18 1927


Uimhir 18 de 1927.


ACHT AIRGID, 1927.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [21adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncuim.

Cáin ioncuim agus barra-cháin in aghaidh na bliana 1927-28.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, éileofar cáin ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927, éileofar barra-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1927.

Forálacha i dtaobh barrachánach in aghaidh na bliana 1926-27.

2. —(1) D'ainneoin éinní in alt 5 den Income Tax Act, 1918, is fé mar a bheadh éifeacht i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, ag na hatharuithe sin ar na hAchtanna Cánach Ioncuim atá i mír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , a measfar, chun críche barra-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, cadé an méid ioncuim ar fad o gach taobh atá ag aon duine 'na mbeadh aige, mara mbeadh achtú an ailt seo, teideal i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, chun faoisimh o cháin dúbalta, maidir le cáin ioncuim maraon le barra-cháin, ba mhó ná leath an mhéide iomláin de cháin ioncuim (sara mbainfí aisti aon fhaoiseamh in aghaidh prémiumacha árachais bheatha ná aon fhaoiseamh a deonadh fén Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) o cháin dúbalta maidir le cáin ioncuim maraon le barra-cháin) agus de bharra-cháin do bhí iníoctha aige in aghaidh na bliana san.

(2) Má cáinmheasadh duine i gcóir barra-chánach in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926, i méid ba lú ná an méid do bheadh air d'íoc dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm le linn an cháinmheasa san, beidh comhacht ag na Coimisinéirí Speisialta cáinmheas breise do dhéanamh chun a fhiachas do cheartú do réir forálacha an ailt seo.

Saoirse d'ionadaithe Rialtaisí den Cho-chiníochas Bhriotáineach.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar saoirse o cháin ioncuim (maraon le barra-cháin) maidir leis an sochar oifige is iníoctha ag Rialtas le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire do dheona d'éinne ar fostú ag an Rialtas san mar ionadaí dhiplomáideach no thrádála no mar ionadaí eile dá sórt i Saorstát Éireann no mar dhuine den fhuirinn atá i Saorstát Éireann ag an ionadaí sin agus ní tabharfar aon áird ar aon tsochar oifige den tsórt san nuair a beifear ag meas méid ioncuim an duine sin chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(2) Ní deonfar saoirse do dhuine fén alt so ach in aghaidh tréimhse go gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim an duine sin do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann le n-a linn chun na dualgaisí do chólíona 'na mbeidh an sochar oifige sin iníoctha leis ar a son agus chuige sin amháin agus gan é do bheith ag gabháil d'aon chéird, fostaíocht ná slí bheatha eile i Saorstát Éireann.

(3) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm ar an 6adh lá d'Abrán, 1923 agus beidh sé fé mar a bheadh sé i bhfeidhm agus éifeacht aige ar an lá san agus ón lá san amach agus má íoc éinne cáin 'na mbeadh teideal aige chun saoirse uaithi fén alt so beidh teideal aige chun aisíoc na cánach san d'fháil.

(4) Baineann an t-alt so le gach Rialtas ar na tíortha uile agus fé seach atá sa Chó-chiníochas Bhriotáineach, sé sin le rá, Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann, Tiarnas Canada, an Astráil, Tiarnas Zéalann Nua, Aondacht na hAifrice Theas, agus Tír an Eisc, gach Rialtas acu gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh de thurus na huaire go dtugann sé d'ionadaithe diplomáideacha agus d'ionadaithe trádála do Rialtas Shaorstáit Éireann agus do lucht a bhfuireann saoirse den tsórt a tugtar leis an alt so d'ionadaithe diplomáideacha agus d'ionadaithe trádála an chéad Rialtais a luaidhtear thuas agus do lucht a bhfuireann.

Faoiseamh o cháin ioncuim dhúbalta ar phroifit o ghnó na loingseoireachta.

