidimh”) go gcuirfar an cúiteamh chun no mar chabhair chun foirgneamh nua do thógaint ar ionad an fhoirgnimh dhíobhálta no chun no mar chabhair chun an foirgneamh díobhalta do dheisiú, ach ar chuma go mbeidh an foirgneamh nua no an foirgneamh deisithe ar déanamh an fhoirgnimh do díobháladh no neachtar aca ar déanamh a bheidh oiriúnach don chomhursanacht agus ná beidh sé níos lú luach ná an foirgneamh do díobháladh.

(ii.) Coiníoll (dá ngairmtear san alt so “ath-shuidheamh leathrannach”) go gcuirfar an cúiteamh chun no mar chabhair chun foirgneamh eile (dá ngairmtear san alt so “malairt fhoirgnimh”) do thógaint ar ionad an fhoirgnimh dhíobhálta no geairid don ionad san, foirgneamh de chineál a ainmneoidh an t-iarrthoir agus a leagfar amach san aithne agus a bheidh deifriúil le cineál an fhoirgnimh dhíobálta: Ach i gcomhnuí i gcás coiníoll ath-shuidhimh leathrannaigh do chur le haithne, féadfaidh an duine ar a mbeidh có-líona an choiníll sin, aon tráth laistigh de thrí mhí tar éis dáta na haithne, Scéim do chur fé bhráid an Bhreithimh chun an cúiteamh le n-a mbeidh an coiníoll ag gabháil do chur chun no mar chabhair chun foirgneamh no foirgintí chun comhnuithe do thógaint in aon áit i Saorstát Éireann a luadhfar in ionad na malairte foirgnimh a bheidh luaidhte san aithne, agus má bhíonn an Breitheamh sásta go mbeidh an foirgneamh no na foirgintí a luadhfar sa Scéim sin oiriúnach don chomharsanacht ina mbeifear chun an céanna do thógaint agus go bhfuil glaoch sa chomharsanacht san ar fhoirgintí den chineál san, leasóidh an Breitheamh an coiníoll athshuidhimh leathrannaigh a bheidh ag gabháil le n-a aithne trí an foirgneamh no na foirgintí a bheidh luaidhte sa Scéim sin do chur in ionad na malairte foirgnimh a luadhadh san aithne i dtosach.

(2) I ngach cás 'na mbeidh sé dleathach don Bhreitheamh fén alt so coiníoll lán-ath-shuidhimh do chur le n-a aithne, có-líonfaidh an Breitheamh na rialacha so leanas:—

(a) Má bhí an foirgneamh díobhálta suidhte i Sráid Uachtarach Sackville, a aithnítear de ghnáth mar Sráid Uachtarach Uí Chonaill, i gCathair Bhaile Atha Cliath, no in úsáid de ghnáth i gcóir aon chéirde no gnótha sarar dineadh an díobháil, cuirfidh an Breitheamh coiníoll lán-ath-shuidhimh le n-a aithne;

(b) In aon chás ná tagann laistigh don riail atá roimhe seo, má sé tuairim an Bhreithimh nár dhin an díobháil don fhoirgneamh aon dochar substainteach do staid chóionmhuis an cheanntair, agus n á teasbánann an t-iarrthóir gur cóir do réir réasúin coiníoll lán-athshuidhimh do chur leis an aithne, ní chuirfidh an Breitheamh coiníoll lán-ath-shuidhimh le n-a aithne;

(c) In aon chás ná tagann laistigh de cheachtar de sna rialacha atá roimhe seo, féadfaidh an Breitheamh coiníoll lán-ath-shuidhimh do chur le n-a aithne, más dó leis gur rud réasúnta le déanamh é, do réir cúrsaí eile an cháis;

(d) Ag machtnamh do ar ce'ca bheadh sé do réir reasúin coiníoll lán-ath-shuidhimh do chur le n-a aithne no ná beadh, cuimhneoidh an Breitheamh ar an úsáid a bhí a dhéanamh de ghnáth den fhoirgneamh sarar dineadh an díobháil, agus ní bhacfa sé aon tairisgint chun malairt úsáide do dhéanamh den fhoirgneamh feasta má dintear é d'ath-shuidheamh.

(3) Más dó leis an mBreitheamh gur ceart é do dhéanamh, féadfa sé in aon chás (ach i gcás nách foláir dó do réir an ailt seo coiníoll lán-ath-shuidhimh do chur len' aithne) coiníoll athshuidhimh leathrannaigh do chur len' aithne má bhíonn sé sásta nár neamh-oiriúnach don chomharsanacht an mhalairt fhoirgnimh d'ainmnigh an t-iarrthóir agus ná beadh deifríocht nearéasúnta idir chostas an mhalairt fhoirgnimh sin do thógaint agus a mharga-luach tar éis a chríochnuithe.

(4) I ngach cás ina gcuirfar coiníoll lán-ath-shuidhimh leis an aithne ní raghaidh méid an chúitimh thar méid chostais an lánath-shuidhimh tar éis é do luíodú an méid sin, má bhíonn ann, is dó leis an mbreitheamh do bheadh de bhreis ag praghas an áruis ath-shuidhte, de bhrí an ath-shuidhimh, ar an bpraghas do bheadh ar an árus agus é sa riocht ina raibh sé díreach sarar dineadh an díobháil no an mille, ach an praghas do mheas i ngach cás do réir gnáth-staid an mhargaidh mar a bheidh ar dháta an mholta agus fé mar a bheadh bith-dhílse an áruis á díol.

(5) In aon chás ná cuirfar coiníoll ath-shuidhimh leis an aithne ní raghaidh an cúiteamh thar méid an luíoduithe do dhin an díobháil ar mharga-luach na bhfoirgintí.

