14 1930


Uimhir 14 de 1930.


ACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE) (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN AN tACHT UM CHÚITEAMH STÁT-SHEIRBHÍSE (OIFIGIGH AISTRITHE), 1929 , DO LEASÚ TRÍD AN DÁTA CHUN OIFIGIGH AISTRITHE ÁIRITHE DO DHUL AS OIFIG DO CHUR NÍOS SIA SIAR NÁ MAR ATÁ CEAPTHA LE hALT 15 DEN ACHT SAN.

[4adh Meitheamh, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 (Uimh. 36 de 1929) .

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'Alt 15 den Phríomh-Acht tríd na focail “sé mhí” do chur in ionad na bhfocal “ceithre mhí” i mír (a) agus fós i mír (b) den fho-alt san, agus léireofar an tAlt san 15 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe) (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.