20 1924


Uimhir 20 de 1924.


ACHT UM FHEIDHMIÚ DLÍ (COMHACHTA OCÁIDEACHA), 1924.


ACHT CHUN COSC DO CHUR LE LEIGHSEANNA DLÍ DO THOIRMEASC AGUS CHUN COMHACHTA BREISE DO THABHAIRT CHUN ÍOC FIACHA BREITHIÚNTAIS DO CHUR I bhFEIDHM AGUS CHUN AN DLÍ DO CHUR I bhFEIDHM AR SHLITE EILE. [25adh Meitheamh, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cuid I.

COMHACHTANNA AN FHO-SHIRRIAIM.

Fo-shirriaim do cheapa.

1. —(1) Chun Alt 11 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ) do chur i mbaint le hAlt 1 den Sheriffs (Ireland) Act, 1920, tuigfar gurb é an tAire an tAire no an t-údarás a fheidhmíonn i Saorstát Éireann feidhmeanna atá ionann no ar có-réir leis na feidhmeanna a fheidhmíodh an Lord Lieutenant fén Alt san 1 den Sheriffs (Ireland) Act, 1920, roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus dá réir sin beidh gach comhacht a bronntar leis an Alt san 1 dílsithe san Aire agus infheidhmithe aige.

(2) Ní cuirfar fé aon mhionn oifige ná fé aon mhionn eile éinne a ceapfar tar éis rithte an Achta so chun bheith ina fho-shirriam ná ní bheidh air a leithéid a thabhairt, ach ina ionad san, déanfidh gach éinne a ceapfar amhlaidh faisnéis sholamanta do shighniú agus do dhéanamh, roimh dhul i mbun a oifige dho, i bhfuirm a hordófar le hordú ón Aire, go gcó-líonfa sé dualgaisí a oifige go cuibhe, agus léifear Alt 14 den Reacht 12 George I., c. 4 (Irish) fé mar a bheadh ann gach fo-shirriam do dhéanamh na Faisnéise a hordófar amhlaidh in ionad tabhairt an Mhionna a horduítear leis an alt san agus in ionad déanamh na Faisnéise a horduítear leis an Sheriffs (Ireland) Adaptation of Enactments Order, 1922.

Fo-shirriaim d'fhostú báillí.

2. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis ní bheidh ar aon fho-shirriam aon bháille d'fhostú chun cabhrú leis chun rit fieri facias no rit habere no rit eile d'fheidhmiú, ná aon bháille a ceapadh fé Alt 5 den Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland) 1864, d'fhostú chun cabhrú leis i gcólíona a dhualgaisí fén Acht san, ach in ionad no i dteanta na mbáillí sin beidh sé dleathach d'aon fho-shirriam pé daoine oiriúnacha agus pé méid díobh is oiriúnach leis d'fhostú chun cabhrú leis i bhfeidhmiú aon rit no gach rit fieri facias no habere no aon rit no gach rit eile agus i bhfeidhmiú aon aithne no ordú no gach aithne no ordú Cúirte Bille Shibhialta (pe'ca chun fiacha, seilbh tailte no éinní eile é).

(2) Éinne a fostófar ag fo-shirriam fén alt so féadfar é fhostú ar phágh seachtainiúil no ar phágh eile chun cabhrú leis go generálta i bhfeidhmiú riteanna agus aitheanta no orduithe den tsórt san roimhráite, no féadfar é fhostú go speisialta chun cabhrú leis an bhfo-shirriam i bhfeidhmiú rit no aithne no ordú áirithe.

(3) Aon uair a fhostóidh fo-shirriam daoine fén alt so chun cabhrú leis go generálta i bhfeidhmiú riteanna agus aitheanta no orduithe den tsórt san roimhráite, beidh líon agus ráta luach saothair (a híocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas) na ndaoine sin fé réir cead an Aire agus aontú an Aire Airgid.

(4) Má dhineann fo-shirriam fén alt so aon daoine d'fhostú go speisialta chun cabhrú leis i bhfeidhmiú rit no aithne no ordú áirithe, beidh líon agus luach saothair na ndaoine sin fé mar is toil leis an bhfo-shirriam ach san bheith fé réir aontú an Bhreithimh Chúirte Contae ar athchomharc ón bhféichiúin.

(5) Gach éinne a fostófar fén alt so ag fo-shirriam chun cabhrú leis i bhfeidhmiú rit fieri facias no rit habere beidh aige gach comhacht a bheadh dílsithe do réir dlí i mbáille a fostófí ag foshirriam chun na críche sin, agus gach éinne a fostófar fén alt so ag fo-shirriam chun cabhrú leis i bhfeidhmiú aon aithne no ordú Cúirte Bille Shibhialta beidh aige gach comhacht a bheadh dílsithe do réir dlí i mbáille a ceapfí fén Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland), 1864.

