26 1923

Uimhir 26.


ACHT ARM-PHINSEAN, 1923.


ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN PINSIN CHRÉACHTA D'ÍOC LE BAILL CHRÉACHTNUITHE D'ÓGLAIGH NA hÉIREANN PÉ'CA DEN GHNÁTH-ARM IAD NO NACH EA, AGUS LE BAILL CHRÉACHTNUITHE D'ARM CATHRÁNACH NA hÉIREANN, 1916, AGUS CHUN LIÚNTAISÍ AGUS AISCÍ D'ÍOC LE BAINTREACHA, LE CLANN AGUS LE CÚRAM DAOINE ATÁ MARBH AGUS A BHÍ INA mBAILL D'ÓGLAIGH NA hÉIREANN, PÉ'CA DEN GHNÁTH-ARM IAD NO NARBH EA, NO INA mBAILL D'ARM CATHRÁNACH NA hÉIREANN, 1916, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [24adh Iúl, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfar pinsin chréachta do dheona d'oifigigh agus do shaighdiúirí a goineadh.

1. —(1) Gach oifigeach agus gach saighdiúir a scuireadh as na fórsaí toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do réir an dochtúra agus atá fé aon cheann de sna dítheanna a luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal den Acht so, más créacht a fuair sé an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin fé ndeár na díthe sin féadfar, fé réir forálacha an Achta so, pinsean créachta do dheona dho do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Chéad Sceideal san os coinne méid a dhíthe a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

(2) Gach oifigeach agus gach saighdiúir do scuireadh as na forsaí toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do réir an dochtúra agus atá fé aon díth ná luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal don Acht so, más créacht a fuair sé an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin fé ndeár na díthe sin féadfar, fé réir forálacha an Achta so, pinsean créachta do dheona dho do réir an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Chéad Sceideal san os coinne an méid díthe a luaidhtear sa chéad cholún san den Sceideal san agus is mó deabhramh leis an díth atá ar an oifigeach no ar an saighdiúir sin mar adubhradh.

(3) Gach oifigeach agus gach saighdiúir do scuireadh as na fórsaí toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do réir an dochtúra agus atá fé dhíth de bharr créachta a fuair sé an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin, ach gur lú de dhíth é ná aon díth dá luaidhtear sa chéad cholún den Chéad Sceideal don Acht so, féadfar aisce, ná raghaidh thar £100 i gcás oifigigh ná thar £60 i gcás saighdiúra, do dheona dho, fé mar a dhéanfaidh an tAire, le toil an Aire Airgid, a shocrú do réir cúrsaí scéil an oifigigh no an tsaighdiúra san.

(4) Baineann an t-alt so le hoifigigh agus saighdiúirí do scuireadh mar adubhradh roimh rith an Achta so chó maith le hoifigigh agus saighdiúirí a scuirfar amhlaidh tar éis rithte an Achta so.

Pinsin bhreise d'fhir phósta.

2. —(1) Más fear pósta aon oifigeach no saighdiúir dá ndeonfar pinsean créachta fén Acht so agus an fhaid is fear pósta é, féadfar pinsean eile do dheona don oifigeach no don tsaighdiúir sin an fhaid a leanfaidh a phinsean créachta, sé sin, pinsean do réir ráta ná raghaidh thar an ráta a luaidhtear sa cholún oiriúnach den Chéad Sceideal don Acht so os coinne ráta an phinsin chréachta a bheidh ag an oifigeach no ag an saighdiúir sin dá fháil de thurus na huaire.

(2) Ní háireofar oifigeach ná saighdiúir mar fhear phósta chun crícheanna an ailt seo marar pósadh é roimh an lá a fuair sé a chréacht, agus tuigfar gur scuir sé de bheith ina fhear phósta chun crícheanna an ailt seo ar fháil bháis dá mhnaoí no ar a phósa do chur ar neamh-ní no do bhrise go dleathach, ach tuigfar oifigeach no saighdiúir do bheith ag leanúint ina fhear phosta, chun crícheanna an ailt seo, an fhaid sin, tar éis bháis dá mhnaoi no tar éis a phósa do chur ar neamh-ní no do bhrise, agus a bheidh aon duine cloinne beo aige, eadhon, mac fé bhun 18 mbliana no iníon fé bhun 21 bliain i gcás oifigigh, no mac fé bhun 16 bliana no iníon fé bhun 18 mbliana i gcás saighdiúra.

(3) In ionad an pinsean breise a deontar d'oifigeach no do shaighdiúir fén alt so d'íoc leis an oifigeach no leis an saighdiúir sin féadfar é d'íoc le n-a mhnaoi no é do chur chun cimeád suas no oiliúint no tairfe a dhuine cloinne no gach éinne no aon chuid dá chloinn má orduíonn an tAire amhlaidh agus nuair a ordóidh sé é agus ar feadh pé aimsir a ordóidh sé.

Féadfar pinsin chréachta do dheona do dhaoine áirithe eile

3. —(1) Má dheimhníonn an tAire go raibh aon duine atá fé aon díth de bharr créachta a fuair sé roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, go raibh sé ina bhall d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Cathránach na hÉireann nuair a fuair sé an chréacht san agus go bhfuair sé an chréacht san agus é ag i mbun a dhualgais mar bhall den tsórt san, féadfar pinsean créachta no aisce agus, más fear pósta é, pinsean breise do dheona don duine sin, díreach mar iad súd 'na mbeadh teideal aige chúcha fén Acht so dá mba tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1922, a gheobhadh sé an chréacht agus dá mb'oifigeach no saighdiúir é a scuirfí as na fórsaí toisc gan é do bheith infheadhma a thuille do réir an dochtúra.

(2) Chun ráta an phinsin chréachta agus an phinsin bhreise (más indeonta é) no méid na haisce, a bheidh le deona d'aon duine fén alt so, do shocrú, tuigfar go raibh ag an duine sin pé céim sna forsaí a dheimhneoidh an tAire is mó deabhramh leis an gcéim a bhí ag an duine sin in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é): Ach tuigfar céim oifigigh do bheith ag gach duine den tsórt san a fuair créacht in eirghe-amach an Abráin agus na Bealtaine, 1916.

An dáta ar a dtosnóidh an pinsean créachta.

4. —(1) Ach amháin sa chás go bhforáltar a mhalairt san alt so, tosnóidh pinsean créachta ón dáta ar ar scuireadh as na fórsaí an t-oifigeach no an saighdiúir dá ndeonfar an céanna.

(2) I gcás oifigigh no saighdiúra a scuireadh as na fórsaí roimh rith an Achta so agus atá ag fáil aon liúntais ón Aire o scuireadh é, pe'ca do féin no dá chúram, is ar dháta stoptha an liúntais sin a thosnóidh an pinsean créachta is iníoctha leis an oifigeach no leis an saighdiúir sin.

(3) Aon phinsean créachta a deonfar do dhuine do créachtnuíodh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, tosnóidh sé an 1adh lá d'Abrán, 1922, maran rud é gur dineadh ball de sna fórsaí den duine sin agus gur scuireadh asta é tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus sa chás san tosnóidh an pinsean o dháta a scurtha as na fórsaí.

Fearaistí leagha agus tréineáil ghairme do sholáthar.

5. —(1) Féadfidh an tAire o am go ham, le toil an Aire Airgid, géaga bréagacha, bataí croise, bróga speisialta agus fearaistí eile den tsórt san do sholáthar, fé mar is gá, d'aon oifigeach no saighdiúir dar deonadh pinsean créachta (buan no nea-mbuan) fén Acht so agus féadfa sé socrú do dhéanamh i gcóir deisiú agus athnuachaint aon fhearaistí den tsórt san.

(2) Féadfidh an tAire, le toil an Aire Airgid, tréineáil ghairme do sholáthar in aisce no ar tháille luíoduithe d'aon oifigeach no saighdiúir dar deonadh pinsean (buan no nea-mbuan) fén Acht so, pé saghas a iarrfidh an t-oifigeach no an saighdiúir sin agus a mheasfidh an tAire oiriúnach dá chás.

Déanfidh an tAire Rialacháin i dtaobh créachtphinsean.

6. —(1) Féadfaidh an tAire Rialacháin do dhéanamh o am go ham chun go ndéanfar scrúdú dochtúra agus ath-scrúdú o am go ham ar oifigigh agus saighdiúirí atá, no adeir go bhfuilid, i dteideal chun pinseana créachta fén Acht so.

(2) Forálfar leis na Rialacháin a déanfar fén alt so ná déanfar daingniú ar phinsean créachta do dheona d'aon oifigeach ná d'aon tsaighdiúir laistigh de dhá bhliain tar éis pinsean créachta do dheona don oifigeach no don tsaighdiúir sin mar an gcéad uair mara mbeidh agus go dtí go mbeidh an díth ar a staid deirineach.

Féadfar liúntaisí do dheona do chúram oifigeacha agus saighdiúirí ná maireann.

7. —(1) Féadfar na liúntaisí agus na haiscí fé seach a háirítear sa dara sceideal agus sa tríú sceideal don Acht so do dheona do bhaintrigh, do chloinn, do chúram agus do leath-chúram aon oifigigh no saighdiúra—

(a) a marbhuíodh no a marófar an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin, agus é i mbun a dhualgais agus ar seirbhís chogúil, marab aon fhaillí mhór no mí-iompar i bpáirt an oifigigh no an tsaighdiúra san fé ndeár bás an oifigigh no an tsaighdiúra san; no

(b) a fuair no a gheobhaidh créacht an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin, agus a fuair no a gheobhaidh bás laistigh de thrí bliana tar éis an chréacht san d'fháil, má b'í an chréacht san an t-éinní amháin fé ndeár bás an oifigigh no an tsaighdiúra san.

(2) Gach liúntas a deonfar fén alt so tosnóidh sé o dháta báis an oifigigh no an tsaighdiúra a bheidh tar éis bháis agus 'na mbeidh an céanna iníoctha mar gheall air no o pé dáta ina dhiaidh sin a cheapfidh an tAire in aon chás áirithe.

(3) Einne dá ndeonfar liúntas fén alt so ní deonfar aon liúntas eile dho fén alt so ná fé aon alt eile den Acht so an fhaid a leanfidh an liúntas san.

Féadfar liúntaisí do dheona do chúram daoine áirithe eile d'éag.

8. —(1) Einne a marbhuíodh roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, no a fuair créacht roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus a fuair no a gheobhaidh bás laistigh de thrí bliana tar éis an chréacht san d'fháil, má dheimhníonn an tAire gur bhall d'Oglaigh na hÉireann no d'Arm Cathránach na hÉireann é nuair a marbhuíodh é no nuair a fuair sé an chréacht san agus gur marbhuíodh é no go bhfuair sé an chréacht san agus é i mbun a dhualgais mar bhall den tsórt san, agus maran tré n-a mhórfhaillí no a mhí-iompar féin a marbhuíodh an duine sin no, sa chás eile, má b'í an chréacht san an t-éinní amháin fé ndeár an bás do theacht air, deonfar do bhaintrigh, do chloinn, do chúram no do leath-chúram an duine sin leithéidí na liúntaisí agus na n-aiscí do b'fhéidir a dheona dhóibh dá mb'oifigeach no saighdiúir de sna fórsaí an duine sin agus go marbhófí é no go bhfuigheadh sé an chréacht an 1adh lá d'Abrán, 1922, no ina dhiaidh sin.

(2) Chun a shocrú cadé an dáta go dtosnóidh aon Iiúntas fén alt so, má marbuíodh an té 'na mbeidh an céanna iníoctha mar gheall air, tuigfar gur ar an 1adh lá d'Abrán, 1922, a marbhuíodh é agus má fuair sé bás roimh an 1adh lá d'Abrán, 1922, de bharr créachta, tuigfar gur ar an 1adh lá d'Abrán, 1922, a fuair sé bás.

