23 1925


Uimhir 23 de 1925.


ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN (LEASÚ), 1925.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN gCÁILÍOCHT CHOMHNAITHE IS GÁ CHUN MÉADÚ PINSIN D'FHÁIL FÉ ALT 6 DEN ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1923 . [1adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Leasú ar alt 6 den Acht Aois-Liúntas agus Pinsean, 1923.

1. —Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 6 den Acht Aois-Liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh aon mhéadú pinsin iníoctha de bhua an ailt sin 6 ar scór aon tréimhse ná fuil gnáth-chomhnaí ar an bpinsinéir sa Bhreatain Mhóir, in Éirinn, in Inse Mara nIocht, ná in Oileán Mhanainn.

Dáta feidhmithe an Achta.

2. —Aon mhéadú pinsin go mbeidh teideal ag pinsinéir chuige de bhua an Achta so, ragha sé in éifeacht agus beidh sé iníoctha ón 1adh lá d'Abrán, 1922.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Aois-Liúntas agus Pinsean (Leasú), 1925 do ghairm den Acht so.