Taisbeánfidh an báille barántas údaráis.

3. —Má iarrtar é beidh sé de dhualgas ar bháille agus ar éinne eile a fostófar ag fo-shirriam do réir an Achta so, aon uair tar éis dul isteach agus roimh aistriú aon mhaoine a tógadh, barántas a údaráis no a n-údaráis ón bhfo-shirriam do thaisbeáint don chosantóir (no neachtar acu don té dheabhróidh bheith i seilbh na dtailte agus an áitreibh ina raghaidh seisean no iad san) agus fíor-chóip de do sheachada don chosantóir no don duine eile sin.

Déanfar amach cuntas ar an áirnéis a gabhfar.

4. —Beidh sé de dhualgas ar gach fo-shirriam, 'na ndéanfar fé n-a údarás feidhmiú ar earraí, ainmhithe no áirnéis eile, a chur fé ndéar go ndéanfar amach cuntas ítimithe ar an áirnéis a gabhadh agus laistigh de 48 uaire a 'chluig tar éis na gabhála san agus, más féidir é, sara n-aistrítear éinní, a chur fé ndeár go dtabharfar don chosantóir (no neachtar acu don té dheabhruigh bheith i seilbh na háirnéise sin) dúbláid don chuntas san agus í sighnithe ag an bhfo-shirriam no ag duine ag gníomhú thar a cheann.

Airnéis áirithe ná tógfar.

5. —O am rithte an Achta so agus dá éis sin, maidir le cuid éadaigh agus cóir leapan riachtanach an té go ndéanfar feidhmiúchán ina choinnibh agus cuid éadaigh agus cóir leapan riachtanach a chúraim, agus úirlisí agus fearaistí a chéirde, agus nách fiú níos mó ná £15 iad go léir le chéile, ní féadfar gabháil do dhéanamh ortha.

Síne ar Alt 131 den Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853.

6. —Ag feidhmiú aithne no ordú Cúirte Bille Shíbhialta dho, beidh ag fo-shirriam gach ceart, comhacht, agus údarás a dílsítear i sirriam le hAlt 131 den Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853, maidir le feidhmiú rit fieri facias, agus dá réir sin bainfidh an t-alt san le feidhmiú fén aithne no fén ordú san ach tagairtí don aithne no don ordú san do bheith ann in ionad tagairtí do rit fieri facias.

Féadfidh foshirriam díol aon tráth.

7. —(1) Aon fho-shirriam a dhéanfidh, tar éis rithte an Achta so, aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile do thógaint i bhfeidhmiúchán fé rit fieri facias no fé aithne Cúirte Bille Shíbhialta, beidh sé dleathach do na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin do dhíol ar cheant phuiblí aon tráth tar éis deire tréimhse ceithre huaire fichead tar éis do an céanna do thógaint i bhfeidhmiúchán, ach san do dhéanamh gan aon mhoill mhíréasúnta, agus ní gá don bhfo-shirriam a fhoillsiú ná a chraola gur díolachán ag fo-shirriam aon díolachán den tsórt san ná gur díolachán earraí, ainmhithe ná áirnéise a tógadh i bhfeidhmiúchán é.

(2) Athghairmtear leis seo oiread d'Alt 28 den Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland), 1864, agus a orduíonn aimsearacha chun earraí no beithígh, a tógadh i bhfeidhmiúchán fé aon aithne Cúirte Bille Shíbhialta, do dhíol no chun gan iad do dhíol laistigh díobh.

Féadfidh foshirriam díol lasmuich dá bháillíocht.

8. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis, aon fho-shirriam a thógfidh earraí, ainmhithe no áirnéis eile i bhfeidhmiúchán fé aon rit fieri facias no fé aon aithne Cúirte Bille Shíbhialta féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an áirnéis sin do dhíol ar cheant phuiblí i pé áit no áiteanna is tairbhí ina bhféadfar, dar leis, na hearraí, na hainmhithe agus an áirnéis sin do dhíol, pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht é, agus pe'ca laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann é, ach gan díol lasmuich d'Éirinn, agus féadfa sé na hearraí, na hainmhithe agus an áirnéis sin no aon chuid acu d'aistriú no a chur fé ndeár go n-aistreofar an céanna ón áit in ar gabhadh an céanna go dtí an áit no na háiteanna díolacháin sin.

