12 1925


Uimhir 12 de 1925.


ACHT NA TITHE, 1925.


ACHT CHUN SOLÁTHAR TITHE COMHNAITHE DO CHUR IN USACHT AGUS CHUIGE SIN A ÚDARÚ GO dTABHARFAR DEONTAISÍ DO DHAOINE AGUS D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA A SHOLÁTHRÓIDH TITHE DEN tSÓRT SAN, CHUN ACHTANNA NA dTITHE (SAORÁIDÍ TÓGÁLA), 1924, DO LEASÚ AGUS CHUN FORÁLACHA EILE DO DHÉANAMH A CHABHRÓIDH CHUN TUILLE TITHE COMHNAITHE DO SHOLÁTHAR. [17adh Abrán, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so ach amháin mar a n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, no bhuirge, no bhailecheanntair, no coimisinéirí aon bhaile, no comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an focal “cumann maitheasa puiblí” cumann atá cláruithe fé sna Industrial and Provident Societies Acts, 1893 to 1913, no cara-chumann atá cláruithe fé sna Friendly Societies Acts, 1896 and 1908, no aontas céirde atá cláruithe fé sna Trade Union Acts, 1871 to 1913, agus tógáil agus ath-dhéanamh tithe don lucht oibre ar a gcuspóirí;

ní fholuíonn an focal “duine” údarás áitiúil ná cumann maitheasa puiblí ná an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha;

cialluíonn an focal “Aire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “urlár comhnaithe atá iomlán ann féin” aon chuid d'fhoirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ar leithligh ann mar thigh chomhnaithe;

cialluíonn an focal “tigh” foirgint atá oiriúnach chun comhnaithe ann mar thigh chomhnaithe, agus foluíonn sé urlár comhnaithe atá iomlán ann féin;

cialluíonn an focal “sean-fhoirgint” foirgint atá ann le linn rithte an Achta so;

cialluíonn an focal “ath-dhéanamh” tigh no tithe do dhéanamh de shean-fhoirgint, agus foluíonn sé atharuithe agus breiseanna do dhéanamh chun na críche sin; agus is dá réir sin a léireofar na focail “ath-dhin,” “ag ath-dhéanamh,” agus focail eile atá gaolmhar leo;

ní fholuíonn an focal “tógáil” ath-dhéanamh, agus is dá réir sin a léireofar na focail “tóg,” “ag tógáil,” agus focail eile atá gaolmhar leo.

Tithe le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —Bainfidh an tAcht so le gach tigh a bheidh do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus do réir aon rialacha no rialachán eile a hordófar chun na críche sin.

Deontaisí a fhéadfidh an tAire a dheona.

3. —(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfidh an tAire, le toil an Aire Airgid, deontaisí do dheona—

(a) do dhaoine no do chumainn mhaitheasa phuiblí a thógfidh no a ath-dhéanfidh tithe le n-a mbaineann an tAcht so; agus

(b) d'údaráis áitiúla a thógfidh no a ath-dhéanfidh tithe do réir na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, no do réir na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, do réir scéimeanna a cheadóidh an tAire.

(2) Ní raghaidh méid aon deontais, a deonfar fén alt so ar scór aon tighe, thar an suim a luaidhtear i gCuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar shuim atá oiriúnach don tigh sin.

(3) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontaisí a deonfar fén alt so thar suim £300,000.

(4) Ní dheonfidh an tAire deontas fén alt so—

(a) ar scór tighe gur dheon an tAire deontas ar a scór fé Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924;

(b) ar scór tighe a tógadh do réir coiníll ath-shuidhimh do réir brí alt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 ( Uimh. 15 de 1923 );

(c) ar scór tighe a tógadh ar ionad no ar aon chuid d'ionad foirginte gur moladh cúiteamh fen Acht san um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar a léirscrios, no gur tugadh tuairisc ar a léirscrios fé alt 15 den Acht san;

(d) ar scór tighe ath-dhéanta i gcás in ar moladh cúiteamh fé fhorálacha an Achta san um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, mar gheall ar dhamáiste a dineadh don bhfoirgint sarar hath-dhineadh í no i gcás in ar tugadh tuairisc ar an damáiste sin fé alt 15 den Acht san;

(e) ar scór tighe ath-dhéanta marar dheimhnigh oifigeach a cheap an tAire chuige sin no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltú ón oifigeach san do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin, roimh an ath-dhéanamh san, an tsean-fhoirgint a bhí le hath-dhéanamh do bheith oiriúnach chun tigh no tithe le n-a mbainfadh an tAcht so do dhéanamh di.