4. —(1) Pé uair a bheidh cáin ioncuim no aon cháin de shaghas cánach ioncuim iníoctha de thurus na huaire, fé aon dlí a bheidh i bhfeidhm o am go ham in aon stát coigríche, ar phroifití no ar shochar a thagann as gnó na loingseoireachta agus ar a mbeidh cáin ioncuim iníoctha i Saorstát Éireann beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle socrú sealadach do dhéanamh le Rialtas an stáit choigríche sin chun faoiseamh do dheona i gcásanna ina n-éileofar Cáin Ioncuim Shaorstáit Éireann agus an cháin ioncuim no an cháin de shaghas cánach ioncuim is iníoctha sa stát choigríche sin.

(2) Beidh sé dleathach don tSeanascal, le hordú a déanfar ar chomhairle na hArd-Chomhairle, aon tsocrú sealadach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do dhaingniú, agus leis sin, o dháta an orduithe sin no o aon dáta níos déanaí a bheidh luaidhte san ordú san, ach fé réir forálacha an ailt seo, beidh éifeacht ag an socrú sealadach san fé is dá n-achtuítí san alt so é.

(3) Ní bheidh éifeacht de bhua an ailt seo ag ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so ach i gcás ina mbeidh agus faid a bheidh ag an socrú a daingníodh leis an ordú san éifeacht dlí sa stát choigríche a bheidh luaidhte san ordú san, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfaoiseamh a bheidh le deona ón gcáin ioncuim no ón gcáin de shaghas cánach ioncuim is iníoctha sa stát choigríche sin.

(4) Gach ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so leagfar fé bhráid Dháil Éireann láithreach é agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfe sí tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

(5) An oblagáid a forchuirtar le haon achtachán maidir le rún do chimeád i dtaobh cánach ioncuim ní chuirfe sí cosc le dátáin do nochta d'aon oifigeach údaruithe don stát choigríche a bheidh luaidhte in ordú a dhéanfidh an Seanascal fén alt so, pé dátáin is gá chun go bhféadfar faoiseamh do thabhairt go cuibhe do réir na socruithe a bheidh daingnithe leis an ordú san.

(6) San alt so cialluíonn an focal “gnó na loingseoireachta” an gnó a bhíonn ar siúl ag únaer long, agus chun críche an mhínithe seo foluíonn an focal “únaer” aon chairtreoir.

Faoiseamh i gcoinnibh cáinmheas ró-árd ar ioncum mheasta.

5. —(1) Má dineadh éinne do chur fé cháinmheas agus fé éileamh cánach ar ioncum go n-orduítear, fé sna Rialacha bhaineann le Cás IV. no le Cás V. de Sceideal D. den Income Tax Act, 1918 mar a leasuítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, an cháin air d'áireamh do réir an mhéide iomláin de a thagann isteach sa bhliain cháinmheasa agus más lú ná an méid gur dá réir a cáinmheasadh é an méid dá ioncum achtúil is ioncháinmheasta amhlaidh agus a tháinig isteach an bhliain sin, féadfidh an duine sin, laistigh de thréimhse bhliana o dheire na bliana cáinmheasa, a iarraidh ar na Coimisinéirí Speisialta ceartú do dhéanamh ar a fhiachas tré fhéachaint chun na deifríochta idir an méid dá ioncum achtúil is ioncháinmheasta amhlaidh agus an méid gur dá réir a cáinmheasadh amhlaidh é.

(2) Is tré fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire a déanfar gach iarratas chun na gCoimisinéirí Speisialta fén alt so agus mion-innste sa bhfógra san ar an méid den ioncum achtúil sin is ioncháinmheasta mar adubhradh agus a tháinig isteach sa bhliain cháinmheasa, agus beidh teideal ag na Coimisinéirí Speisialta glaoch ar pé fianaise is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a fháil amach an bhfuil na mion-innste sin ceart.

(3) Ar a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Speisialta ioncum achtúil duine do dhin iarratas fén alt so do bheith níos lú ná an méid gur dá réir a cáinmheasadh an duine sin mar adubhradh agus an cháin do cáinmheasadh amhlaidh do bheith íoctha, ordóid aon tsuim thar an gceart do híocadh d'aisíoc.

