10 1924

Uimhir 10 de 1924.


ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924.


ACHT CHUN CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS DO BHUNÚ DO RÉIR BUNREACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LE FEABHASÚ RIARA CIRT. [12adh Abrán, 1924.]

DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach chun comhacht bhreithiúnais Shaorstáit Éireann d'fheidhmiú agus chun ceart do riara i Saorstát Éireann, cúirteanna puiblí do bhunú do réir na bhforálacha atá sa Bhunreacht chuige sin:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Roimh-fhocal.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar chun gach críche an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhm an Achta.

2. —Tiocfidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laethanta a ceapfar ina chóir sin le haon Ordú no Orduithe ón Ard-Chomhairle agus féadfar laetheanta difriúla do cheapa i gcóir tosach feidhm an Achta chun crícheanna difriúla ach gan aon lá dhíobh do bheith níos déanaí ná cúig mhí tar éis rithte an Achta so.

Míniú ar théarmaí.

3. —I léiriú an Achta so, mara bhfuil éinní san abhar no sa chó-théacs ina choinnibh, beidh leis na focail agus leis na habairtí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, no folóid, na bríonna so a leanas, sé sin le rá:—

Ciallóidh “Príomh-Chúirt Choiriúil” an breitheamh den Ard-Chúirt dá gceapfar mar dhualgas gníomhú mar Phríomh-Chúirt Choiriúil de thurus na huaire;

Ciallóidh “Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte” pé breithimh no daoine eile a hainmnití go dtí so i gCoimisiúin Ard-Shiosóin agus dá gceapfar feidhmiú do dhéanamh ar aon údarás síbhialta no coiriúil is féidir don Ard-Chúirt a fheidhmiú;

Ciallóidh “Cúirt den Chuaird Ard-Chúirte” Cúirt aon Choimisinéara den tsórt san den Chuaird Ard-Chúirte;

Ciallóidh “Cúirt Dúithche,” “Cúirt Chuarda,” “Ard-Chúirt” agus “Cúirt Uachtarach” na Cúirteanna Breithiúnais de Shaorstát Éireann a hainmnítear amhlaidh san Acht so;

Ciallóidh “i gcúrsaí gealtachta” i gcúrsaí cimeád pearsana agus estáití daoine gan meabhair, geilteanna agus daoine nách slán meabhair;

Ciallóidh “i gcúrsaí mion-aoiseach” i gcúrsaí bhárdacht mion-aoiseach agus cúram estáití mion-aoiseach;

Folóidh “talamh” gach tionóntachán agus ionoighreachta nea-chorportha chó maith le gach tionóntachán agus ionoighreachta corportha.

Cuid I.

AN ARD-CHUIRT AGUS AN CHUIRT UACHTARACH.

Có-dhéanamh na hArd-Chúirte.

4. —Bunófar fén Acht so Ard-Chúirt Bhreithiúnais a bheidh có-dhéanta de sheisear breithiún an chuid is mó dhe (eadhon, Uachtarán agus cúigear gnáth-bhreithiún), dá ngairmfar ina gceapacháin fé seach “Uachtarán Ard-Chúirt Bhreithiúnais Shaorstáit Éireann” no “Breitheamh d'Ard-Chúirt Bhreithiúnais Shaorstáit Éireann,” fé mar a bheidh.

Có-dhéanamh na Cúirte Uachtaraí

5. —Bunófar Cúirt Bhreithiúnais Uachtarach fén Acht so chun bheith mar Chúirt Uachtarach do Shaorstát Éireann mar a luaidhtear sa Bhunreacht agus beidh sí có-dhéanta de thriúr breithiún agus, ina gceapacháin dóibh, gairmfar “Prímh-Bhreitheamh Shaorstát Éireann” dá n-uachtarán (dá ngairmtear “an Prímh-Bhreitheamh” ina dhiaidh seo anso) agus “Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais Uachtarach Shaorstáit Éireann” de gach duine de sna breithimh eile.

Breithimh ex-officio.

6. —Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina bhreitheamh bhreise ex-officio den Chúirt Uachtaraigh, agus beidh an Prímh-Bhreitheamh ina bhreitheamh bhreise ex-officio den Ard-Chúirt.

Suidhfidh Breithimh den Ard Chúirt sa Chúirt Uachtaraigh i gcásanna áirithe.

7. —Más rud é, toisc breitheamh den Chúirt Uachtaraigh do bheith breoite no ar aon chúis dho-sheachanta eile, ná beidh ar fáil an méid breithiún den Chúirt Uachtaraigh is gá chun gnó na Cúirte sin do dhéanamh, féadfidh an Prímh-Bhreitheamh a iarraidh ar aon ghnáth-bhreitheamh no gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt suidhe le linn éisteacht aon athchomhairc sa Chúirt Uachtaraigh agus aon bhreitheamh ar a n-iarrfar san suidhfe sé le linn éisteacht an athchomhairc sin agus beidh sé ina bhreitheamh bhreise den Chúirt Uachtaraigh i gcóir an athchomhairc sin.

Cúirt Athchomhairc Choiriúla.

8. —Féadfidh an Prímh-Bhreitheamh, o am go ham, a iarraidh ar bheirt ghnáth-bhreithiún den Ard-Chúirt suidhe in éineacht leis féin, no le breitheamh den Chúirt Uachtaraigh mar Chúirt Athchomhairc Choiriúla, agus suidhfidh na breithimh ar a n-iarrfar san, no duine acu agus Uachtarán na hArd-Chúirte, má iarrtar air é agus go dtoileoidh sé chuige, agus i gcóir na hócaide sin, is díobh-san, maraon leis an bPrímh-Bhreitheamh no leis an mBreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, a bheidh Cúirt Athchomhairc Choiriúla Shaorstáit Éireann có-dhéanta: Ach ar iarratas an Phrímh-Bhreithimh féadfidh aon bhreitheamh no breithimh sho-fhálta eile den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh beith i láthair mar bhaill den Chúirt Athchomhairc Choiriúla i gcóir na hocáide a bheidh ann.

Tosaíocht na mbreithiún.

9. —Mar leanas a bheidh tosaíocht na mbreithiún:—Beidh an Prímh-Bhreitheamh ar tosach agus tiocfidh Uachtarán na hArd-Chúirte ina dhiaidh; ansan tiocfidh breithimh na Cúirte Uachtaraí, do réir ord a gceaptha, agus ina ndiaidh sin gnáthbhreithimh na hArd-Chúirte do réir ord a gceaptha.

Conus beannú.

10. —Ar an gcuma a ceapfar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so isea beannófar do bhreithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus beid chó mór comhacht agus údarás le n-a chéile ar gach slí ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt go soiléir san Acht so.

Folúntas in oifig breithimh.

11. —Féadfar oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh d'fholamhú tríd an mbreitheamh féin d'éirghe aisti le scríbhinn uaidh fé n-a láimh, agus folamhófar oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt nuair a ceapfar an breitheamh san mar bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, agus ansan no aon uair a bheidh oifig aon bhreithimh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh folamh féadfar breitheamh nua do cheapa in áit an bhreithimh sin. Tuigfar na Cúirteanna san do bheith bunuithe go cuibhe le linn agus d'ainneoin aon fholúntais den tsórt san, agus aon dualgaisí a ceapadh go speisialta d'aon bhreitheamh a thiocfidh fé mhí-chumas tré bhreoiteacht, no ná féadfidh suidhe, no 'na mbeidh a oifig folamh, déanfidh pé breitheamh eile de sna Cúirteanna san a bheidh le fáil iad do chó-líona le linn na breoiteachta, an mhí-chumais no an fholúntais sin.

Aois chun dul as oifig.

12. —Is 72 bhliain an aois chun dul as oifig do bhreithimh uile na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.

Luach saothair.

13. —Mar leanas a bheidh luach saothair breithiún na hArd Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí:—

Gheobhaidh Uachtarán na hArd-Chúirte £3,000 per annum, agus gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt sin £2,500 per annum, agus gheobhaidh an Prímh-Bhreitheamh £4,000 per annum, agus gach breitheamh den Chúirt Uachtaraigh £3,000 per annum.

Pinsean.

14. —Gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh, a imeoidh as oifig tar éis seirbhís 15 mblian no níos mó sna cúirteanna san no in aon cheann acu, deonfar do pinsean a leanfidh aige go deire a shaoil agus a bheidh co-ionann le dhá dtrian an tuarastail a bhí dho le linn do scur de bheith ag gníomhú mar bhreitheamh. Gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh a fhágfidh a oifig mar gheall ar aostacht no easláinte bhuan tar éis cúig bliana no breis agus cúig bliana seirbhíse agus fé bhun cúig mblian ndéag seirbhíse do chríochnú deonfar do pinsean a háireofar do réir an séú cuid den tuarastal a bhí dho le linn do a oifig d'fhágaint, maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal san aige in aghaidh gach bliana iomlán seirbhíse sa bhreis ar chúig bliana den tsórt san, agus leanfidh an pinsean san aige go deire a shaoil.

Beidh muirear an luach saothair agus an phinsin ar an bPrímh-Chiste.

15. —Ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc an luach saothair agus an phinsin is iníoctha le gach breitheamh den Ard-Chúirt agus den Chúirt Uachtaraigh fén Acht so. Tuitfidh an luach saothair agus an pinsean san dlite o ló go ló ach isé am ina mbeidh sé iníoctha leis na daoine 'na mbeidh teideal acu chuige no le n-a seiceadúirí no a riarthóirí ná ar na gnáth-laetheanta ráithiúla íocaíochta no i gceann pé tréimhsí eile i ngach bliain a shocróidh an tAire Airgid o am go ham.

Cáilíocht i gcóir ceapacháin.

16. —Ní ceapfar éinne mar bhreitheamh den Ard-Chúirt ná den Chúirt Uachtaraigh maran rud é, ar dháta a cheaptha, gurb abhcóide ag cleachta a ghairme é agus seasamh dhá bhliain déag ar a luíod aige no gur bhreitheamh de Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn é, tráth, no Breacthóir no Breitheamh Cúirte Contae in Éirinn no Breitheamh den Dáil-Chúirt Uachtaraigh mar a mínítear san in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no Coimisinéir Breithiúnais a ceapadh fén Acht san, ach chun críche na forála so tuigfar gur cleachta ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais Chuarda i Saorstát Éireann agus áireofar an tseirbhís sin mar sheirbhís do réir brí alt 14 de seo i gcás Breithimh Chuarda a ceapfar mar bhreitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh.

Údarás na hArd-Chúirte.

17. —Beidh an Ard-Chúirt ina cúirt breacacháin árd-chéime agus pé údarás bunaidh aici a horduítear leis an mBunreacht, agus, fé réir a bhforáltar san Acht so, aistreofar chun na hArd-Chúirte an t-údarás a bhí dílsithe i sean-Ard-Chúirt Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no in aon roinn no breitheamh di, no a bhí infheidhmithe ag an gcéanna i dtosach feidhm an Achta so.

Údarás na Cúirte Uachtaraí.

18. —Beidh an Chúirt Uachtarach ina cúirt breacacháin árdchéime agus pé údarás athchomhairc aici a horduítear leis an mBunreacht, agus, fé réir a bhforáltar san Acht so, aistreofar chun na Cúirte Uachtaraí an t-údarás a bhí dílsithe i seana-Chúirt Athchomhairc Chúirt Uachtarach an Údaráis in Éirinn, no in aon bhreithimh no breitheamh di, no a bhí infheidhmithe ag an gcéanna i dtosach feidhm an Achta so.

