8 1931


Uimhir 8 de 1931.


ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931.


ACHT CHUN ROINN TALMHAÍOCHTA AGUS CHEÁRD-OIDEACHAIS NA hÉIREANN DO SCUR, CHUN NA FEIDHMEANNA FHEIDHMÍONN AN ROINN SIN FÉ LÁTHAIR D'AISTRIÚ, CUID ACU CHUN AN AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS AN CHUID EILE CHUN AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH DAOINE ATÁ ANOIS NÓ DO BHÍ LE DÉANAÍ AR FOSTÚ AG AN ROINN SIN AGUS AG FÁIL LUACH SAOTHAIR AS CISTÍ NA ROINNE SIN, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SCÉIMEANNA I dTAOBH TALMHAÍOCHTA AGUS TIONNSCAL EILE TUATHA DO CHEAPA AGUS DO CHUR IN ÉIFEACHT, AGUS CHUN COILLTE ATÁ ANN FÉ LÁTHAIR DO BHUAN-CHIMEÁD, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEANN NO GHABHANN LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[29adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRAITEACH.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1931.

Minithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Roinn” Roinn Talmhaíochta agus Cheard-Oideachais na hÉireann;

cialluíonn an abairt “Acht 1899” an Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

foluíonn an abairt “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” cabhrú le gach tionnscal no aon tionnscal acu so leanas, agus é d'fheabhsú agus do shaothrú agus teagasc do thabhairt ann, sé sin le rá, talmhaíocht, garradóireacht, foraoiseacht, déiríocht, síolrú capall, bó agus eallaigh eile-stuic agus éanlaithe clóis, beachaireacht, saothrú agus ullamhú lín, agus aon fhothionnscal a bhaineann go dlúth le haon tionnscal acu san agus foluíonn an abairt sin, leis, cabhrú le riachtanaisí agus tora talmhaíochta d'iompar agus do roinnt no san do chur in usacht;

cialluíonn an focal “contae” contae riaracháin ach ní fholuíonn sé contae-bhuirg;

cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” an luach ionrátuithe bliantúil fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn an abairt “bliain airgeadais áitiuil” tréimhse bliana dar críoch aon 31adh lá de Mhárta.

CUID I.

Roinn Talmhaiochta agus Cheard-Oideachais na hÉireann do Scur agus a Feidhmeanna d'Aistriu.

An Roinn do scur.

3. —Beidh an Roinn scurtha díreach i dtosach feidhme an Achta so.

Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Aire Talmhaíochta.

4. —(1) Deintear leis seo na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach a luaidhtear anso ina dhiaidh seo (dá ngairmtear le chéile san Acht so na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun an Aire) d'aistriú chun an Aire agus iad do bhronna agus do chur air, sé sin le rá:—

(a) na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach, fé sna hachtacháin fé seach atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus

(b) na comhachta agus na dualgaisí maidir le Coláiste Talmhaíochta (ar a dtugtar, leis, Roinn Oiliúna Talmhaíochta agus Déiríochta Ailbhe agus ar a dtugtaí Fundúireacht Ailbhe tráth) i nGlas Noidhean, Baile Atha Cliath, agus Fundúireacht na Mumhan (ar a dtugtar, leis, Scoil Déiríochta agus Fundúireacht Talmhaíochta na Mumhan agus ar a dtugtaí Fothaíocht na Mumhan tráth) do haistríodh chun na Roinne fé mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1899 agus na comhachta agus na dualgaisí eile go léir (más ann dóibh) do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona maidir leis an gColáiste sin no leis an bhFundúireacht san díreach roimh thosach feidhme an Achta so, agus

(c) na comhachta agus na dualgaisí reachtúla eile go léir (más ann dóibh) (seachas comhachta agus dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht so) do bhí á bhfeidhmiú no á gcólíona ag an Roinn no go mb'fhéidir don Roinn iad d'fheidhmiú no do chólíona díreach roimh thosach feidhme an Achta so.

(2) I dteanta na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire anso roimhe seo, beidh ag an Aire na comhachta agus na dualgaisí seo leanas do bhí dílsithe go dtí so sa Roinn fé Acht 1899, agus féadfa sé iad d'fheidhmiú agus do chólíona, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire pé fiosrúcháin, trialacha agus taighdeachán do dhéanamh, no a chur fé ndeár iad do dhéanamh, no cabhrú chun a ndéanta, agus pé eolas do chruinniú no cabhrú chun a chruinnithe, is dóich leis do bheith táchtach chun crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha; agus

(b) féadfaidh an tAire pé nithe is dóich leis is ceart do dhéanamh chun teacht i láthair mar ghearánaí thar ceann duine ar bith ar a ngoillfidh éinní (nách ní dheineann deifir don Aire Puist agus Telegrafa) go bhfuil dlighinse ag an mBínse Bóthair Iarainn chun a éistithe agus chun breithe do thabhairt air de bhua aon fheidhme, dlighinse, comhachta no dualgais do haistríodh chuige o Choimisinéirí na mBóthar Iarainn agus na gCanálach; agus

(c) féadfaidh an tAire pé nithe is dóich leis is ceart do dhéanamh chun cúisithe do bhunú fé ailt 6, 7 agus 8 den Fertilizers and Feeding Stuffs Act, 1906.

(3) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar an Aire le mír (b) den fho-alt san roimhe seo agus gan dochar do sna comhachta san d'fheidhmiú, beidh ceart éisteachta ag an Aire, tré oifigeach don Aire no tré abhcóide no tré atúrnae, i láthair an Bhínse Bhóthair Iarainn maidir le héinní go bhfuil dlighinse ag an mBínse Bóthair Iarainn chun a éistithe agus chun breithe do thabhairt air de bhua Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) .

(4) Sara bhfeidhmeoidh sé na comhachta bronntar air le mír (b) d'fho-alt (2) den alt so no an ceart a bronntar air le fo-alt (3) den alt so raghaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála maidir leis na comhachta san no leis an gceart san d'fheidhmiú.

(5) Féadfaidh an tAire, i pé slí is dóich leis is fearr, pé mion innste is dóich leis is ceart d'fhoillsiú maidir le haon fhiosrúcháin, trialacha, taighdeachán no eolas a dhéanfa sé no a chruinneoidh sé no a déanfar no a cruinneofar do no le n-a chongnamh fé sna comhachta bronntar air anso roimhe seo chuige sin no de bhua na gcomhacht san.

Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

5. —Na comhachta agus na dualgaisí (dá ngairmtear le chéile san Acht so na comhachta agus na dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála), fé alt 3 agus fé fho-alt (2) d'alt 4 den Markets and Fairs (Weighing of Cattle) Act, 1891. do bhí dílsithe, tráth, i gCoimisiún Talmhan na hÉireann agus do bhí dílsithe sa Roinn díreach roimh thosach feidhme an Achta so, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus iad do bhronna agus do chur air.

Oifigigh d'aistriú.

6. —(1) Aistrítear leis seo chun na Roinne Talmhaíochta na hoifigigh d'oifigigh na Roinne go mbeidh baint acu, i dtosach feidhme an Achta so, leis na comhachta agus leis na dualgaisí a haistrítear chun an Aire.

(2) Aistrítear leis seo chun na Roinne Tionnscail agus Tráchtála na hoifigigh d'oifigigh na Roinne go mbeidh baint acu, i dtosach feidhme an Achta so, leis na comhachta agus leis na dualgaisí a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

Achtacháin atá ann anois d'oiriúnú.