(4) Bainfidh alt 149 den Income Tax Act, 1918 le breith na gCoimisinéirí Speisialta ar iarratas fén alt so fé mar a bhaineann sé le n-a mbreith ar athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa.

(5) Bainfidh an t-alt so le cás cánach is inéilithe in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1926 no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin.

Faoiseamh do dhaoine do coisceadh ar a gcuid tailimh d'úsáid.

6. —I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh duine atá i dteideal únaeracht agus seilbh aon tailimh, gur coisceadh é in aon bhliain cháinmheasa (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do thosnuigh sí), tré threaspas, tré eagla do chur air, no tré chor bhuartha na comhursanachta, ar an talamh san d'úsáid agus do bheith ar seilbh aige, beidh comhacht acu chun a chur fé ndeár pé faoiseamh is ceart agus is reasúnta sa chás do thabhairt maidir le haon cháin is iníoctha maidir leis an talamh san fé Sceideal A. no fé Sceideal B. den Income Tax Act, 1918 in aghaidh na bliana cáinmheasa san.

Faoiseamh do chomharchumainn fheirmeoireachta agus d'iontaobhaithe feirmeoireachta.

7. —I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon talamh do bheith ar únaeracht agus ar seilbh ag comhar-chumann do bunuíodh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1927 chun talamh d'fháil le roinnt ar a mbaill no ag cólucht iontaobhaithe do bunuíodh roimh an 6adh lá d'Abrán, 1927 chun talamh d'fháil le roinnt ar a gcestuis-qui-trustent, agus in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, leis, ag féachaint dóibh ar ioncum ionchánuithe na ndaoine uile agus fé seach 'na bhfuil leas acu sa talamh san, go mbeadh sé ró-chruaidh ar na daoine sin an cháin do bhailiú a cáinmheasadh maidir leis an talamh san fé Sceideal A. no fé Sceideal B. den Income Tax Act, 1918 in aghaidh aon bhliana (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do thosnuigh sí), beidh comhacht ag na Coimisinéirí Ioncuim a chur fé ndeár pé faoiseamh is ceart agus is réasúnta do thabhairt maidir leis an gcáin sin.

Saoirse do chóluchtaí do bunuíodh chun peil Ghaelach, iománuíocht agus liathróid láimhe do chur ar aghaidh.

8. —Deonfar saoirse o cháin fé Sceideal D. den Income Tax Act, 1918, maidir le pé méid d'ioncum aon chóluchta daoine do bunuíodh chun na cluichí sin, peil Ghaelach, iománuíocht, agus liathróid láimhe, no aon cheann acu, do chur ar aghaidh, pé méid de is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim a cuireadh no a cuirfar chun na críche sin.

Cáinmheas ráithiúil do ghlana.

9. —(1) Ar a iarraidh sin air do sna Coimisinéirí Ioncuim seachadfidh gach bailitheoir dóibh gach dúbláid do cháinmheasa ráithiúla, maraon le gach leabhar d'admhála agus de chó-dhuillí a tugadh do le n'úsáid maidir leis na dúbláidí sin, a bheidh ar láimh aige.

(2) Ar fháil deimhniú dhóibh do dhin an cigire ar an méid cánach nár bailíodh ar aon cháinmheasa ráithiúla áirithe d'aon cheanntar cáinmheasa áirithe in aghaidh aon bhliana áirithe roimh an mbliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, d'ainneoin éinní san Income Tax Act, 1918, ordú do dhéanamh go dtuigfar méid iomlán no aon chuid de mhéid iomlán na cánach nea-bhailithe sin do bheith glanta go cuibhe do réir dlí.

Forálacha i dtaobh athchomharc.

10. —(1) Pé uair a déanfar athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa a dineadh fé Sceideal D. den Income Tax Act, 1918 no do réir na rialacha bhaineann leis an Sceideal san no fé Sceideal E. den Acht san, luadhfidh an t-athchomharcach forais an athchomhairc sa bhfógra athchomhairc, ach ní choiscfidh an fo-alt so ar na Coimisinéirí Speisialta leigint don athchomharcach, le linn éisteacht an athchomhairc, trácht ar aon fhoras athchomhairc nár luadhadh sa bhfógra athchomhairc agus gur dó leis na Coimisinéirí Speisialta nách go toiliúil ná go mí-réasúnta a dineadh é fhágaint ar lár sa bhfógra san.