Am agus modh íoctha na ndeontaisí.

4. —(1) Gach deontas a dheonfidh an tAire do dhuine no do chumann maitheasa puiblí fén Acht so íocfar é ar pé slí a hordófar o am go ham agus ní bheidh dul thar breith an Aire ar ce'ca a có-líonadh no nár có-líonadh aon choiníoll no rialachán áirithe.

(2) Fé réir forálacha fo-alt (3) den alt so, ní íocfidh an tAire aon deontas le duine ná le cumann maitheasa puiblí ar son tógáil ná ath-dhéanamh tighe mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh oifigeach a cheapfidh an tAire chuige sin (agus dá ngairmtear an “t-oifigeach ceaptha” san alt so) no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltú ón oifigeach ceaptha do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an tógáil no an t-ath-dhéanamh san críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.

(3) Féadfidh an tAire cinne ar dheontas d'íoc le duine no le cumann maitheasa puiblí ina thráth-choda 'na n-íocfar gach ceann fé leith acu ar chríochnú coda áirithe de thógáil no d'athdhéanamh tighe agus ní híocfar aon tráth-chuid den tsórt san mara ndeimhnighidh ná go dtí go ndeimhneoidh an t-oifigeach ceaptha no (i gcás athchomhairc chun an Aire i gcoinnibh diúltú ón oifigeach ceaptha do dheimhniú do dhéanamh amhlaidh) an tAire féin go bhfuil an chuid áirithe sin críochnuithe ar chuma cheart cheárdúil.

(4) Gach deontas a dheonfidh an tAire d'údarás áitiúil fén Acht so íocfar é ina thráth-choda ar pé slí a ordóidh an tAire, i dtreo go n-íocfar gach tráth-chuid fé leith ar chríochnú coda áirithe de thógáil no d'ath-dhéanamh na dtithe 'na ndeonfar an deontas ar a son:

Ach féadfar an chéad tráth-chuid acu san d'íoc nuair a dhéan fidh an t-údarás áitiúil connra, a cheadóidh an tAire, chun an tógáil no an t-ath-dhéanamh san do dhéanamh.

Beidh comhachta sealadacha ag an gcomhairle chontae fé sna Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919.

5. —(1) Ar feadh an tréimhse o am rithte an Achta so go dtí an chéad lá de Dheire Fomhair, 1925, beidh ag gach comhairle chontae, maidir le líomatáiste na contae lasmuich de gach buirg agus bailecheanntar a luíonn ann, na comhachta a bronntar leis na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, ar údarás sláintíochta tuatha no ar chomhairle thuathcheanntair maidir le n-a dtuathcheanntar sláintíochta no le n-a dtuathcheanntar, agus bainfidh na hAchtanna san, fé sna hoiriúnuithe riachtanacha, le feidhmiú na gcomhacht san ag an gcomhairle chontae.

(2) Ní bhainfidh an t-alt so le comhairle chontae Bhaile Atha Cliath.

Féadfidh údaráis áitiúla cabhrú chun tithe do thógáil.

6. —(1) Féadfidh údarás áitiúil, le toil an Aire, cabhrú chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil ina líomatáiste feidhmiúcháin in aon tslí acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) deontas breise do dheona do dhuine no do chumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar scór tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla, ach gan é dhul thar méid an deontais is iníoctha ag an Aire ar scór an tighe sin;

(b) iasacht do thabhairt d'aon duine no cumann maitheasa puiblí le n-a bhfuil deontas iníoctha ag an Aire fén Acht so ar scór tighe atá suidhte laistigh de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla: Ach gan í dhul thar dhá oiread an deontais sin, ach beidh gach iasacht den tsórt san ion-aisíoctha, i dteanta no d'éamais úis, ina tráth-choda no ar shlí eile, laistigh de thréimhse 'na bhféadfidh an t-údarás áitiúil féin airgead d'fháil ar iasacht, agus urrófar í le morgáiste no le muirear ar an tigh sin agus ar an ionoighreachta ar a bhfuil an tigh sin suidhte;