(2) Gach earra, ainmhí agus áirnéis eile a thógfidh aon fhoshirriam i bhfeidhmiúchán fé aon rit no aithne den tsórt san roimhráite, féadfidh an fo-shirriam iad do chur, go dtí go ndíolfar iad, i bpóna, i stór agus i gcimeád i pé áit no áiteanna is oiriúnach leis, pe'ca laistigh no lasmuich dá bháillíocht atáid no laistigh no lasmuich de theoranta críche Shaorstáit Éireann, ach gan iad do bheith lasmuich d'Éirinn, cé ná beidh sé ceaptha ná údaruithe do réir dlí an áit no na háiteanna san d'úsáid mar phónaí.

(3) Pé cás ina ndéanfidh an fo-shirriam, no ina ndéanfar le n'ordú, aon earraí, ainmhithe nó áirnéis eile d'aistriú fén alt so go dtí aon áit lasmuich dá bháillíocht, tógfidh an fo-shirriam, i dteanta méid na bhfiach a bheidh luaidhte sa rit no san aithne fé n-ar gabhadh na hearraí, na hainmhithe, agus an áirnéis sin, agus i dteanta méid na n-éilithe uile is iontógtha do réir dlí, tógfa sé méid na gcostas fé n-a ragha sé—

(a) le linn no i dtaobh aistriú na n-earraí, na n-ainmhithe agus na háirnéise sin o sna háiteanna in ar gabhadh iad go dtí gach áit (maraon le háit an díolacháin) ina n-aistreofar na hearraí, na hainmhithe agus an áirnéis sin roimh iad do dhíol;

(b) le linn no i dtaobh na hearraí, na hainmhithe agus an áirnéis sin do chur i stór, i bpóna agus i bhfor-chimeád (maraon le furra agus uisce do thabhairt do sna hainmhithe sin) idir am na gabhála agus am an díolacháin;

(c) le linn no i dtaobh díol agus aon iarracht ar dhíol na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin nách díol ná iarracht ar dhíol laistigh de bháillíocht an fho-shirriaim.

Féadfidh an fo-shirriam gach costas agus caiteachas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt so do bhaint as sochar díolachán na n-earraí, na n-ainmhithe, agus na háirnéise mar chéad mhuirear ar an sochar san.

(4) Isé an fo-shirriam is aon bhreitheamh ar ce'ca áit no áiteanna is tairbhí ina bhféadfar aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim i dtaobh é do dhíol aon earraí, ainmhithe no áirnéis den tsórt san roimhráite lasmuich dá bháillíocht.

(5) San alt so cialluíonn an focal “éilithe is iontógtha do réir dlí” éilithe is iontógtha fé aon achtachán, riail no ordú atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so no fé aon fhoráil den Acht so lasmuich den alt so.

Ceannach o fho-shirriam ina cheannach dhleathach.

9. —Gach duine a dhéanfidh tar éis rithte an Achta so aon carraí, ainmhithe no áirnéis eile a thóg fo-shirriam i bhfeidhmiúchán, do cheannach go macánta ar dhíolachán a cuireadh ar siúl ag an bhfo-shirriam san no fe n‘údarás, beidh dea-theideal éifeachtúil aige i gcoinnibh gach n-aon chun na n-earraí, na n-ainmhithe agus na háirnéise a cheannóidh sé mar sin in ainneoin aon neamh-éifeachta no nea-rialtachta i ngabháil no i ndíol no i dtaobh gabháil no díol na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin, agus pe'ca is fíor no nách ea go raibh a fhios aige, no gur cheart do a fhios do bheith aige, no go bhféadfadh sé a fhios do bheith aige, no go bhfuair sé aon tsaghas fógra gur dhíolachán ag fo-shirriam, no fé n' údarás, an díolachán san.

Ní dochar don díol aon chur isteach a déanfar ar chimeád an fho-shirriaim.

10. —Ní dhéanfa sé dochar ná difríocht do chomhacht ná d'údarás fo-shirraim chun aon carraí, ainmhithe no áirnéis eile a thóg sé i bhfeidhmiúchán do dhíol, na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis sin do bheith as cimeád an fho-shirriaim no aon chur isteach do dhéanamh in aon tslí ar a chimeád ortha aon tráth no tráthanna idir am na gabhála agus am na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin do dhíol.

Ní luighfidh aon aicsean in aghaidh an fho-shirriaim mar gheall ar dhul no brise isteach in áitreabh.