(2) D'ainneoin éisteacht athchomhairc i gcoinnibh aon cháinmheasa den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith—

(a) curtha ar cáirde fé fho-alt (3) d'alt 136 den Income Tax Act, 1918, no

(b) curtha ar athló,

go dtí tar éis an ama bheidh ceaptha chun athchomhairc d'éisteacht, tuigfar, go dtí go mbreithiúnófar an t-athchomharc, an cáinmheas san do bheith ina cháinmheas dheiridh gan aon dul thairis maidir le hoiread den cháin a cáinmheasadh leis agus a chífear do sna Coimisinéirí Speisialta do bheith gan bheith in imreasán, agus le linn an breithiúnú san do bheith gan déanamh baileofar agus íocfar an méid sin den cháin ar gach slí fé is dá mba cháin é a héileofí le cáinmheas ná beadh aon athchomharc ina thaobh ar feitheamh, agus ar bhreithiúnú an athchomhairc sin beidh aon fharasbár cánach is inéilithe do réir an bhreithúnuithe sin iníoctha no aisíocfar aon cháin thar an gceart do híocadh, pe'ca aca is gá sa chás.

CUID II.

Custuim agus Mál.

Atharú ar an diúité ar lasáin.

11. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum atá ar lasáin fé láthair déanfar na diúitéthe custum so a leanas d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 22adh lá d'Abrán, 1927, agus as san amach, ar na lasáin uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

Boscaí no cimeádáin eile:—

Ná beidh níos mó ná 10 lasáin ionta

s.

d.

An 1,000 cimeádán     ...     ...     ...     ...

5

2

Ina mbeidh níos mó ná 10 lasáin ach gan níos mó ná 20 lasán ionta

An 1,000 cimeádán     ...     ...     ...     ...

10

4

Ina mbeidh níos mó ná 20 lasán ach gan níos mó ná 50 lasán ionta

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

3

10

Ina mbeidh níos mó ná 50 lasán ach gan níos mó ná 75 lasáin ionta

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

5

9

Ar gach 25 no cuid de 25 lasáin sa bhreis ar 75 lasáin

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

1

4

(2) In ionad na ndiúitéthe máil atá ar lasáin fé láthair déanfar na diúitéthe máil seo a leanas d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 22adh lá d'Abrán, 1927, agus as san amach, ar na lasáin uile a dineadh i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

Boscaí no cimeádáin eile:—

Ná beidh níos mó ná 10 lasáin ionta

s.

d.

An 1,000 cimeádán     ...     ...     ...     ...

5

0

Ina mbeidh níos mó ná 10 lasáin ach gan níos mó ná 20 lasán ionta

An 1,000 cimeádán     ...     ...     ...

10

0

Ina mbeidh níos mó ná 20 lasán ach gan níos mó ná 50 lasán ionta

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

3

8

Ina mbeidh níos mó ná 50 lasán ach gan níos mó ná 75 lasáin

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

5

6

Ar gach 25 no cuid de 25 lasáin sa bhreis ar 75 lasáin

An grós (144) cimeádán     ...     ...     ...

1

3

agus do réir an chothruim sin ar aon chaindíocht is lú ná san.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

12. —(1) Na diúitéthe nua iomportála a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil agus an diúité ar scannáin fholmha gan picitúirí ortha d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1927 le halt 11 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), leanfar, fé réir na n-eisceacht roimhráite, d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1927 agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1928.

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919 leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

13. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915 agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1927 le halt 12 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), leanfar d'iad d'éileamh do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1927 agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1928.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919 leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Saoirse bhreise ón diúité ar bhróga, ar bhróga, ísle, etc.

