3 1930


Uimhir 3 de 1930.


ACHT UM OIDEACHAS PHRÍOMH-SCOILE (TALMHAÍOCHT AGUS EOLAÍOCHT DÉIRÍOCHTA), 1930.


ACHT CHUN FO-ALT (1) D'ALT 8 DEN ACHT UM OIDEACHAS PHRÍOMH-SCOILE (TALMHAÍOCHT AGUS EOLAÍOCHT DÉIRÍOCHTA), 1926 , DO LEASÚ TRÍD AN AIMSIR D'FHAIDIÚ IN AR FÉIDIR ÍOCAÍOCHTA D'ÍOC FÉN bhFO-ALT SAN LE COLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, CORCAIGH, AGUS TRÉ MHÉID MHAXIMUM NA nÍOCAIOCHT SAN DO MHÉADÚ.

[4adh Márta, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 (Uimh. 32 de 1926) .

Alt 8 (1) den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Léireofar fo-alt (1) d'alt 8 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá ndintí na focail “Ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair 1932” do chur isteach ann in ionad agus in áit na bhfocal “Ar dháta nách déanaí ná trí bliana tar éis an lae cheaptha” atá anois ann.

(2) An méid d'fho-alt (1) d'alt 8 den Phríomh-Acht adeir gurb é méid a híocfar fé le Coláiste na Príomh-Scoile, Corcaigh, ná suim nách mó ná £67,000 (seacht míle seascad punt), scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige agus achtuítear leis seo ina ionad san nách mó ná suim £82,000 (dhá mhíle ochtód punt) an méid a híocfar leis an gColáiste sin fén bhfo-alt san.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.