11. —Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh fo-shirriam i dtaobh ná mar gheall ar é do dhul ná do bhrise isteach ar aon tailte, in aon tigh, in aon chlós ná in aon áitreabh eile, chun tógaint i bhfeidhmiúchán do dhéanamh ar aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile a bhí no d'fhéadfadh a bheith ar na tailte sin no sa tigh, sa chlós no san áitreabh san, ná fós i dtaobh ná mar gheall ar aon díobháil a dineadh do sna tailte, don tigh no don áitreabh san leis an dul isteach no leis an mbrise isteach san no le n-a linn: Ar coiníoll i gcomhnaí gur dhin an fo-shirriam, sarar bhris sé isteach in aon tigh comhnuithe no foirgneamh eile, iarrachtaí réasúnta do thabhairt ar dhul isteach go síochánta agus gan fóiréigean: Ar coiníoll san am gcéanna, in aon chás in ar bhris an fo-shirriam isteach agus in ar chuaidh sé isteach in áitreabh éinne seachas an té gur glaodhadh air chun breithiúntas, ordú no aithne do chur i bhfeidhm air, go bhfuair sé ann ne air aon earraí, ainmhithe no áirnéis eile leis an duine deiridh sin adubhradh no go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go raibh roinnt dá léithéidí sin d'earraí, d'ainmhithe no d'áirnéis ann no air.

Ní hinphionósuithe an fo-shirriam i ngabháil ná i ndíol an iomarca.

12. —O am rithte an Achta so agus dá éis lasmuich de chás calaoise, mailíse no mor-fhaillí, ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim ná ní bheidh sé i mbaol aon phionóis i dtaobh ná mar gheall air gur ghaibh sé no gur dhíol sé fé aon rit fieri facias nó fé aon aithne Cúirte Bille Shíbhialta, níos mó no níos lú earraí, ainmhithe no áirnéis eile ná mar a bheadh no ba dhó le duine le réasún a bheadh dóthanach chun iomlán na bhfiach no na suime airgid d'íoc chó maith le gach costas, táille, éileamh agus caiteachas a bhí iontógtha do réir dlí (agus an tAcht so d'áireamh) do réir no de bhua na riteach no na haithne sin.

Ní luighfidh aicsean i gcoinnibh an fho-shirriaim mar gheall ar earraí thógaint a éilíonn bean, etc., an fhéichiún.

13. —Ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh aon fho-shirriaim i dtaobh ná mar gheall air gur thóg sé i bhfeidhmiúchán, fé aon rit fieri facias, aithne Cúirte Bille Shíbhialta, barántas, deimhniú, no scríbhinn eile, aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile a fuarthas i dtigh no in áit comhnaithe eile no ar thailte an fhéichiún agus 'na n-éilitear no 'na ndeirtear ina dtaobh (pe'ca iompóidh no ná hiompóidh sé amach go raibh bunús maith leis an éileamh no leis an ráiteas san) gur le bean no le fear an fhéichiún gurbh ea iad, no le hathair no le máthair an fhéichiún, no le haon duine cloinne dho, a bhí de thurus na huaire ina chomhnaí i dtigh no in áit comhnaithe eile an fhéichiún agus, in ionad an t-aicsean san do thabhairt i gcoinnibh an fho-shirriaim, beidh ag an té go mba leis dáiríribh na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin a tógadh amhlaidh i bhfeidhmiúchán (má iompuíonn sé amach nár leis an bhféichiúin na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis eile sin), beidh aige teideal chun luach na n-earraí, na n-ainmhithe agus na háirnéise eile sin d'fháil ón bhféichiúin le haicsean, maraon le pé damáiste a dineadh air tríd na hearraí, na hainmhithe no an árnéis eile sin do thógaint amhlaidh i bhfeidhmiúchán.

I gcásanna áirithe gearrfidh an fo-shirriam percentáiste i dteanta na dtáillí.

14. —(1) Aon uair a dhéanfidh fo-shirriam in aon chontae no contae-bhuirg le n-a mbaineann an t-alt so feidhmiúchán do ghearra fé aon rit, aithne barántas, no scríbhinn eile, no a híocfar leis an tsuim is inghearrtha fé aon rit, aithne, barántas, no scríbhinn eile den tsórt san, i dteanta gach éilimh is inghearrtha fé aon achtachán, riail, no ordú atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so no fé aon fhoráil den Acht so lasmuich den alt so, gearrfa sé suim (dá ngairmtear percentáiste san alt so) a háireofar do réir scilling an púnt den tsuim is inghearrtha fén rit, fén aithne, fén mbarántas, no fén scríbhinn eile sin.

