41 1926


Uimhir 41 de 1926.


ACHT RIALUITHE NA STÁT-SHEIRBHÍSE (LEASÚ), 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN GO bhFÉADFAR SCRÚDUITHE I gCÓIR AGUS CEAPACHÁIN CHUN STÁT-SHEIRBHÍSE RIALTAIS SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHIMEÁD AR LEITHLIGH DO SHAGHSANNA ÁIRITHE DAOINE AGUS GO SONNRÁCH d'AON INNSCIN AMHÁIN DAOINE AGUS CHUN DÉANAMH IN ÉAMAIS SCRÚDUITHE CHOMÓRTAIS I gCÁS CUID ÁIRITHE DE SNA CEAPACHÁIN SIN. [22adh Meán Fhomhair, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an focal “Príomh-Acht” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) .

Cáilíochta chun dul fé scrúduithe.

2. —(1) Léireofar fo-alt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an focal “hinnscin” isteach ann díreach i ndiaidh na bhfocal “cáilíochta, maidir le.”

(2) Léireofar an t-alt san 4 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so a leanas isteach ann in ionad an fho-ailt (3) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(3) Féadfidh na Coimisinéirí, le toil an Aire, tré rialachán fé leith do dhéanamh, aon scrúdú comórtais den tsórt san do chimeád ar leithligh i gcóir daoine a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, pé daoine acu a bhaineann le haicme áirithe a deighilfar amach ar pé slí no tré fhéachaint chun pé ní is dó leis na Coimisinéirí is ceart, agus i gcás ina gcimeádfar scrúdú ar leithligh amhlaidh ní leigfar ach do pé daoine de sna daoine roimhráithe a bhaineann leis an aicme áirithe sin dul fén scrúdú san.”

(3) Bainfidh fo-alt (4) d'alt 4 den Phríomh-Acht le gach rialachán a dhéanfidh na Coimisinéirí chun scrúdú do chimeád ar leithligh d'innscin áirithe daoine agus san chó hiomlán is dá mba rialachán speisialta an rialachán san.

Deimhniú cáilíochta do dheona i gcásanna speisialta áirithe.

3. —Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an t-alt so a leanas isteach ann in ionad an ailt 6 atá anois ann, sé sin le rá:—

“6.—(1) Más dó leis an Aire i bhfeighil Roinne Rialtais agus fós, i gcás nách í an Roinn Airgid an Roinn sin, más dó leis an Aire Airgid gur gá, i gcóir aon phuist áirithe le n-a mbaineann an tAcht so agus atá sa Roinn sin, eolas no taithí a bhaineann i bpáirt no go hiomlán le gairm fé leith no atá ina eolas no ina thaithí fé leith, i bpáirt no go hiomlán, ar aon tslí eile, agus fós nách féidir a shaothrú do ghnáth sa Stát-Sheirbhís, no go bhfuil sé oiriúnach eolas no taithí den tsórt san roimhráithe do bheith ag an té a ceapfar ar aon ócáid áirithe chun aon phuist áirithe le n-a mbaineann an tAcht so agus atá sa Roinn sin, féadfidh na Coimisinéirí le rialachán speisialta a ordú cadé an modh ar a dtoghfid amach an té a ceapfar chun an phuist sin agus leis an rialachán san féadfid ceart iarrtha an phuist sin do chimeád ar leithligh do dhaoine a bheidh tar éis an táille (más ann di) d'íoc a hordófar chuige sin leis an rialachán san agus fós, más oiriúnach leo é, do dhaoine a bhaineann le haicme áirithe a deighilfar amach ar pé slí no tré fhéachaint chun pé ní is dó leis na Coimisinéirí is ceart, agus in aon chás den tsórt san féadfidh na Coimisinéirí a ndeimhniú cáilíochta i gcóir an phuist sin do dheona tar éis aon fhianaise d'fháil a chuirfidh ina luighe ortha an té a toghadh amach do réir an rialacháin speisialta san do bheith cáilithe i gcóir an phuist sin maidir le hinnscin, aois, sláinte, carachtar, eolas, agus ábaltacht.

(2) Más dó leis an Ard-Chomhairle, tar éis don Aire i bhfeighil Roinne Rialtais é mhola dhóibh, le haontú (i gcás nách í an Roinn Airgid an Roinn sin) ón Aire Airgid, go raghadh sé chun leasa don phuiblíocht duine áirithe do cheapa chun puist áirithe le n-a mbaineann an tAcht so agus atá sa Roinn sin, féadfidh na Coimisinéirí ar an ócáid sin, más oiriúnach leo é, déanamh in éamais cólíona forálacha an Achta so agus cólíona na rialachán a bheidh déanta fé maidir le scrúdú no togha amach i gcóir agus maidir le ceapa chun an phuist sin agus féadfid a ndeimhniú ar cháilíocht an duine sin do dheona tar éis aon fhianaise d'fháil a chuirfidh ina luighe ortha go bhfuil an duine sin lán-cháilithe i gcóir an phuist sin maidir le haois, innscin, sláinte, carachtar, eolas, agus ábaltacht.

(3) Má dintar duine gur thug na Coimisinéirí deimhniú cáilíochta amach ina thaobh do cheapa, tré aistriú no tré árdú céime, chun puist le n-a mbaineann an tAcht so, agus ná ceaduítear don duine sin leis an Acht so gan deimhniú nua cáilíochta d'fháil i gcóir an phuist sin, féadfidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo é, déanamh in éamais iomlán an scrúduithe i gcóir an phuist sin no in éamais aon choda dhe agus féadfid deimhniú cáilíochta do thabhairt amach i gcóir an phuist sin tar éis aon fhianaise d'fháil a chuirfidh ina luighe ortha go bhfuil an duine sin cáilithe i gcóir an phuist sin maidir le haois, innscin, sláinte, carachtar, eolas, agus ábaltacht.”

Fuirm an fhógra i dtaobh ceapachán fé alt 6 den Phríomh-Acht.

4. —Más fé alt 6 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, a tugadh amach an deimhniú, luadhfar, sa bhfógra is gá a fhoillsiú san Iris Oifigiúil do réir fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht, an fo-alt den alt san 6 fé n-ar tugadh amach an deimhniú.

Gearr-theideal agus luadh.

5. —Féadfar Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse (Leasú), 1926 , do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.