(3) Chun a shocrú an mór a bheidh aon liúntas a deonfar fén alt so, tuigfar go raibh ag an duine marbh 'na ndeonfar an céanna mar gheall air an chéim sna fórsaí a dheimhneoidh an tAire is mó deabhramh leis an gcéim a bhí ag an duine sin in Oglaigh na hÉireann no in Arm Cathránach na hÉireann (pe'ca aca é): Ach tuigfar céim oifigigh do bheith ag gach duine den tsórt san a marbhuíodh in eirghe-amach an Abráin agus na Bealtaine, 1916.

(4) San alt so folóidh an focal “marbhuíodh” bás do tháinig díreach as duine do dhiúltú do bhia go ghlaca agus é i bprísún, agus bás do dhuine le fóiréigean agus é ina phrísúnach.

An tslí ina ndeonfar pinsin, etc.

9. —Isé an tAire, le toil an Aire Airgid, a dheonfidh gach pinsean, liúntas agus aisce a deonfar fén Acht so.

Cosc ar phinsin agus liúntaisí do shanna.

10. —(1) Gach sanna dá ndéanfar agus gach muirear dá gcuirfar agus gach marga chun sanna do dhéanamh no muirear do chur ar aon phinsean, liúntas no aisce fén Acht so, beid gan brí ach amháin sa mhéid go n-údarófar an céanna le hAcht a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Ní féadfar aon phinsean, liúntas ná aisce dá ndeonfar fén Acht so do thógaint i bhfeidhmiú ná a seilbh d'aistriú in aon tslí eile tré chúrsa dlí in íoc aon fhiacha ná fiachaisí dá mbeidh ar an oifigeach, saighdiúir no duine dá ndeonfar an pinsean, an liúntas no an aisce sin fén Acht so.

(3) Ní choiscfidh éinní san alt so airgead do bhaint as aon phinsean, líúntas no aisce is iníoctha fén Acht so, sé sin, aon airgead a bheidh ag dul don Aire ón té le n-a mbeidh an pinsean, an liúntas no an aisce sin iníoctha.

Pinsin agus liúntaisí do chailliúint.

11. —(1) Má dhineann aon Chúirt cheart-údaráis i Saorstát Éireann aon oifigeach no saighdiúir dar deonadh pinsean créachta fén Acht so d'fháil ciontach in aon choir no cionta agus an pinsean san ag leanúint agus má dhaorann an Chúirt sin é mar gheall ar an gcoir no an cionta san chun prísúntacht, i dteanta no in éamais daor-oibre, ar feadh aon tearma is sia ná trí mhí no chun pian-tseirbhíse ar feadh aon téarma, caillfidh an t-oifigeach no an saighdiúir sin, ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é, an pinsean a deonadh do agus, ina theanta san, aon phinsean eile a deonadh do toisc é do bheith ina fhear phósta.

(2) Má dhineann aon Chúirt cheart-údaráis i Saorstát Éireann aon duine dar deonadh liúntas fén Acht so d'fháil ciontach in aon choir no cionta agus an liúntas san ag leanúint agus má dhaorann an Chúirt sin é mar gheall ar an gcoir no an cionta san chun prísiúntacha, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma is sia ná mí no chun pian-tseirbhíse ar feadh aon téarma, caillfidh an duine sin, ón dáta ar a bhfuighfar ciontach é, an liúntas a deonadh do.

(3) Má dintar aon fháil-ciontach agus daor-bhreith den tsórt a luaidhtear san alt so do chur ar nea-mbrí no ar neamhní beidh ar nea-mbrí agus ar neamhní, leis, an chailliúint phinsin no liúntais a lean an fháil-ciontach agus an daor-bhreith sin.