(c) aon chuid d'aon talamh, i seilbh an údaráis áitiúla le linn rithte an Achta so, do dheona, do dhíol no do léasú d'aon duine no cumann maitheasa puiblí, no leis no leo, fé réir cumhnanta go dtógfidh an duine no an cumann san ar an talamh san líon áirithe de thithe le n-a mbaineann an tAcht so, no fé réir cumhnanta ná húsáidfar an talamh san ach amháin mar bhreis spáis do gháirdín i gcóir tighe ath-dhéanta le n-a mbaineann an tAcht so, agus má sé a dhíol no a léasú a déanfar féadfidh an praghas no an cíos a íocfidh an duine no an cumann san bheith níos lú ná an praghas no an cíos a féadfí a fháil ar dhíol no ar léasú an tailimh sin sa mharga oscailte;

(d) aon oibreacha do dhéanamh atá riachtanach do thalamh atá oiriúnach chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógaint no d'ath-dhéanamh air, no aon oibreacha a bhaineann leis an talamh san no a raghadh chun feabhas do chur air:

Ach luach iomlán na cabhrach, fé mar a shocróidh an tAire é, a dheonfidh aon údarás áitiúil fén alt so d'aon duine no cumann maitheasa puiblí chun aon tigh no tithe do thógáil no d'athdhéanamh, ní ragha sé thar iomlán an deontais is iníoctha ag an Aire fén Acht so leis an duine no leis an gcumann san ar scór an tighe no na dtithe sin.

(2) San alt so cialluíonn an focal “líomatáiste feidhmiúcháin”—

(a) maidir le comhairle aon bhuirge no bailecheanntair no le coimisinéirí aon bhaile—líomatáiste na buirge, an cheanntair, no an bhaile, pe'ca aca é;

(b) maidir le comhairle chontae—líomatáiste na contae lasmuich de gach buirg, bailecheanntar, no baile a luíonn ann: Ach má bheartuíonn coimisinéirí baile, le toil an Aire, ag cruinniú a comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, go n-aistreofaí a bhfeidhmeanna fén alt so chun comhairle na contae ina bhfuil an baile sin suidhte, agus má aontuíonn an chomhairle sin leis an aistriú san ag cruinniú á comórfar d'aon ghnó chun na críche sin, leis sin beidh líomatáiste an bhaile sin ina chuid de líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin.

(3) Féadfidh aon údarás áitiúil, le toil an Aire, airgead d'fháil ar iasacht chun críche an ailt seo agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun na gcrícheanna san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis áitiúla san chun crícheanna aon teorann a forchuirtar le fáil iasachtaí le haon reacht no fé.

(4) San alt so ní fholóidh an focal “údarás áitiúil” comhairle thuathcheanntair i gcontae Bhaile Atha Cliath.

Costaisí.

7. —(1) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle chontae i bhfeidhmiú an Achta so is amach as an Ráta Dealbhais a híocfar é agus cuirfar é mar mhuirear ar líomatáiste fheidhmiúcháin na comhairle sin mar a mínítear é san alt san roimhe seo.

(2) Gach costas fé n-a raghaidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair no coimisinéirí baile i bhfeidhmiú an Achta so cruinneofar agus íocfar é fé is dá dtéigheadh an chomhairle no na coimisinéirí sin fé i bhfeidhmiú na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921.

Féadfidh údarás áitiúil cuid de sna rátaí do mhaitheamh.

8. —(1) I ngach bliain de sna naoi gcinn déag tosaigh de bhlianta airgeadais áitiúla tar éis luacháil chun crícheanna rátaíochta do bheith déanta ar thigh gur dheon an tAire deontas fén Acht so ar scór a thógála do dhuine no do chumann maitheasa puiblí, féadfidh aon údarás áitiúil 'na bhfuil comhacht acu chun rátaí do ghearra agus, má éilíonn an tAire ortha é, déanfid cuid de sna rátaí do mhaitheamh is inghearrtha ag an údarás áitiúil an bhliain sin ar scór an tighe sin.