Údaráis a haistreo-ar chun an Phrímh-Bhreithimh.

19. —(1) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus beidh infheidhmithe aige gach údarás i gcúrsaí gealtachta agus i gcúrsaí mion-aoiseach a bhí á fheidhmiú le déanaí ag Tiarna Seansailéir na hÉireann agus atá á fheidmhiú, le linn rithte an Achta so, ag Tiarna Prímh-Ghiúistís na hÉireann. Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcóinnibh an Prímh-Bhreithimh d'fheidhmiú an údaráis a haistrítear leis an alt so.

(2) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus beidh infheidhmithe aige gach údarás i dtaobh atúrnaethe a bhí á fheidhmiú le déanaí ag Tiarna Seansailéir na hÉireann agus atá á fheidhmiú, le linn rithte an Achta so, ag Tiarna Prímh-Ghiúistís na hÉireann.

(3) Aistreofar chun an Phrímh-Bhreithimh agus dílseofar ann an chomhacht chun nótairí puiblí agus coimisinéirí mionn do cheapa.

An Coiste Aithcheiste fén Finance (1909-10) Act, 1910.

20. —O thosach feidhm an Achta so agus dá éis beidh an Coiste Aithcheiste do Shaorstát Éireann, a luaidhtear i bhfo-alt (5) d'Alt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, mar a hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , beidh sé có-dhéanta den Phrímh-Bhreitheamh, d'Uachtarán na hArd-Chúirte, agus de Chathaoirleach Fúndúireacht na Suirbhéirí (an Brainse Éireannach), in ionad na ndaoine a luaidhtear sa bhfo-alt san.

Gnó atá ar fionnraoi d'aistriú,

21. —Na húdaráis uile a haistrítear leis an Acht so chun na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus an Phrímh-Bhreithimh scuirfid de bheith á bhfeidhmiú ach ag an Ard-Chúirt agus ag an gCúirt Uachtaraigh agus ag an bPrímh-Bhreitheamh fé seach o thosach feidhm an Achta so agus dá éis: Ach i ngach imeacht a bheidh éistithe go hiomlán ach ná beidh breith tugtha ann no, ar bheith tugtha dhi, ná beidh sí críochnuithe ar an am a ceapadh i gcóir tosach feidhm an Achta so, féadfar an bhreith sin do thabhairt agus do chríochnú fé seach tar éis tosach feidhm an Achta so, in ainm na cúirte céanna agus na mbreithiún gcéanna agus na n-oifigeach gcéanna agus go generálta fé is dá mba ná rithfí an tAcht so; agus beidh éifeacht ag an mbreith sin fé mar a críochnófí í go cuibhe roimh thosach feidhm an Achta so, agus gach ordú a dhin aon chúirt no breitheamh 'na ndintar leis seo a údarás d'aistriú chun na hArd-Chúirte no chun na Cúirte Uachtaraí no chun an Phrímh-Bhreithimh (má críochnuíodh an t-ordú san go cuibhe aon uair roimh thosach feidhm an Achta so), féadfidh an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach agus an Prímh-Bhreitheamh fé seach é chur i bhfeidhm agus in éifeacht agus, más gá é, é leasú no é chur ar neamhní díreach fé is dá mb'ordú é a dhéanfadh an Ard-Chúirt no an Chúirt Uachtarach no an Prímh-Bhreitheamh, agus gach imeacht, síbhialta no coiriúil, a bheidh gan críochnú, le linn tosach feidhm an Achta so, sna cúirteanna 'na n-aistrítear a n-údarás mar adubhradh, leanfar díobh mar leanas (ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an Acht so go soiléir), sé sin le rá, i gcás imeachta athchomhairc a bheith gan críochnú sa tseana-Chúirt Athchomhairc leanfar díobh i láthair na Cúirte Uachtaraí, agus i gcás gach imeachta eile (lasmuich d'imeachta i gcúrsaí nithe a haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh roimhe seo anso) leanfar díobh i láthair na hArd-Chúirte, agus i gcás gach imeachta i gcúrsaí nithe a haistríodh chun an Phrímh-Bhreithimh roimhe seo anso, leanfar díobh i láthair an Phrímh-Bhreithimh. Beidh ag na cúirteanna san agus ag an bPrímh-Bhreitheamh fé seach, maidir leis na himeachta san go léir, an t-údarás céanna a bheadh acu dá dtosnuítí na himeachta san ina láthair fé seach agus go leanfí dhíobh fé seach síos go dtí an puínte ina ndéanfar an t-aistriú, agus chó fada is bhaineann le nós-imeachta leanfar de sna himeachta san no d'aon cheann acu ar an gcuma gcéanna, no ar chuma den tsórt chéanna, ina leanfí dhíobh sna cúirteanna fé seach o n-a n-aistreofar iad, mar adubhradh thuas, no do réir cúrsa na gcúirteanna fé seach chun a n-aistreofar iad, sa mhéid go mbainfidh an céanna leo.

Is do réir rialacha cúirte a feidhmeofar údarás.

22. —Chó fada is bhaineann le pléideáil, cleachta agus nósimeachta i gcoitinne, maraon le fiachas costaisí, ar an gcuma a forálfar le pé rialacha cúirte a déanfar do réir na Coda so den Acht so isea a feidhmeofar an t-údarás a dílsítear san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtaraigh agus sa Phrímh-Bhreitheamh fé seach agus a haistrítear chúcha fé seach, agus mara mbeidh aon fhoráil ina thaobh in aon rialacha cúirte den tsórt san agus faid ná beidh aon riail ann ina thaobh, isé cuma ina bhfeidhmeofar é ná chó geairid agus is féidir don chuma ina bhfeidhmeofí é ag na cúirteanna fé seach o n-ar haistríodh an t-údarás san leis an Acht so.

Róta breithiún i gcóir athchomharcanna toghacháin.

23. —Na breithimh a cuirfar ar an róta chun achuingheacha toghacháin i Saorstát Éireann do thriail gach bliain fé fhorálacha an Parliamentary Elections Act, 1868, roghnófar iad as breithimh na hArd-Chúirte ar pé cuma a forálfar le haon rialacha cúirte a déanfar chuige sin, agus idir an dá linn agus fé réir na rialacha san roghnófar iad as breithimh na hArd-Chúirte fé mar a roghnuítí iad as breithimh Roinn Bhinnse an Rí d'Ard-Chúirt an Bhreithiúnais in Éirinn.

Beidh údarás ag na breithimh chun gach cás d'éisteacht, ach ní éistfidh aon bhreitheamh athchomharc i gcoinnibh ordú a dhin sé féin

24. —Beidh údarás ag gach duine de bhreithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí (ar a n-áirítear an Prímh-Bhreitheamh) chun aon chás, síbhialta no coiriúil, i gcothrom no sa dlí choitiann no fé reacht, d'éisteacht agus breith do thabhairt air: Ach mar sin féin ní shuidhfidh aon bhreitheamh ar éisteacht athchomhairc in aicsean a trialadh ina láthair, pe'ca i dteanta no d'éamais coiste dháréag é, ná ar éisteacht athchomhairc i gcoinnibh breith no ordú a dhin sé féin, no ina raibh sé páirteach pe'ca aontú no easaontú leis a dhin sé.

Aicsin do chur no d'aistriú o chúirt go cúirt eile.

25. —Nuair a bheidh ar bun san Ard-Chúirt aon aicsean d'fhéadfí a thosnú sa Chúirt Chuarda, féadfidh aon pháirtí san aicsean san, aon uair roimh sheirbheáil fógra trialach ann, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-aicsean do chur no d'aistriú chun na Cúirte Cuarda agus, leis sin, más dó leis an gcúirt gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt féadfa sí an t-aicsean san do choinneáil san Ard-Chúirt no, más rud é nách dó léi gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt, féadfa sí an t-aicsean san do chur no d'aistriú chun na Cúirte Cuarda no (sa chás ina bhféadfí an t-aicsean do thosnú sa Chúirt Dúithche) chun na Cúirte Dúithche, chun é do phlé i láthair an Bhreithimh a ceapfar do pé Cuaird no (marab é sin é) i láthair an Bhreithimh a ceapfar do pé Dúthaigh a dheabhróidh don Ard-Chúirt bheith oiriúnach agus comhgarach, ar pé téarmaí, in aon chás díobh san, agus fé pé coiníollacha, i dtaobh costaisí no éinní eile, a dheabhróidh bheith cóir:

Ach beidh údarás ag an Ard-Chúirt aon aicsean do chur no d'aistriú chun cúirte eile, pé méid a heilíodh go fuirmeálta san aicsean, má sé tuairim na cúirte nách san Ard-Chúirt ba cheart an t-aicsean do thosnú ach sa Chúirt Chuarda no sa Chúirt Dúithche má ba cheart é thosnú in aon chor.

Athchomharc i gcás iarratas chun aicsean d'aistriú.

26. —Luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh na hArd-Chúirte i ngach cás i gcoinnibh deona no eiteach aon iarratas a dineadh chun aon aicsean do chur no d'aistriú ón Ard-Chúirt chun na Cúirte Cuarda, agus i gcoinnibh an Ard-Chúirt no aon bhreitheamh di do dhéanamh a rogha rud sa scéal.

Ní gairmfar Ard-Choiste chun díotála do bhreithniú.

27. —O thosach feidhm an Achta so agus dá éis, ní gá aon díotáil do chur fé bhráid Ard-Choiste ná ní gá d'Ard-Choiste aontú le díotáil, agus ní gairmfar aon Ard-Choiste chun na Príomh-Chúirte Coiriúla ná chun aon Chúirte den Chuaird Ard-Chúirte chun díotála do bhreithniú, ach déanfar gach díotáil do leaga díreach fé bhráid an choiste dháréag a thrialfidh an duine cúisithe.

I mBaile Atha Cliath a shuidhfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla; aon bhall amháin a chraobhscaoilfidh an bhreith.

28. —I mBaile Atha Cliath a shuidhfidh Cúirt Athchomhairc Choiriúla Shaorstáit Éireann, ach amháin i gcásanna ina dtabharfidh an Prímh-Bhreitheamh ordú speisialta í shuidhe ina mhalairt d'áit, agus pé ball dá mbeidh i láthair agus teideal aige chun tosach a bheith aige ar na baill eile isé bheidh ina Uachtarán ar an gcúirt, agus do réir tuairim furmhór na mball a bheidh i láthair isea réiteofar gach ceist a bheidh os cóir na cúirte ach, mara n-orduighidh an chúirt a mhalairt isé Uachtarán na Cúirte a chraobhscaoilfidh breith na cúirte, no pé ball eile den Chúirt a ordóidh an tUachtarán, agus ní dhéanfidh aon bhall eile den chúirt ina aonar aon bhreith i dtaobh réiteach aon cheiste do chraobhscaoile.

Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Athchomhairc Choiriúla ach amháin ar dheimhniú ón bPríomh-Atúrnae.