(6) I ngach cás ina gcuirfear coiníoll ath-shuidhimh leathrannaigh leis an aithne beidh an cúiteamh an méid is dócha a chosnódh sé an mhalairt fhoirgnimh do thógaint mar aon le pé suim bhreise (má bhíonn ann) is dó leis an mBreitheamh a bheidh réasúnta tar éis cuimhneamh do ar luach an fhoirgnimh do díobháladh agus ar gach taobh eile den scéal, ach 'na thaobh san i dtreo:—

(a) in aon chás ina raibh an foirgneamh díobhálta le linn no timpeal aimsire na díobhála á ghnáth-chimeád mar thigh chomhnuithe don iarrthóir no dá mhuirín, ná beidh méid iomlán an chúitimh níos lú ná costas dóthúla an fhoirgnimh mhalairtithe do thógaint; agus

(b) i ngach cás eile go dtomhasfar méid iomlán an chúitimh ar chuma nách mó ná méid an luíoduithe do dhin an díobháil ar mharga-luach an fhoirgnimh dhíobhálta an méid a measfar is marga-luach don mhalairt fhoirgnimh tar éis an tsuim bhreise sin roimh-ráite (má bhíonn ann) do chur leis.

Má bhíonn sa chúiteamh a molfar fén bhfó-alt so aon tsuim bhreise den tsórt san roimh-ráite os cionn costas dóthúla an mhalairt fhoirgnimh do thógaint ní bhainfidh coiníoll an athshuidhimh leathrannaigh ach le hoiread an chostais dhóthúla san den chúiteamh.

(7) Féadfidh malairt fhoirgnimh bheith có-dhéanta d'aon tigh amháin, ceangailte no scartha no leath-scartha, no de bhreis agus aon tigh amháin den tsórt san, pe'ca tighthe comhnuithe iad no oifigí no áruis ghnótha no aon tsórt eile tógála a mholfidh an Breitheamh.

(8) I gcás leasanna deifriúla do bheith ag roinnt daoine in aon fhoirgneamh díobhálta agus gan aon choiníoll ath-shuidhimh do bheith ag gabháil leis an aithne roinnfidh an Breitheamh an cúiteamh ar na daoine sin ar an gcuma is ceart, dar leis, agus féadfa sé aon chuid de chumhnantaí agus de choiníollacha aon léise fé n-a shealbhuítear an foirgneamh díobhálta do scrios no d'atharú ar an gcuma san is dó leis is réasúnta agus súil aige ar théarmaí eile a aithne.

(9) I gcás leasanna deifriúla do bheith ag roinnt daoine in aon fhoirgneamh díobhálta agus choiníoll lán-ath-shuidhimh no athshuidhimh leathrannaigh do bheith ag gabháil leis an aithne, molfidh an Breitheamh an cúiteamh d'únaer no d'únaerí pé ceann no ceanna de sna leasanna san is dó leis is cóir, agus scriosfa sé no atharóidh sé, ar pé slí is ceart dar leis, gach ceann no aon cheann de théarmaí agus de chumhnantaí agus de choiníollacha gach léise no aon léise fé n-a sealbhuítear na foirgintí, agus I adfa sé, más dó leis gur ceart é do dhéanamh, deire ar fad do chur le haon léas den tsórt san agus í do scrios.

(10) Bainfidh an t-alt so le gach iarratas a déanfar fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i dtaobh aon díobhála a dineadh d'aon fhoirgneamh le díobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(11) I gcás cuid den chúiteamh a iarrfar in iarratas do bheith ina cúiteamh mar a luaidhtear sa bhfó-alt san roimhe seo agus cuid de do bhei ina cúiteamh i dtaobh nithe eile, bainfidh an t-alt so leis an iarrata sa mheid go mbeidh baint ag an iarratas le cuiteamh den tsórt a luaidhtear sa bhfó-alt san roimhe seo.

(12) Ar éisteacht aon iarratais le n-a mbaineann an t-alt so féadfidh an Baeitheamh, más dó leis gur rud réasúnta le déanamh é, leigint d'aon údarás áitiúil teacht i láthair agus éisteacht d'fháil tré atúrnae i dteanta no d'éamais abhcóide agus fínnithe do cheistiú agus do chros-cheistiú agus fianaise do thabhairt uaidh agus beidh sé dleathach d'aon údarás áitiúil teacht i láthair mar sin agus soláthar do dhéanamh i gcóir an chostais a bhainfidh le n-a dhéanamh san agus le fínnithe agus fianaise eile do thabhairt i láthair.

(13) San alt so—

foluíonn an focal “foirgneamh” tigh, siopa, monarcha no aon bhuan-tógáil eile;

cialluíonn an focal “marga-luach” an praghas ba dhó le duine a gheofí ar an maoin dá mba dhíoltóir toilteannach do dhíolfadh í agus gur ar an bpraghas do bheadh ag imeacht i gcóir maoine den tsórt san aimsir an mhola do dhéanamh do dhíolfadh sé í;

foluíonn an focal “díobháil” léir-scrios chó maith le damáiste;

foluíonn an focal “foirgneamh díobhálta” foirgneamh léirscriosta chó maith le foirgneamh damáistithe;

foluíonn an focal “ath-shuidheamh” meaisíní agus fearaistí do chur in ionad meaisíní agus fearaistí a bhí greamuithe: Ach féadfidh an Breitheamh, in aon chás áirithe lán-ath-shuidhimh, ar pé téarmaí is dó leis is réasúnta do réir an cháis, féadfa sé an oblagáid i dtaobh cur suas na meaisíní no na bhfearaistí sin do bhaint den iarrthóir.

(14) In aon chás ina raibh seilbh aon tailimh, gáirdín no clóis ag gabháil le haon fhoirgneamh de ghnáth i dtreo ná beadh aon mharga-luach ag an bhfoirgneamh san d'éamais an tailimh, an gháirdín no an chlóis sin, tabharfidh an Breitheamh oiread aire agus is réasúnta, dar leis, don méid sin agus é ag meas margaluach an fhoirgnimh.