7. —(1) Gach luadh no tagairt, atá in aon achtachán le n-a mbaineann an t-alt so, don Lord Lieutenant, don Chief Secretary to the Lord Lieutenant, don Under-Secretary to the Lord Lieutenant, do sna Commissioners of National Education, do Choimisiún Talmhan na hÉireann, don Loan Fund Board no don Roinn, maidir le feidhmiú no le cólíona na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Talmhaíochta.

(2) Gach luadh no tagairt, atá in aon achtachán le n-a mbaineann an t-alt so, do Choimisiún Talmhan na hÉireann no don Roinn, maidir le feidhmiú no le cólíona na gcomhacht agus na ndualgas a haistrítear chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(3) Baineann an t-alt so leis na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, gach Acht den Oireachtas do ritheadh roimh thosach feidhme an Achta so, agus gach Reacht Briotáineach, agus gach ordú, riail, rialachán, no fo-dhlí do rinneadh no atá le déanamh fé aon Acht no Reacht den tsórt san no fé aon Acht den tsórt san agus fé aon Reacht den tsórt san le chéile.

Maoin na Roinne d'aistriú.

8. —(1) An talamh uile i Saorstát Éireann a bheidh dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so tré reacht, tré dhintiuir, tré chonnra, no ar aon tslí eile tiocfa sé, gan leithliú ar bith do dhéanamh air, chun bheith agus beidh sé dílsithe san Aire no i seilbh ar iontaoibh do (pe'ca aca is gá sa chás) díreach ar thosach feidhme an Achta so chun an estáit, an téarma agus an leasa uile chun a raibh sé dílsithe sa Roinn no i gcimeád ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so.

(2) An mhaoin agus an tsócmhainn uile (agus rudaí ar fiunraoi d'áireamh ach gan talamh d'áireamh) a bheidh dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di no aici díreach roimh thosach feidhme an Achta so tré reacht, tré dhintiuir, tré chonnra, no ar aon tslí eile, beid dílsithe san Aire díreach ar thosach feidhme an Achta so chun an leasa uile chun a rabhadar dílsithe sa Roinn no i seilbh ar iontaoibh di díreach roimh thosach feidhme an Achta so.

(3) An t-airgead, na stocanna, na scaireanna agus na hurrúis uile a haistrítear chun an Aire leis an alt so agus a bheidh curtha síos i leabhair Bhanc na hÉireann no i leabhair aon chorparáide no cuideachtan eile in ainm na Roinne ar dháta thosach feidhme an Achta so, déanfar, ar iarratas an Aire, iad d'aistriú chun ainm an Aire.

(4) O thosach feidhme an Achta so agus dá éis sin féadfaidh an tAire dul chun dlí in a ainm féin mar gheall ar gach banna, oblagáid, urrús no rud eile ar fiunraoi do rinneadh leis an Roinn no chúichi agus go n-aistrítear a thairbhe leis an alt so agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an banna, an oblagáid, no an t-urrús san no an rud san ar fiunraoi ina cheangal.

Connartha ar feitheamh d'oiriúnú.

9. —(1) Maidir le gach dintiuir agus gach connra i scríbhinn do rinne duine ar bith leis an Roinn no do rinne an Roinn le duine ar bith roimh thosach feidhme an Achta so, mara ndeintear agus sa mhéid ná déanfar téarmaí agus forálacha an dintiúra, an chonnartha no an chó-aontuithe sin d'fheidhmiú go hiomlán agus do chríochnú roimh thosach feidhme an Achta so léireofar agus léighfear é fé is dá gcuirtí an tAire in ionad na Roinne sa dintiuir, sa chonnra no sa chó-aontú san.

(2) Na tairbhí bronntar agus na hoblagáidí cuirtear ar an Roinn le haon dintiuir, connra no có-aontú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, beid fé seach, sa mhéid go mbeid fós gan cólíona, dílsithe san Aire no curtha air, o thosach feidhme an Achta so, chó hiomlán is dá n-ainmnítí an tAire féin sa dintiuir, sa chonnra, no sa chó-aontú san.

Leanúint d'imeachta bheidh ar feitheamh ag an Roinn no ina coinnibh.

10. —Díreach tar éis tosach feidhme an Achta so tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé ina pháirtí in ionad na Roinne i ngach cúis, cúrsa agus imeacht gur páirtí ann an Roinn agus a bheidh ar feitheamh in aon chúirt i Saorstát Éireann i dtosach feidhme an Achta so agus leanfar de gach cúis, cúrsa, agus imeacht den tsórt san idir an tAire agus na páirtithe eile ann dá réir sin.

Comhairlí Comhairlitheacha.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le toiliú an Aire Airgid agus tar éis do dul i gcomhairle le pé cóluchta agus daoine is dóich leis is fearr ionaduíonn na dreamanna uile le n-a mbaineann, comhairle chomhairlitheach do bhunú le hordú chun comhairle agus congnamh do thabhairt do i dtaobh na nithe luadhfa sé san ordú san no in ordú ar bith ina dhiaidh sin (eadhon, nithe bhaineann leis na seirbhísí puiblí a bheidh de thurus na huaire fé chúram na Roinne Talmhaíochta agus nách nithe bhaineann, de bhua Achta den Oireachtas do ritheadh roimh an Acht so no ina dhiaidh, le comhairle chomhairlitheach do bunuíodh fén Acht san).

(2) Beidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so có-dhéanta de pé daoine, go dtaithí no go n-eolas fé leith acu ar na nithe go bhféadfaidh an chomhairle sin comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh, a ainmneoidh an tAire o am go ham, tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, chun bheith ina mbaill di.

(3) Marab éag na eirghe as roimhe sin do beidh gach ball de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhliain o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh comhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire le chéile iad agus fós ar pé ócáidí eile ar a socróidh an chomhairle sin o am go ham.

(5) Féadfaidh an tAire íocaíochta, i pé méideanna cheadóidh an tAire Airgid, d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le baill de chomhairle chomhairlitheach a bunófar fén alt so no le baill de choiste dhi, ar scór aisíoca costaisí taistil agus íoca liúntais chothuithe.

Aois-liúntaisí do shean-oifigigh áirithe den Roinn.

12. —(1) Féadfar aois-liúntaisí no liúntaisí eile no aiscí, do réir an scála a bheidh leagtha amach sna hAchtanna Aois-liúntas a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do dheona do pé daoine no maidir le pé daoine (eadhon, daoine atá i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann le linn an Achta so do rith agus do híoctaí uair ar bith i bpáirt no go hiomlán as aon chiste speisialta) go gceadóidh an tAire Airgid ina dtaobh é agus ar son pé seirbhíse go n-ordóidh an tAire sin ina taobh é agus, fé réir forálacha na nAcht san (lasmuich den mhéid d'alt 17 den Superannuation Act, 1859, le n-a n-achtuítear ná tuigfear chun crícheanna an Achta san aon duine ceapfar feasta do bheith tar éis seirbhíse i Stát-Sheirbhís bhuan an Stáit maran sa tslí luaidhtear san Acht san a bheidh a cheapachán ag an duine sin no do leigeadh isteach sa Stát-Sheirbhís é) agus chun crícheanna an ailt seo, tuigfear go ndearnadh na daoine go gceadófar ina dtaobh amhlaidh d'ioc ar son gach tréimhse seirbhíse is seirbhís speisialta as airgead do vótáil an tOireachtas do réir bhrí ailt 17 den Superannuation Act, 1859.

(2) Pé uair a bheidh duine gur cheaduigh an tAire Airgid ina thaobh fén bhfo-alt san roimhe seo ina oifigeach aistrithe do réir bhrí an Achta um Chúiteamh Stát-Sheirbhíse (Oifigigh Aistrithe), 1929 ( Uimh. 36 de 1929 ) agus a bheidh sé beo agus an ceadú san á dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear go ndearnadh an ceadú san fé réir choinníll (dá ngairmtear an chéad choinníoll sa bhfo-alt so) ná déanfar tairbhe ar bith a thiocfaidh chun an duine sin fén alt so do chur san áireamh agus aon cheist i dtaobh cúitimh fén Acht san á socrú; agus

(b) fé réir na céad mhíre eile ina dhiaidh seo, tuigfear fós go ndearnadh an ceadú san fé réir choinníll (dá ngairmtear an dara coinníoll sa bhfo-alt so) go gcuirfidh an duine sin chun an Aire Airgid, laistigh de mhí tar éis an cheaduithe sin do bheith curtha in úil do, toiliú i scríbhinn ag glaca leis an gcéad choinníoll agus má theipeann ar an duine sin no má leigeann sé i bhfaillí an dara coinníoll do chólíona cuirfidh an teip no an fhaillí sin an ceadú san ar nea-mbrí; agus

(c) ní tuigfear go ndearnadh an ceadú san fé réir an dara coinníll—

(i) má gheibheann an duine sin bás sara gcuirfear an ceadú san in úil do, no

(ii) má gheibheann an duine sin bás tar éis an cheaduithe sin do chur in úil do agus laistigh de mhí o dháta a churtha in úil do, no

(iii) má dheimhníonn an tAire Airgid nár cheart, ag féachaint do laige chuirp no aigne an duine sin, a thuisgint, i gcás an duine sin, go ndearnadh an ceadú san fé réir an dara coinníll.

(3) San alt so—

cialluíonn an abairt “ciste speisialta”—

(a) an Cattle Pleuro-pneumonia Account for Ireland of the General Cattle Diseases Fund, do bhí ann tráth, sé sin, an Cuntas dá dtagartar in alt 73 den Diseases of Animals Act, 1894; no

(b) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 15 d'Acht 1899; no

(c) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 1 den Agriculture and Technical Instruction (Ireland) (No. 2) Act, 1902; no

(d) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne le halt 49 den Irish Land Act, 1909; no

(e) airgead (ar a n-áirítear a thora) do cuirtí tráth ar chur na Roinne fé ailt 1 agus 2 den Development and Road Improvement Funds Act, 1909; no

(f) an Ciste Foraoiseachta do bhí ann tráth agus do bunuíodh fé alt 8 den Forestry Act, 1919;

cialluíonn an abairt “seirbhís speisialta”—

(a) seirbhís fén Roinn; no

(b) seirbhís fén Aire; no

(c) i gcás oifigigh d'aon choiste no có-choiste do ceapadh fé alt 14 d'Acht 1899, sé sin, oifigeach do ceapadh chun puist díreach fén Roinn ar an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no roimhe sin, seirbhís fén gcoiste no fén gcó-choiste sin; no

(d) seirbhís fé sna Coimisinéirí Foraoiseachta; no

(e) seirbhís fé údarás ar bith eile gur haistríodh iomlán a chomhacht agus a dhualgas no cuid acu, go díreach no go nea-dhíreach, chun an Aire no chun na Roinne.

CUID II.

Sceimeanna Talmhaiochta agus Foraoiseachta.

Coiste talmhaíochta do bhunú.

13. —Beidh i ngach contae coiste, dá ngairmfear coiste talmhaíochta, chun na feidhmeanna ceaptar do choistí talmhaíochta leis an gCuid seo den Acht so do chólíona maidir leis an gcontae sin.

Coistí talmhaíochta atá ann anois.

14. —(1) An coiste is ionann i gcontae, i dtosach feidhme an Achta so, agus an coiste do ceapadh fé alt 14 d'Acht 1899 don chontae sin isé bheidh mar choiste talmhaíochta don chontae sin chun crícheanna an Achta so go dtí an chéad chruinniú bliantúil de chomhairle na contae sin a comórfar tar éis tosach feidhme an Achta so.

(2) Faid a leanfaidh coiste do ceapadh fé alt 14 d'Acht 1899 de bheith ina choiste thalmhaíochta chun crícheanna an Achta so leanfaidh na hachtacháin, na rialacha agus na horduithe uile a rialuíonn ceapa agus ballraíocht an choiste sin, agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta so, de bhaint do bheith acu leis an gcoiste sin d'ainneoin éinní atá san Acht so.

Ceapa agus ballraíocht choistí talmhaíochta.

15. —Fé réir na bhforálacha den Acht so le n-a ndeintear coiste talmhaíochta chun crícheanna an Achta so de choiste do ceapadh fé alt 14 d'Acht 1899, isiad a cheapfaidh an coiste talmhaíochta do chontae ná comhairle na contae sin agus bainfidh na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so le ceapa agus le ballraíocht gach coiste den tsórt san agus rialóid na nithe sin.

An nósimeachta ag cruinnithe de choistí talmhaíochta.

16. —(1) Ceathrar ball i láthair i bpearsain is quorum ag cruinniú de choiste thalmhaíochta.

(2) Féadfaidh coiste talmhaíochta gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith ina bhallraíocht agus d'ainneoin gur scuir an coiste sin, de bhíthin an fholúntais no na bhfolúntas san, de bheith có-dhéanta do réir an Achta so.

(3) Ag cruinniú ar bith de choiste féadfaidh an duine toghfar chun gníomhú mar chathaoirleach air vóta réitigh do thabhairt uaidh má bhíonn có-ionnanas vótanna ann.

(4) Fé réir forálacha an Achta so agus forálacha rialachán a déanfar fé, rialóidh gach coiste talmhaíochta, le buan-orduithe no ar shlí eile, an nós-imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag a chruinnithe.

Cruinnithe tréigfear cheal quorum.

17. —Pé uair a tréigfear cruinniú de choiste thalmhaíochta toisc gan quorum do bheith i láthair breacfar láithreach ainmneacha na mball do tháinig ar an uair agus san áit do ceapadh don chruinniú san agus, chun crícheanna na bhforálacha den Acht so maidir le baill do theacht fé dhí-cháilíocht tré bheith as láthair o chruinnithe agus na bhforálacha den Acht so maidir le costaisí taistil d'íoc le baill de choistí, tuigfear go raibh cruinniú den choiste sin san áit sin an uair sin agus go raibh na baill go bhfuil a n-ainmneacha ar breaca amhlaidh i láthair ag an gcruinniú san.

Costaisí taistil d'íoc le baill de choistí.

18. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh gach coiste talmhaíochta le gach ball den choiste sin, chó luath agus is féidir é tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus an 30adh lá de Mheitheamh gach bliain, pé rann-íoc (más ann do) a húdaruítear leis na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeaghaidh an ball san i rith na leath-bhliana roimhe sin tré bheith i láthair ag cruinnithe an choiste sin.

(2) Ní bheidh rann-íoc ar bith iníoctha fén alt so in aghaidh aon tréimhse leath-bhliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag bliain ar bith no an 30adh lá de Mheitheamh bliain ar bith le ball de choiste thalmhaíochta ar son a bheith i láthair ag cruinnithe den choiste sin do bhí ann i rith na tréimhse sin mara raibh sé i láthair ag leath na gcruinniú san ar a laighead.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, maidir leis an tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dar críoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, sé sin le rá:—

(a) tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur tréimhse leathbhliana an tréimhse sin; agus

(b) ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt san roimhe seo maidir leis an tréimhse sin.

(4) Einne dhéanfaidh ráiteas bréagach go feasach no a leigfidh go feasach a leithéid do dhéanamh chun go n-íocfaí suim leis féin no le duine eile fén alt so no dá réir, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná bliain.

(5) Einne ciontófar i gcionta fén alt so beidh sé as san amach fé dhí-cháilíocht ná leigfidh é thogha ná é bheith mar bhall d'aon choiste talmhaíochta ná d'aon choiste oideachais ghairme beatha, ná d'aon chomhairle, cólucht, ná coiste is údarás áitiuil do réir bhrí Acht 1925 agus fós fé dhí-cháilíocht ná leigfidh é bheith i seilbh aon oifige ná fostaíochta fé aon choiste talmhaíochta ná fé aon choiste oideachais ghairme beatha ná fé aon chomhairle, cólucht, ná coiste mar adubhradh.

Cuid IV. d'Acht 1925 do chur i mbaint.

19. —(1) Tuigfear gach coiste talmhaíochta do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí Chuid IV. d'Acht 1925 agus bainfidh an Chuid sin den Acht san le coistí talmhaíochta agus le n-a gcuid oifigeach dá réir sin fé réir na n-atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(2) Ní bhainfidh alt 50 d'Acht 1925 le cás coistí talmhaíochta agus a gcuid oifigeach agus ina ionad san achtuítear leis seo gurb iad íocfaidh gach suim is iníoctha fén gCuid sin IV. d'Acht 1925, mar a cuirtear i mbaint í tríd an alt so, ar scór liúntais no aisce deonfar fén gCuid sin do dhuine dob oifigeach roimhe sin do choiste talmhaíochta do chontae ná comhairle na contae sin agus go déanfar an tsuim sin do chruinniú tríd an ráta céanna tré n-a gcruinneofar an ráta talmhaíochta a chruinneoidh an chomhairle sin agus d'íoc amach as na cistí céanna as a n-íocfar an ráta san agus do mhuirearú ar an líomatáiste céanna ar a muirearófar an ráta san, ach ní háireofar aon tsuim den tsórt san chun crícheanna achtacháin ar bith (agus an tAcht so d'áireamh) tré n-a gcuirtear teora le méid an ráta san.

(3) Ní bhainfidh alt 47 d'Acht 1925, mar a leasuítear é le halt 9 d'Acht 1927, le eás coistí talmhaíochta agus a gcuid oifigeach, agus ina ionad san achtuítear leis seo mar leanas:—

(a) pé uair a bheidh liúntas no aisce iníoctha, do réir fo-alt (2) den alt so, ag comhairle chontae (dá ngairmtear an cólucht íocach sa bhfo-alt so) le duine ar bith, fé Chuid IV. d'Acht 1925 mar a cuirtear i mbaint í tríd an alt so, mar gheall ar é do scur de bheith i seilbh oifige fé choiste talmhaíochta agus, le linn na seirbhíse bhí tugtha ag an oifigeach san ar dháta an scuir sin do dhéanamh amach, go ndéanfar aon tseirbhís fé údarás áitiuil eile (dá ngairmtear an cólucht rann-íocach san alt so) do chur le chéile agus d'áireamh, aisíocfaidh an cólucht rann-íocach leis an gcólucht íocach cuid den liúntas no den aisce sin, cuid a háireofar do réir sheirbhíse agus phágha an oifigigh sin fén gcólucht rann-íocach agus do réir chúise a scurtha de bheith i seilbh oifige fén gcólucht íocach, agus socrófar an chuid sin tré chó-aontú idir an dá chólucht no mara gcó-aontuíd socróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí í, agus

(b) chun crícheanna na míre sin roimhe seo tuigfear seirbhís oifigigh fé choiste de chólucht rann-íocach do bheith ina seirbhís fén gcólucht rann-íocach san agus tuigfear seirbhís oifigigh fé chó-choiste de dhá chólucht ranníocacha no níos mó do bheith ina seirbhís fé gach cólucht rann-íocach acu san.

Forálacha áirithe d'Acht 1925 mar a leasuítear iad do chur i mbaint.

20. —(1) Tuigfear gach coiste talmhaíochta do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí alt 60 d'Acht 1925 mar a leasuítear é le halt 13 d'Acht 1927 agus do réir bhrí altanna 61, 62, 70 agus 71 d'Acht 1925, agus bainfidh na hailt sin 60 (mar a leasuítear amhlaidh é), 61, 62, 70 agus 71 le coistí talmhaíochta agus le n-a gcuid ball agus le n-a gcuid oifigeach dá réir sin fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá, san alt san 60 mar a leasuítear é amhlaidh ciallóidh an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta, agus san alt san 71 cuirfear an abairt “Aire Talmhaíochta” in ionad na habairte “Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, ní tuigfear chun crícheanna achtacháin ar bith (agus Acht 1925, mar a leasuítear é le hAcht 1927, d'áireamh) aon choiste talmhaíochta do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí an Achta san 1925 mar a leasuítear é amhlaidh ná ina choiste de chomhairle chontae.

Achtanna na nUdarás nAitiuil (Comhar-Arachas), 1926 agus 1928, do chur i mbaint.

21. —Chun crícheanna Achtanna na nUdarás nAitiuil (Comhar-Arachas), 1926 agus 1928, tuigfear gach coiste talmhaíochta do chontae do bheith ina choiste de chomhairle na contae sin agus bainfidh na hAchtanna san le coistí talmhaíochta dá réir sin.

Oifigigh do choistí talmhaíochta.

22. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ceapfaidh gach coiste talmhaíochta pé oifigigh agus seirbhísigh is dóich leis o am go ham is gá chun a chomhacht agus a dhualgas do chólíona go cuibhe fén Acht so.

(2) Beidh líon, cáilíochta, tuarastail no luach saothair, agus ceapa na n-oifigeach uile fé réir aontú an Aire.

inphinsin do réir bhrí alt 42 d'Acht 1925, mara mbeidh aontú comhairle na contae sin le bunú na hoifige sin agus le scála an luach saothair a bheidh ag gabháil léi faighte roimh ré.

(3) Ní bhunóidh coiste talmhaíochta do chontae aon oifig

(4) Féadfaidh coiste talmhaíochta seirbhíseach ar bith don choiste sin do bhrise agus, le haontú an Aire, oifigeach ar bith don choiste sin do chur as seilbh a oifige.

(5) Tuigfear coiste talmhaíochta do bheith ina údarás áitiuil do réir bhrí Achta na nUdarás nAitiuil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh, 39 de 1926), agus chun na críche sin ciallóidh an abairt “an tAire” san Acht san maidir le coiste talmhaíochta an tAire Talmhaíochta.

An tAire do chur oifigeach agus seirbhíseach as seilbh.

23. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, ar mhola no ar ghearán o choiste talmhaíochta no dá éamais sin, aon oifigeach no seirbhíseach íoctha do choiste talmhaíochta do chur as a oifig no as a fhostaíocht ná beidh oiriúnach no ná beidh inniuil, dar leis, chun a dhualgaisí do chólíona no a dhéanfaidh uair ar bith diúlta dá dhualgaisí no d'aon cheann áirithe acu do chólíona no faillí do thabhairt ionta no in aon cheann áirithe acu go toiliuil agus féadfa sé a ordú duine ceart oiriúnach do cheapa ina áit do réir na dlí bhaineann le daoine do cheapa chun na hoifige no na fostaíochta san.