Ní bhainfidh an fo-alt so le haon tsuim airgid is inghearrtha fé aon rit, aithne, barántas, no scríbhinn eile, agus a híocfar leis an bhfo-shirriam laistigh de mhí tar éis rithte an Achta so, no laistigh de mhí tar éis an rit, an aithne, an barántas, no an scríbhinn eile sin do bheith seachadtha don bhfo-shirriam chun é fheidhmiú agus, i gceachtar cás díobh san, roimh fheidhmiú na riteach, na haithne, an bharantáis, no na scríbhinne eile sin.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an percentáiste a gearrfar fén alt so.

(3) Bainfidh an t-alt so le pé contaethe agus contae-bhuirgí a cheapfidh an tAire, le hórdú o am go ham.

(4) Mí ar a luíod roimh ordú dhéanamh chun an t-alt so do chur i mbaint le contae no le contae-bhuirg foillseoidh an tAire fé dhó ar a luíod i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta no breis a léitear sa chontae no sa chontae-bhuirg sin fógra go bhfuil sé chun an t-ordú san do dhéanamh.

Ceapa na dtáillí a éileoidh foshirriaim agus daoine eile no a híocfar leo.

15. —(1) Féadfidh an tAire le hordú scála do cheapa agus é d'atharú o am go ham, scála de sna táillí a bheidh le héileamh ag fo-shirriaim, ag báillí, agus ag daoine eile, agus le híoc leo, ar son a seirbhísí i bhfeidhmiú no i dtaobh feidhmiú riteanna fieri facias agus riteanna habere agus i bhfeidhmiú no i dtaobh feidhmiú aitheanta (pe'ca chun fiacha, chun seilbh tailimh no chun éinní eile iad) o Chúirteanna Bille Shíbhialta.

(2) Na táillí a háireofar in aon scála de tháillí a ceapfar fén alt so, beid in áit agus in ionad na dtáillí atá anois do réir dlí inéilithe ag fo-shirriaim, báillí agus daoine eile, no iníoctha leo, ar son seirbhíse den tsórt chéanna, agus gach achtachán a bhaineann leis na táillí atá anois inéilithe no iníoctha mar adubhradh d'íoc no do bhaint amach bainfe sé leis na táillí a bheidh inéilithe no iníoctha fé seach fé scála den tsórt san roimhráite agus san chó hiomlán agus bhaineann an céanna anois leis na táillí atá inéilithe agus iníoctha anois mar adubhradh.

(3) Gach comhacht atá dílsithe, le linn rithte an Achta so, in aon duine, colucht no údarás chun na táillí is inéilithe ag foshirriaim, báillí agus daoine eile, no is iníoctha leo, do cheapa no do regleáil, beid ar fionnraoi agus neamh-infheidhmithe faid a bheidh an tAcht so i bhfeidhm.

(4) Foillseofar san Iris Oifigiúil gach scála de tháillí a cheapfidh no a atharóidh an tAire fén alt so agus féadfar fianaise prima facie ar gach scála no ar aon scála den tsórt san do thabhairt i ngach Cúirt Breithiúnais agus i ngach imeacht dlí tré chóip den Iris Oifigiúil go mbeidh an scála san in ainm bheith ann do thabhairt i láthair no tré chóip den scála san a bheidh in ainm bheith clóbhuailte fé mhaoirseacht no fé údarás Oifig Soláthair Rialtais Shaorstáit Éireann do thabhairt i láthair.

Cuid II

FO-SHIRRIAIM CHONGANTA.

Féadfidh an tAire foshirriaim chonganta do cheapa.

16. —(1) Beidh sé dleathach don Aire daoine cearta oiriúnacha do cheapa o am go ham, pé méid díobh is dó leis is gá, chun bheith ina bhfo-shirriaim chonganta chun pé dualgaisí a ceapfar o am go ham dóibh fé seach fén Acht so do chó-líona:

Ach mar sin féin ní mó ná seisear an méid fo-shirriam conganta a ceapfar agus a bheidh i seilbh oifige fén Acht so aon uair áirithe.

(2) Féadfidh an tAire duine a ceapadh fén Acht so chun bheith ina fho-shirriam chonganta do chur as an oifig sin aon uair.

(3) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar le gach fo-shirriam conganta a ceapfar fén Acht so pé tuarastal a shocróidh an tAire le haontú an Aire Airgid.

(4) Ní gá d'éinne a ceapfar fén Acht so mar fho-shirriam chonganta na cáilíochta san do bheith aige nach foláir do dhaoine a ceaptar mar fho-shirriaim a bheith acu do réir fo-alt (3) d'Alt 1 den Sheriffs (Ireland) Act, 1920.