(2) An méid a fhéadfidh no a dhéanfidh údarás áitiúil do mhaitheamh, fén bhfo-alt san roimhe seo, den ráta is inghearrtha aon bhliain den tsórt san roimhráite, ní ragha sé thar an gcion den ráta san a luaidhtear sa dara colún de Chuid II. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne uimhir na bliana san sa chéad cholún den Chuid sin II.

(3) Ní bheidh éifeacht ag forálacha alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , i gcás aon tighe gur dheon an tAire deontas ar a scór fén Acht so.

(4) Chun crícheanna meas agus gearra aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhís aon bhliana airgeadais áitiúla a chríochnóidh laistigh de sheacht mbliana ón uair a chríochnóidh duine no cumann maitheasa puiblí ath-dhéanamh foirginte gur dheon an tAire deontas ar a scór, féadfidh an t-údarás áitiúil agus, má éilíonn an tAire ortha é, déanfid a áireamh gurb í an luacháil atá ar an bhfoirgint sin fé sna hAchtanna Luachála, an luacháil a bhí i bhfeidhm i dtaobh na foirginte sin fé sna hAchtanna san díreach roimh an ath-dhéanamh san.

Roinnt Chiste Tithe na hÉireann.

9. —Na suimeanna is féidir d'údarás áitiúil d'íoc no do chur i leataoibh mar gheall ar airgead a fuair an t-údarás san ar iasacht chun tithe do thógáil no d'ath-dhéanamh fé fhorálacha na Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, tithe gur dheon an tAire deontaisí ar a scór fén Acht so no fé Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Leasú), 1924 (Uimh. 54 de 1924) , ní háireofar iad mar chuid den mhuirear bhliantúil i dtaobh tithe atá ar an údarás san do réir brí alt 5 den Housing of the Working Classes (Ireland) Act, 1908.

Leasú ar Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924.

10. —(1) Beidh éifeacht ag mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 ( Uimh. 14 de 1924 ), fé is dá gcuirtí na focail “dhá mhí fhichead” ann in ionad na bhfocal “ocht mí dhéag.”

(2) Beidh éifeacht ag an gcéad nóta do Chuid I. den Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 , fé is dá gcuirtí na focail “dhá mhí fhichead” ann in ionad na bhfocal “ocht mí dhéag” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

(3) Athghairmtear leis seo alt 4 d'Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 .

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Saoráidí Tógála) (Léasú), 1924 , agus, ina ionad san, achtuítear leis seo, maidir le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar (pe'ca roimh rith an Achta san é no dá éis sin) fé alt 2 d'Acht na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 , maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fén alt san 3, ná ragha sé thar suim £300,000 i gcóir tógáil agus ath-dhéanamh tithe.

Féadfar rialacha, coiníollacha, etc., d'ordú.

11. —(1) Gach riail, rialachán, coiníoll, agus ní eile adeirtar san Acht so do bheith orduithe no le hordú, agus gach rialachán eile is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht, féadfidh an tAire iad d'ordú le hOrdú.

(2) Déanfar gach ordú a dhéanfidh an tAire fén alt so do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann aon Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith chun an t-ordú san do chur ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fén ordú san roimhe sin.

(3) Sa mhéid gur nithe atá bunoscionn le haon rialachán a ordóidh an tAire fén alt so forálacha aon Achta áitiúla, no forálacha aon fho-dhlithe, rialacha, rialachán no scéimeanna, pé údarás fé n-ar dineadh iad, i dtaobh déanamh, leaga amach, no dréineáil foirgintí nua no sráideanna nua, ní bhainfidh na forálacha san le haon tigh le n-a mbaineann an tAcht so agus a bheidh do réir na rialachán a hordófar amhlaidh.

Gearr-theideal agus léiriú.

12. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1925, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar, maidir le hAchtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924, agus leis an Acht so, sa mhéid go leasuítear na hAchtanna san leis, Achtanna na dTithe (Saoráidí Tógála), 1924 go 1925, do ghairm díobh le chéile.

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha nach folair do Thithe le n-a mbaineann an tAcht so do bheith da reir.

1. Sna rialacha so cialluíonn an focal “achar úrláir” achar iomlán na n-úrlár go léir i dtigh nuair a tomhastar iad ar an slí orduithe.