(2) Sara ndéanfaidh an tAire oifigeach no seirbhíseach do choiste talmhaíochta do chur as a oifig no as a fhostaíocht fén alt so bhéarfaidh i scríbhinn don choiste sin agus fós don oifigeach no don tseirbhíseach san fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an oifigigh no an tseirbhísigh sin do chur as oifig no as fostaíocht amhlaidh, agus má dheineann an coiste sin no an t-oifigeach no an seirbhíseach san, sara mbeidh téarma an fhógra san caithte, a iarraidh i scríbhinn ar an Aire fiosrúchán áitiuil do dhéanamh fén Acht so i dtaobh an oifigigh no an tseirbhísigh sin do chólíona a dhualgas mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsort san, ní chuirfidh an tAire an t-oifigeach no an seirbhíseach san as oifig no as fostaíocht amhlaidh mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh a chur fé ndeár an fiosrúchán áitiuil sin do dhéanamh agus tuarasgabháil an té dhéanfaidh an fiosrúchán áitiuil sin do bhreithniú.

(3) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun oifigigh no seirbhísigh do choiste talmhaíochta do chur as a oifig no as a fhostaíocht fén alt so do sheirbheail ar an gcoiste sin tré n-a chur tríd an bpost go dtí príomh-oifigeach feidhmiúcháin an choiste sin agus ar an oifigeach no ar an seirbhíseach san tré n-a sheachada dho no tré n-a chur chuige tríd an bpost chun na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

An tAire do dhéanamh fiosrúchán n-áitiúil.

24. —(1) Féadfaidh an tAire uair ar bith a chur fé ndeár fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán áitiuil san Acht so) do dhéanamh i dtaobh oifigeach no seirbhíseach do choiste talmhaíochta do chólíona a dhualgas mar oifigeach no mar sheirbhíseach den tsórt san agus chuige sin féadfaidh an tAire duine dá oifigigh do cheapa chun an fhiosrúcháin áitiúla san do dhéanamh.

(2) Má chuireann an tAire fé ndeár fiosrúchán áitiuil do dhéanamh, féadfaidh ordú do dhéanamh á ordú go ndéanfadh an coiste talmhaíochta le n-a mbaineann an fiosrúchán san na costaisí fé na ndeachthas ina thaobh d'íoc, agus deimhneoidh aon ordú den tsórt san méid na gcostas san agus an méid a deimhneofar amhlaidh beidh ina fhiacha ag an Aire ar an gcoiste sin agus féadfaidh an tAire a bhaint den choiste sin mar fhiacha síbhialta i gcúirt dlighinse inniúla.

(3) Chun crícheanna an ailt seo áireofar ar chostaisí aon fhiosrúcháin áitiúla pé costaisí réasúnta, d'fhínnithe bheidh ag an bhfiosrúchán san, a lomhálfaidh an tAire.

Fínnithe ag fiosrúcháin áitiúla.

25. —(1) Le gairm sa bhfuirm orduithe fé n-a láimh féadfaidh oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh a cheangal ar dhuine ar bith teacht i láthair san am agus san áit (nách áit is sia ná triocha míle o áit chomnaithe an duine sin) a hainmneofar sa ghairm sin agus, ansan, fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinn ar bith a bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige agus a bhaineann le héinní bheidh i gceist ag an bhfiosrúchán san do thabhairt i láthair, no an dá ní sin do dhéanamh.

(2) Gairm do bhéarfar amach fén alt so, seirbheálfar í tré n-a seachada don té go mbeidh a sheola uirthe no tré n-a fágaint do le duine in aois a shé mblian déag no nios mó ag gnáth-áit chomhnaithe an chéad duine sin a luaidhtear.

(3) Má dheineann éinne—

(a) ar a sheirbheail go cuibhe le gairm fen alt so, raillí ar theacht i láthair do réir na gairme sin; no

(b) ar bheith i láthair do ag fiosrúchán áitiuil mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh oifigeach déanta an fhiosrúcháin sin air do réir dlí do thabhairt no do scríbhinn ar bith bheidh fé n-a chomhacht no ar seilbh no ar fáil aige do thabhairt i láthair a cheanglóidh an t-oifigeach san air do réir dlí do thabhairt i láthair, no d'aon cheist áirithe do fhreagairt gur féidir don oifigeach san do réir dlí a cheangal air freagra do thabhairt uirthi,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Le linn fínné do bheith i láthair oifigigh dhéanta fhiosrúcháin áitiúla beidh sé i dteideal na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna do bheadh aige dá mba fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

(5) San alt so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so.

Daoine do chur fé mhionn ag fiosrúcháin áitiúla.

26. —Beidh ag oifigeach a cheapfaidh an tAire chun fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh comhacht chun fianaise fé mhionn do ghlaca agus chuige sin féadfa sé daoine thiocfaidh ina láthair mar fhínnithe do chur fé mhionn.

Scálaí de thuarastail d'oifigigh.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén alt so, na scálaí de thuarastail d'ordú do sna saghsanna uile oifigeach a bheidh ar fostú ag coistí talmhaíochta.

(2) Ní íocfaidh coiste talmhaíochta le hoifigeach ar bith a bheidh ar fostú aige tuarastal is lugha ná an tuarastal chun a mbeidh teideal ag an oifigeach san do réir an scála a hordófar leis na rialacháin sin don tsaghas oifigeach gur de an t-oifigeach san.

Costaisí taistil d'oifigigh.

28. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén alt so, a ordú cadiad na cásanna ina lomhálfar costaisí taistil agus cothuithe d'oifigigh do choistí talmhaíochta go mbeidh ortha taisteal do dhéanamh chun a ndualgaisí do chólíona agus fós rátaí na gcostaisí taistil agus cothuithe sin.

Comhar idir coistí.

29. —Féadfaidh aon dá choiste thalmhaíochta no níos mó, ach aontú an Aire do bheith acu chuige sin, socrú do dhéanamh chun aon chuid dá gcomhachta fén gCuid seo den Acht so do chófheidhmiú ar pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontóid, agus má eiríonn ceist ar bith ann idir na coistí sin i dtaobh an tsocruithe sin cuirfear an ní bheidh i gceist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin air.

Connartha dhéanfaidh coistí talmhaíochta.

30. —(1) Féadfaidh coiste talmhaíochta connartha do dhéanamh le daoine chun oibreacha do dhéanamh go n-údaruítear do choiste talmhaíochta leis an Acht so no go n-údarófar do fén Acht so iad do dhéanamh no chun earraí no abhair do sholáthar no chun aon chríche eile bhainfidh go riachtanach no le ceart leis an gcoiste sin d'fheidhmiú a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so, agus gach connra den tsórt san a dhéanfaidh coiste talmhaíochta do réir an ailt seo beidh sé chó dleathach agus chó héifeachtúil, ar gach slí agus chun gach críche, is dá mba chólucht chorparáideach an coiste sin le linn gach trátha bhunúsaigh.

