22 1930


Uimhir 22 de 1930.


ACHT NA dTITHE, 1930.


ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE, 1925 GO 1929, AGUS ACHT NA dTITHE, 1929, DO LEASÚ. [8adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “An Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) .

Deontaisí don Chólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha.

2. —(1) Athghairmtear leis seo an méid d'alt 1 den Phríomh-Acht a achtuíonn ná foluíonn an focal “duine” san Acht san an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha, agus ina ionad san achtuítear leis seo go bhfoluíonn an focal “duine” sa Phríomh-Acht an Cólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha agus, fé réir fhorálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, go léireofar an Príomh-Acht agus go mbeidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Ní thabharfaidh an tAire aon deontas fén bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é don Chólucht Talmhan do Mháirnéalaigh agus do Shaighdiúirí Eireannacha maidir le haon tigh gur tosnuíodh ar a thógáil roimh an Acht so do rith.

Alt 3 den Phríomh-Acht. do leasú.

3. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 den Phríomh-Acht tré sna focail “no sa bhliain airgeadais áitiúil dár críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932,” do chur isteach ann tar éis na bhfocal “no sa chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin.”

Méid iomlán na ndeontas do mhéadú.

4. —Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 3 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim milleon agus dhá chéad go leith míle púnt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d' Acht na dTithe, 1925 (Uimh 12 de 1925) , mar atá sé leasuithe le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 ( Uimh. 31 de 1928 ), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 den Phríomh-Acht.

Tréimhse chun tithe do thógáil.

5. —Leasuítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an riail seo leanas do chur isteach ann in ionad riail 4 atá ann anois agus léireofar an Sceideal san agus fós alt 2 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aca dá réir sin, sé sin le rá:—

“4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, agus roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 31adh lá de Dheire Fomhair, 1931, a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí.”

Gearr-theideal, luadh, agus léiriú.

6. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do ghairm d'Achtanna na dTithe, 1925 agus 1928, den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na dTithe, 1929 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

(4) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht.