2 1930


Uimhir 2 de 1930.


ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA DO CHOSAINT AGUS DO BHUAN-CHIMEÁD AGUS CHUN RUDAÍ ÁRSA DO BHUAN-CHIMEÁD I SAORSTÁT ÉIREANN AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[26adh Feabhra, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, agus comhairle bhailecheanntair;

nuair a húsáidtear an focal “únaer” maidir le séadchomhartha náisiúnta cialluíonn sé an té go bhfuil estát no leas aige sa tséadchomhartha san de thurus na huaire de shaghas a thugann teideal do é bheith ina sheilbh féin aige;

foluíonn an focal “séadchomhartha” foirgint, déanmhas, no tógáil ar bith, ar n-a dhéanamh go saordha i bpáirt no go hiomlán, ar dhruim talmhan no fé, pe'ca greamuithe den talamh do no nách eadh, agus aon uaimh, cloch, no rud aiceanta eile, pe'ca cuid den talamh é no nách eadh, no pe'ca ceangailte den talamh do no nách eadh, do snoigheadh no do dealbhadh no ar ar hoibríodh go saordha no (maran cuid den talamh é) a dheabhruíonn bheith ar n-a chur no ar n-a shocrú in ionad d'aon ghnó, agus aon tuama no uaigh no taisce adhlacain roimh-stairiúil no ársa, ach ní fholuíonn sé aon fhoirgint atá i ngnáth-úsáid de thurus na huaire chun crícheanna eaglasta;

cialluíonn an abairt “séadchomhartha náisiúnta” séadchomhartha no iarsma séadchomhartha gur fiú don náisiún é bhuan-chimeád toisc a shuimiúla atá sé maidir le cúrsaí staire, ailtireachta, béaloidis, ealadhan, no ársaíochta agus foluíonn sí fós (ach ní i slí go gcuirfí teora le léiriú an mhínithe ghenerálta san roimhe seo ná go leathnófaí é ná go ndéanfaí éinní eile leis) gach séadchomhartha i Saorstát Éireann le n-ar bhain an Ancient Monuments Protection Act, 1882, díreach roimh an Acht so do rith, agus léireofar an abairt sin mar abairt fholuíonn ní hamháin an séadchomhartha féin ach ina theanta san ionad an tséadchomhartha agus an tslí isteach chuige agus fós pé méid tailimh atá teoranta leis an ionad san agus a theastóidh chun an séadchomhartha do dhaingniú no do chlúdach no do chosaint ar shlí eile ar dhíobháil no chun a thaithneamhacht do bhuan-chimeád;

nuair a húsáidtear an abairt “cimeád i dtreo” maidir le séadchomhartha náisiúnta foluíonn sí an séadchomhartha san do ghlana agus do dheisiú, ráil do chur timpeal air, agus é do dhaingniú agus do chlúdach, agus pé gníomhartha agus rudaí eile do dhéanamh is riachtanach no is oiriúnach chun a bhuanchimeádtha no a chosanta, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar di sin;

cialluíonn an abairt “rud ársa” áirnéis ar bith, oibrithe no leathoibrithe no neamh-oibrithe, gur mó go mór an méid is fiú é toisc a shuimiúla atá sé maidir le cúrsaí ársaíochta no toisc baint do bheith aige le haon ní no duine i stair na hÉireann ná mar is fiú ann féin é (agus a luach mar rud ealadhanta d'áireamh), agus foluíonn an abairt sin sean-iarsma duine agus ainmhí ach ní fholuíonn sí éadáil fholuithe do fuarthas agus nár leig an Stát uaidh a cheart inti.

Costaisí.

3. —(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so i bhfeidhm do.

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí agus an tAire Oideachais fé seach ag cur an Achta so in éifeacht dóibh.

(3) Is tríd an ráta dealbhais agus, i gcás Comhairle contae, mar mhuirear ar an gcontae iomláin a cruinneofar na costaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil ag cur an Achta so in éifeacht dóibh.

(4) An méid d'fho-alt (1) d'alt 25 den Irish Church Act, 1869, le n-a gceangailtear ar na Coimisinéirí an tsuim íocann no Coimisinéirí Maoine Saolta Eaglaise in Éirinn le rúnaí na gCoimisinéirí fén bhfo-alt san do chur chun na heaglaisí, na foirgintí, agus na déanmhaisí luaidhtear sa bhfo-alt san do chimeád i dtreo, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus achtuítear leis seo ina ionad san go n-íocfar isteach sa Stát-Chiste no go gcuirfear chun tairbhe dho, i pé slí ordóidh an tAire, na súncála agus na cistí atá ar seilbh ag na Coimisinéirí no ag á rúnaí le linn an Achta so do rith agus is ionann agus an tsuim sin íocann na Coimisinéirí Maoine Saolta Eaglaise in Éirinn leis an rúnaí sin amhlaidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil saor-shíntiúisí airgid do ghlaca chun no mar chabhair chun íoctha an chostais a bheidh ortha maidir le séadchomhartha náisiúnta ar bith darab únaerí no caomhnóirí iad do chimeád i dtreo.

Athghairm.

4. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID II.

Seadchomharthai Naisiunta do Chaomhna, do Thogaint ar Seilbh, etc.

Séadchomharthaí náisiúnta do chaomhna.

5. —(1) Féadfaidh únaer séadchomhartha náisiúnta (nách foirgint atá ar seilbh mar thigh chomhnaithe ag duine ar bith seachas duine ar fostú mar airigheach uirthi no líntighe an airighigh sin) le dintiúir, d'ainneoin aon iontaobhais, críche puiblí, eire no muirir a dheineann deifir don tséadchomhartha san—

(a) le haontú na gCoimisinéirí, na Coimisinéirí do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san, no

(b) le haontú an údaráis áitiúla gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, an t-údarás áitiúil sin do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san.

(2) Pé uair a ceapfar údarás áitiúil le dintiúir fén alt so chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ceapa san agus cineál agus suidheamh an tséadchomhartha do chur in úil do sna Coimisinéirí láithreach.

(3) I gcás na Coimisinéirí no údarás áitiúil do cheapa le dintiúir fén alt so chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta, leanfaidh as san na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) leanfaidh únaereacht an tséadchomhartha san de bheith dílsithe san té is únaer ar an séadchomhartha san de thurus na huaire chun an estáit agus an leasa chéanna do bheadh inti agus fé réir na n-iontaobhas, na gcrícheanna puiblí, na n-eirí, agus na muirear gcéanna do bheadh ag gabháil léi dá mba ná déanfaí an dintiúir sin ach beidh sí fé réir na bpríbhléid, na gcomhacht, agus na ndualgas a bhronnann no chuireann an tAcht so ar na Coimisinéirí no ar an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é);

(b) beidh an dintiúir sin ina cheangal ar an únaer a dhéanfaidh é agus ar gach duine bheidh ag éileamh ina dhiaidh sin tríd an únaer sin no fé agus ar gach duine eile do bheadh an uair sin, no do thiocfadh chun bheith ina dhiaidh sin, fé cheangal ag leithliú do déanfaí ar an séadchomhartha san ar n-a dhíol ar chomaoine luachmhair don únaer sin díreach roimh an dintiúir sin do dhéanamh agus fós beidh sé ina cheangal ar gach duine bheidh an uair sin i dteideal eire no muirir ar an talamh san, no ar dhuine ar bith a bheidh ag éileamh tré no fé dhuine ar bith den tsórt san;

(c) duine ar bith a thiocfaidh chun bheith ina únaer ar an séadchomhartha san tar éis an dintiúir sin do bheith déanta agus ná beidh fé cheangal an dintiúra san, féadfa sé, aon uair, le linn é bheith ina únaer amhlaidh, deire do chur le caomhnóireacht na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla san (pe'ca aca é), maidir leis an séadchomhartha san, tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) go bhfuil sé ag cur deire léi, ach mara dtugtar agus go dtí go dtabharfar an fógra san amhlaidh leanfaidh an chaomhnóireacht san chó hiomlán is dá mbeadh an t-únaer sin fé cheangal an dintiúra san.

Caomhnóireacht fé achtacháin athghairmthe.

6. —I gcás na Coimisinéirí no údarás áitiúil do bheith, díreach roimh an Acht so do rith, ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra do rinneadh fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an dintiúir sin ina cheangal ar gach duine ar a mbeadh sé ina cheangal dá mba ná rithfí an tAcht so;

(b) beidh ag an únaer (mar a mínítear é leis an Acht fé n-ar dineadh an dintiúir sin) an t-estát, an ceart, an teideal, agus an leas céanna, ar gach slí, sa tséadchomhartha san agus chuige, do bheadh aige dá mba ná déanfaí na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil, pe'ca aca é, do cheapa amhlaidh mar chaomhnóirí don tséadchomhartha san:

(c) leanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil, pe'ca aca é, de bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san de bhua an dintiúra san go dtí go gcuirfear deire leis an gcaomhnóireacht san tré únaer ar an séadchomhartha san, ná beidh fé cheangal an dintiúra san, do thabhairt fógra i scríbhinn do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil, pe'ca aca é;

(d) d'ainneoin éinní atá san alt so beidh ag na Coimisinéirí no ag an údarás áitiúil, pe'ca aca é, gach comhacht, príbhléid agus dualgas, maidir leis an séadchomhartha san, a bronntar no a cuirtear ortha leis an Acht so maidir le séad-chomharthaí náisiúnta dar caomhnóirí iad.

Caomhnóireacht d'aistriú chun na gCoimisinéirí.

7. —(1) Má ceaptar údarás áitiúil, le dintiúir fén Acht so, chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le toiliú únaera an tséadchomhartha san agus le toiliú na gCoimisinéirí, an chaomhnóireacht san d'aistriú chun na gCoimisinéirí le dintiúir agus, ar bheith déanta don aistriú san amhlaidh, beidh ag an dintiúir sin le n-ar ceapadh an t-údarás áitiúil sin chun bheith ina gcaomhnóirí amhlaidh éifeacht feasta fén Acht so fé is dá ndeirtí ann na Coimisinéirí do cheapa chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san.

(2) I gcás na Coimisinéirí do bheith ceaptha le dintiúir fén Acht so, no fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so, chun bheith ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú únaera an tséadchomhartha san agus le toiliú an údaráis áitiúla gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, an chaomhnóireacht san d'aistriú chun an údaráis áitiúla san le dintiúir agus, ar bheith déanta don aistriú san amhlaidh, beidh ag an dintiúir le n-ar ceapadh na Coimisinéirí chun bheith ina gcaomhnóirí amhlaidh éifeacht feasta mar dhintiúir fén Acht so ag ceapa an údaráis áitiúla san chun bheith ina gcaomhnóirí don tséadchomhartha san.

Orduithe buanchimeádtha.

8. —(1) Más léir don Aire, o thuarasgabháil a dhein an Chomhairle Chomhairlitheach no ar aon tslí eile, séadchomhartha atá, dar leis, ina shéadchomhartha náisiúnta do bheith i mbaol a scriosta, a dhíobháluithe, no a aistrithe, no do bheith á scriosa, á dhíobhálú, no á aistriú, no do bheith ag tuitim as a chéile tré fhaillí, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú buanchimeádtha san Acht so), a chur in iontaoibh na gCoimisinéirí an séadchomhartha san do bhuan-chimeád.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis do dul i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairlitheach, ordú buanchimeádtha do cheiliúra uair ar bith.

(3) Déanfar gach ordú buan-chimeádtha agus gach ordú le n-a gceiliúrfar ordú buan-chimeádtha do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do deineadh fé roimhe sin.

Eifeacht orduithe buanchimeádtha.

9. —Nuair a déanfar ordú buan-chimeádtha maidir le séadchomhartha náisiúnta, ansan, go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh an tséadchomhartha san, sé sin le rá:—

(1) féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí a bheidh údaruithe go cuibhe acu chuige sin an séadchomhartha náisiúnta san d'iniúcha agus do scrúdú uair ar bith agus féadfa sé chun na críche sin dul isteach ar an séadchomhartha san agus ar aon tailte no in aon áitreabhacha eile;

(2) mara mbeidh an séadchomhartha san ar seilbh mar áit chomhnaithe ag duine eile seachas duine ar fostú mar airigheach air no líntighe an duine sin féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo san do dhéanamh, iad féin do cheapa mar chaomhnóirí don tséadchomhartha san le hordú ar n-a dhéanamh le toiliú an Aire;

(3) ordú ar bith a dhéanfaidh na Coimisinéirí á gceapa féin mar chaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta leanfa sé i bhfeidhm faid a leanfaidh an t-ordú buanchimeádtha maidir leis an séadchomhartha san i bhfeidhm agus bronnfaidh agus cuirfidh ar na Coimisinéirí, faid a leanfaidh i bhfeidhm amhlaidh, na comhachta agus na dualgaisí céanna, i dtaobh an tséadchomhartha san, do bheadh acu dá ndeintí iad do cheapa mar chaomhnóirí dho le dintiúir fén Acht so.

Séadchomhartha náisiúnta do bhronna ar na Coimisinéirí no ar údarás áitiúil.

10. —Duine ar bith ag a mbeidh seisin no seilbh ar shéadchomhartha náisiúnta chun estáit no leasa ar bith, féadfa sé (fé réir aon tsriantachta forchuirtear no ceada is gá do réir dlí) an séadchomhartha náisiúnta san do leithliú no do thiomna le dintiúir no le huacht, chó fada leis an estát no leis an leas san uile aige ann, do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá an séadchomhartha san suidhte, agus féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin an leithliú no an tiomna san do ghlaca no do shéana, fé mar is rogha leo.

Na Coimisinéirí do thógaint séadchomharthaí náisiúnta chucha.

11. —(1) Le toiliú an Aire féadfaidh na Coimisinéirí go héigeanta no tré chó-aontú séadchomhartha náisiúnta ar bith do thógaint chucha is dó leo is oiriúnach a thógaint chucha, agus féadfaidh na Coimisinéirí séadchomhartha náisiúnta do thógaint chucha amhlaidh pe'ca bheid féin no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí dho no ná beid agus pe'ca bheidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm ina thaobh no ná beidh.

(2) Chun na Coimisinéirí do thógaint séadchomhartha náisiúnta chucha fén alt so déanfar Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorparú leis an Acht so fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní hionchorparófar leis an Acht so na forálacha bhaineann le barrachas talmhan do dhíol agus le feidhm do bhaint as an Acht speisialta agus as alt 133 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (alt a bhaineann le cáin ar thalamh agus le ráta na mbocht), agus

(b) i léiriú an Achta so agus na nAchtanna ionchorparuithe tuigfear gurb é an tAcht so an tAcht speisialta agus tuigfear gurb iad na Coimisinéirí bunuitheoirí an ghnótha, agus

(c) is fé chó-shéala na gCoimisinéirí bheidh an banna is gá do réir alt 85 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, agus beidh an banna san ina leor-bhanna gan na hurraithe luaidhtear san alt san do bheith ann, agus

(d) na rialacha atá in alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, bainfid leis an gcás tar éis a n-atharuithe i slí, nuair a bheidh riail (2) de sna rialacha san á chur i mbaint leis an gcás, ná bacfar leis an méid is fiú rud ar n-a dhíol chun a easportálta agus dá réir sin go léireofar an abairt “sold in the open market” sa riail sin mar ní ná baineann ach le rud do dhíol chun a choinnithe i Saorstát Éireann, agus ná lomhálfar éinní mar gheall ar gur mór ag duine an rud san toisc baint phearsanta do bheith aige leis.

(3) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an praghas no an eúiteamh is iníoctha ar thógaint séadchomhartha náisiúnta fén alt so agus na costaisí fé n-a raghaidh na Coimisinéirí i dtaobh na tógainte sin.

(4) Ní thógfaidh na Coimisinéirí chucha fén alt so, gan toiliú Choimisiún Talmhan na hÉireann, séadchomhartha náisiúnta ar bith a bheidh ar thalamh no is cuid de thalamh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh no 'nar deineadh có-aontú talamh-cheannaigh ina thaobh no a bheidh dílsithe no á dhílsiú i gCoimisiún Talmhan na hÉireann.

CUID III.

Seadchomharthai Naisiunta do Chosaint agus do Bhuan-Chimead.

Déanfaidh caomhnóirí séadchomharthaí náisiúnta an céanna do chimeád i dtreo.

12. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí dho déanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an séadchomhartha san do chimeád i dtreo agus, i gcás séadchomhartha ar bith dar caomhnóirí iad, beidh acu dhóibh féin, dá lucht oibre, dá ngníomhairí agus dá gceadúnaithe cead dul chun an tséadchomhartha san in aisce chun a iniúchta agus chun pé abhair do thabhairt chuige agus pé gníomhartha agus nithe do dhéanamh is dó leo do bheith riachtanach no oiriúnach chun a chimeádtha i dtreo.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) có-aontú do dhéanamh le húnaer an tséadchomhartha san no le duine ar bith eile go ndéanfaidh an t-únaer no an duine eile sin an séadchomhartha san do chimeád i dtreo ar a chostas féin no ar chostas na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla san (pe'ca aca é).

Séadchomharthaí d'aistriú go dtí músaeum.

13. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta ná beidh greamuithe ná ceangailte den talamh no is féidir d'aistriú, cé greamuithe no ceangailte amhlaidh do, gan díobháil don tséadchomhartha féin ná don talamh dá mbeidh sé greamuithe no ceangailte, ansan, más dó leo gur mhaith an rud san do dhéanamh d'fhonn an séadchomhartha do chosaint no do bhuan-chimeád no ar mhaithe leis an ársaíocht no ar aon chúis eile, féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an séadchomhartha san d'aistriú agus é do chur agus do chimeád i músaeum éigin puiblí i Saorstát Éireann a cheadóidh an tAire de thurus na huaire.

(2) Gach séadchomhartha náisiúnta cuirfear i músaeum puiblí fén alt so beidh sé, faid a bheidh sé sa mhúsaeum san, le feiscint ag an bpuiblíocht ar nós na dtaisbeántán eile so mhúsaeum san.

Toirmeasc ar dhíobháil do dhéanamh do shéadchomhartha náisiúnta.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (pe'ca únaer an tséadchomhartha é no nách eadh ná pe'ca bheidh seisin no seilbh aige ar estát no ar leas ann no ná beidh) ní ar bith acu so leanas do dhéanamh i dtaobh séadchomhartha náisiúnta gurb iad na Coimisinéirí no gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho no 'na mbeidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis, sé sin le rá:—

(a) aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san do leaga no d'aistriú i bpáirt no go hiomlán no é do ghné-mhille, d'agha-lot, no d'atharú, no díobháil do dhéanamh do no cur-isteach do dhéanamh air i slí ar bith, gan an toiliú a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ar aon chaoi seachas do réir an toilithe sin, no

(b) an talamh do thochailt, do romhar, do threabha no do chorraighe i slí ar bith eile laistigh d'aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san no ina thimpeall no i bhfogas do gan an toiliú a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ar aon chaoi seachas do réir an toilithe sin, no

(c) aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san no aon pháirt de do dhíol chun a easportála no d'easportáil.

(2) Isé rud é an toiliú a luaidhtear anso roimhe seo ná, i gcás séadchomhartha náisiúnta gurb iad na Coimisinéirí is únaerí air no is caomhnóirí dho no 'na mbeidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis, toiliú na gCoimisinéirí i scríbhinn agus, i gcás séadchomhartha náisiúnta gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho, có-thoiliú na gCoimisinéirí agus an údaráis áitiúla san i scríbhinn.