(2) Bainfidh na forálacha so leanas le gach connra dhéanfaidh coiste talmhaíochta, sé sin le rá:—

(a) is i scríbhinn a bheidh gach connra dhéanfaidh coiste talmhaíochta chun aon oibre do dhéanamh agus luadhfar ann an obair a bheidh le déanamh, na habhair (más ann dóibh) a bheidh le soláthar, na fiacha bheidh le n'íoc ag an gcoiste ar an obair sin agus ar na habhair sin fé seach, an aimsir gur laistigh de a cólíonfar an connra, agus na pionóis a gheobhaidh le teip no le moill i gcólíona an chonnartha;

(b) gach connra dhéanfaidh coiste talmhaíochta agus a bheidh i scríbhinn déarfar ann gurb í an chomhairle do cheap an coiste sin do rinne é agus cuirfear leis sin (i ndiaidh ainm na comhairle sin) na focail “ag gníomhú tríd an gcoiste talmhaíochta” agus is leor mar chríochnú air thar ceann na comhairle sin agus an choiste sin é do bheith fé lámha beirt bhall ar a laighead den choiste sin agus iad ag gníomhú ar ordú an choiste sin agus fós fé láimh oifigigh don choiste sin;

(c) aon chonnra dhéanfaidh coiste talmhaíochta agus nách gá do réir an ailt seo ná do réir dlí ar aon tslí eile é dhéanamh i scríbhinn féadfaidh beirt bhall ar a laighead den choiste sin agus iad ag gníomhú ar ordú an choiste sin é dhéanamh fé n-a mbriathar;

(d) aon chonnra dhéanfaidh coiste talmhaíochta féadfaidh an coiste sin é d'atharú no é do chur ar ceal sa tslí agus sa bhfuirm is gá do réir an ailt seo maidir leis an gconnra san;

(e) sara ndéanfaidh coiste talmhaíochta aon chonnra tré n-a mbeadh ar an gcoiste sin suim chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc cuirfidh an coiste sin fé ndeár fógra puiblí deich lá ar a laighead do thabhairt tré fhógraíocht no ar aon tslí eile á rá cadé an saghas agus cad chuige an connra san agus ag iarraidh tairisgintí chun a chólíonta;

(f) ar dhéanamh connartha tré n-a mbeidh ar choiste talmhaíochta suim chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc, éileoidh agus tógfaidh an coiste sin ón té 'na mbeidh an connra san le cólíona aige leor-urrús go gcólíonfar an connra san go cuibhe;

(g) féadfaidh coiste talmhaíochta socrú ar pé slí is dóich leo is ceart le duine ar bith maidir le haon phionós no fiachas eile fé n-a raghaidh an duine sin agus a bheidh ag an gcoiste sin air mar gheall ar theip no ar mhoill i gcólíona connartha do rinne an coiste sin pe'ca fén gconnra san no fé bhanna no urraíocht a ghabhann leis an gconnra san no mar dhamáiste no ar aon tslí eile eireoidh an pionós no an fiachas san.

Cuntaisí coistí talmhaíochta d'iniúcha.

31. —(1) Iniúchfar cuntaisí gach coiste talmhaíochta ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá, ailt 11 go 15 den Local Government (Ireland) Act, 1871, fo-alt (2) d'alt 63 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus ailt 20 agus 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, mar do leasuíodh no do hoiriúnuíodh iad le haon achtachán no fé aon achtachán ina dhiaidh sin, bainfid le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcoistí sin fé mar a bhaineann na hachtacháin sin, agus iad leasuithe no oiriúnuithe amhlaidh, le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí na gcóluchtaí puiblí luaidhtear ionta.

(2) Déanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí o am go ham fé mar a bheidh gá leis a fháil amach agus a shocrú cadé an cion den tuarastal a híocfar leis an iniúchóir a ceapfar chun cuntaisí coiste talmhaíochta d'iniúcha ba cheart d'éileamh ar scór an iniúchta san, agus íocfaidh an coiste sin méid an cheana san den tuarastal san leis an Aire sin.

Imeachta dlí.

32. —Imeachta dlí chuirfidh coiste talmhaíochta ar bun no ar siúl is in ainm na comhairle do cheap an coiste sin agus na focail “ag gníomhú tríd an gcoiste talmhaíochta” i ndiaidh ainm na comhairle sin a cuirfear ar bun no ar siúl iad agus imeachta dlí a cuirfear ar bun no ar siúl i gcoinnibh coiste talmhaíochta is i gcoinnibh na comhairle do cheap an coiste sin agus na focail “ag gníomhú tríd an gcoiste talmhaíochta” i ndiaidh ainm na comhairle sin a cuirfear ar bun no ar siúl iad.

Scéimeanna talmhaíochts.

33. —(1) Déanfaidh gach coiste talmhaíochta gach bliain scéim (dá ngairmtear scéim thalmhaíochta san Acht so) d'ullamhú chun cabhrach agus teagaise do thabhairt chun crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha i gcontae an choiste sin.

(2) Beidh gach scéim thalmhaíochta fé réir aontú an Aire agus má aontuítear agus sa mhéid go n-aontófar léi amhlaidh bhéarfaidh an coiste talmhaíochta d'ullamhuigh í éifeacht di agus cuirfid i ngníomh í.

Alt 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments)Order, 1898 do chur i mbaint.

34. —Chun crícheanna Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, tuigfear gach coiste talmhaíochta do chontae do bheith ina choiste de chomhairle na contae sin agus bainfidh an tAirtiogal san le coistí talmhaíochta agus le n-a mbaill dá réir sin fé réir an atharuithe seo, eadhon, d'ainneoin éinní atá i mír (e) d'fho-airtiogal (4) den Airtiogal san 12 má bhíonn duine cáilithe ar gach slí eile ní bheidh sé dí-cháilithe chun a thoghtha ná chun a roghnuithe ná chun bheith ina bhall de choiste ar bith (seachas coiste talmhaíochta) ná de chó-choiste ar bith do cheap comhairle chontae no bord sláinte i bpáirt no go híomlán toisc go bhfuair sé féin no a pháirtnéir no go ndearna ceachtar acu connra tré n-a bhfaghadh aon tairbhe no buntáiste do thairg coiste talmhaíochta don phuiblíocht chun crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha do réir scéime talmhaíochta do bhí á riara ag an gcoiste sin.

Scéimeanna foraoiseachta.

35. —(1) Más dóich leis an Aire, ar a chur san fé n-a bhráid do chomhairle chontae agus don choiste talmhaíochta don chontae sin le chéile, gur fearr beart do dhéanamh chun coillte atá sa chontae sin anois do bhuan-chimeád féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú scéime foraoiseachta san Acht so) a dhearbhú gur contae gur fearr scéim foraoiseachta fén alt so do chur in éifeacht inte an chontae sin.

(2) Má dheineann an tAire ordú scéime foraoiseachta maidir le contae, déanfaidh an coiste talmhaíochta don chontae sin gach bliain airgeadais áitiuil tar éis dáta an orduithe sin scéim (dá ngairmtear scéim foraoiseachta san Acht so) d'ullamhú chun coillte sa chontae sin do bhuan-chimeád agus (fé réir aontú an Aire) an scéim sin do chur in éifeacht.

Rátaí talmhaíochta agus foraoiseachta.

36. —(1) Gach bliain airgeadais áitiuil (agus an bhliain airgeadais áitiuil dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh) déanfaidh gach comhairle chontae suim is có-ionann le ráta dhá phingin fén bpúnt ar a laighead ar an luach ionrátuithe bheidh ar an gcontae sin i dtosach na bliana san do chruinniú go cothrom o iomlán a gcontae (lasmuich d'aon bhailecheanntair atá inte) tríd an ráta dealbhais agus féadfaid, más oiriúnach leo é, aon bhliain airgeadais áitiuil (agus an bhliain airgeadais áitiuil dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, d'áireamh) suim bhreise is có-ionann le ráta pingne fén bpúnt ar a mhéid ar an luach ionrátuithe bheidh ar an gcontae sin i dtosach na bliana san do chruinniú tríd an meán céanna agus sa tslí chéanna, agus gairmtear an ráta talmhaíochta san Acht so de gach suim a cruinneofar de bhua an fho-ailt seo.

