14 1925


Uimhir 14 de 1925.


ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR) (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN TUILLE SÍNE DO DHÉANAMH AR AN AIMSIR INA bhFÉADFAR COMHACHTA ÁIRITHE D'FHEIDHMIÚ A BRONNADH AR CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA PUIBLÍ IN ÉIRINN LEIS AN ACHT GHÁRDA SÍOCHÁNA (ÁITRIBH DO SHOLÁTHAR), 1923 . [6adh Meitheamh, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An aimsir i gcóir feidhmiú comhachta do shíne.

1. —In ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1924 (Uimh. 23 de 1924) , beidh an chomhacht chun áitribh do thógaint, maraon leis na fo-chomhachta a ghabhann léi, nithe a bronnadh ar Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn leis an Acht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 (Uimh. 24 de 1923) , beid infheidhmithe, fé réir forálacha eile an Achta san, go dtí an 16adh lá d'Iúl, 1926, agus go dtí san amháin.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) (Leasú), 1925 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar), 1923 go 1925, do ghairm de sna hAchtanna Ghárda Síochána (Aitribh do Sholáthar) 1923 agus 1924 agus den Acht so le chéile.