(15) I gcás coiníoll lán-ath-shuidhimh do bheith ag gabháil le haithne fén alt so, agus go n-éilíonn an coiníoll san foirgneamh nua do thógaint, agus ná fuil suidheamh an fhoirgnimh dhíobhálta suidhte i gcathair, i mbaile ná i mbaile-cheanntar, ansan agus in aon chás den tsórt san féadfaidh an coiníoll a fhoráil go dtógfar an foirgneamh nua in aice suidhimh an fhoirgnimh dhíobhálta in onad ar an suidh eamh san.

Conus a tomhasfar cúiteamh léir-scrios no i ndamáist ú scríbhinní

11. —(1) I gcás éileamh ar chúiteamh i dtaobh léir-scrios no damáiste ar son scríbhinní le n-a mbaineann an t-alt so do bheith in iarratas a déanfar fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfar an cúiteamh (má bhíonn ann) is iníoctha i dtaobh na scríbhinní sin do thomhas do réir scála a ullamhófar ag an Aire Airgid i gcomhairle le Dlí-oifigeach Shaorstáit Éireann agus le hUachtarán Dlí-chumann Inchorporálta na hÉireann.

(2) Isiad scríbhinní le n-a mbaineann an t-alt so ná—

(a) daingniúcháin teidil chun tailimh no maoine eile;

(b) connartha agus réiteacha i scríbhinn;

(c) débentiúirí;

(d) teistisí stuic agus scaire agus scríbhinní eile teidil aon stuic no scaire;

(e) polasaithe árachais;

(f) uachtanna, promháidí agus leitreacha riaracháin, agus cóipeanna oifigiúla dhíobh;

(g) cóipeanna oifigiúla d'órduithe Cúirte, de mhóid-scríbhinní agus de scríbhinní eile a bhaineann le himeachta dlí.

Comhacht chun fianaise do ghlaca ar chóimisiún.

12. —(1) I dtaobh aon duine 'na dtairgfidh aon taobh é do ghlaoch mar fhínné ar éisteacht iarratais a déanfar fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i ndíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, má bhíonn an Breitheamh sásta agus aon uair a bheidh sé sásta—

(a) go bhfuil fianaise an duine sin riachtanach chun nochta ceart do dhéanamh ar chás an taoibh do thairg é do ghlaoch mar fhínné, agus

(b) go bhfuil an duine sin lasmuich de theoranna Shaorstáit Éireann, agus

(c) go bhfuil réasúin substainteacha, ná baineann le costas, chun déanamh in éamais an duine sin do bheith i láthair na héisteachta san i bpearsain,

féadfidh an Breitheamh ordú do dhéanamh chun an duine sin do scrúdú fé mhóid no fé dhearbhú i láthair aon duine agus in aon áit lasmuich de theoranna Shaorstáit Éireann agus féadfa sé comhacht do thabhairt don taobh san roimh-ráite an fhínnéacht san do thabhairt mar fhianaise ar éisteacht an iarratais sin ar pé téarmaí, má bhionn ann, a ordóidh an Breitheamh.

(2) Aon nair a dhéanfidh an Breitheamh ordú den tsórt a luaidhtear sa bhfó-alt san roimhe seo cuirfar amach chun an duine gur ina láthair a bheidh an fhianaise le tógaint fén ordú san coimisiún no, má orduíonn an Breitheamh é, iarraidh, chun fianaise an fhínné no na bhfínnithe a bheidh ainmnithe san Ordú san do thógaint.

An tslí chun an cúiteamh d'íoc.

13. —(1) An cúiteamh agus na costaisí a molfar le haon aithne dá ndéanfar fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an chuid seo den Acht so, íocfidh an t-Aire Airgid iad, ar an gcuma a foráltar leis an alt so, leis an iarrthóir no leis an duine eile sin 'na mbeidh teideal aige chúcha fén aithne sin.

(2) Déarfidh gach aithne den tsórt san roimh-ráite an cúiteamh agus na costaisí a molfar léi do bheith iníoctha leis an iarrthóir no leis an duine eile sin a bheidh i dteideal chúcha, ach ní déarfar éinní in aon aithne den tsórt san i dtaobh cé hé an duine 'na mbeidh an cúiteamh san iníochtha aige.

(3) Féadfidh an t-Aire Airgid na méideanna so a leanas do bhaint as méid aon chúitimh a bheidh iníoctha aige fén alt so, sé sin le rá:—

(a) aon fhiacha no aon tsuim eile airgid a bheidh ag dul do Rialtas Sealadach na hÉireann a bhí ann le déanaí no do Rialtas Shaorstáit Éireann no d'aon Roinn no údarás d'aon cheann den dá Rialtas san ón iarrthóir no ón duine eile i dteideal an cúiteamh san d'fháil, no a bheidh iníoctha ag an iarrthóir no an duine eile sin leo no a bheidh ionbhailithe aca ón iarrthóir no ón duine eile sin;

(b) aon airgead a bheidh ag dul do Choimisiún Tailimh na hÉireann ón iarrthóir no ón duine eile i dteideal chun an cúiteamh san d'fháil no a bheidh iníoctha ag an iarrthóir no an duine eile sin leis an gCoimisiún no a bheidh ionbhailithe aige ó'n iarrthóir no ón duine eile sin;

(c) aon airgead a bheidh amuich ar an iarrthóir no ar an duine eile i dteideal chun an cúiteamh san d'fháil no a bheidh iníoctha ag an gcéanna mar gheall ar aon ráta do bhochta no aon ráta eile a ghearran aon chomhairle chontae no cheanntair no aon choimisinéirí baile:

Ach i gcomhnuí i gcás cuid den chúiteamh do bheith iníoctha in urúsanna agus an chuid eile in airgead, go dtógfar urúsanna ar a n-agha-luach ainmnithe in íocaíocht na bhfiacha no na suimeanna eile airgid sin roimh-ráite, agus ná bainfear éinní as aon airgead is iníoctha mar chúiteamh go dtí go ndísceofar méid iomlán na n-urúsanna a bheidh iníoctha mar chúiteamh.