Dualgaisí an fho-shirriaim chonganta.

17. —(1) Déanfar gach fo-shirriam conganta a ceapfar fén Acht so do thabhairt mar chongantóir do pé fo-shirriam agus ar feadh pé aimsire a ordóidh an tAire o am go ham, agus có-líonfa sé pe'ca cinn de dhualgaisí an fho-shirriaim sin a ordóidh an fo-shirriam san do réir orduithe generálta ón Aire.

(2) Agus é ag có-líona aon dualgais a ceapadh do leis an Acht so no fé, beidh gach fo-shirriam conganta fé sna hoblagáidí céanna fé n-a mbeadh an fo-shirriam dar congantóir é dá mbeadh sé ag có-líona an dualgais sin, beidh na cearta, na húdaráis, na príbhléidí, agus na saoirsí céanna aige agus beidh teideal aige chun na táillí céanna do ghearra no d'éileamh, agus do chimeád.

Iocfidh an chontae no an bhuirg leath tuarastal an fho-shirriaim chonganta.

18. —(1) Aon uair a déanfar fén gCuid seo den Acht so foshirriam conganta do thabhairt mar chongantóir d'fho-shirriam aon chontae no contae-bhuirge, íocfidh comhairle na contae no na contae-bhuirge sin leath tuarastal an fho-shirriaim chonganta san i gcóir na tréimhse a bheidh sé ina chongantóir mar sin agus, i gcás contae, is amach as an ráta dealbhais, mar mhuirear ar an gcontae iomlán, a híocfar an leath san agus, i gcás contaebhuirge, amach as an ráta no as an gciste go bhfuil costaisí generálta comhairle na contae-bhuirge iníoctha amach as, no amach as aon ráta no ciste eile a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar iarratas ón gcomhairle.

(2) Deimhneoidh an tAire don chomhairle chontae no chontaebhuirge cá mhéid é tuarastal an fho-shirriaim chonganta 'na bhfuil a leath le n'íoc ag an gcomhairle sin fén alt so, agus ní bheidh dul thar a dheimhniú san, agus íocfidh an chomhairle sin leis an Stát-Chiste leath an mhéide a bheidh sa deimhniú san.

Cuid III

SCRUDU FEICHIUN.

Féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú d'fhéicheamh teacht os a chóir chun é scrúdú i dtaobh a acfuinne.

19. —(1) Má thaisbeánann agus nuair a thaisbeánfidh aon duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir sa Chuid seo den Acht so) do Ghiúistís Dúithche, ina shuidhe do dhúthaigh chúirte a luíonn i gcontae no i gcontae-bhuirg le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, fianaise prima facie

(a) ar aon fhiacha bheith dlite don bhfiach-éilitheoir fé bhreithiúntas a thug cúirt inniúil, agus

(b) ar an té (dá ngairmtear an féicheamh sa Chuid seo den Acht so) 'na bhfuil na fiacha san iníoctha aige do bheith ina ghnáth-chomhnaí sa dúthaigh chúirte go bhfuil an Giúistís Dúithche ina shuidhe an uair sin di, agus

(c) ar an bhféicheamh do bheith gan aon earraí aige do b'fhéidir a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas de chuid na cúirte a thug an breithiúntas san,

féadfidh an Giúistís Dúithche ordú (dá ngairmtear ordú scrúdúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh go dtiocfidh an féicheamh os a chóir ar dháta luaidhte chun go scrúdófar é i dtaobh a acfuinne, agus go bhfágfa sé ag Cléireach na Cúirte Dúithche, seachtain ar a luíod roimh an dáta luaidhte sin, cuntas scríbhte (dá ngairmtear cuntas acfuinne sa Chuid seo den Acht so) ar a shócmhainní agus ar a fhiachaisí, ar a ioncum, tuillte agus nea-thuillte, agus ar an slí ina tuilltear é no ar cad as go bhfachtar é, agus ar na daoine go bhfuil ceangal dlí no morálais air íad do chothú.

(2) Beidh teideal ag an bhfiach-éilitheoir chun an cuntas acfuinne d'iniúcha agus cóipeanna dhe do dhéanamh no d'fháil aon uair tar éis é bheith lóisteálta do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

(3) San alt so foluíonn an focal “breithiúntas” aon ordú no aithne, agus sa Chuid seo den Acht so foluíonn an focal “fiacha” aon iarsma d'fhiacha a fhanfidh dlite tar éis cuid díobh bheith íoctha no bainte amach.

An nósimeachta a leanfar i scrúdú an fhéichiún.