29. —Ní bheidh dul thar breith na Cúirte Athchomhairc Choiriúla ar aon athchomharc ná ar éinní eile 'na bhfuil comhacht aici chun breith do thabhairt air, agus ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh na cúirte sin mara ndeimhnighidh an chúirt sin no an Príomh-Atúrnae go bhfuil fighte leis an mbreith ponc dlí le n-a mbaineann tácht phuiblí nea-ghnáth agus gur mhaith an rud, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, athchomharc do bhreith chun na Cúirte Uachtaraí, agus sa chás san féadfar athchomharc do thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí agus ní bheidh dul thar breith na cúirte sin.

Beidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla ina cúirt breacacháin árd-chéime.

30. —Beidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla ina cúirt breacacháin árd-chéime, agus, chun crícheanna agus fé réir forálacha an Achta so, beidh lán-chomhacht aici chun aon cheisteanna do réiteach is gá réiteach chun ceart do dhéanamh sa chás a bheidh os a cóir.

Athchomharc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus o Chúirt den Chuaird Ard-Chúirte.

31. —Einne a ciontófar ar dhíotáil i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no i láthair aon Chúirte den Chuaird Ard-Chúirte, féadfa sé fén Acht so athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla fé sna coiníollacha so a leanas:—

(i) má gheibheann an t-athchomharcach ón mbreitheamh a thriail é deimhniú gur cás oiriúnach chun athchomhairc an cás;

(ii) i gcás an deimhniú san d'eiteach air, má dhineann an Chúirt Athchomhairc Choiriúla de bharr athchomhairc i gcoinnibh an eiteachais sin cead athchomhairc do dheona.

Cead athchomhairc i gcásanna áirithe.

32. —Deonfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla cead athchomhairc i gcásanna le n-a bhfuil ponc dlí fighte dar leis an gcúirt no ina bhfeictar don chúirt go raibh an triail nea-shásúil, no ina bhfeictar don chúirt aon scór eile is leor chun athchomhairc, agus beidh comhacht ag an gcúirt chun gach ordú iarmarta is oiriúnach léi do dhéanamh, orduithe ar a n-áirítear ordú chun an t-athchomharcach do leigint amach ar bhannaí go dtí go dtabharfar breith ar a athchomharc.

Eisteacht an athchomhairc.

33. —Má deontar an deimhniú no an cead athchomhairc sin déanfidh an Chúirt Athchomhairc Choiriúla an t-athchomharc d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar thuairisc o luathscríbhneoir a bhí i láthair ar triail an athchomharcaigh, ach beidh comhacht ag an gcúirt chun fianaise nua no bhreise d'éisteacht agus chun éinní do chur chun an bhreithimh gur trialadh an cás ina láthair chun tuairisc air d'fháil uaidh.

Údarás chun ciontú do dhaingniú no do chlaochló.

34. —Beidh údarás ag an gCúirt Athchomhairc Choiriúla chun an ciontú do dhaingniú no do chlaochló i bpáirt no go hiomlán, agus chun an daora do mhaitheamh, no do luíodú, no do mhéadú no d'atharú ar aon tslí eile agus, go generálta, chun pé ordú do dhéanamh, maraon le haon ordú i dtaobh costaisí, a bheidh riachtanach chun ceart do dhéanamh sa chás a bheidh i láthair na cúirte.

An t-athchomharcach ciontach ach é as a mheabhair.

35. —Má dintar athchomharc do réir deimhniú no cead a deonadh, mar adubhradh thuas, agus go bhfeicfar don Chúirt Athchomhairc Choiriúla, cé go raibh an t-athchomharcach ciontach sa ghníomh no sa bhfaillí i n-ar cúisíodh é, go raibh sé as a mheabhair le linn an gníomh no an fhaillí a bheith á dhéanamh, i dtreo ná raibh sé freagarthach ina ghníomhartha do réir dlí, féadfidh an chúirt an daora a tugadh sa triail do chur ar neamhní agus a ordú go gcoinneofar an t-athchomharcach i gcimeád mar ghealt choiriúil, díreach fé mar a thabharfadh an coiste dháréag breith sa chéill sin.

Rialacha Cúirte.

36. —Uair ar bith agus o am go ham tar éis rithte an Achta so agus roimh thosach a fheidhme no dá éis sin, ach le toil an Aire Airgid i dtaobh éinní a bhainfidh le hioncum no le caiteachas puiblí, féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche rialacha dá ngairmfar “Rialacha Cúirte” do dhéanamh chun Cuid I. den Acht so do chur in éifeacht (maraon le héisteacht athchomharc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda agus éisteacht cásanna aithriste ón gCúirt Dúithche) agus na rialacha san do chur ar nea-mbrí no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh. Féadfar go sonnrách rialacha dhéanamh i gcóir gach ní no éinní dhíobh so a leanas:—

(i) pléideáil, cleachta agus nós-imeachta i gcoitinne (maraon le breith d'iontráil agus breith ar an slí achmair do dheona i gcásanna oiriúnacha) i ngach cás síbhialta, maraon le cásanna ioncuim agus imeachta i dtaobh dleathacht aon dlí fé sholus forálacha an Bhunreachta agus imeachta i bhfuirm achuinghe cirt;

(ii) pléideáil, cleachta agus nós-imeachta i gcoitinne i ngach cás coiriúil i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla no aon chúirt den Chuaird Ard-Chúirte no na Cúirte Athchomhairc Choiriúla;

(iii) Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte do chur amach ar pé uaire, go pé áiteanna agus i gcóir pé ceanntracha có-nasctha a chífar a bheith oiriúnach;

(iv) suidheanna na Príomh-Chúirte Coiriúla do Bhaile Atha Cliath agus do pé contaethe comhursanachta a ceapfar leis na rialacha san agus na cásanna a chríochnóidh sí, ar a mbeidh gach cás ná beidh críochnuithe ag Coimisinéirí den Chuaird Ard-Chúirte no in ar haistríodh ionad a thrialta chun na Príomh-Chúirte Coiriúla ar iarratas an Phríomh-Atúrnae no an duine chúisithe;

(v) teanga náisiúnta Shaorstáit Éireann d'úsáid sna cúirteanna san;

(vi) an cuma ina mbeannófar do sna breithimh agus na róbaí agus an gléas éadaigh oifigiúil a bheidh le caitheamh ag na Breithimh agus ag na hAbhcóidí;

(vii) tosach agus faid na suidheanna agus na n-aimsir shaoire;

(viii) táillí do cheapa agus do bhailiú;

(ix) an t-oiriúnú no an t-atharú is gá a dhéanamh ar aon reacht chun aon chríche de chrícheanna an Achta so agus gach mion-rud a bhaineann leis sin.

Furmhór coiste a bheidh có-dhéanta de bhreithimh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte, d'Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, agus de bheirt abhcóidí a chleachtann a ngairm, as Barra na sinsear agus na sóisear fé seach, agus a roghnófar ag Comhairle Bharra na hÉireann, is le n-a dtoil sin amháin a déanfar no a cuirfar ar neambrí no a hatharófar na rialacha cúirte sin.

Cuid II.

AN CHUIRT CHUARDA.

Bunú na Cúirte Cuarda.

37. —Bunófar fén Acht so Cúirt Bhreithiúnais Chuarda a bheidh có-dhéanta d'ochtar breithiún an chuid is mó dhe agus, ina cheapachán do, gairmfar “Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais Chuarda i Saorstát Éireann” de gach duine dhíobh. Laistigh de sna grúpaí uile agus fé leith de chontaethe a háirítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so (grúpaí dá ngairmtear Cuarda anso feasta) có-líonfidh na breithimh sin pé dualgaisí a cuirtar leis an Acht so ar bhreithimh den Chúirt Chuarda. Le toil an Phrímh-Bhreithimh agus le toil na mbreithiún a bheidh ceaptha de thurus na huaire do sna Cuarda fé seach le n-a mbainfidh an scéal, féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche, aon uair agus ó am go ham, aon chontae no cuid de chontae d'aistriú o Chuaird go Cuaird eile, no aon atharú eile is dó leis is ceart do dhéanamh ar na líomatáistí a bheidh istigh sna Cuarda uile agus fé leith ach gan uimhir iomlán na gCuarda d'atharú.

Conus beannú agus tosaíocht na mbreithiún.

38. —Ar pé cuma a ceapfar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so isea beannófar do gach breitheamh den Chúirt Chuarda (dá ngairmtear Breithimh Chuarda anso feasta), agus is dó réir ord a gceaptha a bheid níos uaisle no níos ísle céim ná a chéile.

Sealbhaíocht oifige.

39. —Mar an sealbhaíocht a bheidh ag Breithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí isea a bheidh sealbhaíocht oifige na mBreithiún gCuarda.

Aois chun dul as oifig.

40. —Is 70 mbliana an aois chun dul as oifig do Bhreithimh Chuarda.

Tuarastail agus Pinsin.

41. —Gheobhaidh gach Breitheamh Cuarda tuarastal £1,700 per annum. Gach Breitheamh Cuarda a imeoidh as oifig no a fhágfidh a oifig ar aon tslí eile ar chúis ar bith tar éis cúig bliana déag no breis agus cúig bliana déag seirbhíse do chríochnú beidh teideal aige chun pinsin a leanfidh aige go deire a shaoil agus a bheidh có-ionann le dhá dtrian an tuarastail a bhí dho le linn do a oifig do thabhairt suas no d'fhágaint, agus gach Breitheamh Cuarda a fhágfidh a oifig mar gheall ar aostacht no easláinte bhuan tar éis cúig bliana no breis agus cúig bliana seirbhíse agus fé bhun cúig mbliana déag seirbhíse do chríochnú beidh teideal aige chun pinsin a leanfidh aige go deire a shaoil agus a háireofar do réir an séú cuid den tuarastal a bhí dho le linn do a oifig d'fhágaint, maraon leis an bhfichiú cuid den tuarastal san aige in aghaidh gach bliana iomlán seirbhíse sa bhreis ar chúig bliana den tsórt san.

Beidh muirear na dtuarastal agus na bpinsean ar an bPrímh-Chiste

42. —An luach saothair agus an pinsean is iníoctha le gach Breitheamh Cuarda is ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann a bheidh a muirear agus a n-íoc, ar gach slí díreach mar a bheidh muirear agus íoc an luach saothair agus an phinsin is iníoctha le breithimh na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí.

Cáilíocht i gcóir ceapacháin.

43. —Ní ceapfar éinne mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda maran rud é, ar dháta a cheaptha, gurb abhcóide ag cleachta a ghairme é agus seasamh deich mblian ar a luíod aige, no gur Bhreacthóir no Breitheamh Cúirte Contae in Éirinn é, tráth, ach i gcás abhcóide tuigfar chun críche na forála so gur cleachta ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh de Chúirt Dúithche Shaorstáit Éireann agus áireofar an tseirbhís sin mar sheirbhís do réir brí Alt 41 de seo i gcás breithimh den Chúirt Dúithche a ceapfar mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

Cuarda ina bhfuil ceanntair Ghaedhlacha.

44. —Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh Cuarda, a ceapfar d'aon Chuaird ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.

Folúntas in oifig breithimh: breoiteacht agus fear ionaid.