(4) Má bhíonn aon duine dar deonadh fén Acht so aon phinsean no liúntas no aon aisce leanúnach, má bhíonn sé ciontach in aon iompar aithiseach agus an pinsean, an liúntas no an aisce sin ag leanúint, féadfidh an tAire, más ceart é dar leis i gcúrsaí an cháis, deire do chur leis an bpinsean, liúntas no aisce a deonadh don duine sin.

Pionós fé Údarás Achmair mar gheall ar fhaisnéis bhréagach.

12. —(1) Má dhineann no má shighníonn no má úsáideann aon duine aon fhaisnéis, iarratas no ráiteas eile i scríbhinn, agus a fhios aige gurb éitheach atá ann, d'fhonn go bhfuigheadh sé deontas no go n-íocfí pinsean, liúntas no aisce leis fén Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta agus, ar a fháil ciontach fé sna hAchtanna Údaráis Achmair, féadfar fíneáil nách mó ná cúig phúint do chur air.

(2) Chun imeachta do bhunú mar gheall ar aon chionta den tsórt a luaidhtear san alt so, tuigfar gur dineadh an cionta san áit in ar dineadh é no san áit go ráineoidh don chiontathóir bheith ann.

(3) Aon fhaisnéis, iarratas no ráiteas eile i scríbhinn ar fhuirm oifigiúil oiriúnach ar a mbeidh stampa is cosúil a bheith ina stampa oifige leis an Aireacht um Chosaint no le haon fho-roinn den Aireacht san, no le haon Roinn Rialtais 'na bhfuil baint aici le deona no le híoc pinsin, liúntais no aisce agus dáta air is déanaí ná an dáta ar ar dineadh no ar ar sighníodh, do réir cosúlachta, an fhaisnéis, an t-iarratas no an ráiteas beidh sé ina fhianaise, mara gcruthuítear a mhalairt, gur dineadh, gur sighníodh no gur úsáideadh an fhaisnéis, an t-iarratas no an ráiteas d'fhonn go bhfuighfí deontas no go n-íocfí pinsean, liúntas no aisce fén Acht so.

Ní bacfar cásanna in ar tugadh cúiteamh ar shlí eile.

13. —(1) Ní bheidh aon phinsean, liúntas ná aisce iníoctha fén Acht so le haon oifigeach ná saighdiúir ná i dtaobh a leithéide mar gheall ar aon chréacht no bás gur tugadh aithne chun cúitimh ann fé sna hAchtanna Díobhála Coiriúla (Éirinn), 1919 agus 1920, no fé aon cheann de sna hAchtanna san.

(2) Aon chúiteamh a gheobhfar ón té no ar son an té adeirtar ba chionntsiocair leis an ngníomh fé ndeár créachtnú no bás oifigigh no saighdiúra, féadfar é do chur san áireamh nuair a beifar ag socrú méid aon phinsin, liúntais no aisce a fhéadfí a thabhairt fén Acht so don oifigeach no don tsaighdiúir sin no ina thaobh.

Ní bhfuighfar aon phinsean go vótálfidh an tOireachtas an t-airgead.

14. —Ní bheidh aon oifigeach, saighdiúir ná duine eile i dteideal chun aon phinsean créachta ná pinsean eile ná aon liúntas ná aisce d'fháil fén Acht so mara vótálfidh an tOireachtas airgead chun an pinsean, liúntas no aisce sin d'íoc.

Leagfar Rialacháin fé bhráid an Oireachtais.

15. —Gach rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so, leagfar é, láithreach tar éis é do bheith déanta, fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais agus má dhineann gach Tigh, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh aon Tigh díobh tar éis leaga na Rialachán san fé n-a bhráid, Rún do rith chun na Rialacháin sin do chur ar ceal beidh na Rialacháin sin ar ceal ach beidh san gan dochar do dhleathacht aon ruda no ní a dineadh fé sna Rialacháin sin sarar cuireadh ar ceal iad.

Mínithe.