(4) Íocfar in airgead as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas gach costas a bheidh iníoctha ag an Aire Airgid fén alt so.

(5) Iocfidh an t-Aire Airgid in airgead as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas na codanna so a leanas d'aon chúiteamh a bheidh iníoctha aige fén alt so, sé sin le rá:—

(a) aon chúiteamh 'na mbeidh coiníoll ath-shuidhimh ag gabháil leis;

(b) iomlán an chúitimh i ngach cás ná raghaidh méid iomlán an chúitimh thar £500;

(c) an chéad £500 agus leath den bhreis os cionn £500 i ngach cás gur mó ná £500 agus nách mó ná £3,500 méid iomlán an chúitimh ná beidh aon choiníoll athshuidhimh ag gabháil leis;

(d) an chéad £2,000 i ngach cás gur mó ná £3,500 méid an chúitimh ná beidh aon choiníoll ath-shuidhimh ag gabháil leis;

(e)    dteannta na méideanna roimh-ráite pé suim eile ná raghaidh thar £50 agus is gá chun luíodú go dtí iolrú ar £50 do dhéanamh ar an bhfuighleach den chúiteamh a bheidh fágtha agus le n-a ndeighleálfar fén gcéad fho-alt eile.

(6) Pé méid d'aon chúiteamh nách iníoctha in airgead fén bhfo-alt san roimhe seo íocfidh an t-Aire Airgid é leis an iarrthóir, no leis an duine eile a bheidh ina theideal tré urrús no urrúsanna a bunófar fén alt so do thabhairt don iarrthóir no don duine eile roimh-ráite ar an méid sin roimh-ráite den chúiteamh san, agus, gan dochar do sna coiníollacha san a leagfaidh an t-Aire Airgid amach, glacfar an t-urrús san mar urrús is fiú a agha-luach ainmnithe in íocuíocht aon diúitéthe is iníoctha le Coimisinéirí Ioncuim Shaorstáit Éireann de bharr no i dtaobh báis an duine gur tugadh an t-urrús san do no i dtaobh báis aon tsealbhóra 'na dhiaidh sin a bhí 'na shealbhóir cláruithe ar an urrús san ar feadh dhá mhí dhéag ar a luíod sara bhfuair sé bás.

(7) Féadfidh an t-Aire Airgid, chun críche an fho-ailt sin roimhe seo bunú do dhéanamh le hordú ar pé urúsanna ion-chláruithe ar a mbeidh an ráta úis sin agus a bheidh do réir na gcoiníollacha san i dtaobh aisig, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas láithreach gach ordú a dhéanfidh an t-Aire Airgid fén bhfo-alt so agus má dhineann an dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche is túisce 'na mbeidh aon Tigh díobh ina shuidhe tar éis an t-Ordú san do leaga fé bhráid na dTighthe, rúin do rith chun an t-Ordú san do chur ar neambrí, beidh an t-Ordú san ar nea-mbrí, ach ní bhainfidh an nea-mbríochaint sin o fheidhm ná o dhleathacht aon ruda ná ní a dineadh roimhe sin fén Ordú san.

(8) Ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis gach urrúis dá dtabharfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrúsanna san do thabhairt amach.

(9) I ngach cás ina mbeidh fógra fachta ag an Aire Airgid i dtaobh aon tsanna, morgáiste no muirear a bhaineann leis an gcúiteamh is iníoctha aige fén alt so, féadfa sé gan dochar ná díobháil d'aon choiníoll ath-shuidhimh a bheidh ag gabháil leis an gcúiteamh san no le haon chuid de, an cúiteamh san d'íoc isteach sa Chúirt Chontae a dhin an aithne le n-ar moladh an cúiteamh san, agus deighleálfar leis an gcúiteamh san do réir orduithe den Chuirt sin gan dochar do sna rialacha Cúirte a bheidh de thurus na huaire i bhfeidhm i dtaobh airgid a íoctar isteach sa Chúirt Chontae fé alt 42 den Acht um Iontaobhuithe, 1893 (56 agus 57 Vict., C. 53).

(10) I ngach cás ná beidh aon fhógra fachta ag an Aire Airgid i dtaobh aon tsanna, morgáiste ná muirir a bhaineann leis an gcúiteamh is iníoctha aige fén alt so, íocfa sé, gan dochar ná díobháil d'aon choiníoll ath-shuidhimh a bheidh ag gabháil leis an gcúiteamh no le haon chuid de, íocfa sé an cúiteamh san leis an duine 'na bhfaisnítear leis an aithne an céanna do bheith iníoctha leis, agus beidh admháil an duine sin ina leor-scaoile don Aire Airgid: Ach féadfidh an t-Aire Airgid in aon chás íoc aon chúitimh is iníoctha aige do chimeád siar go dtí go bhfuighe sé o Rúnaí Chomhairle na Contae, na Contae-Bhuirge no an Bhaile-Cheanntair, no Choimisinéirí an Bhaile in ar dineadh an díobháil, teisteas ar gan aon airgead do bheith ag an gComhairle no ag na Coimisinéirí sin ar an duine le n-a mbeidh an cúiteamh san len' íoc, i dtaobh aon ráta do bhochta ná aon ráta eile a ghearran an Chomhairle no na Coimisinéirí sin.

(11) I ngach cás ina mbeidh coiníoll ath-shuidhimh ag gabháil leis an aithne íocfar an cúiteamh le n-a mbaineann an coiníoll ath-shuidhimh sin, íocfar é an tráth no na tráthanna san agus i gcuideanna den tsórt san a ordóidh an t-Aire Airgid o am go ham agus ar theasbáint na fianaise sin a ordóidh an t-Aire Airgid o am go ham, fianaise ar chó-líona leathrannach an choiníll athshuidhimh (i gcás íoc coda) no ar lán-chó-líona an choiníll athshuidhimh (i gcás íocaíochta deiridh), agus ní bheidh dul thar breith an Aire Airgid ar ce'ca có-líonadh no nár có-líonadh coiníoll ath-shuidhimh (go huile no go leathrannach) ná ar ce'ca a tugadh no nár tugadh leor-fhianaise ar an gcó-líona san.