45. —Féadfar oifig aon Bhreithimh Chuarda d'fholamhú le scríbhinn fé láimh an Bhreithimh féin, agus folamhófar í nuair a ceapfar an Breitheamh san mar Bhreitheamh, den Ard-Chúirt no den Chúirt Uachtaraigh, agus ansan, no aon uair a bheidh oifig aon Bhreithimh Chuarda folamh, ceapfar Breitheamh Cuarda nua in áit an bhreithimh sin. I gcás aon Bhreitheamh Cuarda bheith breoite, féadfar fear ionaid a cheapa chun gníomhú ina áit, ar mhola ón bPríomh-Atúrnae, ar pé luach saothair a cheadóidh an tAire Airgid: Ach mar sin féin éinne nach abhcóide atá ag cleachta a ghairme agus seasamh deich mblian ar a luíod aige ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha mar fhear ionaid do Bhreitheamh Chuarda.

Comhacht chun breithimh chon ganta sealadacha do cheapa.

46. —Más rud é, aon uair laistigh de thrí bliana tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go mbeidh sé riachtanach mar gheall ar ana-bhroid gnótha, féadfar pé méid Breithiún Cuarda Conganta sealadacha do cheapa ar pé téarmaí agus coiníollacha a shocróidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le toil an Aire Airgid: Ach ní ceapfar mar Bhreitheamh Cuarda Conganta sealadach éinne ná fuil cáilithe chun a cheaptha mar Bhreitheamh Cuarda: Agus fós ní dhéanfidh aon Bhreitheamh Cuarda Conganta sealadach a ceapfar fén alt so leanúint i seilbh oifige tar éis trí bliana bheith caithte o thosach feidhme na Coda so den Acht so.

An Chúirt Chuarda ina cúirt breacacháin.

47. —Beidh an Chúirt Chuarda ina cúirt breacacháin.

Údarás i gcásanna síbhialta.

48. —Beidh an t-údarás so a leanas ag an gCúirt Chuarda i gcásanna síbhialta agus feidhmeoidh sí é:—

(i) i gcás toiliú—údarás gan aon teora maidir le méid an éilimh no luach na maoine a bheidh i gceist sna himeachta i láthair na cúirte má shighníonn gach páirtí riachtanach, sara n-éistear an cás, an fhuirm toilíochta a hordófar leis na rialacha a déanfar fén gCúid seo den Acht so; féadfar a fhoráileamh leis an toilíocht san ná beidh dul thar breith na Cúirte Cuarda, agus sa chás san ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe;

(ii) i gcás connartha agus tort (lasmuich d'aicsin i gcúrsaí pósa agus comhráidh choiriúla)—údarás nuair nách mó an t-éileamh ná £300;

(iii) i gcás teideal chun tailimh agus ceartú an chláir— údarás nuair nách mó ná £60 fé Dhlí na mBocht Luacháil na maoine atá i gceist;

(iv) i gcúrsaí agus in aicsin promháide, agus i gcúiseanna dlí chun estáití do riara—údarás nuair nách mó ná £1,000 luach na pearsantachta agus nách mó ná £60 Luacháil an tailimh fé Dhlí na mBocht;

(v) i gcásanna cothruim (ar a n-áirítear críochnú gnó cuideachtanna)—údarás laistigh de sna teoranna a luaidhtear sa mír sin (iv) roimhe seo agus i gcásanna críochnú gnótha maran mó ná £10,000 an méid caipitail a thug an chuideachta amach;

(vi) i gcúrsaí banc-bhrise—i gCúirteanna Áitiúla Banc-Bhrise a féadfar a bhunú fén Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888, agus chun na críche sin léireofar an tAcht san agus ragha sé in éifeacht fé mar a déanfí fé seach na focail “Executive Council,” “Order of the Executive Council,” “Minister for Finance,” agus “Chief Justice” do chur in ionad na bhfocal “Lord Lieutenant,” “Order in Council,” “Treasury” agus “Lord Chancellor” i ngach áit ina bhfuil na focail sin fé seach san Acht san, agus fé mar a cuirfí na focail “in any circuit” in ionad na bhfocal “in Londonderry, Galway, Waterford, and Limerick, respectively, or in any of those places” i ngach áit ina bhfuil na focail sin in alt 5 den Acht san;

(vii) in imeachta a bhunóidh an Stát no aon Aire no Roinn Rialtais no aon oifigeach den chéanna chun aon tsuim nách mó ná £300 do bhaint amach, suim atá dlite don Stát no go bhféadfadh an Stát no go bhféadfí thar cheann an Stáit í bhaint amach, pe'ca mar phionós, mar fhiach no mar éinní eile í, agus in ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm anois agus le n-a n-iarrtar dlí do chur in aon chúirt eile chun an tsuim sin do bhaint amach:

Ach aon pháirtí in aicsean a tosnuíodh sa Chúirt Chuarda agus atá gan críochnú inti féadfa sé aon uair a iarraidh ar an mBreitheamh Cuarda an t-aicsean do chur ar aghaidh chun na hArd-Chúirte agus ansan, más aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt agus gurb í an Ard-Chúirt do réir deabhraimh an binse is oiriúnaí sa chás, féadfidh an Breitheamh Cuarda an t-aicsean san do chur ar aghaidh chun na hArd-Chúirte ar pé téarmaí agus fé pé coiníollacha, i dtaobh costaisí no éinní eile, a fhéachfidh a bheith ceart, agus luighfidh athchomharc i gcoinnibh an Breitheamh Cuarda do dhéanamh, fé mar is rogha leis féin, an ní a hiarradh do dheona no d'eiteach:

Agus fós, ar iarratas aon pháirtí no d'éamais a leithéide, féadfidh Breitheamh Cuarda, más oiriúnach leis é, ionad triail aon aicsin a bheidh ar bun os a chóir d'atharú o aon áit áirithe éisteachta go dtí aon áit eile éisteachta laistigh dá chuaird, agus fé Alt 61 den Acht so luighfidh athchomharc i gcoinnibh an Breitheamh Cuarda do dhéanamh, fé mar is rogha leis féin, ordú den tsórt san no do dhiúltú d'é dhéanamh.

Údarás i gcásanna coiriúla.

49. —Beidh an t-údarás so a leanas ag an gCúirt Chuarda i gcásanna coiriúla, sé sin le rá:—údarás i gcúrsaí gach feleontachta agus mí-iompair ach amháin i gcás daoine a cúiseofar i ndúnmharbhú, in iarracht ar dhúnmharbhú, no i gcogar chun dúnmharbhú, in árd-thréasún, i bhfeleontacht thréasúin, no i gcogar tréasúnta, no i bpíoráideacht, maraon le páirteacht sa choir pe'ca roimpi no ina diaidh é.

Údarás maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí nua.

50. —Beidh údarás ag an gCúirt Chuarda i ngach cás ina n-iarrtar ceadúnas nua a thabharfadh teideal don iarratasóir chun deochanna meisciúla do dhíol chun iad d'ól san áitreabh.

Aistriú údaráis agus baint Altanna 21 & 22 mutatis mutandis.

51. —Gach údarás nár dineadh eisceacht de go soiléir roimhe seo anso agus a bhí dílsithe i mBreacthóirí, i mBreithimh Chúirte Contae, agus i gCathaoirligh agus i gCúirteanna Ceathrú Shiosóin, no in aon cheann díobh san i Saorstát Éireann, no a bhí infheidhmithe ag an gcéanna, i dtosach feidhm an Achta so (ach amháin pé údarás a bhí ag Giúistísí i gCúirteanna Ceathrú Shiosóin no ag Giúistísí de sna Cúirteanna san agus a bronntar no a haistrítear ina dhiaidh seo anso don Chúirt Dúithche) beidh sé aistrithe chun na Cúirte Cuarda agus bainfidh forálacha Altanna 21 agus 22 den Acht so mutatis mutandis leis an údarás a dílsítear agus a haistrítear don Chúirt Chuarda leis an Acht so.

Cásanna síbhialta ina bhfeidhmeoidh breithimh údarás go haonaránach.

52. —Foráltar gur go haonaránach, mar leanas, a fheidhmeoidh na Breithimh Chuarda an t-údarás a dílsítear agus a haistrítear roimhe seo anso don Chúirt Chuarda i gcásanna síbhialta:—

(i) in aicsin a bhainean le teideal chun tailimh agus le ceartú an chláir, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina luigheann na tailte atá i gceist, no ina luigheann na tailte gurb asta no mar gheall ortha a tháinig no d'éirigh aon ionoighreachtai nea-chorpartha atá fé aighneas, no ina luigheann furmhór aon tailte den tsórt san;

(ii) i gcásanna cothruim, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina ndintí roimhe seo nithe den tsórt san d'éisteacht sna cúirteanna go mbeidh an Chúirt Chuarda ina n-ionad;

(iii) i gcúrsaí agus in aicsin promháide, agus i gcúiseanna dlí chun estáití daoine marbha do riara, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina raibh buan-áit chomhnaithe ag an uachtóir no ag an neamh-uachtóir ar uair a bháis;

(iv) i gcúrsaí gealtachta, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil gnáthchomhnaí ar an ngealt no ar an té adeirtar a bheith ina ghealt;

(v) más rogha leis an ngearánaí é, in aon aicsean a bheidh bunuithe ar chonnra, pe'ca an connra d'fheidhmiú, d'athghairm no do chur ar neamhní no ar nea-mbrí a bheidh á éileamh no damáiste no faoiseamh eile mar gheall ar bhrise an chonnartha, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird in ar dineadh an connra;

(vi) i ngach cás eile, an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina gcomhnuíonn an cosantóir no duine de sna cosantóirí do ghnáth no ina mbíonn aon ghairm, gnó no ceárd ar siúl aige.

Cásanna coiriúla ina bhfeidhmeoidh breithimh údarás go haonaránach.

53. —Foráltar gur go haonaránach, mar leanas, a fheidhmeoidh na Breithimh Chuarda an t-údarás a dílsítear agus a haistritear roimhe seo anso don Chúirt Chuarda i gcásanna coiriúla:—isé Breitheamh Cuarda go mbeidh údarás aige ná an breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird in ar dineadh an choir no in ar gabhadh an duine cúisíthe no ina gcomhnuíonn sé do ghnáth, agus ní trialfar aon duine cúisíthe in aon chúis choiriúil gan choiste dháréag.

Cásanna le cur ar aghaidh chun Cúirte den Chuaird Ard-Chúirte no chun na Príomh-Chúirte Coiriúla.

54. —Foráltar go mbeidh teideal ag an bPríomh-Atúrnae no ag an duine cúisithe chun do ndéanfí dho, ar iarratas, aon chás, gur mó ná príosúntacht bliana no pian-tseirbhís cúig mblian an pionós maximum ann, do chur ar aghaidh chun cúirte den Chuaird Ard-Chúirte no chun na Príomh-Chúirte Coiriúla.

Feidhmiú údaráis i gcásanna ceadúnais.

55. —An breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina luíonn an t-aitreabh, foráltar gurb é a fheidhmeoidh an t-údarás a dílsítear agus a haistrítear anso roimhe seo don Chúirt Chuarda maidir le deona ceadúnaisí nua.

Nithe a bheidh dúnta amach o údarás na Cúirte Cuarda.

56. —Beidh na nithe seo a leanas dúnta amach o údarás na Cúirte Cuarda:—

Habeas Corpus, Certiorari, Quo Warranto, Cosc, Scéala agus Mandamus.

Fo-chomhachta.

