11 1929


Uimhir 11 de 1929.


ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1929.


ACHT CHUN AN AICME DAOINE DO MHÉADÚ DA bhFÉADFAR PINSIN, LIÚNTAISÍ AGUS AISCÍ DO DHEONA FÉ ALT 5 DEN ACHT AOIS-LIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1923 , AGUS CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAR PINSIN, LIÚNTAISÍ AGUS AISCÍ LE BAINTREACHA DAOINE A BHÍ LE LINN ÉAGA DHÓIBH AG FÁIL PINSEAN FÉN ALT SAN 5 AGUS LE BAINTREACHA DAOINE ÁIRITHE EILE BA BHAILL DE CHONSTÁBLACHT RÍOGÁ NA hÉIREANN AGUS ATÁ TAR ÉIS BHÁIS. [14adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923) agus

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid.

Alt 5 den Phríomh-Acht do leathnú.

2. —(1) An chomhacht a bronntar le halt 5 den Phríomh-Acht ar an Aire chun a údarú go ndeonfar pinsin, liúntaisí, no aiscí do dhaoine áirithe ba bhaill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann leathnuítear leis seo í i slí is go mbronnfar comhacht ar an Aire chun a údarú le hordú go ndeonfar pinsin no liúntaisí, ag tosnú o am rithte an Achta so, no aiscí d'éinne d'fhág Constáblacht Ríoga na hÉireann an 1adh lá d'Abrán, 1916, no dá éis sin, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus a chuirfidh ina luighe ar an Aire agus ar an Aire Dlí agus Cirt, cé ná fuil an fhágáil sin do dhin sé deimhnithe do réir an ailt sin, gur dineadh, fé sna hachtacháin a bhaineann leis an duine sin, aisce do réir a bhlianta seirbhíse sa bhfórsa san do dheona dho ar fhágáil amhlaidh do agus gurbh é tuairim an Choiste Fiosrúcháin um Dhaoine d'eirigh no do briseadh as Constáblacht Ríoga na hÉireann, do thuairiscigh chun an Aire um Ghnóthaí Dúithche an 26adh lá d'Iúl, 1923, gurbh í a bháidh le hEirinn fé ndeara dho an fórsa san d'fhágáil.

(2) Go dtí go ndéanfidh an tAire ordú fén alt san 5 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an alt so é, sroichfidh Ordú Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (d'Eirigh as no a Briseadh), 1924, do dhin an tAire fén alt san 5, sroichfe sé chó fada agus bainfe sé, tar éis na hatharuithe is gá do dhéanamh air, le gach éinne go n-údaruítear don Aire leis an alt san 5, mar a leasuítear leis an alt so é, pinsean, liúntas no aisce do dheona dho, agus chuige sin tuigfar gur fén alt san 5 mar a leasuítear leis an alt so é do dineadh an tOrdú san agus o am rithte an Achta so beidh an tOrdú san i ngníomh agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Pinsin do bhaintreacha daoine a bhí ag fáil pinsean fé alt 5 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, a údarú go ndeonfar pinsin, liúntaisí, no aiscí do bhaintreacha le n-a mbaineann an t-alt so agus féadfa sé, le haon ordú den tsórt san, rátaí agus scálaí na bpinsean, na liúntas, agus na n-aiscí sin agus na coiníollacha fé n-a mbeid iníoctha do rialáil agus do cheapa.

(2) Ní thiocfidh aon ordú a déanfar fén alt so i ngníomh mara ndintar ná go dtí go ndéanfar é leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é cheadú le rún o Dháil Éireann agus nuair a bheidh Dáil Éireann ag breithniú aon rúin den tsórt san breithneoidh sí go cuibhe aon mhola a bheidh déanta roimhe sin ag Seanad Éireann i dtaobh an Orduithe sin.

(3) Ní bheidh teideal ag éinne aon phinsean, liúntas, no aisce d'fháil fén alt so mara mbeidh airgead chun a íoctha vótálta ag an Oireachtas.

(4) Baineann an t-alt so le baintrigh—

(a) 'na raibh a fear ná maireann ag fáil ar dháta a bháis pinsin a deonadh de bhua alt 5 den Phríomh-Acht no de bhua an ailt sin mar a leasuítear leis an Acht so é, agus

(b) gur le linn an fear san ná maireann do bheith ag fónamh i gConstáblacht Ríoga na hÉireann do pósadh leis í, agus

(c) ná fuil pinsean, aisce ná liúntas eile ionfhálta aici fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, ná fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, ná mar gheall ar an seirbhís (más ann di) sa Ghárda Síochána a dhin a fear ná maireann.

(5) Baineann an t-alt so fós le baintrigh—

(a) gur thárla dá fear ná maireann gur eirigh sé no gur briseadh é as Constáblacht Ríoga na hÉireann an 1adh lá d'Abrán, 1916, no dá éis sin, agus roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, agus gur cailleadh é roimh rith an Phríomh-Achta agus gur tugadh deimhniú ina thaobh (roimh rith an Achta so no dá éis sin) fé alt 5 den Phríomh-Acht agus dá réir agus gur mar gheall ar a bháidh le hÉirinn d'eirigh sé no do briseadh é as Constáblacht Ríoga na hÉireann dar leis an gCoiste Fiosrúcháin a luaidhtear in alt 2 den Acht so, agus

(b) gur le linn an fear san ná maireann do bheith ag fónamh i gConstáblacht Ríoga na hÉireann do pósadh leis í, agus

(c) ná fuil pinsean, aisce ná liúntas eile ionfhálta aici fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, ná fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, ná mar gheall ar an seirbhís (más ann di) sa Ghárda Síochána a dhin a fear ná maireann.

(6) Baineann an t-alt so fós le baintrigh—

(a) gur thárla dá fear ná maireann bás d'fháil roimh rith an Achta so agus, dá maireadh sé go dtí tar éis rithte an Achta so, go mbeadh sé cáilithe chun pinsean do dheona dho fé alt 2 den Acht so, agus

(b) gur le linn an fear san ná maireann do bheith ag fónamh i gConstáblacht Ríoga na hÉireann do pósadh leis í, agus

(c) ná fuil pinsean, aisce ná liúntas eile ionfhálta aici fé sna hAchtanna Aois-liúntas, 1834 go 1923, ná fé sna hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, ná mar gheall ar an seirbhís (más ann di) sa Ghárda Síochána a dhin a fear ná maireann.

(7) (a) Féadfidh pinsean no liúntas a deonfar do bhaintrigh le n-a gcuirtar an t-alt so i mbaint tré fho-alt (4) den alt so tosnú o dheire na tréimhse is déanaí gur ina haghaidh a híocadh pinsean a fir ná maireann.

(b) Féadfidh pinsean no liúntas a deonfar do bhaintrigh le n-a gcuirtar an t-alt so i mbaint tré fho-alt (5) den alt so tosnú o am rithte an Phríomh-Achta.

(c) Féadfidh pinsean no liúntas a deonfar do bhaintrigh le n-a gcuirtar an t-alt so i mbaint tré fho-alt (6) den alt so tosnú o am rithte an Achta so.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Aois-liúntas agus Pinsean, 1929 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Aois-liúntas agus Pinsean, 1923 agus 1929, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht le chéile.