(12) Na costaisí dá dtagartar san alt so ní fholuíd aon chostaisí is dó leis an mBreitheamh ba chóir a bheith d'ualach ar an dtaobh do chuaidh fútha ná aon chostaisí is dó leis an mBreitheamh ba chóir don iarrthóir a íoc le haon taobh eile.

Cabhair Airgid le teacht o Chomhairle Chontae agus Baile-Cheantair.

14. —(1) Gach bliain de sna cúig airgid-bhliana áitiúla dar tosach an Chéad lá d'Abrán, 1923, 1924, 1925, 1926, agus 1927, fé seach, íocfidh Comhairle gach Contae agus Contae-Bhuirge le Stát-Chiste Shaorstáit Éireann do réir pé treoracha a thabharfidh an t-Aire Airgid chuige sin suim is ionann agus ráta raolach fén bpúnt ar luach ionrátuithe na Contae no na Contae-Bhuirge sin, maraon le haon Bhaile-Cheanntair ionta, i dtosach gach airgid-bhliana áitiúla dhiobh san, fé seach.

(2) An tsuim nách foláir do Chomhairle Chontae no Chontae-Bhuirge d'íoc fén bhfo-alt sin roimhe seo, measfar agus soláthrófar í ar an gcuma gcéanna ina meastar agus ina soláthruítear na méideanna a luaidhtear in aitheanta fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil agus a cuirtear de mhuirear ar an gcontae iomlán maraon leis na baile-cheanntair atá inti.

(3) Aon nithe do dhin Comhairle aon Chontae no Contae-Bhuirge roimh rith an Achta so chun solátharuithe na suime nach foláir don Chomhairle sin a íoc isteach sa Stát-Chiste fén alt so an bhliain airgid dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus gur nithe iad do bheadh dleathach dá mbeadh an t-Acht so rithte le linn iad do bheith á ndéanamh, tuigfar gur dineadh na nithe sin go dleathach fé údarás an Achta so.

(4) Aon uair a chífear don Aire um Rialtas Áitiúil gur dhin Comhairle Chontae no Chontae-Bhuirge an ráta i gcóir na bliana airgid dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, gan aon tsocrú do dhéanamh chun an tsuim nach foláir don Chomhairle sin a íoc isteach sa Stát-Chiste fén alt so do sholáthar ar leithligh féadfidh an t-Aire um Rialtas Áitiúil a ordú le hordú:—

(a) go dtuigfar an ráta san do bheith méaduithe raol fén bpúnt ar an luach ionrátuithe;

(b) go n-atharóidh rúnaí no cléireach na comhairle sin an barántas agus gach admháil agus nóta éilimh a tugadh no a bhítheas ar aigne a thabhairt d'aon ráta-bhailitheoir chun rátaí do bhailiú i gcóir na bliana airgid sin, go n-atharóidh sé iad tré suim is ionann agus ráta raolach fén bpúnt ar luach ionrátuithe an cheanntair bhailiúcháin do chur le méid an bharántais sin, agus tré suim do chur le gach admháil agus nóta éilimh den tsórt san agus is ionann agus raol fén bpúnt ar an luacháil gur ina taobh atá an rát-íocaí a ainmnítear ann rátuithe, agus aon bharántas, admháil agus nóta éilimh a bheidh tugtha cheana do ráta-bhailitheoir go dtabharfa sé thar n-ais don rúnaí no don chléireach sin iad chun iad d'atharú mar roimh-ráite, agus go mbeidh ag gach barántas, admháil agus nóta éilimh den tsórt san, nuair a bheid atharuithe amhlaidh, an éifeacht chéanna san sa dlí do bheadh aca dá mbeadh an méid atharuithe sin ionta agus iad á dtabhairt don ráta-bhailitheoir;

(c) Aon mhéid d'éilimh an chomhairle chontae sin ar chomhairle bhaile-cheanntair, i dtaobh na coda san den ráta i gcóir na bliana airgid sin is iníoctha ag an mbaile-cheanntar san, go dtuigfar san do bheith in' éileamh agus go mbeidh éifeacht aige mar éileamh ar shuim a bheidh có-dhéanta den tsuim do héilíodh agus de shuim eile is ionann agus ráta raolach fén bpúnt ar luach ionrátuithe an bhaile-cheanntair sin, agus go mbainfidh forálacha clása (a) den bhfo-alt so le haon ráta do dhin an chomhairle bhaile-cheanntair sin i dtaobh an éilimh sin, agus go mbainfidh forálacha clása (b) den bhfo-alt so le cléireach agus le ráta-bhailitheoirí na comhairle baile-cheanntair sin fé seach maidir leis an ráta san;

(d) go ndéanfar gach rud no ní eile is gá a dhéanamh chun an t-alt so do chur in éifeacht an bhliain airgid sin maraon le gach atharú is gá a dhéanamh dá bharr san sna leabhair rátaí.

(5) Tabharfar amach as Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann no a thora fáis, méid is ionann agus aon tsuim a íocfar leis an Stát-Chiste fén alt so, agus íocfar an méid sin isteach sa Ród-Chiste agus beidh sé ina chuid den chéanna.

(6) O rith an Achta so agus dá éis, i dteanta aon úsáid eile a bheidh údaruithe a dhéanamh den Ród-Chiste de thuras na huaire do réir dlí, féadfar é d'úsáid chun leighiste aon damáiste (maraon le léirscríos) do dineadh aon uair roimh an 20adh lá de Mhárta, 1923, d'aon bhóthar no d'aon droichead, viaduct, no slí-fé-thalamh os cionn aon bhóthair no fé no ina thaca dho, no chun aiseag do dhéanamh le Comhairle aon Chontae, Contae-Bhuirge no Contae-Cheanntair ar airgead do chaith an Chomhairle sin tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1920, agus roimh rith an Achta so i ndeisiú aon damáiste roimh-ráite.