57. —Beidh ag na Breithimh Chuarda comhachta ceangail, stop, garnisé, idirphléideála, agus gach comhacht (maraon le comhacht chun glacadóir do cheapa) fé bhun aon údaráis a dílsíodh no a haistríodh dóibh no is infheidhmithe acu. Beidh comhacht acu, leis, chun éisteacht aon aicsin no imeacht a bheidh ar bun os a gcóir fé seach do chur siar chun aon chúirte eile laistigh dá gCuarda fé seach, agus aon orduithe gnáth-chúrsa is dó leo bheith práinneach do dhéanamh lasmuich den chúirt.

Comhachta chun a thabhairt ar fhínnithe teacht i láthair.

58. —Chun a thabhairt ar fhínnithe teacht i láthair sna Cúirteanna Cuarda beidh ag Breitheamh Cuarda na comhachta céanna d'fheidhmíodh breitheamh d'Ard-Chúirt an Bhreithiúnais in Éirinn roimhe seo chun a thabhairt ar fhínnithe teacht i láthair san Ard-Chúirt.

Aicsean sa Chúirt Chuarda do chlárú mar lis pendens agus breith i suim is mó ná £20 sa bhreis ar chostaisí do chlárú.

59. —Féadfar aon aicsean sa Chúirt Chuarda do chlárú mar lis pendens i gcás ina bhféadfí fé láthair a leithéid d'aicsean san Ard-Chúirt do chlárú amhlaidh agus féadfar an bhreith in aon aicsean in aon tsuim is mó ná £20 sa bhreis ar chostaisí do chlárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte fé mar a cláruítear aicsin agus breitheanna na hArd-Chúirte.

Seirbheáil scríbhinní agus feidhmiú breitheanna.

60. —Leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so forálfar go seirbheálfar gach scríbhinn no fógra, pe'ca rud bunaidh é no a mhalairt, laistigh agus lasmuich de chuaird an bhreithimh go bhfuiltar chun an scéal do thabhairt os a chóir no go bhfuil an scéal os a chóir. Féadfar aon bhreith no ordú a dhin an Chúirt Chuarda d'fheidhmiú in aon pháirt de Shaorstát Éireann ar aon tslí de sna slite ina bhféadfí feidhmiú do dhéanamh ar bhreith no ordú den tsórt san a dhéanfadh an Ard-Chúirt.

Athchomharc i gcásanna síbhialta.

61. —Ach amháin sa chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir san Acht so, luighfidh athchomharc chun beirte breithiún den Ard-Chúirt ina suidhe i mBaile Atha Cliath i gcoinnibh aon bhreith no ordú a thabharfidh an Chúirt Chuarda i gcásanna síbhialta. Má bhíonn an bheirt bhreithiún san ar aon aigne, ní bheidh dul thar a mbreith mara ndeimhníd go bhfuil fighte ina mbreith ceist dlí no fírinne atá táchtach a dóthain chun bheith ina habhar athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraí, agus sa chás san féadfidh aon pháirtí athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh breith na beirte breithiún san. Mara mbeidh an bheirt bhreithiún san ar aon aigne, daingneoid an bhreith no an t-órdú gur dineadh athchomharc ina choinnibh agus lomhálfid costaisí ina theanta san, agus féadfidh aon pháirtí athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinnibh an daingnithe sin. Ar dhlí agus ar fhírinne no ar cheachtar acu, a bheidh an t-athchomharc fén alt so bunuithe, ach, má hiarrtar le reacht, go soiléir no i dtuisgint, gan ach athchomharc ar cheisteanna dlí do bheith san athchomharc i gcoinnibh na Cúirte Contae d'fheidhmiú aon údaráis reachtúla áirithe a haistrítear leis an Acht so chun na Cúirte Cuarda, beidh an teora chéanna san leis an athchomharc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda d'fheidhmiú an údaráis sin.

Athchomharc do bharr tuairisc luascríbhneora oifigiúla agus comhacht chun fianaise nua do ghlaca.

62. —Ar thuairisc lua-scríbhneora oifigiúla a bheidh an t-athchomharc san bunuithe, ach an chúirt a éistfidh an t-athchomharc san féadfa sí, más oiriúnach léi é, fianaise nua do ghlaca, do ráite béil no tré mhóid-scríbhinn, agus féadfa sí éinní a eireoidh as tuairisc an lua-scríbhneora do chur chun an Bhreithimh Chuarda chun a thuairim air d'fháil agus féadfa sí triail nua d'ordú no pé breith sa chás is oiriúnach leis an gCúirt d'iontráil.

Lomhálfar athchomharc i ngach cás a trialfar ar dhíotáil

63. —I ngach cás a trialfar ar dhíotáil, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla i gcoinnibh na Cúirte Cuarda fé choiníollacha agus ar chuma agus maraon le teagmhaisí agus fé réir forálacha den tsórt a hachtuítear roimhe seo anso i dtaobh athchomhairc chun na Cúirte Athchomhairc Choiriúla i gcoinnibh na Príomh-Chúirte Coiriúla no aon Chúirte den Chuaird Ard-Chúirte.

Bainfidh Alt 27 le díotála sa Chúirt Chuarda.

64. —Bainfidh Alt 27 den Acht so le díotála sa Chúirt Chuarda.

An t-údarás a dhéanfidh rialacha don Chúirt Chuarda.

65. —Isé údarás a dhéanfidh rialacha don Chúirt Chuarda ná an tAire um Ghnóthaí Dúithche, le haontú an Aire Airgid i dtaobh éinní a bhainean le hioncum no caiteachas puiblí, agus le haontú móráireamh coiste a bheidh có-dhéanta (a) de chúigear Breithiún Cuarda a roghnófar ag Bínse na mBreithiún gCuarda; (b) beirt abhcóidí a chleachtann a ngairm agus a roghnófar ag Comhairle Abhcóidí na hÉireann, agus (c) beirt atúrnaethe a roghnófar ag Comhairle Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, ach duine acu bheith ina atúrnae go bhfuil a oifig agus cleachta a ghairme lasmuich de Chathair agus de Chontae Bhaile Atha Cliath aige: Ach deimhneoidh an tAire um Gnóthaí Dúithche leor-eolas a bheith ag beirt bhall ar a luíod den choiste ar an nGaedhilg. Beidh gach ball den choiste sin cúig bliana i seilbh oifige agus beidh sé ion-athtofa agus is le roghanaíocht ar an gcuma san thuas a líonfar foth-fholúntaisí. Isé bheidh ina Chathaoirleach ar an gcoiste ná pé duine den chúigear Breithiún Cuarda a thoghfid baill an choiste.

Rialacha na Cúirte Cuarda.

66. —Aon uair agus o am go ham tar éis rithte an Achta so agus roimh thosach feidhm an Achta so no ina dhiaidh sin, féadfidh an t-údarás chun rialacha dhéanamh don Chúirt Chuarda rialacha dá ngairmfar “Rialacha Cúirte Cuarda” do dhéanamh chun an Chuid seo den Acht so do chur in éifeacht (Rialacha ná bainfidh le héisteacht athchomharcanna i gcoinnibh na Cúirte Cuarda ach a bhainfidh le héisteacht athchomharcanna i gcoinnibh na Cúirte Dúithche) agus féadfa sé na rialacha san do nea-mbríochaint no d'atharú agus rialacha nua a dhéanamh. Féadfar go sonnrách rialacha dhéanamh i gcóir gach ní no éinní de sna nithe seo a leanas:—

Chun regleáil a dhéanamh ar shiosóin, laetheanta saoire agus cuarda na mBreithiún gCuarda agus ar chleachta, pléideáil agus nós-imeachta i gcoitinne (maraon le freagarthacht páirtithe i dtaobh costaisí agus fós iontráil breithe agus deona breithe ar an slí achmair i gcásanna oiriúnacha) na Cuirte Cuarda agus ar úsáid teangan náisiúnta Shaorstáit Éireann inti agus ar cheapa agus bailiú táillí agus ar oiriúnú no atharú aon reachta fé mar is gá chun aon chríche de sna crícheanna roimhráite agus ar gach fo-rud.

Cuid III.

AN CHUIRT DUITHCHE.

Bunú na Cúirte Dúithche.

67. —Bunófar fén Acht so Cúirt Bhreithiúnais Dúithche a bheidh có-dhéanta de pé breithiúin a ceapfar mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.

Ceapfar Breithiúin Chúirte Dúithche.

68. —Nuair a dhéanfidh agus chó luath agus a dhéanfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche Saorstát Éireann do roinnt ina Dhúithchí oiriúnacha ceapfar oiread Breithiún den Chúirt Dúithche agus bheidh riachtanach: Ach ní bheidh thar triúr breithiún déag ar fhichid den tsórt san ann aon uair.

Cáilíocht i gcóir ceapacháin.

69. —Ní ceapfar éinne mar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche maran rud é, ar dháta a cheaptha, gurb abhcóide no atúrnae ag cleachta a ghairme é agus seasamh sé mblian ar a luíod aige, no gur Ghiúistís Roinne de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Cliath é, tráth, no Giúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) ; ach chun críche na forála so tuigfar gur cleachta ag an mBarra seirbhís mar bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Dála mar a mínítear san in Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , no mar Choimisinéir Breithiúnais a ceapadh fén Acht san.

Folúntas in oifig: breoiteacht agus fear ionaid.

70. —Féadfar oifig aon Bhreithimh den Chúirt Dúithche d'fholamhú le scríbhinn fé láimh an Bhreithimh féin, agus folamhófar í nuair a ceapfar é mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda, agus ansan no aon uair a bheidh oifig aon bhreithimh folamh féadfar breitheamh nua do cheapa ina áit. I gcás aon bhreitheamh a bheith breoite, féadfar fear ionaid a cheapa chun gníomhú ina áit ar mhola ón bPríomh-Aturnae, ar pé téarmaí a forálfar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so maidir leis an bhfear ionaid d'íoc amach as tuarastal an bhreithimh no ar aon tslí eile: Ach mar sin féin éinne nách abhcóide no aturnae ag cleachta a ghairme agus seasamh sé mblian ar a luíod aige ní bheidh sé cáilithe chun bheith ina fhear ionaid do bhreitheamh.

Dúithchí Cúirte ina bhfuil líomatáistí Gaedhlacha.

71. —Sa mhéid gur féidir é agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag an mBreitheamh den Chúirt Dúithche, a ceapfar do Dhúthaigh ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, oiread eolais ar an nGaedhilg agus chuirfadh ar a chumas déanamh in éamais conganta o fhear teangan agus fianaise á tabhairt sa teangain sin.

Aois chun dul as oifig.

72. —Is 70 mbliana an aois chun dul as oifig do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha de thurus na huaire do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath no do cheanntar gur cuid de, no ina bhfuil, Cathair Chorcaighe, agus 65 bliana an aois chun dul as oifig do gach Breitheamh eile den Chúirt Dúithche: Ach i gcás Breithimh den Chúirt Dúithche a bhí ina Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) agus a bhí os cionn 55 bliana d'aois agus fé bhun 60 blian d'aois ar dháta a cheaptha chun na hoifige deiridh sin adubhradh, féadfidh an Prímh-Bhreitheamh, más oiriúnach leis é, an aois chun dul as oifig don Bhreitheamh san do shíne chun pé dáta a chuirfidh ar a chumas tréimhse seirbhíse is leor chun pinsin do a chríochnú.