(3) Deintear leis seo na Coimisinéirí agus gach údarás áitiúil d'údarú fé seach toiliú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thabhairt uatha más dó leo agus pé uair is dó leo go bhfuil sé oiriúnach san do dhéanamh ar mhaithe leis an ársaíocht no ar chúis ar bith eile agus údaruítear dóibh leis seo fós pé coiníollacha agus sriantachtaí is oiriúnach leo do cheangal d'aon toiliú den tsórt san.

(4) Gach duine dhéanfaidh gníomh no ní ar bith contrárdha d'aon cheann de sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) I gcás ina gciontófar duine i gcionta fén alt so féadfaidh an Chúirt a chiontóidh amhlaidh é, féadfa sí, le linn an chiontuithe sin agus i dteanta aon phionóis a forchuirfear fén alt so, a ordú don duine sin, más iad na Coimisinéirí is únaerí ar an séadchomhartha náisiúnta no is caomhnóirí don tséadchomhartha náisiúnta gur ina thaobh a dineadh an cionta no má bhíonn ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis an séadchomhartha san, pé suim d'íoc leis na Coimisinéirí shocróidh an Chúirt mar chostas réasúnta deisithe an damáiste do deineadh don tséadchomhartha san tríd an gcionta do dhéanamh no, más údarás áitiúil is únaeri ar an séadchomhartha san no is caomhnóirí dho, an tsuim sin d'íoc leis an údarás áitiúil sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an tsuim sin do bhaint amach fé is dá mba fhiacha síbhialta an tsuim sin agus fé is dá mba bhreithiúntas ón gCúirt go n-íocfaí fiacha síbhialta an tOrdú san, agus ar bhaint amach gach suime fé leith den tsórt san do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil sin cuirfid í chun an damáiste sin do dheisiú.

(6) Ní oibreoidh éinní san alt so chun a údarú go ndéanfaí, i dtaobh séadchomhartha náisiúnta nách leis na Coimisinéirí ná le húdarás áitiúil, gníomh ar bith ná féadfaí do dhéanamh go dleathach, dá mba ná hachtófaí an t-alt so, gan toiliú an duine no na ndaoine uile ag a mbeidh seisin no seilbh ar an séadchomhartha san de thurus na huaire ná chun leigheas dlí ar bith do bhaint de dhuine ar bith den tsórt san do bheadh aige, maidir leis an ngníomh san do dhéanamh gan a thoiliú, dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

Comhairle, etc., o sna Coimisinéirí.

15. —(1) Má iarrann únaer séadchomhartha náisiúnta ortha é féadfaidh na Coimisinéirí comhairle do thabhairt don únaer sin i dtaobh cóiriú, buan-chimeád, no deisiú an tséad-chomhartha san.

(2) Má dheineann únaer séad-chomhartha náisiúnta, ar chomhairle no le haontú na gCoimisinéirí, obair ar bith chun séadchomhartha náisiúnta do chóiriú, do bhuan-chimeád no do dheisiú, féadfaidh na Coimisinéirí ar iarratas an únaera san agus, más séadchomhartha náisiúnta é dar caomhnóirí iad féin, déanfaid, pe'ca iarrfar ortha é no ná hiarrfar, an obair sin do mhaoirsiú.

(3) Mara n-orduighidh an tAire Airgid a mhalairt, éileoidh na Coimisinéirí agus íocfar leo, as comhairle thabharfaid uatha no as maoirseacht a dhéanfaid fén alt so, pé luach saothair ordóidh an tAire sin.

An phuiblíocht do leigint isteach chun séadchomharthaí náisiúnta.

16. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí dho, déanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é), fé réir forálacha an ailt seo, a leigint don phuiblíocht dul isteach agus breathnú ar an séadchomhartha san ar íoc pé éilimh (más ann do) ar chead dul isteach agus fé réir pé coiníollacha agus teoranta ordóidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra ar n-a dhéanamh fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so, ní leigfear an phuiblíocht isteach chun an tséadchomhartha san fén alt so gan toiliú únaer an tséadchomhartha san, ar n-a thabhairt leis an dintiúir sin no ar shlí eile, ná ar chaoi ar bith seachas do réir an toilithe sin.

(3) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra ar n-a dhéanamh fén Acht so agus toirmeasc ann, gan coiníoll no go gcoiníoll, in aghaidh na puiblíochta do leigint isteach chun an tséadchomhartha san, ní leigfear an phuiblíocht isteach chun an tséadchomhartha san gan toiliú únaer an tséadchomhartha san ná ar chaoi ar bith seachas do réir an toilithe sin ná ar chaoi ar bith seachas do réir na bhforálacha sa dintiúir sin (más ann dóibh) i dtaobh daoine do leigint isteach amhlaidh.