14. —Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earraí a dlightear a chur fé aon diúité fé alt 19 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ) agus a bheidh á n-iomportáil isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá d'Abrán, 1927, no dá éis sin, gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh ortha agus chun a n-easportála ina dhiaidh sin atáid á n-iomportáil amhlaidh, féadfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar na hearraí sin gan an diúité a forchuirtar leis an alt san 19 d'íoc.

Leathnú ar an saoirse do thaisbeántaisí talmhaíochta ón diúité siamsa.

15. —Aon tsiamsa a cuirfar ar siúl ag cumann do bunuíodh ar mhaithe le gnó na talmhaíochta no le brainse éigin de agus chuige sin amháin, ní déanfar, mar gheall ar chomórtaisí in eolas ar an nGaedhilg agus i gcéim-rinnce, no i gceachtar acu, do bheith mar chuid den tsiamsa agus mar gheall air sin amháin, é do dhúna amach ón saoirse a tugtar le halt 7 den Finance Act, 1921.

Ais-tarrac ar mhin choirce.

16. —(1) On 9adh lá de Bhealtaine, 1927, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe, no nuair a cuirfar ar bord luinge go cuibhe le húsáid mar stóranna, aon earraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon mhin choirce iomportálta is ionchurtha fé mhuirear diúité fé alt 7 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ) lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité a híocadh fén alt san 7 ar scór an méid den mhin choirce sin is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim a húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí sin.

(2) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim le toiliú ón Aire Airgid, chun trádáil do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú na n-earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

CUID III.

Diúitéthe Báis.

Faoiseamh o cháin dúbalta idir Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann.

17. —(1) I gcás in ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim diúité comharbais ar aon mhaoin shocruithe phearsanta no ionaistir, fé shocrú 'na bhfuil a fhórum riaracháin i dTuaisceart Éireann, do bheith iníoctha no chun bheith iníoctha i dTuaisceart Éireann de dheascaibh báis duine d'éag an 1adh lá d'Abrán, 1923 no dá éis sin, lomhálfid suim is có-ionann le méid an diúité chomharbais is iníoctha amhlaidh do bhaint as an diúité leagáide no as an diúité comharbais is iníoctha i Saorstát Éireann ar an maoin sin ar fháil bháis don duine sin.

(2) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh ar an dáta a faisnéisfar le ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle mar dháta ar a dtiocfidh i ngníomh de bhua reachtúcháin do rith Páirlimint Thuaiscirt Éireann faoiseamh den tsórt chéanna maidir le diúité leagáide no chomharbais is iníoctha i dTuaisceart Éireann, agus ní leanfidh an t-alt so i ngníomh ach an fhaid a leanfidh an faoiseamh san den tsórt céanna d'éifeacht do bheith aige.

CUID IV.

Ilghnéitheach agus Generálta.

Leasú ar alt 37 den Acht Airgid, 1925 .

18. —Athghairmtear leis seo an chuid sin d'fho-alt (4) d'alt 37 (alt i dtaobh diúité mháil ar ghadhair) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) le n-a n-achtuítear go ndlighfar, ar a gciontú ar an slí achmair, fíneáil chúig bpunt do chur ar dhaoine a bheidh ciontach i gcionta fén alt san agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndlighfar daoine a bheidh ciontach i gcionta fén alt san do chur fé fhíneáil phúint ar a gciontú ann ar an slí achmair.

Leasú ar alt 9 den Dogs Act, 1906.

19. —(1) Athghairmtear leis seo mír (c) d'alt 9 den Dogs Act, 1906 agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar na costaisí fé n-a raghaidh an Gárda Síochána fé alt 3 den Acht san d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an árd-oifigeach póilíneachta do réir bhrí an Achta san, mar a leasuítear agus a hoiriúinítear é le haon achtachán ina dhiaidh sin, agus go n-íocfar isteach sa Stát-Chiste, ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid, aon airgead a gheobhaidh an Gárda Síochána fén alt san 3.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige ar an 1adh lá d'Eanair, 1926, agus ón lá san amach.

Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.

20. —Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

21. —(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II. den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteanta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar go soiléir a mhalairt, tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barracháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1927, agus ragha sé in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.