Ní féidir Breithiúin a chur as oifig ach mar gheall ar nithe a luaidhtear san alt.

73. —Ní bheidh aon Bhreitheamh den Chúirt Dúithche ionchurtha as oifig ach mar gheall ar mhí-chumas no easláinte chuirp no mheabhrach no droch-iompar in oifig no mí-iompar a deimhneofar fé lámhaibh an Phríomh-Atúrnae agus an Phrímh-Bhreithimh. Beidh sé de dhualgas ar an bPríomh-Atúrnae agus ar an bPrímh-Bhreitheamh an deimhniú san do thabhairt más deimhin leo go bhfuil an mí-chumas no an easláinte sin ann no gur dineadh aon droch-iompar no mí-iompar den tsórt san. Ní caithfar amhras ar aon deimhniú den tsórt san ná ní déanfar abhar imeacht de in aon Chúirt.

Luach saothair.

74. —Tuarastal £1,200 per annum a gheobhaidh sinsear na mBreithiún den Chúirt Dúithche a bheidh ceaptha de thurus na huaire do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, agus tuarastal £1,100 per annum a gheobhaidh gach duine eile de sna Breithimh roimhráite agus fós an Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire, do Dhúthaigh gur cuid di, no ina bhfuil Cathair Chorcaighe.

Tuarastal £1,000 per annum a gheobhaidh gach Breitheamh eile den Chúirt Dúithche.

Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas gach bliain a híocfar gach ceann de sna tuarastail roimhráite go dtí deire na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus ina dhiaidh sin is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh a muirear agus a n-íoc.

Pinsin.

75. —Má bhíonn an tsláinte go maith ag Breitheamh den Chúirt Dúithche ar dháta a cheaptha chun na hoifige, beidh a oifig ina hoifig inphinsin do réir na nAchtanna Aois-liúntais, 1834 go 1919, agus is ar an gcuma agus fé sna coiníollacha a horduítear leis na hAchtanna san a déanfar amach an pinsean, an aisce no an liúntas a deonfar do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche no a deonfar mar gheall air ar dhul as oifig no ar fháil bháis do, agus chun crícheanna Alt 8 den Superannuation Act, 1859, is leor mar dheimhniú deimhniú ón bPrímh-Bhreitheamh: Ach aon Ghiúistís Roinne den tsórt roimhráite no aon Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) , a ceapfar mar bhreitheamh den Chúirt Dúithche, beidh teideal aige chun aimsir a thug sé ina Ghiúistís Roinne no ina Ghiúistís Dúithche fén Acht san is déanaí a luadhadh d'áireamh mar aimsir a thug sé ina bhreitheamh den Chúirt Dúithche fén Acht so.

Breithiúin Chonganta Sealadacha

76. —Más gá é mar gheall ar ana-bhroid gnótha no mar gheall ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche bheith as láthair ar laethanta saoire féadfar Breithiúin Chonganta sealadacha den Chúirt Dúithche do cheapa, pé méid ar a socróidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le haontú an Aire Airgid. Ní ceapfar mar Bhreitheamh Chonganta shealadach den Chúirt Dúithche éinne ná fuil cáilithe chun a cheaptha mar Bhreitheamh den Chúirt sin agus is mar a shocróidh na hAirí sin eatorra féin a bheidh téarmaí agus coiníollacha na gceaptha san.

Údarás na Cúirte úithche.

77. —Beidh ag an gCúirt Dúithche agus feidhmeoidh sí gach comhacht agus údarás a bhí, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, dílsithe le reacht no ar aon tslí eile i nGiúistisí no i nGiúistís Síochána ina shuidhe no ina shuidhe i nGearr-Shíosón agus fós (ina theanta san agus ní mar eisceacht uaidh) na húdaráis seo a leanas:—

A.—I gCásanna Síbhialta—

(i) i gcúrsaí connra agus brise connra maran mó an t-éileamh ná £25;

(ii) i gcúrsaí tort (ach clú-mhille ráiteach, clú-mhille scríbhte, comhrá coiriúil, meabhlú, clú-mhille teidil, próiseacht mhailíseach agus príosúntacht éagcórtha) agus i gcúrsaí éilithe damáiste ná baineann le connra maran mó an t-éileamh ná £10: Ach ní bheidh údarás ag aon Bhreitheamh nuair a bheidh i dtreis ceist bona fide i dtaobh teidil chun aon tailimh gur mó ná deich bpúint a luach do réir Lúachála fé Dhlí na mBocht agus nuair a dineadh bona fide chun an teidil sin do chur in úil an gníomh as ar eirigh na himeachta a cuireadh ar siúl ina láthair:

Agus fós ní thuitfidh údarás Breithimh ar lár de dheascaibh ceist teideal chun tailimh nách mó ná £10 a luach do réir Luachála fé Dhlí na mBocht do thabhairt i dtreis, ach sa chás san ní oibreoidh breith an Bhreithimh mar estopal i gcúis dlí ná mar bhac ar chúis dlí in aon chúirt i dtaobh an tailimh sin;

(iii) i gcúrsaí caitheamh-amach mar gheall ar neamh-íoc cíosa no seilbh-thar-téarma in aon tsórt tionóntachta nách mó an cíos uirthi ná suim atá no a fhéadfadh a bheith chó mór le £26 per annum;

(iv) in imeachta a bhunóidh an Stát no aon Aire no Roinn Rialtais no aon Oifigeach don chéanna chun aon tsuim, nách mó ná £25 agus atá dlite don Stát no ionbhainte amach aige no thar a cheann, do bhaint amach, pe'ca mar phionós, mar fhiach no mar éinní eile í agus in ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm anois agus le n-a n-iarrtar an tsuim sin do lorg san Ard-Chúirt no in aon chúirt árd-chéime eile.

B.—I gCásanna Coiriúla—in aon chás díobh so a leanas, má sé barúil an Bhreithimh gur mion-chionta is intrialta ar an slí achmair an méid a cruthuíodh i gcoinnibh an duine chúisithe agus mara ndinidh an duine cúisithe (tar éis don Bhreitheamh é fhiarfaí dhe) cur i gcoinnibh é thriail amhlaidh:—

(i) i gcúrsaí ladranntachta, glaca, claonchasa no feallaireachta—údarás i gcás nách mó ná £20 an méid is fiú an t-airgead no an mhaoin atá i gceist;

(ii) i gcúrsaí ionnsaí—údarás i gcásanna ionnsaí tré n-ar dineadh díobháil chuirp;

(iii) i gcúrsaí ionnsaí mhí-mhorálta—féadfar aon chás den tsórt san d'éisteacht in camera agus nuair a héistfar amhlaidh é, más baineannach an té a hionsaíodh, beidh teideal ag baineannach eile, a ainmneoidh an té a hionnsaíodh, chun bheith i láthair sa chúirt ar feadh na haimsire go léir a bheidh an cás á éisteacht;

(iv) i gcúrsaí burglaerachta no brise isteach i dtigh no tabhairt fé cheachtar acu;

(v) i gcúrsaí ciréibe no tionóil nea-dhleathaigh—údarás i gcásanna gurb é barúil an Bhreithimh nách chun cogar có-ghléasta do chur ar aghaidh a dineadh an choir no, má b'ea féin, go bhfuil deire leis an gcogar san;

(vi) i gcúrsaí damáiste mhailísigh do mhaoin—údarás i gcásanna nách mó an damáiste ná £20:

Ach isé an daora is mó a féadfar a chur ar dhuine in aon chás díobh san a trialfar ar an slí achmair ná sé mhí príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre: Agus fós aon chásanna coiriúla ná trialfar ar an slí achmair cuirfar iad ar aghaidh chun a dtrialta (fé réir forálacha eile atá san Acht so) go dtí Breitheamh na Cuarda, no Breitheamh cheann de sna Cuarda (an ceann a shocróidh an Breitheamh) ina luigheann an Dúthaigh más cásanna laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda iad agus, marab ea, go dtí an chéad Chúirt eile den Chuaird Ard-Chúirte a bheidh ina suidhe don Dúthaigh, no go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil más cásanna laistigh de chompás na Cúirte sin iad.

C.—I gcúrsaí deimhnithe do dheona i gcóir ceadúnaisí biotáille agus ceadúnaisí eile—gach údarás ceadúnais atá go dtí so á fheidhmiú ag Giúistísí Síochána i nGearr-Shíosóin no i gCeathrú Shiosóin no ag Cúirteanna Ceathrú Shiosón no ag Breacthóirí no ag Giúistísí Síochána lasmuich de Ghearr-Shiosóin ach amháin an chomhacht a bronntar le hAlt 50 den Acht so ar an gCúirt Chuarda chun ceadúnaisí nua do dheona.

Údarás a haistreo far chun na Cúirte Dúithche.

78. —Gach údarás a bhí dílsithe i nGiúistísí Dúithche, no infheidhmithe acu, i dtosach feidhm an Achta so, fé fhorálacha an Achta um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 6 de 1923 ), no fé aon Acht atá i bhfeidhm anois, agus fós gach údarás a bhí dílsithe i nGiúistísí Roinne Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, no a bhí infheidhmithe acu, i dtosach feidhm an Achta so, agus, ina theanta san, gach údarás a bhí dílsithe no infheidhmithe, i dtosach feidhm an Achta so, sa Chúirt Choinsiais no aici, no i nduine no ag duine ag gníomhú mar Ghiúistís Síochána fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, aistreofar iad chun na Cúirte Dúithche, agus na forálacha atá in Altanna 21 agus 22 den Acht so bainfid mutatis mutandis leis na húdaráis a dílsítear agus a haistrítear don Chúirt Chuarda leis an Acht so.

Na húdaráis á fheidhmiú go haonaránach ag na Breithiúin

79. —Foráltar gur go haonaránach, mar leanas, a fheidhmeoidh na Breithiúin na húdaráis a dílsítear agus a haistrítear don Chúirt Dúithche leis an Acht so:—

I gcásanna síbhialta, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina gcomhnuíonn an cosantóir no duine de sna cosantóirí do ghnáth no ina mbíonn aon ghairm, gnó no ceárd ar siúl aige;

I gcásanna coiriúla, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh in ar dineadh an choir no in ar gabhadh no ina gcomhnuíonn an duine cúisithe;

I gcásanna ceadúnais, Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina bhfuil an t-áitreabh ceadúnaithe suidhte.

“Cúirt na Leanbh.”

80. —Suidhfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche uair sa tseachtain, más gá é, i gCúirt speisialta i gCathracha Bhaile Atha Cliath, Chorcaighe, Luimnigh agus Phortláirge, dá ngairmfar “Cúirt na Leanbh” agus deighleálfa sé sa chúirt sin, ar pé cuma a dheabhróidh bheith ceart, le gach cúis i gcoinnibh leanbhaí, ach amháin cúiseanna gur dó leis nách cóir deighleáil leo amhlaidh mar gheall ar a dtruime no mar gheall ar nithe eile fé leith a bhaineann leo. Aireofar mar leanbhaí anso daoine óga, fireann no baineann, atá fé bhun sé mblian ndéag.