(2) Má dheineann an tAire ordú scéime foraoiseachta maidir le contae déanfaidh comhairle na contae sin, gach bliain airgeadais áitiuil tar éis dáta an orduithe sin, má cheanglann an tAire ortha é i rith na bliana airgeadais áitiúla roimhe sin, ach ní hin aon chás eile, suim (dá ngairmtear an ráta foraoiseachta san Acht so) is có-ionann le ráta leath-phingne fén bpúnt ar a mhéid ar an luach ionrátuithe bheidh ar an gcontae sin i dtosach na bliana san do chruinniú go cothrom o iomlán a gcontae (lasmuich d'aon bhailecheanntair atá inte) tríd an ráta dealbhais.

(3) Gach gníomh agus ní do rinne comhairle chontae roimh thosach feidhme an Achta so maidir le ráta dealbhais do bhuala in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, beid (más cuid den tsuim a bheidh le cruinniú tríd an ráta dealbhais sin suim an ráta thalmhaíochta) chó dleathach agus chó héifeachtúil is dá mbeadh fo-alt (1) den alt so i bhfeidhm agus na gníomhartha no na nithe sin á ndéanamh.

Comhairlí contae d'fháil iasachtaí.

37. —(1) Féadfaidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna scéime talmhaíochta no scéime foraoiseachta fé is dá mba chrícheanna na crícheanna san chun a mbeadh údarás acu airgead d'fháil ar iasacht fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, agus ní déanfar airgead do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fén alt so chun crícheanna aon scéime den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha iomlána na comhairle sin chun crícheanna an Airtiogail sin.

(2) Airgead do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fén alt so chun crícheanna scéime talmhaíochta déanfaidh an coiste talmhaíochta don chontae sin é d'aisíoc leis an gcomhairle sin pé tráthanna agus i pé slí agus le pé ús a ceapfar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(3) Airgead do gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht fén alt so chun crícheanna scéime foraoiseachta déanfaidh an coiste talmhaíochta don chontae sin é d'aisíoc leis an gcomhairle sin pé tráthanna agus i pé slí agus le pé ús a ceapfar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Conus a cuirfear airgead a cruinneofar fén Acht so.

38. —(1) Déanfar an t-airgead a chruinneoidh comhairle chontae tríd an ráta talmhaíochta d'íoc leis an gcoiste talmhaíochta don chontae sin gan baint de agus cuirfidh an coiste sin é chun gach críche no aon chríche acu so leanas agus ní chun críche ar bith eile, sé sin le rá:—

(a) chun íoctha caithteachais fé n-a raghaidh an coiste sin fé scéim thalmhaíochta le n-a n-aontóidh an tAire, agus do réir na scéime sin;

(b) chun íoctha costaisí riaracháin agus fo-chostaisí fé n-a raghaidh an coiste sin le haontú an Aire;

(c) chun aon airgid a chruinneoidh an chomhairle sin tré iasachtaí d'fháil fén Acht so chun crícheanna scéime talmhaíochta agus a cuirfear ar chur an choiste sin d'aisíoc leis an gcomhairle sin do réir an Achta so agus do réir rialachán a déanfar fé;

(d) chun íoctha aon íocaíocht go mbeidh ar an gcoiste sin iad d'íoc fé sna forálacha den Acht so bhaineann le costaisí taistil d'íoc le baill de choistí;

(e) chun íoctha aon fhiach a bheidh ag an Aire ar an gcoiste sin maidir leis an Aire do dhéanamh fiosrúcháin áitiúla;

(f) chun íoctha aon íocaíochta a cheanglann an tAcht so ar an gcoiste sin d'íoc leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir le cuntaisí an choiste sin d'iniúcha.

(2) Déanfar an t-airgead a chruinneoidh comhairle chontae tríd an ráta foraoiseachta d'íoc leis an gcoiste talmhaíochta don chontae sin gan baint de agus cuirfidh an coiste sin é chun gach críche no aon chríche acu so leanas agus ní chun críche ar bith eile, sé sin le rá:—

(a) chun íoctha caithteachais fé n-a raghaidh an coiste sin fé scéim fhoraoiseachta le n-a n-aontóidh an tAire, agus do réir na scéime sin;

(b) chun íoctha costaisí riaracháin agus fo-chostaisí fé n-a raghaidh an coiste sin le haontú an Aire;

(c) chun aon airgid a chruinneoidh an chomhairle sin tré iasachtaí d'fháil fén Acht so chun crícheanna scéime foraoiseachta agus a cuirfear ar chur an choiste sin d'aisíoc leis an gcomhairle sin do réir an Achta so agus do réir rialachán a déanfar fé.

(3) Airgead a chruinneoidh comhairle chontae tré iasachtaí d'fháil fén Acht so chun crícheanna scéime talmhaíochta no chun crícheanna scéime foraoiseachta cuirfear é ar chur an choiste thalmhaíochta don chontae sin agus caithfidh an coiste sin é do réir na scéime talmhaíochta san no do réir na scéime foraoiseachta san (pe'ca aca é) agus ní har aon tslí eile.

Conus a cuirfear deontaisí páirliminteacha.

39. —Cuirfear ar chur an Aire agus cuirfidh seisean chun crícheanna scéimeanna talmhaíochta no scéimeanna foraoiseachta pé airgead a sholáthróidh an tOireachtas o am go ham chun na crícheanna san.

Rialacháin.

40. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú an dá ní seo leanas no ceachtar acu do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) rialacháin do dhéanamh i dtaobh cuntaisí coistí talmhaíochta agus iniúchta na gcuntaisí sin;

(b) rialacháin do dhéanamh i dtaobh nós-imeachta coistí talmhaíochta maidir leis an ngnó cuirtear ortha no a haistrítear chúcha leis an Acht so.

(2) Má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so le cuntaisí no le hiniúcha cuntaisí coistí talmhaíochta ní déanfar iad ach tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

CUID III.

Foralacha Diombuana.

Maoin d'aistriú chun coistí talmhaíochta.

41. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí ar fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, dílsithe i gcoiste do cheap comhairle chontae fé Acht 1899 no sa chomhairle sin i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a chólíonann an chomhairle sin tríd an gcoiste sin, tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, i dtosach feidhme an Achta so, dílsithe sa choiste talmhaíochta don chontae sin agus san gan leithliú ná sanna ar bith do dhéanamh uirthe ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, í d'aistriú i leabhair aon bhaine, corparáide, no cuideachtan.

(2) Más airgead, stoc, scaireanna, no urrúis i leabhair bhainc, chorparáide, no chuideachtan a bheidh i maoin ar bith a haistrítear leis an alt so, ansan, ar iarratas an choiste thalmhaíochta chun a n-aistrítear an t-airgead, an stoc, na scaireanna agus na hurrúis sin leis an alt so, déanfaidh an banc, an chorparáid, no an chuideachta san an céanna d'aistriú chun ainm an choiste sin.

(3) Gach rud ar fiunraoi a haistrítear leis an alt so féadfaidh an coiste talmhaíochta chun a n-aistrítear amhlaidh é dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm ina n-ainm féin agus ní gá don choiste sin fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud ar fiunraoi sin ina cheangal.