16. —San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs rud éigin eile—

Cialluíonn an focal “na fórsaí” aon fhórsaí armtha fé smacht an Aire Cosanta 'na mbeadh ar a mbaill de thurus na huaire, do réir téarmaí a gcoimisiúin, a margaidh, a liostála, a gcláruithe, a gconnartha no éinní eile ar aon tslí in aon chor, seirbhís gan sos do dhéanamh ar feadh tréimhse do Shaorstát Éireann;

Cialluíonn an focal “ar seirbhís chogúil,” nuair a deirtar é i dtaobh oifigigh no saighdiúra, an t-oifigeach no an saighdiúir sin do bheith ceangailte le fórsa no ina chuid d'fhórsa atá ag oibriú i gcoinnibh an namhad no atá ag déanamh oibre cogaidh in áit atá fé ghabháil go hiomlán no go leathrannach ag an namhaid, agus sa mhiniú so foluíonn an focal “namhaid” gach cúlmhutaire armtha, gach rebeliúnach armtha, gach bruigheanach armtha agus gach píoráid;

Cialluíonn an focal “oifigeach” aon oifigeach a bhaineann no atá ag fónamh leis na fórsaí agus foluíonn sé aon oifigeach atá fé phágh mar oifigeach de sna fórsaí;

Foluíonn an focal “saighdiúir” aon oifigeach gan coimisiún, aon ghníomh-oifigeach gan coimisiún no aon tsaighdiúir de sna fórsaí;

Cialluíonn an focal “créacht” aon chréacht no leona a fuair oifigeach no saighdiúir agus é i mbun a dhualgais agus ar seirbhís chogúil, ach ní fholuíonn sé aon leona de dheascaibh mórfhaillí no mí-iompar an oifigigh no an tsaighdiúra;

Foluíonn an focal “díth” díth leathrannach chó maith le díth iomlán;

Cialluíonn an focal “Aire” an tAire Cosanta.

Gearr-Theideal.

17. —Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1923 , do ghairm den Acht so.

AN CHEAD SCEIDEAL

Scala de Phinsin Chreachta.

Méid na díthe

An díobháil a dineadh

Cion do réir méid na díthe

An pinsean créachta is iníoctha le hoifigeach

An pinsean créachta is iníoctha le hoifigigh gan coimisiún agus le fir

An pinsean breise is iníochta le hoifigigh pósta

An pinsean breise is iníoctha le hoifigigh gan coimisiún agus le fir má táid pósta

fén gcéad

£ sa bhliain

s. sa tseachtain

s. sa tseachtain

s. sa tseachtain

1

Díth dá ghéag no breis     ...     ...     ...     ...

100

200

42

15

10

Díth an dá lámh no díth méireanna agus ordóga uile na lámh     ...     ...     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Díth iomlán radharc na súl     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Créachta, gortuithe, no a dtortha a fhágann duine nách féidir leis corraí as a leabaidh     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Créachta in orgáin inmheánacha, uchta no builg no gortuithe dhóibh, a fhágann duine ina bhuanmhairtíreach ar fad     ...     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Pairílis orgánach iomlán o chréachta no o ghortuithe don inchinn no do shnáth an droma     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

2

Díth géige láimhe agus súile     ...     ...     ...

90

180

37/9

13/6

9

Díth géige coise agus súile     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Díth láimhe agus coise     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

Díth géige láimhe ón ngualainn     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

3

Díth an dá chos     ...     ...     ...     ...

80

160

33/7

12

8

Teasca géige coise ag an gcromán no fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir; teasca na lámh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 6 órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na lámh-ghéige clé ón ngualainn     ...     ...     ...     ...

,,

,,

,,

--

--

4

Oibriú Lisfranc ar an dá chois     ...     ...     ...