(7) Ní bheidh aon Chomhairle Chontae ná aon Chomhairle eile ná aon Choimisinéirí Baile i dteideal aon chúiteamh do bhaint amach i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus a dineadh d'aon tsráid, bóthar, droichead, viaduct, no slí-fé-thalamh, go bhfuil ar an gComhairle no ar na Coimisinéirí sin, do réir dlí, é do chimeád suas no do dheisiú.

Féadfar iarratas ar chúiteamh do lóisteáil i gcásanna áirithe.

15. —(1) Einne adeir gur chaill sé tré ghníomh éagcórtha le n-a mbaineann an t-alt so, féadfa sé iarratas ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil do lóisteáil i dtaobh na cailliúna san aon uair laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so.

(2) Eistfidh agus fiosróidh an Breitheamh gach iarratas a lóisteálfar fén alt so, agus maran deimhin leis gur chaill an t-iarrthóir tré ghníomh éagcórtha le n-a mbaineann an t-alt so diúltoidh sé don iarratas ar pé téarmaí is ceart dar leis i dtaobh costaisí.

(3) Tar éis iarratas do lóisteáladh fén alt so d'éisteacht agus d'fhiosrú, más deimhin leis an mBreitheamh gur chaill an t-iarrthóir tré ghníomh éagcórtha le n-a mbaineann an t-alt so, ní dhéanfa sé aon aithne i dtaobh an iarratais sin, ach in’ ionad san tuairisceoidh sé i scríbhinn chun an Aire Airgid—

(a) gur chaill an t-iarrthóir tré ghníomh éagcórtha le n-a mbaineann an t-alt so;

(b) an tsuim do bheadh ina chúiteamh cothrom don iarrthóir sa chailliúint sin;

(c) ce'ca bhí an t-iarrthóir árachálta in aghaidh na cailliúna san no ná raibh agus má bhí, cuntas ar an árachas san;

(d) i gcás gurbh é rud an gníomh éagcórtha san ná nótaí no airgead páipéir bhainc no rialtais do léirscrios, tuairisceoidh sé uimhreacha, ainmneacha agus comharthaí eile na nótaí no an airgid pháipéir sin chó fada agus cruthuíodh an céanna chun sástachta don Bhreitheamh, agus fós cadé an saghas fianaise do ghlac an Breitheamh mar chruthúnas ar léirscrios na nótaí no an airgid sin.

(4) Déanfaidh an Breitheamh an tsuim a luaidhtear i gclás (b) den bhfo-alt san roimhe seo do shocrú de réir na bprínsiobal gcéanna a bhaineann le socrú an chúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil agus fén Acht so, i gcás díobhála le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus déarfa sé ina thuairisc ar cheart dar leis, aon choiníoll ath-shuidhimh do bheith ag gabháil leis an suim sin agus, má's ceart, cadé an coiníoll ath-shuidhimh é.

(5) Féadfidh an Breitheamh ar an t-iarrthóir dá iarraidh sin le linn aon trátha de sna himeachta déanamh a thabhairt d'iarratas a lóisteáladh fén alt so fé is dá mba iarratas é fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i ndíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus deighleáil leis dá réir.

(6) Féadfidh an Breitheamh ar an t-iarrthóir dá iarraidh sin le linn aon trátha de sna himeachta déanamh do thabhairt d'iarratas fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ar chúiteamh i ndíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, fé is dá mba iarratas é a lóisteáladh fén alt so, agus deighleáil leis dá réir.

(7) Ní bhronnfidh éinní san alt so ar éinne aon cheart chun cúitimh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil ná ar aon tslí eile mar gheall ar aon chailliúint do thárla dho tré ghníomh éagcórtha le n-a mbaineann an t-alt so.

(8) Ní luighfidh athchomharc chun Breithimh Ardshiosóin ná le cáis aithriste ná ar aon tslí eile ar bith i gcoinnibh aon diúlta d'iarratas fén alt so ná i gcoinnibh aon tuairisce a bheidh déanta ag an mBreitheamh ar aon iarratas den tsórt san.

(9) Baineann an t-alt so le haon ghníomh éagcórtha go bhfuil na coiníollacha so go léir a leanas có-líonta ann, eadhon:—

(a) isé rud é an gníomh éagcórtha ná—

(i) léirscrios nótaí bainc no rialtais no airgid pháipéir aon tíre, no

(ii) áirnéis do thógaint chun siúil gan cead ón únaer;

(b) nuair isé gníomh éagcórtha é ná áirnéis do thógaint chun siúil ní áireofar mar áirnéis—

(i) uaireadóirí, seodra no earraí órnáide pearsan a bhí ag an únaer ar aon tslí eile seachas mar chuid dá stoc trádála;

(ii) monaidh, nótaí bainc no rialtais no airgead aon tíre, lasmuich d'aon mhonaidh, nótaí no airgead den tsórt san do fuaduíodh as árus Bainc;

(iii) stampaí puist no stampaí greamathacha eile;

(iv) órduithe puist no órduithe airgid phost-oifige.