Cuirp d'adhlaca i séadchomharthaí náisiúnta.

17. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta is foirgint eaglasta féadfaidh na Coimisinéirí, más dó leo agus pé uair is dó leo gur gá no gur mhaith an rud san do dhéanamh, a thoirmeasc le hordú cuirp dhaoine marbha d'adhlaca (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) laistigh den tséadchomhartha náisiúnta san no laistigh de pé faid uaidh a bheidh luaidhte san ordú san, ach ní déanfar aon ordú den tsórt san i dtaobh séadchomhartha náisiúnta gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho ach amháin ar iarratas no le toiliú an údaráis áitiúla san.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheadú gan ordú dhéanfaid fén alt so do dhul i ngníomh maidir le corp pé duine no cuirp pé daoine d'adhlaca is dó leo is ceart agus a bheidh luaidhte no tuairiscithe san ordú san, agus, i gcás tuama no áit adhlacain eile do bheith i séadchomhartha no fé shéadchomhartha go mbeifear ar aigne ordú do dhéanamh ina thaobh fén alt so agus teideal ag únaerí an tséadchomhartha san go ndéanfaí a gcuirp féin agus cuirp dhaoine dá muirghin d'adhlaca ann tar éis bháis dóibh agus é do ghnás san do dhéanamh, ceadóidh na Coimisinéirí gan an t-ordú san do dhul i ngníomh maidir leis na cuirp sin d'adhlaca sa tuama no san áit adhlacain eile sin.

(3) Má deintear ordú fén alt so i dtaobh séadchomhartha náisiúnta ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chloch cinn, lia tuama, ráil no déanmhas eile den tsórt san do chur suas ar uaigh ar bith no ina timpeall laistigh den tséadchomhartha san no fé n-a iadh gan toiliú na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla (pe'ca aca é) is únaerí ar an séadchomhartha san no is caomhnóirí dho.

(4) Gach duine dhéanfaidh no a chuirfidh fé ndeár no a thabharfaidh chun críche corp duine mhairbh d'adhlaca laistigh de shéadchomhartha náisiúnta no fé n-a iadh contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén alt so no a dhéanfaidh aon chloch cinn, lia tuama, ráil no déanmhas eile den tsórt san do chur suas ar uaigh ar bith no ina timpeall no a chuirfidh fé ndeár no a thabharfaidh chun críche aon déanmhas den tsórt san do chur suas amhlaidh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Táibhléadaí do chur ar shéadchomharthaí náisiúnta stairiúla.

18. —Féadfaidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil, le toiliú únaer séadchomhartha náisiúnta go mbeidh stair ag baint leis agus a bheidh i gcás údaráis áitiúla, laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, féadfaid táibhléad, pláta, scríbhinn, no fógra eile ag innsint na nithe i dtaobh an tséadchomhartha náisiúnta san is bun le n-a bheith ina rud stairiúil do chur ar an séadchomhartha náisiúnta san no a chur fé ndeár san do dhéanamh.

Smacht ar fhógráin ar shéadchomharthaí náisiúnta.

19. —Cuirfear leis na crícheanna agus beidh ar na crícheanna chun ar féidir fo-dhlithe do dhéanamh fén Advertisements Regulation Act, 1907, rialáil do dhéanamh i dtaobh fógráin do thaisbeáint, agus srian agus cosc do chur le fógráin do thaisbeáint, ar shéadchomhartha náisiúnta ar bith no ann no ina leithéidí sin d'áiteanna in aice aon tséadchomhartha den tsórt san agus ar a leithéid sin de shlí no le n-a leithéidí sin de mheain go mbainfí o thaithneamhacht an tséadchomhartha san.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Féadfaidh na Coimisinéirí séadchomharthaí náisiúnta do scrúdú.

20. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, aon uair agus o am go ham, a chur fé ndeár go ndéanfaidh a n-oifigigh scrúduithe agus tuarasgabhála ar shéadchomharthaí náisiúnta fé mar ordóidh na Coimisinéirí go generálta no maidir le haon tséadchomhartha áirithe.

(2) Chun séadchomhartha náisiúnta ar bith do scrúdú fén alt so, féadfaidh oifigeach ar bith do sna Coimisinéirí dul isteach ar an séadchomhartha náisiúnta san agus ar aon tailte agus in aon áitreabhacha eile agus gach ní do dhéanamh ansan a mheasfa sé do bheith riachtanach chun crícheanna an scrúduithe sin.

(3) Gach duine dhéanfaidh bac no aon chur-isteach eile ar oifigeach do sna Coimisinéirí agus é ag feidhmiú comhachta ar bith dá mbeidh aige fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

Comhairle Chomhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta.

21. —(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, comhairle chomhairlitheach ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Comhairle Chomhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta (dá ngairmtear an Chomhairle Chomhairlitheach san Acht so) do bhunú chun comhairle agus congnamh do thabhairt do sna Coimisinéirí i dtaobh éinní thiocfaidh de dhruim forálacha an Achta so do chur i bhfeidhm no a bhainfidh leis sin no i dtaobh éinní eile bhaineann le séadchomharthaí náisiúnta agus le n-a gcosaint agus le n-a mbuan n-chimeád.