Orduithe fén Debtor's Act (Ireland), 1872, Alt 6

81. —Beidh comhacht ag Breitheamh den Chúirt Dúithche chun pé orduithe a dheabhróidh bheith ceart do dhéanamh fé Alt 6 den Debtor's Act (Ireland), 1872, agus fé aon Acht le n-a leasuítear an céanna, chun aon aithne a dhéanfidh an Chúirt Dúithche do chur i bhfeidhm.

Feidhmiú aitheanta.

82. —In aon chás gur gá é isé duine a fheidhmeoidh aithne na Cúirte Dúithche i gcásanna síbhialta ná an Sirriam no an t-oifigeach eile a fheidhmíonn aitheanta a dhineann an Chúirt Chuarda.

Cás aithriste i gcóir na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

83. —Déanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche (má dhineann aon pháirtí in aon imeachta a bheidh os a chóir é iarraidh air agus maran dó leis gurb iarratas suaibhreosach é) agus féadfa sé (gan iarratas d'fháil) aon cheist dlí a eireoidh in aon chás a bheidh os a chóir do chur chun na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi, agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh an Ard-Chúirt uirthi ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Athchomharc i gcásanna síbhialta.

84. —I ngach cás nách cás coiriúil féadfar athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe a thug Breitheamh den Chúirt Dúithche do dhéanamh chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh laistigh dá Chuaird, agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh Breitheamh na Cúirte Cuarda ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Athchomharc i gcásanna coiriúla.

85. —I gcásanna coiriúla ina ndéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú go n-íocfar fíneáil no suim eile is mó ná fiche scilling no go ndéanfar éinní ar chostas is mó ná fiche scilling no go ndéanfar banna in aon tsuim is mó ná fiche scilling d'estréatáil no go bhfuilingeofar aon téarma príosúntachta is sia ná mí, féadfidh an té gur dineadh an t-ordú ina choinnibh, ach ní fhéadfidh éinne eile, athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda 'na luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh laistigh dá Chuaird agus ní bheidh dul thar an mbreith a thabharfidh Breitheamh na Cúirte Cuarda ar aon athchomharc den tsórt san ná ní féadfar athchomharc a dhéanamh i gcoinnibh na breithe sin.

Beidh gach cás aithriste no athchomharc sa bhfuirm, etc., a hordófar le rialacha

86. —Fé mar a hordófar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so isea bheidh gach cás aithriste no athchomharc maidir leis an bhfuirm agus leis an gcuma ina mbeid, agus san ar gach slí, agus maidir leis na coiníollacha fé n-a mbeidh, pe'ca i dtaobh aimsire iad no i dtaobh éinní eile (ar a n-áirítear lóisteáil aon airgid i gcásanna síbhialta agus dul fé bhannaí maraon le huraí i gcásanna coiriúla).

Athchomharc i gcásanna ceadúnais

87. —I gcásanna céadúnais féadfidh an t-iarratasóir, no na daoine go bhfuil teideal acu do réir dlí fé láthair chun cur-igcoinnibh a dhéanamh, athchomharc a dhéanamh do réir pé forálacha a hordófar leis na rialacha a déanfar fén gCuid seo den Acht so.

Feadhmannaigh Shíochána do cheapa.

88. —(1) Le barántas fé n-a láimh féadfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche o am go ham daoine córa oiriúnacha, dá ngairmfar “Feadhmannaigh Shíochána” no (i mBéarla) “Peace Commissioners,” do cheapa i ngach contae, pé daoine agus pé méid díobh is oiriúnach leis, chun dualgaisí agus comhachta Feadhmannach Síochána fén Acht so do chó-líona agus d'fheidhmiú laistigh den chontae sin agus (má deirtar é ina bharántas ceapacháin) laistigh de sna contaethe díreach có-theorainn leis an gcontae sin agus féadfa sé ar an gcuma gcéanna iad do chur chun siúil.

(2) Sa mhéid gur féidir é, agus gach ní a bhaineann leis an scéal d'áireamh, beidh ag gach éinne a ceapfar chun bheith ina Fheadhmannach Síochána, i gcontae ina bhfuil líomatáiste ina bhfuil an Ghaedhilg in úsáid ghenerálta, a dhóthain eolais ar an nGaedhilg chun gnó a oifige do dhéanamh sa teangain sin.

(3) Beidh ag Feadhmannach Síochána gach comhacht agus údarás a bhí dílsithe i nGiúistís Síochána, díreach roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, i dtaobh gach ní fé leith díobh so a leanas, sé sin le rá:—

(a) gairmeacha do shighniú;

(b) barántaisí do shighniú;

(c) daoine do chur fé mhionn agus faisnéisí, dearbhuithe, scéala, naisc agus bannaí do ghlaca;

(d) geilteanna contabharthacha agus daoine gan meabhair do chur isteach i ngealtlanna fé Alt 10 den Lunacy (Ireland) Act, 1867, agus socrú do dhéanamh i dtaobh luach saothair don dochtúir oifigiúil agus do scrúdóir na ngealt fé Alt 14 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875;

(e) deimhnithe do shighniú chun gealtanna agus daoine gan meabhair do leigint isteach i ngealtlanna;

(f) an deimhniú a hiarrtar le hAlt 2 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, do shighniú;

(g) aon earra atá ceaptha mar bhia do dhaoine agus is dó leis a bheith fé ghalar no mí-fholáin no neamhoiriúnach mar bhia do dhaoine fé Alt 133 den Public Health (Ireland) Act, 1878, fé mar atá sé leasuithe le hAlt 28 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, —an t-earra san do dhaora agus a ordú go ndéanfar díthiú no rud éigin eile air:

Ach mar sin féin is Breitheamh den Chúirt Dúithche a shighneoidh aon ghairm in aghaidh aon bhall den Ghárda Síochána.

(4) Má ghabhann ball den Ghárda Síochána éinne a bheidh cúisithe i gcionta indíotálta do dhéanamh tabharfar an duine sin i láthair Feadhmannaigh Shíochána láithreach mara mbeidh Breitheamh de Chúirt Dúithche le fáil láithreach agus tar éis pé fianaise a tairgfar d'éisteacht déanfidh an Feadhmannach Síochána an duine sin do chur siar, i gcimeád no fé pé bannaí is oiriúnach leis an bhFeadhmannach Síochána, agus cuirfe sé an cás siar chun go n-éistfar é i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche ar dháta nach déanaí ná an chéad uair eile a shuidfidh an Chúirt Dúithche sa Dúthaigh in ar gabhadh an duine sin.

Ní ceapfar a thuille Giúistísí fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 .

89. —O am rithte an Achta so agus dá éis ní ceapfar aon Ghiúistís Dúithche fén Acht um Ghiúistísí Dúithche (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 6 de 1923) .

An t-údarás a dhéanfidh na rialacha.

90. —Isé údarás a dhéanfidh rialacha don Chúirt Dúithche ná an tAire um Ghnóthaí Dúithche le haontú an Aire Airgid, i dtaobh nithe a bhaineann le hioncum no caiteachas puiblí, agus le cognamh Coiste a bheidh có-dhéanta de pé Breithiúin de Bhreithiúin na Cúirte Dúithche a ainmneoidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche chun na críche sin o am go ham, eadhon, cúigear ar a luíod ar a mbeidh éinne amháin ar a luíod de sna Breithiúin a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina bhfuil Ceanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, agus de bheirt atúrnae a chleachtann a ngairm agus a ainmneoidh Uachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, ach duine acu bheith ina atúrnae go bhfuil a oifig agus cleachta a ghairme lasmuich de Chathair agus Contae Bhaile Atha Cliath aige, agus d'aon abhcóide amháin a chleachtann a ghairm agus a ainmneoidh Comhairle Abhcóidí na hÉireann.

Rialacha chun an Chuid seo den Acht so chur in éifeacht.

91. —Aon uair agus o am go ham tar éis rithte an Achta so agus roimh thosach feidhm an Achta so no dá éis sin, féadfidh an t-údarás san chun rialacha dhéanamh rialacha dá ngairmfar “Rialacha Cúirte Dúithche” do dhéanamh chun an Chuid seo den Acht so do chur in éifeacht (ach ní hi dtaobh na Cúirte Cuarda d'éisteacht athchomharcanna i gcoinnibh na Cúirte Dúithche ná i dtaobh na hArd-Chúirte d'éisteacht cásanna d'aithris an Chúirt Dúithche) agus na rialacha san do chur ar nea-mbrí no d'atharú agus rialacha nua do dhéanamh. Féadfar go sonnrách rialacha dhéanamh i gcóir gach ní no éinní dhíobh so a leanas, eadhon, chun regleáil a dhéanamh ar shuidheanna agus ar laetheanta saoire agus ar dhúithchí na mBreithiún agus ar na háiteanna ina mbeidh imeachta le bunú agus ar na fuirmeacha próisis, gairme, cáis aithriste, athchomhaire no éinní eile, agus ar na coiníollacha nách foláir do pháirtí a iarrfidh aithris cáis no d'athchomharcach a chó-líona i gcásanna síbhialta no i gcásanna coiriúla no i gcásanna ceadúnais, pe'ca aca é, agus ar chleachta agus nós-imeachta na Cúirte Dúithche i gcoitinne, maraon le ceisteanna costaisí agus na trátha chun aon chéim do thabhairt sa Chúirt Dúithche agus ar bhreith d'iontráil agus ar bhreith do dheona ar an slí achmair i gcásanna oiriúnacha, agus ar úsáid teangan náisiúnta Shaorstáit Éireann sa chúirt sin agus ar cheapa agus bailiú táillí agus ar oiriúnú no atharú aon reachta fé mar is gá chun aon críche de sna crícheanna roimhráite agus ar gach fo-rud.

Ceadú na ri lacha.

92. —Móráireamh den choiste roimhráite a mholfidh agus an Príomh-Atúrnae agus an tAire um Ghnóthaí Dúithche agus an tAire Airgid a shighneoidh agus a cheadóidh na rialacha san agus ní bheid dleathach go dtí go ndéanfar iad do mhola, do shighniú agus do cheadú amhlaidh.

Cuid IV.

FORALACHA ILGHNEITEACHA AGUS FORALACHA DIOMBUANA.

Atúrnaethe agus coimisinéirí mionn atá ann fé láthair.

93. —Gach atúrnae a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn fé láthair agus gach coimisinéir mionn atá ann fé láthair aistreofar iad chun na gCúirt uile agus fé leith a bunuítear fén Acht so agus déanfidh díobh atúrnaethe agus coimisinéirí fé seach de sna cúirteanna san.

Ceart chun tríalach fé choiste dháréag i gcásanna síbhialta agus costaisí i gcásanna den tsórt san.