70-80

140-160

29/4-33/7

10/6-12

7-8

5

Teasca géige coise fén gcromán, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an tróchanteura mhóir, agus ná téighean fé bhun lár na ceathrún; teasca na láimh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 6 órlach má tomhastar é o bharr an acrómíon; no teasca na láimh-ghéige deise fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 6 órlach, má tomhastar é ó bharr an acrómíon, ón uilinn, no fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin

70

140

29/4

10/6

7

6

Teasca géige coise fé lár na ceathrún, ón nglúin, no fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 4 órlach; teasca na lámh-ghéige clé fén ngualainn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 6 órlach má tomhastar é o bharr an acrómion, ón uilinn, nó fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa nách sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin; no teasca na lámh-ghéige deise fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin     ...     ...     ...

60

120

25/2

9

6

7

Teasca géige fén nglúin, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 4 órlach; no teasca na lámh clé fén uilinn, ach gur fágadh stúmpa is sia ná 5 órlach má tomhastar é o bharr an olecranoin     ...     ...

50

100

21

7/6

5

8

Díth súile, de dheascaibh créachta grán-ghunna, no gortú

40

80

16/9

6

4

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe deise

40

80

16/9

6

4

Díth ordóige no cheithre méireanna na láimhe elé no díth trí méireanna ar an láimh dheis     ...     ...

30

60

12/7

4/6

3

Oibriú Lisfranc ar chois     ...     ...     ...

30

60

12/7

4/6

3

Díth dhá mhéir, ar láimh     ...     ...     ...

20

40

8/4

3

2

Díth méireanna uile aon choise amháin     ...     ...

20

40

8/4

3

2

Díth méireanna uile an dá chos     ...     ...     ...

20

40

8/4

3

2

Nota.I gcás daoine a deimhnítear a bheith ina gciotóga, beidh an cúiteamh as díth lámh-ghéi ge clé, láimhe clé, etc. díreach mar an gcúiteamh a híocfar as díth lámh-ghéige deise, láimhe deise, etc., ag us vice versa.

AN DARA SCEIDEAL.

Liuntaisi do Churam Oifigeach.

1

Baintreach

...

...

£90 sa bhliain le linn baintreachais agus aisce £120 an chéad uair eile a phósfa sí.

2

Gach mac fé bhun 18 mbliana

(a) Le beo a mháthar £24 sa bhliain.

(b) Tar éis bháis a mháthar, £40 sa bhliain.

3

Gach iníon fé bhun 21 bhliain

(a) Le beo a máthar, £24 sa bhliain.

(b) Tar éis bháis a máthar, £40 sa bhliain.

4

Gach duine cloinne atá 12 bhliain no as a chionn san, agus atá fé bhun 18 mbliana.

Aisíoc an méid a crúthofar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach gan é do dhul thar £35 in aon bhliain chaileandair áirithe.

5

(a) Máthair

...

...

Aon liúntas amháin do réir £1 sa

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhíchumas tré dhroch-shláinte

(c) Drítháir no drifiúr atá ina bhuan-bhreoiteachán

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

tseachtain. Má bhíonn beirt no níos mó dá leithéidí ann, ní bheidh ach aon liúntas amháin le n'íoc agus san le pé duine dhíobh a ordóidh an tAire Cosanta.

6

Gach dritháir fé bhun 18 mbliana agus gach drifiúr fé bhun 21 bliain.

Liúntais 7s. 6d. sa tseachtain, ach ní raghaidh iomlán na liúntaisí fén alt so thar £1 sa tseachtain i gcás aon oifigigh áirithe, agus ní bheidh aon liúntas iníoctha fén alt so in aon chás ina bhfuil aon liúntas iníoctha fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo.

7. I gcás oifigeach d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram éinne de sna daoine a luaidhtear in alt 5 den. Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin (lasmuich den liúntas a bheidh, má bhíonn sé, iníoctha fé alt 4) ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh iníoctha fé ailt 1 agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an t-oifigeach baintreach ina dhiaidh.

8. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an oifigigh 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an oifigeach san.

9. I gcás oifigeach d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta eile féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £150 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon oifigeach áirithe.

10. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aisce 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh.

AN TRIU SCEIDEAL.

Liuntaisi do Churam Saighdiuiri.

1.

Baintreach     ...     ...