(c) ní foláir an gníomh éagcórtha do bheith déanta tar éis an 1 adh lá d'Iul, 1921, agus ar an 20adh lá de Mhárta, 1923, no roimhe sin;

(d) más fuadach áirnéise an gníomh éagcórtha, ni foláir do bheith in fhuadach do dhin duine no daoine—

(i) do bhí ag gníomhú no do tuigeadh a bheith ag gníomhú no 'na bhféadhfí le réasún a rá go rabhadar ag gníomhú in ainm no thar ceann aon chur-le-chéile no cogair chun Rialtas Sealadach na hÉireann do bhí ann le déanaí no Rialtas Shaorstáit Éireann do threascairt, no

(ii) do bhain le haon chumann nea-dhleathach no ceannairceach no do bhí ag gníomhú no do tuigeadh a bheith ag gníomhú thar ceann cumainn den tsórt san, no

(iii) do bhí ag tógaint no do tuigeadh a bheith ag tógaint na háirnéise chun go n-úsáidfí no go gcaithfí í ag aon chó-ghléasa do bhí in arm i gcoinnibh Rialtais Shealadaigh na hÉireann no i gcoinnibh Rialtais Shaorstáit Éireann.

(10) Bainfidh an t-alt so fós leis an ngníomh so a leanas chó híomlán is dá mba ghníomh éagcórtha an céanna, sé sin le rá, gniomh gurb é bhí ann ná léirscrios aon mhaoine no damáiste d'aon mhaoin agus do dineadh tar éis an 11adh lá d'Iul, 1921, agus ar an 20adh lá de Mhárta, 1923, no roimhe sin, le linn coinbhliochta no mar eachtra í gcoinbhliocht idir fhórsaí armtha Rialtais Shealadaigh na hÉireann no Rialtais Shaorstáit Éireann agus aon daoine do bhí ag cur i gcoinnibh na bhfórsaí sin le hairm.

(11) Bainfidh na forálacha go léir sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil agus i gCuideann II agus III den Acht so, sa mhéid ná fuilid bunoscionn le forálacha an ailt seo, bainfid le haon iarratas a lóisteálfar fén alt so chó hiomlán is dá mba iarratas é ar chúiteamh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil mar gheall ar dhíobháil le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

Baint na coda so den Acht so.

16. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach díobháil a dineadh do mhaoin tar éis an 11adh lá d'Iul, 1921, agus ar an 20adh lá de Mhárta, 1923 no roimhe sin, ach ní dá éis, agus ’na bhféadfí cúiteamh do thabhairt ina thaobh fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil dá mba ná rithfí an t-Acht so.

CUID III.

Forálacha Generálta agus Ath-ghairmeanna.

Ní bunófar aon imeachta i dtaobh díobhála pearsan.

17. —(1) Tar éis rithte an Achta so ní bunófar aon imeachta fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil, ná fé aon Acht a hath ghairmtear leis an Acht so, i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

(2) Na himeachta uile do bunuíodh fé sna hAchtanna roimhráite, i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an t-alt so, agus atá ar fionnraí le linn rithte an Achta so agus nár dineadh aon aithne ionta, beid agus faisnítear leis seo iad do bheith ar neambrí agus ar scur agus ní bheidh ag aon pheáirtí sna himeachta san aon eileamh i gcoinnibh aon phéairtí eile ionta i dtaobh costaisí do cuireadh suas sna himeachta san.

(3) An méid a luaidhtear in aon aithne do dineadh roimh rith an Achta so, fé sna hAchtanna roimh-ráite, i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an t-alt so, ní bheidh sé dleathach d'éinne tar éis rithte an Achta so éinní do dhéanamh chun an méid sin d'fháil ná chun a íoc do chur i bhfeidhm.

Bainfidh an fo-alt so le gach costas agus caithteachas chó maith leis an gcúiteamh do moladh le haon aithne den tsórt san, agus leis an ús ar aon chúiteamh den tsórt san ar a mbeidh ús

(4) Bainfidh an -alt so le himeachta agus le haitheanta aon athchomhairc chó maith le himeachta agus le haitheanta cúirte céad-chéime.

(5) Bainfidh an t-alt so le gach díobháil phearsanta do dineadh tar éis an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus ar an 20adh lá de Mhárta, 1923, no roimhe sin.

(6) Ní bhainfidh an t-alt so ná ní chuirfe sé cosc le héileamh do thíolaca chun no do phróiseacht i láthair aon Choimisiúin Fiosrúcháin i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

Comhacht chun tuille Breithiún do cheapa.

18. —(1) Más deimhin le Seanascal Shaorstáit Éireann ar chomhairle na hArd-Chomhairle, nách féidir do Bhreitheamh aon Chúirte Contae áirithe gnó a chúirte do dhéanamh ar luas cóir toisc an méid iarrataisí fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriuíl no fén Acht so atá ar fionnraí sa chúirt, féadfidh Seanascal Shaorstáit Éireann, ar an gcomhairle roimh-ráite, Breitheamh Cúirte Contae aon chontae no buirg-chontae eile no aon abhcóide a chleachtann a ghairm agus 'na bhfuil seasamh deich mbliana ar a luíod aige do cheapa chun gníomhú mar bhreitheamh breise don Chúirt Chontae sin is tuisce luadhadh ar feadh pé tréimhse a órdóidh Seanascal Shaorstáit Éireann ar an gcomhairle roimh-ráite agus fé réir pé coiníollacha a cheapfa sé ar an gcomhairle roimh-ráite.

(2) Gach Breitheamh breise a cheapfar fén alt so, gheobha sé as airgead a sholáthróidh an t-Oireachtas pé luach saothair a cheapfidh an t-Aire Airgid agus beidh aige comhachtanna, údarás agus príbhléidí uile agus féadfa sé có-líona do dhéanamh ar aon chuid de dhualgaisí breitheamh na Cúirte Contae dá gceapfar é ina bhreitheamh breise, pe'ca as na hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil no as an Acht so no as éinní eile iad.

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

19. —An chomhacht úd chun rialacha do dhéanamh chun crícheanna Ailt 5 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898 (61 & 62 Vict., c. 37), bainfe sé le rialacha Cúirte do dhéanamh chun crícheanna an Achta so.

Féadfar rátaí um Dhíobháil Choiriúil do dhéanamh aon uair.