94. —Ní dhéanfidh éinní dá bhfuil san Acht so díth ná dochar do cheart aon pháirtí in aon aicsean san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Chuarda (nách aicsean chun suim réithithe d'fháil ná aicsean chun connra chur i bhfeidhm ná chun cúiteamh d'fháil i mbrise connra) chun ceisteanna fírinne chur á dtriail fé choiste dháréag i gcásanna ina bhféadfadh sé, le corp cirt, an ní sin d'éileamh roimhe seo sa Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn agus treoracha ag an gcoiste dháréag den tsórt chéanna, i dtaobh dlí agus fianaise, a bheadh acu sna cásanna san, ach ní bheidh teideal chun coiste dháréag ag aon pháirtí in aicsean san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Chuarda chun suim réitithe d'fháil ná in aicsean chun connra chur i bhfeidhm no chun cúiteamh d'fháil ná in aicsean chun talamh d'fháil maran dó leis an mbreitheamh gur gá coiste dháréag, no gur mhaith an rud é, chun an t-aicsean do thriail sa cheart, agus mara n-orduighe sé amhlaidh uaidh féin no ar iarratas aon pháirtí. Fé réir gach achtacháin atá ann cheana agus a theorannuíonn no a regleálann na costaisí is iníoctha in aon aicsean, no a dhineann difir dóibh, tré iad d'áireamh do réir an méid a baintear amach san aicsean, geobhaidh leis an gcúis costaisí gach aicsin shíbhialta agus gach ceiste agus caingne síbhialta a trialfar fé choiste dháréag san Ard-Chúirt no sa Chúirt Chuarda, mara ndinidh an Breitheamh a bheidh ar an triail a mhalairt d'ordú ar iarratas a dineadh agus ar chúis fé leith a taisbeánfar agus a luadhfar san ordú; agus féadfidh an bínse athchomhaire aon ordú o Bhreitheamh i dtaobh na gcostaisí sin do chur ar nea-mbrí no d'atharú.

Breith-fhocal o naonúr ball den choiste dháréag i gcásanna síbhialta.

95. —I ngach triail ar chás síbhialta i láthair breithimh agus coiste dháréag, pe'ca san Ard-Chúirt no sa Chúirt Chuarda a déanfar í, is de dhá bhall déag a bheidh an coiste có-dhéanta agus is gá agus is leor chun an breith-fhocal do shocrú vóta móráirimh de naonúr as an dá bhall déag san. Cuirfidh an breitheamh an méid sin in úil don choiste agus déanfar breithfhocal an naonúir sin no níos mó do thógaint agus do chur ar breaca mar bhreith-fhocal ón gcoiste, gan scéith ar an méid nár aontuigh léi, má bhí a leithéidí ann.

Fuirm athchomharc i gcásanna a trialadh fé choiste dháréag

96. —Gach athchomharc i gcoinnibh breithe a thug an Ard-Chúirt no an Chúirt Chuarda in aicsean a trialadh fé bhreitheamh agus fé choiste dháréag no i gcoinnibh aon bhreithe eile a thug an Ard-Chúirt no an Chúirt Chuarda agus atá bunuithe ar bhreithfhocal a thug coiste dháréag i gcás síbhialta, tré n-a thairsgint i láthair an bhínse athchomhairc go mbunófar triail nua isea a déanfar é, agus i gcás athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Cuarda, beidh ar na curtha-i-leith ar a bhféadfar an tairsgint sin do bhunú a chur i leith breith-fhocal an choiste dháréag go raibh sí bunoscionn le trom na fianaise no go raibh sí claon ar shlí éigin eile. In aon athchomharc le n-a mbaineann an t-alt so, féadfidh an binse athchomhairc, in ionad triail nua d'ordú, an breith-fhocal, an breith-thora agus an bhreith gur hathchomharcadh ina gcoinnibh do chur i leataoibh, agus pé breith is dó leis an gcúirt is ceart d'iontráil.

Deimhniú ar thuairisc o luascríbhneoir.

97. —Aon uair is gá fén Acht so athchomharc do bhunú no d'éisteacht ar thuairisc o lua-scríbhneoir oifigiúil, beidh sa tuairisc sin na céad-nótaí lua-scríbhneoireachta agus an t-athscríobh a dineadh ortha agus deimhneoidh breitheamh na Cúirte céad-chéime gurb í an tuairisc sin í.

Tuigfar cúirteanna i gCaisleán Bhaile Atha Cliath do bheith suidhte i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

98. —Chun gach críche tuigfar agus faisnítear leis seo gur i gContae Chathair Bhaile Atha Cliath agus i gContae Bhaile Atha Cliath a luigheann na foirgintí agus an t-áitreabh dá ngairmtear go coitianta Caisleán Bhaile Atha Cliath, agus a ngar-chomhursanacht san, oiread díobh agus cuirfar i leithreas de thurus na huaire chun aon Chúirt a bunuítear fé Chuid I. no fé Chuid II. den Acht so do chomóra ann no chun úsáid no chun cóiríocht d'aon bhreitheamh no oifigeach d'aon chúirt den tsórt san no chun gnó aon oifig a bhaineann le haon Chúirt den tsórt san do dhéanamh ann.

An fhaisnéis a dhéanfidh breithimh tar éis a gceaptha.

99. —Mar leanas a bheidh an Fhaisnéis a dhéanfidh gach Breitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, agus den Chúirt Chuarda, agus gach Breitheamh den Chúirt Dúithche, tar éis a gceaptha:—

Dinim-se                   a gheallúint agus a fhaisnéis go solamanta agus go macánta i láthair Dé go bhfeidhmeod go cuibhe agus go dílis agus chó fada lem' éirim agus lem' chomhacht oifig Phrímh-Bhreitheamh Chúirt Uachtarach (no Uachtarán Ard-Chúirt, no Breitheamh de Chúirt Uachtarach no d'Ard-Chúirt no de Chúirt Chuarda no Breitheamh de Chúirt Dúithche, pe'ca aca é) Shaorstáit Éireann gan faitios ná fabhar, gan grá ná fuath d'éinne, agus go seasód le Bunreacht Shaorstáit Éireann mar atá sé bunuithe do réir dlí.

Déanfar agus sighneofar an fhaisnéis sin ag an bPrímh-Bhreitheamh i bhfianaise an tSeanascail agus ag gach duine de sna breithimh roimhráite i bhfianaise an Phrímh-Bhreithimh sa chúirt go hoscailte.

Aon bhreitheamh a eiteoidh no a leigfidh i bhfaillí an fhaisnéis roimhráite a dhéanamh ar an gcuma roimhráite beidh sé gan teideal chun dul i mbun a oifige mar bhreitheamh agus tuigfar é bheith tar éis an oifig sin d'fhágaint.

An aois chun dul as oifig do bhreithimh atá ann cheana agus a ceapfar fén Acht so.

100. —Einne atá ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach Údaráis in Éirinn, ina Bhreacthóir, ina Bhreitheamh Cúirte Contae, no ina Ghiúistís Dúithche i Saorstát Éireann, no ina Ghiúistís Roinne de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath le linn rithte an Achta so, má ceaptar é chun bheith ina bhreitheamh d'aon Chúirt fén Acht so tar éis an aois a horduítear leis an Acht so mar aois chun dul as oifig do bhreithimh den Chúirt sin a bheith slán aige déanfar, ina chás san, an aois chun dul as oifig do mhéadú tré thrí bliana do chur léi.

Ní thiocfidh rialacha i ngníomh go dtí go gceadóidh an tOireachtas iad.

101. —Ní thiocfidh aon rialacha cúirte a déanfar fén Acht so i ngníomh mara ndintar ná go dtí go ndéanfar iad do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus iad do cheadú le rún o gach Tigh den Oireachtas.

Forálacha i dtaobh oifigeach atá ann cheana.

102. —Gach clárathóir, cléireach agus oifigeach eile a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach Údaráis atá ann fé láthair no leis an Tiarna Prímh-Ghiúistís agus é ag feidhmiú an údaráis atá aige i gcúrsaí gealtachta, agus le Cúirteanna Breacthóirí, Breithiún Cúirte Contae agus Giúistisí Dúithche atá ann fé láthair no le Cúirteanna Máistreoirí Roinne Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, leanfid de bheith i seilbh oifige fén sealbhaíocht gcéanna fé n-a bhfuilid go dtí so agus de bheith ag có-líona na ndualgaisí atáid a chó-líona go dtí so no ag có-líona dualgaisí a bheidh có-ghaolmhar de sna dualgaisí sin mara ndinidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas a mhalairt d'ordú. Socróidh an Prímh-Bhreitheamh gach ceist a eireoidh i dtaobh ce'ca tá aon dualgaisí có-ghaolmhar d'aon dualgaisí eile no ná fuil agus ní bheidh dul thar a bhreith. Ní dhéanfidh éinní san Alt so dochar do sna cirt atá ag aon oifigeach fé Alt 10 de sna hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnra idir an mBreatain Mhóir agus Éire a sighníodh i Lundain an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.

Breithimh den Ard-Chúirt isea éistfidh athchomhairc chun Breithimh Ard-Shiosóin agus a bheidh gan críochnú.

103. —Gach athchomharc agus iarratas eile chun Breithiún Ard-Shíosóin agus a bheidh gan críochnú i dtosach feidhm Chuid II. den Acht so éistfar agus socrófar iad ag pé Breitheamh no Breithimh den Ard-Chúirt a hainmneofar chun na críche sin ag Uachtarán na hArd-Chúirte agus san ar pé uaire agus i pé aiteanna a ordóidh agus a cheapfidh an tAire um Ghnóthaí Dúithche le hordú.

Triail daoine a bheidh ag feitheamh le n-a dtriail i dtosach feidhm an Achta so.

104. —Gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm Chuid I. den Acht so, chun a thrialta in Ard-Shíosón no i láthair aon Choimisiúin eile Eisteachta agus Socrúcháin agus scage príosúnach, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail agus gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm an Achta so, chun a thrialta fé Bhreitheamh Cúirte Contae, no fé aon Dáil-Chúirt mar a mínítear le h Acht Cúirteanna Dháil Éireann (Críochnú a nGnótha), 1923 (Uimh. 36 de 1923) , in aon chúis lasmuich d'údarás na Cúirte Cuarda, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail sa chúis sin, tuigfar iad a bheith curtha ar aghaidh chun iad do thriail agus déanfar iad do thriail ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil no, má orduíonn an Príomh-Atúrnae é, ag cúirt den Chuaird Ard-Chúirte. Gach duine a bheidh curtha ar aghaidh, i dtosach feidhm Chuid II. den Acht so, chun a thrialta ag Breitheamh Cúirte Contae, no ag aon Dáil-Chúirt den tsórt san roimhráite, in aon chúis laistigh d'údarás na Cúirte Cuarda, agus a bheidh ag feitheamh le n-a thriail, tuigfar é bheith curtha ar aghaidh chun é thriail ag an gCúirt Chuarda oiriúnach agus trialfidh an Chúirt sin é.

An Sceideal dá dtagartar san Acht san thuas.


Líon daoine

1.   Cathair agus Contae Bhaile Atha Cliath

...

476,000

 

2.   Cathair agus Contae Chorcaighe

...

...

392,000

 

3.   Tír Chonaill

Liathdruim

Cabhán

Muineachán

Thuaidh

...

...

...

394,000

 

4.   Muigheo

Gaillimh

Thiar

...

...

...

374,000

 

5.   Sligeach

Roscomáin

An Iarmhidhe

Laoighis

I Fáilghe

Longphort

I lár baill

...

...

...

388,000

 

6.   Lughmhagh

An Mhidhe

Cill Dara

Cill Manntáin

Loch gCarmain

Thoir

...

...

...

358,000

 

7.   Ciarraighe

Luimneach

An Clár

Thiar Theas

...

...

...

406,000

 

8.   Tiobraid Arann

Cill Choinnigh

Portláirge

Ceatharlach

Theas

...

...

...

348,000