(2) Isiad a bheidh ar an gComhairle Chomhairlitheach ná Cimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta agus oifigeach do sna Coimisinéirí ainmneoidh an tAire chuige sin o am go ham, mar bhaill ex-officio, agus pé méid daoine eile (ar a n-áirítear ionadaithe do sna cóluchtaí seo leanas, eadhon, Acadamh Ríoga na hÉireann, Cumann Ríoga Seanchaí na hÉireann agus Fundúireacht Ríoga Ailtirí na hÉireann), mar bhaill ainmnithe, ainmneoidh an tAire chun bheith ina mbaill di.

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball ainmnithe den Chomhairle Chomhairlitheach ina bhall amhlaidh go ceann trí mblian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach le chéile pé uair a ghairmfidh na Coimisinéirí chun teacht le chéile iad agus fós ar pé ocáidí eile chinnfidh an Chomhairle o am go ham.

(5) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach a dtuairmí ar ní ar bith a bhaineann le séadchomharthaí náisiúnta do chur in úil do sna Coimisinéirí agus tabharfaid do sna Coimisinéirí, má iarraid sin ortha é, a gcomhairle i dtaobh aon cheiste bhaineann leis na séadchomharthaí sin.

(6) Féadfaidh an tAire íocaíochta do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill den Chomhairle Chomhairlitheach agus le coistí den Chomhairle sin i pé méideanna mheasfaidh an tAire do bheith cothrom mar aisíoc ar chostaisí taistil agus chun liúntas cothuithe d'íoc.

Coistí Comhairlitheacha Áitiúla.

22. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil coiste comhairlitheach (dá ngairmtear coiste comhairlitheach áitiúil san Acht so) do bhunú chun na feidhmeanna luaidhtear san alt so do chólíona agus isé bheidh mar theideal agus mar ainm ar gach coiste den tsórt san ná ainm líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla bhunóidh é agus na focail “Coiste Comhairlitheach na Séadchomharthaí Náisiúnta” roimhe.

(2) Beidh ar gach coiste comhairlitheach áitiúil pé líon daoine, nách lú ná triúr ná nách mó ná cúigear, a cheapfaidh an t-údarás áitiúil a bhunóidh é chun bheith ina mbaill de.

(3) Na daoine a ceapfar chun bheith ina mbaill de choiste chomhairlitheach áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil a cheapfaidh iad a shocrú, fé mar is rogha leo féin, ce'ca is gá no nách gá iad do bheith ina mbaill den údarás áitiúil sin, ach ní foláir do gach duine acu taithí agus cleachta no eolas speisialta do bheith aige ar ailtireacht, ar ársaíocht no ar abhar éigin den tsórt san no suim do bheith aige i ní de sna nithe sin agus beid i seilbh oifige mar bhaill den choiste sin ar feadh pé tréimhse shocróidh an t-údarás áitiúil le linn iad do cheapa.

(4) Tabharfaidh coiste comhairlitheach áitiúil don údarás áitiúil do bhunuigh é, pé uair iarrfaidh an t-údarás san air é, comhairle agus congnamh maidir leis na séadchomharthaí náisiúnta no le haon tséadchomhartha náisiúnta áirithe i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san do chosaint agus do bhuanchimeád no maidir le héinní eile thiocfaidh le linn an údarás áitiúil sin do chólíona a dhualgaisí agus a fheidhmeanna fén Acht so.

(5) Féadfaidh coiste comhairlitheach áitiúil pé aithris chúise is oiriúnach leis, i dtaobh séadchomharthaí náisiúnta ina líomatáiste fheidhmiúcháin, do chur fé bhráid an údaráis áitiúla do bhunuigh é no fé bhráid na gCoimisinéirí no na Comhairle Chomhairlithighe.

Tuarasgabhála go dtánathas ar rudaí ársa.

23. —(1) Gach duine thiocfaidh ar rud ársa ar bith, déanfa sé, laistigh de cheithre lá déag tar éis teacht ar an rud san do, tuarasgabháil ar a theacht air do thabhairt do bhall den Ghárda Síochána ar diuité sa cheanntar ina dtánathas ar an rud san amhlaidh no do Chimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta agus ag tabhairt na tuarasgabhála san uaidh do luadhfaidh a ainm agus a sheola féin, cineál no carachtar an ruda san agus an t-am agus an áit ina dtáinig air agus gach ar bhain le n-a theacht air agus, pe'ca bheidh tuarasgabháil mar adubhradh tugtha uaidh aige no ná beidh agus pé hé an duine dá dtug an tuarasgabháil sin (má thug in aon chor), déanfaidh fós faisnéis ar bith a bheidh aige i dtaobh an ruda san no i dtaobh a theachta air do thabhairt do bhall ar bith den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin ar a iarraidh sin air agus leigfidh d'aon bhall den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin an rud san d'iniúcha no do scrúdú no grianghraf de do thógaint.