17s. 6d. sa tseachtain le linn baintreachais agus aisce £45 10s. 0d. an chéad uair eile a phósfa sí.

2.

Clann atá fé bun 16 bliana más clann mhac iad, no fé bhun 18 mbliana más clann iníon iad.

(a) Le beo a máthar, 5s. sa tseachtain in aghaidh na céad-gheine agus 3s. 6d. in aghaidh gach geine eile.

(b) Tar éis bháis a máthar 8s. 6d. sa tseachtain in aghaidh gach geine.

3.

Gach duine cloinne atá 12 bhliain, no as a chionn san, agus atá fé bhun 18 mbliana.

Aisíoc an méid a cruthófar a caitheadh go riachtanach agus go ceart ar tháillí oideachais, ach gan é do dhul thar £35 in aon bhliain chaileandair, má soláthruítear fianaise a chuirfidh ina luighe ar an Aire go dtairfeodh leanbh saighdiúra d'oideachais is aoirde ná an t-oideachas a tugtar i mBunscoileanna agus go ndeabhródh an scéal gur chaill sé an t-oideachas san tré bhás a athar.

4.

(a) Máthair     ...     ...

(b) Athair os cionn 60 bliain no fé mhí-chumas tré dhroch-shláinte.

(c) Drítháir no drifiúr atá ina bhuan-bhreoiteachán.

(d) Aithreacha móra agus máithreacha móra.

Aon liúntas amháin do réir 15s. sa tseachtain. Má bhíonn beirt no níos mó dá leithéidí ann, ní bheidh ach aon liúntas amháin le n‘íoc, agus íocfar an liúntas san le pé duine dhíobh a ordóidh an tAire Cosanta.

5.

Gach dritháir fé bhun 18 mbliana agus gach drifiúr fé bhun 21 bliain.

Liúntais 5s. sa tseachtain; agus ní raghaidh iomlán na liúntaisí fén alt so thar 15s. sa tseachtain i gcás aon tsaighdiúra áirithe. Ní bheidh aon liúntas iníoctha fén alt so in aon chás ina bhfuil aon liúntas iníoctha fé aon cheann de sna hailt sin roimhe seo.

6. I gcás saighdiúra d'fhágaint dílleachtaithe fé chúram duine dá luaidhtear in alt 4 den Sceideal so agus atá ina chúram air, ní raghaidh iomlán na liúntaisí is iníoctha i dtaobh an duine sin agus na ndílleachtaithe sin ní ragha sé thar méid na liúntaisí go léir a bheadh iníoctha fé ailt l agus 2 le linn baintreachais na baintrí dá bhfágfadh an saighdiúir baintreach ina dhiaidh.

7. Ní bheidh aon liúntas iníoctha le haon duine fé sna forálacha san roimhe seo den Sceideal so mara raibh lán-chúram an duine sin, ar dháta báis an tsaighdiúra 'na mbeidh an liúntas á éileamh mar gheall air, ar an saighdiúir sin.

8. I gcás saighdiúir d'fhágaint daoine a bhí ina leath-chúram air ní deonfar aon liúntaisí do sna daoine sin, ach i gcásanna gátair no i gcásanna speisialta féadfar aisce no aiscí do dheona do gach duine no d'aon chuid dá leithéidí sin. Ní raghaidh thar £100 méid iomlán na n-aiscí a deonfar fén alt so mar gheall ar aon tsaighdiúir áirithe.

9. I gcás aon duine 'na raibh a lán-chúram no a leath-chúram ar bhreis agus éinne amháin de dhaoine atá marbh, ní bhfuighfidh eisean, mar gheall ar na daoine sin atá marbh, liúntaisí ná aiscí 'na raghaidh a n-iomlán thar an liúntas maximum dob fhéidir a dheona dho fén Sceideal so mar gheall ar éinne amháin áirithe de sna daoine sin atá marbh. Sa chlás so, foluíonn an focal “daoine atá marbh” oifigigh atá marbh chó maith le saighdiúirí atá marbh.