45 1924


Uimhir 45 de 1924.


ACHT NA dTAILTE STÁIT, 1924.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT CHUN LÉASANNA DO DHÉANAMH AGUS CEADÚNAISÍ DO DHEONA MAIDIR LE TAILTE IS LE SAORSTÁT ÉIREANN DE BHUA AIRTIOGAL 11 DEN BHUNREACHT.

[5adh Lúnasa, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Féadfidh an tAire Airgid tailte Stáit do chur ar léas no ar ceadúnas.

1. —(1) Más dó leis an Aire Airgid gurb é leas na puiblíochta aon talamh is le Saorstát Éireann de bhua Airtiogal 11 den Bhunreacht do dheona d'éinne ar léas no ar ceadúnas, féadfidh an tAire sin le dintiúir fé n-a shéala oifigiúil—

(a) na tailte sin no aon chuid díobh, maraon leis na foirgintí atá ar an gcéanna, más ann dóibh, ach d'éamais na mianach agus na minearál atá sa chéanna, do dheona don duine sin ar léas ar feadh pé téarma is dó leis an Aire sin is ceart agus nách sia ná naoi mbliana is nócha, no

(b) ceadúnas do dheona don duine sin chun na tailte sin d'úsáid agus do bheith ar seilbh aige, maraon leis na foirgintí atá ortha, más ann dóibh, ach d'éamais na mianach agus na minearál atá ionta, ar feadh pé téarma is dó leis an Aire is ceart agus nach sia ná naoi mbliana is nócha.

(2) Gach léas no ceadúnas a déanfar no a deonfar fén alt so is amhlaidh a déanfar no a deonfar é (maraon dó leis an Aire Airgid gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, é dhéanamh no é dheona in aisce) fé réir íoc do dhéanamh leis an Aire Airgid, chun úsáid an Phrímh-Chiste, mar fhíneáil no íoc eile roimh ré no mar chíos no íoc tréimhsiúil eile no ar an dá slí sin, i pé airgead is dó leis an Aire sin is ceart agus ar a socróidh sé leis an duine dá ndéanfar no dá ndeonfar an léas no an ceadúnas san.

(3) Is amhlaidh a déanfar no a deonfar gach léas no ceadúnas den tsórt san roimhráite fé réir pé cumhnanta, coiníollacha agus có-aontuithe agus beidh ann pé cumhnanta, coiníollacha agus có-aontuithe (nách cinn chun an léas no an ceadúnas d'athnuachaint) is dó leis an Aire Airgid is ceart no is maith chun an leasa phuiblí no ar aon tslí eile agus ar a socróidh sé leis an duine dá ndéanfar no dá ndeonfar an léas no an ceadúnas san.

(4) Aon léas no ceadúnas a déanfar no a deonfar fén alt so ní bhainfidh sé le haon mhianaigh ná minearáil, ná ní shroisfidh ná ní fholóidh sé iad.

Leagfar ráiteas i dtaobh an léasa no an cheadúnais fé bhráid an Oireachtais.

2. —(1) Má bhíonn an tAire Airgid ar aigne léas no ceadúnas do dhéanamh no do dheona fén Acht so leagfa sé fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas ina dtaisbeánfar cé dho go bhfuiltar chun an léas no an ceadúnas san do dhéanamh no do dheona, an mhaoin atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san, an fhíneáil, an cíos no na híocanna eile (más ann dóibh) atáthar ar aigne a éileamh ar son an léasa no an cheadúnais sin, agus na cumhnanta, na coiníollacha, agus na có-aontuithe atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san.

(2) Ní déanfar na ní deonfar aon léas ná ceadúnas fén Acht so go dtí—

(a) go ndéanfidh gach Tigh den Oireachtas, le rún, a údarú go ndéanfar no go ndeonfar an léas no an ceadúnas san tar éis no gan atharú do dhéanamh ar aon cheann de sna forálacha atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san, no

(b) go mbeidh deire le pe'ca ceann de sna tréimhsí seo leanas is sia, sé sin le rá:—

(i) lá is fiche tar éis an chéad lá a shuidhfidh aon Tigh den Oireachtas tar éis an ráiteas a bheith leagtha fé bhráid Tithe an Oireachtais do réir an ailt seo, no

(ii) dhá lá dhéag a shuidhfidh aon Tigh den Oireachtas tar éis an ráiteas san a bheith leaghta amhlaidh fé bhráid na dTithe.

(3) Má údaruítear le rún a rithfidh aon Tigh den Oireachtas ceadúnas do dhéanamh no do dheona fén Acht so fé réir aon atharú dhéanamh ar na forálacha atáthar ar aigne a chur sa léas no sa cheadúnas san, ní deonfar an léas ná an céadúnas san ach tar éis agus fé réir an atharú san do dhéanamh ar a fhorálacha.