2. In úrlár comhnaithe iomlán ann féin, i dtigh ath-dhéanta, beidh dhá sheomra ar a luíod agus ní lú ná 400 troigh cheárnach a bheidh an t-achar úrláir ann.

3. Ní mó ná 1,250 troigh cheárnach a bheidh achar úrláir tighe.

4. Trí seomraí ar a luíod a bheidh i dtigh nách úrlár comhnaithe iomlán ann féin, i dtigh ath-dhéanta, agus ní lú ná 500 troigh cheárnach a bheidh an t-achar úrláir ann.

5. Tar éis rithte an Achta so a tosnófar tógáil no ath-dhéanamh tighe agus laistigh d'ocht mí dhéag tar éis rithte an Achta so a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí.

6. I mbuirg no i mbailecheanntar a bheidh tigh ath-dhéanta no i mbaile ar a bhfuil coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, no laistigh de 880 slat o aon cheann de sna líomatáistí roimhráite, no i mbaile gan coimisinéirí den tsórt roimhráite agus 500 duine ar a luíod ann do réir an áirimh is déanaí.

7. Beidh tigh do réir na gcoiníoll orduithe maidir le n-a ionad, a aghaidh, a phleanáil, a dhéanamh agus a shlántíocht agus maidir leis an méid tithe a bheidh ar gach acra.

8. Maidir le méid, le líon a sheomraí agus le n-a dhultaisí riachtanacha, beidh tigh i gcó-réir ghenerálta leis na pleananna orduithe no le pé pleananna eile a cheadóidh an tAire.

DARA SCEIDEAL.

Cuid I.

Deontaisí a féadfar a dheona ar scór tithe.

An Deontas maximum a dheonfidh an tAire ar scór tighe.

Urlár comhnaithe dhá sheomra iomlán ann féin, i dtigh ath-dhéanta

Tigh trí sheomra

Tigh ceithre sheomra

Tigh cúig sheomra ar a luíod

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

A thógfidh aon duine

--

45

0

0

60

0

0

75

0

0

A thógfidh aon údarás áitiúil no cumann maitheasa puiblí.

--

60

0

0

80

0

0

100

0

0

A ath-dhéanfidh aon duine.

20

0

0

30

0

0

40

0

0

50

0

0

A ath-dhéanfidh aon údarás áitiúil no cumann maitheasa puiblí.

26

13

4

40

0

0

53

6

8

66

13

4

NÓTA:—I gcás an tógáil no an t-ath-dhéanamh do bheith gan bheith críochnuithe laistigh d'ocht mí dhéag o am rithte an Achta so, agus go ndéanfar an t-am chun an chríochnuithe sin do chur i bhfaid, déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, an deontas do luíodú deichiú in aghaidh gach mí idir deire an ocht mí dhéag san agus an dáta ar ar críochnuíodh an tógáil no an t-ath-dhéanamh.

DARA SCEIDEAL.

Cuid II.

An cion de sna rátaí a féadfar a mhaitheamh.

Uimhir na bliana tar éis luacháil chun crícheanna rátaíochta

An cion de sna rátaí a féadfar a mhaitheamh

1adh

..

..

..

..

Naoi bhfichiú déag.

2adh

..

..

..

..

Ocht bhfichiú déag.

3adh

..

..

..

..

Seacht bhfichiú déag.

4adh

..

..

..

..

Sé fhichiú déag.

5adh

..

..

..

..

Cúig fhichiú déag.

6adh

..

..

..

..

Cheithre fhichiú déag.

7adh

..

..

..

..

Trí fhichiú déag.

8adh

..

..

..

..

Dhá fhichiú déag.

9adh

..

..

..

..

Aon fhichiú déag.

10adh

..

..

..

..

Deich bhfichiú.

11adh

..

..

..

..

Naoi bhfichiú.

12adh

..

..

..

..

Ocht bhfichiú.

13adh

..

..

..

..

Seacht bhfichiú.

14adh

..

..

..

..

Sé fhichiú.

15adh

..

..

..

..

Cúig fhichiú.

16adh

..

..

..

..

Cheithre fhichiú.

17adh

..

..

..

..

Trí fhichiú.

18adh

..

..

..

..

Dhá fhichiú.

19adh

..

..

..

..

Fichiú.