(2) Gach duine thiocfaidh ar rud ársa agus—

(a) go dteipfidh air, gan leathscéal réasúnta, tuarasgabháil ar a theacht ar an rud san do thabhairt uaidh do réir an ailt seo, no

(b) a thabharfaidh uaidh fén alt so tuarasgabháil ar a theacht ar an rud san agus an tuarasgabháil sin bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach go bhfios do, no

(c) go dteipfidh air no a dhiúltóidh, contrárdha don alt so, faisnéis do thabhairt do bhall den Ghárda Síochána no do Chimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhúsaeum Náisiúnta i dtaobh an ruda ársa san no i dtaobh a theachta air, no

(d) a thabharfaidh faisnéis do bhall den Ghárda Síochána no don Chimeádaí sin i dtaobh an ruda ársa san no i dtaobh a theachta air agus an fhaisnéis sin bréagach no mí-threorach i bponc táchtach go bhfios do,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air.

Srian le rudaí ársa d'easportáil.

24. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon rud ársa d'easportáil ná tabhairt fé n-a easportáil ná do dhíol chun a easportála gan ceadúnas ar n-a thabhairt amach ón Aire Oideachais fén alt so ná ar chaoi ar bith seachas do réir a leithéide sin de cheadúnas.

(2) Féadfaidh an tAire Oideachais, más rogha leis é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun aon rud ársa áirithe d'easportáil agus féadfaidh pé coiníollacha agus sriantachtaí is dó leis is ceart do chur in aon cheadúnas den tsórt san.

(3) Duine ar bith easportálfaidh rud ársa no a thabharfaidh fé n-a easportáil no a dhíolfaidh é chun a easportála contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Toirmeasc ar dhíobháil, etc. do dhéanamh do rudaí ársa.

25. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith rud ársa ar bith do dhíobhálú, d'agha-lot no do mhille, ná ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith rud ársa ar bith d'atharú ar chaoi ar bith seachas fé cheadúnas agus do réir cheadúnais chuige sin ar n-a dheona fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire Oideachais más oiriúnach leis é ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun rud áirithe ársaíochta d'atharú i pé slí, i pé méid agus fé réir pé coiníollacha a bheidh luaidhte sa cheadúnas san.

(3) Gach duine a dhíobhálfaidh, a agha-loitfidh, a mhillfidh no a atharóidh rud ársa contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Srian le tochailt do dhéanamh chun crícheanna ársaíochta.

26. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, gan ceadúnas ar n-a thabhairt amach o sna Coimisinéirí fén alt so ná ar chaoi ar bith seachas do réir a leithéide sin de cheadúnas, romhar ná tochailt do dhéanamh in ná fé aon talamh (pe'ca deintear barr na talmhan d'aistriú no ná deintear) chun cuardach generálta do dhéanamh do rudaí ársa ná chun aon déanmhas no rud áirithe atá suimiuil maidir le cúrsaí ársaíochta agus is col no a creidtear do bheith sa talamh san no fé do chuardach no do nochta no do scrúdú ná chun aon chríche eile ársaíochta.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, más rogha leo é, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith chun romhar no tochailt in no fé aon talamh áirithe chun aon chríche áirithe ársaíochta agus féadfaid pé coiníollacha agus sriantachtaí is dó leo is ceart do chur in aon cheadúnas den tsórt san.

(3) Duine ar bith a romharfaidh no a thochlóidh in no fé aon talamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air.

(4) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le romhar no tochailt in no fé aon talamh, ná ní bheidh sé nea-dhleathach dá dhruim san do dhéanamh, chun no le linn aon oibriú talmhaíochta no céardais do dhéanamh ná ní oibreoidh ceadúnas fén alt so chun é dhéanamh dleathach ní ar bith do dhéanamh do bheadh neadhleathach mara mbeadh an t-alt so do rith.

Alt 14 den Irish Land Act, 1903, do leasú.

27. —In alt 14 den Irish Land Act, 1903, ciallóidh an abairt “ancient monument” an ní chialluíonn an abairt “séadchomhartha náisiúnta” san Acht so, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

45 & 46 Vic. c. 73.

An Ancient Monuments Protection (Ireland) Act, 1882.

An tAcht iomlán.

55 & 56 Vic. c. 46.

An Ancient Monuments Protection (Ireland) Act, 1892.

An tAcht iomlán.

1 Geo. V. c. 3.

An Ancient Monuments Protection Act, 1910.

An tAcht iomlán.

61 & 62 Vic. c. 37.

An Local Government (Ireland) Act, 1898.

Alt 19.

3 Edw. VII. c. 37.

An Irish Land Act, 1903.

Fo-alt (4) d'alt 14.

Uimh. 42 de 1923 .

An tAcht Talmhan, 1923 .

Alt 47.