(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon léas ná ceadúnas a déanfar no a deonfar fén Acht so agus laistigh de thrí mhí tar éis rithe an Achta so, maidir le haon cheann de sna tailte agus na foirgintí sin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná maidir le haon chuid de sna tailte ná na foirgintí sin, agus do réir na dtairisgintí a luaidhtear sa Sceideal san.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht na dTailte Stáit, 1924 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Tailte agus Foirgintí

Cad chuige an léas no an ceadúnas atá beartuithe

Cé atá beartuithe chun bheith ina léasaí no ina cheadúnach

Faid an léasa no an cheadúnais atá beartuithe

Téarmaí an léasa no an cheadúnais atá beartuithe

1.   Na tailte agus na foirgintí dá ngairmtí Richmond Barracks agus dá ngairmtear Beairic Mac Eochaidh agus atá suidhte i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Chun tithe do sholáthar don lucht oibre.

Comhairle Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath.

99 mbliana

Socrófar na téarmaí le headarascán

2.   Na tailte agus na foirgintí dá ngairmtear Uimh. 23, 24 agus 25 Sráid Mac Piarais, atá suidhte i bParóiste Naomh Marcus agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Chun crícheanna tráchtála. Ní theastuíonn an t-áitreabh níos sia i gcóir crícheanna Stáit.

B. Mac Oibcín Táilliúir agus Eadathóir, 26 Sráid Mac Piarais, Baile Atha Cliath.

99 mbliana

Ioc fíneáil £1625 agus fo-léasanna 99 mbliana ar na téarmaí céanna ar a bhfuil an t-áitreabh ar seilbh ag an Stát. Tá Uimh. 23 ar léas a bheidh caithte i Meán Fhomhair 1930, ar chíos £60 per annum, an léasóir ag íoc na rátaí, agus, o Mheán Fhomhair, 1930, ar léas 900 bliain ar chíos £70 per annum, an léasaí ag íoc na rátaí. Tá Uimh. 24 agus 25 ar léas 999 mbliana o 1904, ar chíos £140 per annum, an léasóir ag íoc na rátaí.

3.   Na tailte agus na foirgintí dá ngairmtear Uimh. 14 Sráid Uachtarach Sackville (ar a nglaotar do ghnáth Sráid Uachtarach I Chonaill) atá suidhte i bParóiste Naomh Tomás agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Chun crícheanna tráchtála no chun crícheanna eile. Ní theastuíonn an t-ionad níos sia i gcóir crícheanna Stáit.

--

Ní ragha sí thar 99 mbliana

--

4.   Na tailte agus na foirgintí dá ngairmtear Uimh. 15 Sráid Uachtarach Sackville (ar a nglaotar do ghnáth Sráid Uachtarach I Chonaill) atá suidhte i bParóiste Naomh Tomás agus i gCathair Bhaile Atha Cliath.

Chun crícheanna tráchtála no chun crícheanna eile. Ní theastuíonn an t-ionad níos sia i gcóir crícheanna Stáit.

--

Ní ragha sí thar 99 mbliana

--

5.   Cuid de thailte Thamhlachta atá an-ois no a bhí le déanaí á n-úsáid mar thigh eitealláin agus dá ngairmtear Tigh Eitealláin Thamhlachta, agus ina bhfuil naoi n-acra no mar sin, do réir an tomhais Shasanaigh, agus a luíonn i mBarúntacht Upper Cross agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

Chun crícheanna tráchtála. Ní theastuíonn an t-áitreabh níos sia i gcóir crícheanna Stáit.

Messrs. Urney Chocolates, Tta. 14 Sráid Iochtarach I Chonaill, Baile Atha Cliath.

99 mbliana

Cíos £50 per annum ar an talamh. Cíos mhuirear £300 sa bhliain ar feadh 15 mblian ar son na bhfoirgintí, agus na rátaí le n-íoc ag na léasaithe. Soláthrófar uisce ar ráta 'na gcó-aontófar ina thaobh. An daingniú agus an dabhach chamrachta le coinneáil suas ag na léasaithe.

6.   Na tailte agus na foirgintí atá suidhte i Sráid an Rí, i m b a i l e Chluain Meala agus sa Trian Theas de Chontae Thiobrad Arann, agus ina bhfuil raon muscaeid a g u s faithche drille agus cleachta mhileata, agus ar a bhfuil ocht n-acra déag trí róid agus ocht bpéirse tríochad, no mar sin, do réir an tomhais Shasanaigh.

Chun tithe do sholáthar don lucht oibre.

Comhairle Bhailecheanntair Chluain Meala.

99 mbliana

Socrófar na téarmaí le headarascán.