20. —(1) Nuair a bheidh an féicheamh á scrúdú i dtaobh a acfuinne do réir ordú scrúdúcháin, glacfar i bhfianaise an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh agus féadfidh an fiach-éilitheoir agus an féicheamh, gach duine fé leith acu, tuille fianaise do thabhairt i láthair ar acfuinn an fhéichiún, agus féadfidh an féicheamh féin, leis, fianaise do thabhairt fé mhionn agus pe'ca thabharfidh an féicheamh fianaise no ná tabharfidh, féadfidh an fiach-éilitheoir, no féadfar thar a cheann, an féicheamh do chroscheistiú i dtaobh an chuntais acfuinne agus i dtaobh a fhianaise (más ann di).

(2) Más deimhin leis an nGiúistís Dúithche, ón bhfianaise a tabharfar sa scrúdú i dtaobh acfuinne, an cuntas acfuinne a lóisteáil an féicheamh do bheith bréagach in aon phuínte táchtach go bhfios don bhféichiúin, féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú láithreach go ngabhfar an féicheamh agus é dhaora chun príosúntachta, i dteanta no d'éamais daor-oibre, ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí agus cuirfar an féicheamh i bpríosún dá réir sin.

Féadfidh an Giúistís Dúithche a ordú go n-íocfar na fiacha ina dtráth-choda.

21. —Más rud é ná lóisteálfidh an féicheamh cuntas acfuinne no ná tiocfa sé i láthair chun go scrúdófaí é do réir ordú scrúdúcháin no go ndiúltóidh sé do dhul fé chros-cheistiú ón bhfiachéilitheoir no o éinne eile thar a cheann, no ná cuirfe sé ina luighe ar an nGiúistís Dúithche sa scrúdú agus sa chros-cheistiú san (má bhíonn ann) go bhfuil sé gan bheith in án na fiacha d'íoc in aon tsuim amháin no ina dtráth-choda, ordóidh an Giúistís Dúithche don bhféichiúin, má iarrann an fiach-éilitheoir air é, na fiacha agus costaisí na n-imeacht sa Chúirt Dúithche d'íoc in aon tsuim amháin no i pé tráth-choda agus ar pé uaire is dó leis an nGiúistís Dúithche bheith réasúnta tar éis gach taobh den scéal do bhreithniú.

Príosúntacht don bhféichiúin mara n-íoca sé na tráth-choda.

22. —(1) Más rud é ná híocfidh an féicheamh na fiacha agus na costaisí, no aon tráth-chuid no tráth-choda áirithe dhíobh, san uair no sna huaire ar a mbeidh an céanna iníoctha do réir ordú fén gCuid seo den Acht so, féadfidh an Giúistís Dúithche, ar iarratas ón bhfiach-éilitheoir, a ordú go ngabhfar an féicheamh agus go gcuirfar i bpríosún é ar feadh aon tréimhse nách sia ná trí mhí.

(2) Aon uair a déanfar féicheamh do ghabháil agus do chur i bpríosún fén alt so beidh sé i dteideal é scaoile láithreach nuair a íocfa sé féin no a híocfar thar a cheann le Cléireach na Cúirte Dúithche an tsuim airgid (a luadhfar san ordú gabhála agus príosúntachta) a bheidh có-dhéanta den méid de sna fiacha agus de sna costaisí a bhí gan bheith íoctha ar dháta an orduithe (maraon leis no tráth-choda ná raibh dlite le n'íoc ar an dáta san) agus pé suim thairis sin (má bhíonn ann), ar scór costaisí an orduithe, is do leis an nGiúistís Dúithche bheith réasúnta.

(3) Gach airgead a íocfidh an féicheamh no a híocfar thar a cheann, fén alt so, leis an gCúirt Dúithche, íocfidh Cléireach na Cúirte Dúithche leis an bhfiach-éilitheoir é nuair a iarrfa sé é.

Eisceacht i gcóir leighseanna eile.

23. —Má cuirtar teicheamh i bpríosún fén gCuid seo den Acht so, ní oibreoidh san mar shásamh ná mar ghlana amach ar na fiacha ná ar aon chuid díobh ná ní bhainfe sé den bhfiach-éilitheoir aon cheartanna ná leighseanna eile chun iad do bhaint amach.

Cad leis go mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

24. —(1) Bainfidh an Chuid seo den Acht so le pé contaethe agus contae-bhuirgí a cheapfidh an tAire o am go ham le hordú.