20. —In ainneoin éinní dá bhfuil i bhfo-alt 6 d'alt 51 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898 (61 agus 62 Vict., c. 37), no in Alt 2 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1900 (63 agus 64 Vict., c. 63) no in aon achtachán eile, féadfar ráta do dhéanamh aon uair chun airgead do sholáthar chun cúiteamh í ndíobháil choiriúil d'íoc, agus ní áireofar méid an ráta san chun crícheanna aon achtacháin a chuireann aon teora le méid an ráta is féidir a sholáthar.

Aimseara do shíne.

21. —(1) Beidh alt 137 den Acht um Ard-Choiste (Éirinn), 1836 (6 & 7 Will. IV., c. 116), a bhaineann le scrúduithe do chur isteach agus bannaí do thabhairt beidh sé gan éifeacht agus tuigfar é do bheith gan éifeacht ón 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1920.

(2) Beidh ar chomhachta na cúirte no an Bhreithimh fé aon rialacha cúirte a dineadh no a déanfar, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis, do réir fo-ailt (7) d'alt 5 den Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898 (61 & 62 Vict. c. 37), beidh ortha agus tuigfar go raibh ortha ón 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1920, comhacht chun síne no atharú do dhéanamh ar an aimsir a orduítear le haon reacht no rialacha reachtúla chun iarratas ar chúiteamh i ndíobháil choiriúil do dhéanamh, no chun aon fhógra do sheirbheáil no chun aon ghníomh eile do dhéanamh, no aon imeachta do bhunú i dtaobh an iarratais in aon chás 'na samhlófar don chúirt no don bhreitheamh gur rud cóir réasúnta an síne no an t-atharú san ar aon chúis in aon chor.

Ath ghairmeanna

22. —(1) Ath-ghairmtear leis seo na hAchtanna a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) An ath-ghairm a dintar leis an alt so ar alt 3 den Acht um Dhiobháil Choiriúil (Éirinn), 1920, ragha sí siar i dtreo go mbeidh gan brí gan éifeacht gach ordú certiorari agus gach ordú gabhála dár dineadh fén alt san roimh rith an Achta so agus i dtreo go dtuigfar go raibh san amhlaidh riamh, agus aon airgead a íocadh fé aon ordú den tsórt san, no dá réir, déanfidh an té do bhuaidh an t-ordú san an t-airgead san d'aiseag leis an gComhairle le n-a mbeadh an t-airgead san iníoctha mara mbeadh an t-ordú san, agus déanfar an t-aiseag san chó luath agus is iníoctha leis an duine sin, ón Aire Airgid, an cúiteamh do moladh leis an aithne ar ar bunuíodh an t-ordú san no aon deontas in ionad an chúitimh sin.

(3) An ath-ghairm a dintar leis an alt so ar alt 4 den Acht um Dhíobháil Choiriúil (Éirinn), 1920, ragha sí siar i dtreo ná beidh aon ús ar a bhfuil gan íoc, le linn rithte an Achta so, den mhéid do buadh (lasmuich d'aon tsuímeanna do buadh i gcóir costaisí no caithteachais) fé aon aithne do dineadh i gcoinnibh Comhairle Contae tar éis an 23adh lá de Mhí na Nodlag, 1920, agus roimh rith an Achta so, ach beidh an ath-ghairm sin gan dochar d'aon cheart aisig, agus ní thabharfa sí aon cheart aisig i dtaobh aon úis d'íocadh fén alt san roimh rith an Achta so.

(4) Ní chuirfidh an t-alt so cosc le héileamh do thíolaca chun no do phróiseacht i láthair aon Choimisiúin Fhiosrúcháin i dtaobh aon díobhála le n-a mbaineann na hAchtanna a ath-ghairmtear eis seo.

Mínithe

23. —San Acht so:—

cialluíonn an abairt “Achtanna um Dhíobháil Choiriúil” na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an focal “díobháil” aon chailliúint, damáiste no díobháil ina bhféadfí cúiteamh do thabhairt fé sna hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil;

foluíonn an focal “Breitheamh” Breacathóir agus fós Breitheamh Ard-shiosóin no Breitheamh no Cúirt eile d'éistfadh athchomhairc i gcoinnibh Breithimh Chúirte Chontae no Breacathóra.

Gearr-Theideal.

24. —Féadfar an t-Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 , do ghairm den Acht so.

AN CHÉAD SCEIDEAL.


Achtacháin a Athghairmtear.

(1) An t-Acht um Dhíobháil Choiriúil (Éirinn), 1919 (9 Geo. 5, c. 14);

(2) An t-Acht um Dhíobháil Choiriúil (Éirinn), 1920 (10 & 11 Geo. 5, c. 66).

AN DARA SCEIDEAL.


Achtannaá dá dTagartar.

Achtacháin a bhaineann le Cúiteamh i nDíobháil Choiriúi'.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Achtacháin dá dtagartar.

6 & 7 Will. 4. c. 116.

An t-Acht um Ard-Choistí (Éirinn), 1836.

Alt céad a sé; Ailt céad a cúig déag ar fhichid go dtí céad a dachad sa mhéid ná dintar iad d'ath-ghairm.

11 & 12 Vict. c. 69.

An t-Acht um Dhíobháil Mhailíseach (Éirinn), 1848.

An t-Acht iomlán.

16 & 17 Vict. c. 38.

An t-Acht um Dhíobháil Mhailíseach (Éirinn), 1853.

An t-Acht iomlán.

57 & 58 Vict. c. 60.

An t-Acht um Liongseoireacht Cheannaíochta, 1894.

Alt cúig céad a cúig déag sa mhéid go mbaineann sé le hEirinn.

61 & 62 Vict. c. 37.

An t-Acht um Rialtas Áitiúil (Éirinn), 1898.

Alt a cúig.

Agus aon achtachán (seachas an t-Acht so no aon achtachán a ath-ghairmtear leis an Acht so a chuireann aon achtachán díobh san tuas i mbaint no a dhineann leasú air, no a bhaineann ar aon tslí eile le cúiteamh fé.