44 1923

Uimhir 44.


ACHT CEADÚNAIS (ATHNUACHAINT CEADÚNAISÍ), 1923.


ACHT CHUN DLEATHACHT DO THABHAIRT DO CHEADÚNAISÍ ÁIRITHE CHUN DEOCHANNA MEISCIÚLA DO DHÍOL AGUS A THUIT AR LÁR CHEAL ATHNUACHAINTE AGUS CHUN ÉIFEACHT DO THABHAIRT D'AISTRITHE ÁIRITHE A DINEADH AR CHEADÚNAISÍ DEN tSÓRT SAN.

[31adh Deire Fomhair, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tuigfar ceadúnaisí áirithe bheith dleathach.

1. —Chun gach críche agus in ainneoin aon bhreithe contrárdha a thug aon chúirt roimh rith an Achta so, tuigfar go bhfuil gach ceadúnas le n-a mbaineann an tAcht so, agus go raibh sé riamh ón uair is déanaí a hathnuadh é, chó dleathach agus chó héifeachtúil is dá ndintí é d'athnuachaint go féiltiúil don duine ceart gach bliain ón uair is déanaí a hathnuadhadh é agus fanfidh an dleathacht agus an éifeachtúlacht san aige go dtí an 10adh lá de Dheire Fomhair, 1923, agus an lá san féin.

Tuigfar an ceadúnas a bheith aistrithe má aistríodh an t-áitreabh.

2. —Má dineadh áitreabh le n-a ngabhann ceadúnas le n-a mbaineann an tAcht so d'aistriú go dleathach ón uair is déanai a hathnuadhadh an ceadúnas san, pe'ca le dintiúir, le huacht no le dílsiú do réir dlí a dineadh an t-aistriú san, tuigfar chun gach críche an ceadúnas do bheith aistrithe go dleathach chun an duine chun ar haistríodh an t-áitreabh, in ainneoin aon bhreithe contrárdha a thug aon chúirt roimh rith an Achta so agus in ainneoin aon fhaillí a tugadh in aistriú no cúl-scríbhinn ar an gceadúnas d'fháil o Chúirt Ghearr-Shiosón no Dhúithche.

Tuigfar an ceadúnas a bheith aistrithe má aistríodh an trádáil.

3. —(1) Más rud é, de dheascaibh scrios an áitreibh le n-a ngabhann ceadúnas le n-a mbaineann an tAcht so no de dheascaibh éinní eile lasmuich de chumas sealbhóir an cheadúnais, go dtáinig sé chun críche, aon uair ón uair is déanaí a hathnuadhadh an ceadúnas, nárbh fhéidir deochanna meisciúla do dhíol san áitreabh ceadúnuithe agus gur dhin sealbhóir an cheadúnais, roimh rith an Achta so, díol na ndeochanna meisciúla d'aistriú chun áitreibh eile sa chathair, sa bhaile no sa tsráid-bhaile chéanna agus go bhfuil an díol san ar siúl aige ann, tuigfar, chun gach críche agus in ainneoin aon bhreithe contrárdha a thug aon chúirt roimh rith an Achta so, an ceadúnas do bheith aistrithe go dleathach chun an áitreibh dheiridh sin ar an dáta agus ón dáta ar ar haistríodh díol na ndeochanna meisciúla chun an áitreibh sin.

(2) In aon chás ina mbeidh ceadúnas aistrithe de bhua an fho-ailt sin roimhe seo, beidh sé dleathach do Chúirt Dúithche, laistigh de bhliain tar éis rithte an Achta so, ar iarratas o bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána nách ísle céim ná sáirsint, a ordú do shealbhóir an cheadúnais, laistigh d'aimsir a hainmneofar san ordú san, pé atharuithe do dhéanamh ar an áitreabh deiridh sin a luadhadh agus pé breiseanna do chur leis is dó leis an nGiúistís Dúithche is gá chun an t-áitreabh san do chur sa treo a horduítear leis an dlí a bhaineann le háitreibh atá ceadúnuithe chun deochanna meisciúla do dhíol ionta.

(3) Einne ná có-líonfidh ordú a dhéanfidh Cúirt Dúithche fén bhfo-alt sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta agus ar a dhaora ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar £50 do chur air agus fós fíneáil eile ná raghaidh thar £10 in aghaidh gach lá ar a leanfidh an nea-chólíona san ar siúl agus ina theanta san féadfar an ceadúnas do bhaint de.

Na ceadúnaisí le n-a mbainfidh an tAcht so.

4. —Fé réir an choiníll a ghabhann leis an alt so, bainfidh an tAcht so le gach ceadúnas chun aon tsaghas no saghsanna dighe mheisciúla do dhíol (pe'ca san áitreabh é no lasmuich de) agus nár hathnuadh aon uair tar éis an 1adh lá d'Eanair, 1919, agus roimh rith an Achta so, agus 'na gcuirfar ina luighe ar Chúirt Dúithche ina thaobh ná raibh de chúis leis an neamh-athnuachaint sin ach cúis no cúiseanna dhíobh so a leanas, eadhon:—

(a) mar nár comóradh aon Ghearr-Shiosóin bhliantúla Cheadúnais sa chontae no sa chontae-bhuirg ina raibh an t-áitreabh ceadúnuithe suidhte; no

(b) mar ná raibh aon Ghiúistís Síochána ann no nár leor an méid Giúistísí Síochána a bhí ann i gcóir na contae no na contae-bhuirge sin agus iad i dteideal chun na deimhniúcháin ba riachtanach do thabhairt chun an ceadúnas d'athnuachaint; no

(c) mar gur staon sealbhóir an cheadúnais sin o athnuachaint an cheadúnais d'iarraidh agus ná raibh de chúis aige leis sin ach é do bheith ag claoi le prínsiobail pholaitigiúla ná leigfadh do a admháil gur údarás na Gearr-Shiosóin bhliantúla Cheadúnais a bhí inniúil chun ceadúnaisí do dheona ná d'athnuachaint; no

(d) mar de dheascaibh scrios an áitreibh cheadúnuithe no de dheascaibh éinní eile lasmuich de chumas sealbhóir an cheadúnais, go raibh an t-áitreabh ceadúnuithe ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag gan bheith ar oscailt chun deochanna meisciúla do dhíol:

Ar choiníoll i gcomhnaí ná bainfidh an tAcht so le haon cheadúnas den tsórt san roimhráite marar híocadh go cuibhe ná go dtí go n-íocfar go cuibhe laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so, gach diúité máil (ach pé liúntaisí, aisíocanna, agus locáistí a lomháltar le dlí do bheith bainte as) a bhí iníoctha as an gceadúnas san no mar gheall air ón uair is déanaí a hathnuadhadh é.

Gearr-Theideal

5. —Féadfar an tAcht Ceadúnais (Athnuachaint Ceadúnaisí). 1923, do ghairm den Acht so.