(2) Mí ar a luíod roimh ordú do dhéanamh chun an Chuid seo den Acht so do chur i mbaint le contae no le contae-bhuirg, foillseoidh an tAire, fé dhó ar a luíod, i ngach ceann de dhá pháipéar no breis a léitear sa chontae no sa chontae-bhuirg sin, fógra go bhfuil sé chun an t-ordú san do dhéanamh.

Cuid IV

ILGHNEITHEACH.

Féadfidh an chúirt feidhmiú do mhoilliú i gcásanna áirithe.

25. —(1) Aon uair a dhéanfidh aon chúirt, tar éis rithte an Achta so, breithiúntas do thabhairt go n-íocfidh éinne (dá ngairmtear an féicheamh san alt so) aon tsuim mar fhiacha no mar dhamáiste agus, le linn di an breithiúntas san do thabhairt, gur deimhin leis an gcúirt—

(a) go bhfuil an féicheamh gan bheith in án an tsuim airgid sin agus gach costas is iníoctha aige fén mbreithiúntas san d'íoc láithreach agus go hiomlán; agus

(b) nách é iompar, gníomh ná faillí an fhéichiún féin fé ndeár an neamh-ábaltacht san; agus

(c) go bhfuil cúis réasúnta chun tuille aimsire do dheona don bhféichiúin chun an tsuim airgid agus na costaisí sin d'íoc,

féadfidh an chúirt moill do chur ar fheidhmiú an bhreithiúntais go ceann pé aimsire agus ar pé coiníollacha a chífar don chúirt a bheith réasúnta.

(2) Sna coiníollacha ar a bhféadfar moill ar fheidhmiú do dheona fén bhfo-alt san roimhe seo féadfar coiníoll do chur go n-íocfidh an féicheamh an tsuim airgid agus na costaisí sin i pé tráth-choda agus ar pé uaire a cheapfidh an chúirt, agus go mbeidh deire leis an moill nuair a fhágfidh an féicheamh tráthchuid gan íoc.

(3) San alt so folóidh an focal “breithiúntas” aithne agus ordú.

Eadarphléideáil i láthair Giúistís Dúithche i gcásanna áirithe.

26. —(1) Féadfidh fo-shirriam imeachta eadarphléideála do bhunú i láthair Giúistís Dúithche in aon chás in ar thóg an fo-shirriam i bhfeidhmiúchán no i bhfeidhmiúchán beartuithe aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile fé aon rit, aithne, barántas no scríbhinn eile, agus gur duine éigin eile seachas an féicheamh a éilíonn na hearraí, na hainmhithe no an áirnéis sin agus nách mó ná cúig púint fhichead luach no sochar díolacháin (más ann do) na n-earraí, na n-ainmhithe no na háirnéise sin.

(2) Ag éisteacht aon imeachta eadarphléideála fén alt so do Ghiúistís Dúithche beidh údáras ag an nGiúistís Dúithche chun gach ní a bheidh i gceist idir na páirtithe, ar a n-áireofar méid na gcostaisí agus cé íocfidh iad, d'éisteacht agus do shocrú, agus pé ordú a bheidh ceart do dhéanamh ina dtaobh.

Aitheanta síbhialta Cúirte Dúithche d'fheidhmiú.

27. —O am Cuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , do theacht i ngníomh agus dá éis, an fo-shirriam no an t-oifigeach eile a bheidh ag feidhmiú aitheanta na Cúirte Dúithche i gcásanna síbhialta beidh aige agus air i bhfeidhmiú na n-aitheanta san na cearta, na comhachta, na dualgaisí agus na hoblagáidí céanna a bronntar no a forchuirtar leis an Acht so ar fho-shirriam i dtaobh feidhmiú rit fieri facias.

Comhacht chun rialacha dhéanamh agus chun fuirmeacha d'ordú.

28. —Féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh chun stiúra na n-imeachta a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt os cóir Giúistís Dúithche, agus féadfa sé na fuirmeacha a bheidh le n'úsáid sna himeachta san d'ordú.

Mínithe.

29. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

foluíonn an focal “Giúistís Dúithche” Giúistís Roinne do Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, agus, tar éis teacht i ngníomh do Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , Breitheamh Cúirte Dúithche, agus foluíonn na focail “Dúthaigh Chúirte” agus “Cléireach Cúirte Dúithche” fé seach ceanntar agus cléireach aon Ghiúistís no Breitheamh den tsórt san roimhráite;

foluíonn an focal “breithiúntas” aithne agus ordú.

Gearr-theideal agus buaine.

30. —(1) Féadfar an tAcht um Fheidhmiú Dlí (Comhachta Ocáideacha), 1924 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann dhá mhí dhéag tar éis a rithte agus ragha sé in éag ansan.