(4) Gach airgead do cruinníodh tré ráta do bhuail comhairle chontae chun seirbhíse na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus do híocfaí, mara mbeadh an tAcht so, leis an gcoiste do cheap an chomhairle sin fé Acht 1899 agus d'fhéadfadh an coiste sin d'úsáid i dtaobh no i gcóir na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, agus na ndualgas a chólíonann an chomhairle sin tríd an gcoiste sin íocfaidh an chomhairle sin é (sa mhéid ná beidh an t-airgead san íoctha leis an gcoiste sin roimh thosach feidhme an Achta so) leis an gcoiste talmhaíochta don chontae sin agus nuair a híocfar amhlaidh é cuirfidh an coiste talmhaíochta san chun críche é fé is dá mba airgead an t-airgead san do chruninneodh an chomhairle sin tríd an ráta talmhaíochta.

Fiacha agus fiachaisí d'aistriú chun coisti talmhaíochta.

42. —(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirítear fiachaisí nea-shocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ar an gcoiste do cheap comhairle chontae fé Acht 1899 no ar an gcomhairle sin agus fé n-a ndeaghaidh an céanna, agus a bheidh gan íoc agus gan glana ag an gcéanna i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a fheidhmíonn an chomhairle sin tríd an gcoiste sin, tiocfaid chun bheith agus beid, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, ina bhfiacha no ina bhfiachas, i dtosach feidhme an Achta so, ar an gcoiste talmhaíochta don chontae sin, agus déanfaidh an coiste sin iad d'íoc no do ghlana agus féadfar a mbaint de no a gcur i bhfeidhm ina aghaidh dá réir sin.

(2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, gach pinsean, aois-liúntas, no aisce bheidh no thiocfaidh chun bheith iníoctha, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, ag comhairle chontae le duine toisc gurbh oifigeach é do choiste do cheap an chomhairle sin fé Acht 1899 no don chomhairle sin i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht agus dualgas a fheidhmíonn an chomhairle sin tríd an gcoiste sin, déanfaidh an chomhairle sin, i dtosach feidhme an Achta so agus dá éis sin, é do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna in ar ghá é do chruinniú agus d'íoc dá mba ná rithfí an tAcht so agus ná tiocfadh sé i ngníomh.

Oifigigh d'aistriú chun coistí talmhaíochta.

43. —(1) Gach duine bheidh, an lá roimh thosach feidhme an Achta so, ina oifigeach do choiste do cheap comhairle chontae fé Acht 1899 no don chomhairle sin i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a fheidhmíonn an chomhairle sin tríd an gcoiste sin aistreofar é chun an choiste thalmhaíochta don chontae sin, agus tiocfaidh chun bheith agus beidh ina oifigeach don choiste sin i dtosach feidhme an Achta so.

(2) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so cólíonfa sé, fé réir forálacha an ailt seo agus i seirbhís an choiste thalmhaíochta chun a n-aistrítear amhlaidh é, dualgaisí den tsórt do chólíonadh sé sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é.

(3) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so, ní bhfagha sé, i seirbhís an choiste thalmhaíochta chun a n-aistrítear amhlaidh é, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é ná, fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé fé choinníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coinníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé sa tséirbhís sin.

(4) Féadfaidh coiste talmhaíochta, le haontú an Aire, na dualgaisí bheidh le cólíona ag oifigigh a haistrítear chuige leis an alt so d'ath-roinnt no d'ath-shocrú agus beidh ar gach oifigeach den tsórt san na dualgaisí leagfar amach do de dhruim aon ath-roinnte no ath-shocruithe den tsórt san do chólíona, agus chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntais agus le cúiteamh i gcailliuint oifige, ní tuigfear gurb ionann aon ath-roinnt no athshocrú den tsórt san agus oifigeach do chur as oifig no deire do chur le n-a oifig.

(5) Féadfaidh coiste talmhaíochta, le ceadú an Aire, agus déanfaidh, nuair ordóidh an tAire dho é, deire do chur le hoifig oifigigh ar bith a haistrítear chun an choiste sin leis an alt so agus, chun críche na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige, tuigfear gach oifigeach den tsórt san go gcuirfear deire le n-a oifig amhlaidh do bheith curtha as oifig ag an gcoiste sin ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas.

CUID IV.

Ilghneitheach.

Éilithe agus iarrataisí áirithe d'fhíorú.

44. —Féadfaidh an tAire o am go ham rialacháin do dhéanamh i dtaobh an dá ní seo leanas no ceachtar acu, sé sin le rá:—

(a) á chur mar cheangal go bhfíorófaí le dearbhú reachtúil aon éileamh ar airgead adeirtear do bheith dlite air féin no ar choiste talmhaíochta;

(b) á chur mar cheangal go bhfíorófar le dearbhú reachtúil aon iarratas a déanfar air fé aon achtachán agus ná beidh sé ceangailte, do réir an achtacháin sin ná fé, é d'fhíorú ar shlí áirithe;

agus pé uair a déanfar aon rialacháin den tsórt san maidir le haon éileamh no iarratas den tsórt san ní tabharfar áird ar an éileamh no ar an iarratas san mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é d'fhíorú le dearbhú reachtúil.

Talamh d'aistriú o sna Coimisinéirí Foraoiseachta.

45. —An talamh uile i Saorstát Éireann do bhí, ar an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, dílsithe ar aon tslí sna Coimisinéirí Foraoiseachta do bunuíodh leis an Forestry Act, 1919, agus nár leithlíodh ná nár haistríodh roimh thosach feidhme an Achta so le reacht, le hordú, le dintiuir, ná ar aon tslí eile o sna Coimisinéirí Foraoiseachta san chun aon Aire, búird, údaráis, no duine tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, gan aon leithliú do dhéanamh air, dílsithe san Aire díreach i dtosach feidhme an Achta so chun an estáit, an téarma, agus an leasa go léir chun a raibh sé dílsithe amhlaidh sna Coimisinéirí Foraoiseachta.

Tuarasgabhála ón Aire.

46. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis gach bliana airgeadais do bheith caithte, tuarasgabháil ar a imeachta fén Acht so i rith na bliana san d'ullamhú agus do thíolaca do gach Tigh den Oireachtas.

(2) Sa mhéid go mbainfidh tuarasgabháil fén bhfo-alt san roimhe seo le himeachta fé sna Diseases of Animals Acts, 1894 to 1914, isé bheidh inti ná cuntas ina luadhfar imeachta agus caithteachas an Aire fé sna hAchtanna san agus, sa mhéid gur féidir é go réasúnta, imeachta agus caithteachas na n-údarás n-áitiuil go léir fé sna hAchtanna san sa bhliain le n-a mbainfidh an tuarasgabháil sin, agus luadhfar inti an méid ainmhithe coigríche do cuireadh i dtír i Saorstát Éireann agus go bhfuarthas amach galar do bheith ortha an bhliain sin, agus luadhfar inti ina gceann agus ina gceann na saghsanna deifriúla galair do bhí ortha agus na puirt o n-ar heasportáladh agus na puirt in ar cuireadh i dtír na hainmhithe sin agus cad do rinneadh leo, agus beidh pé eolas eile is oiriúnach leis an Aire inti i dtaobh oibriú na nAchtanna san.

Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925.

47. —Déanfar feasta an Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898, d'áireamh mar cheann de sna hAchtanna gur féidir na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, do ghairm díobh.

Rialacháin do leaga fé bhráid Tithe an Oireachtais.

48. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Costaisí.

49. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag cur an Achta so i ngníomh.

Athghairm.

50. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CEAD SCEIDEAL.

Achtachain go n-Aistritear na Comhachta agus na Dualgaisi Futha leis an Acht so.

1. Na Diseases of Animals (Ireland) Acts, 1894 to 1914.

2. Achtanna na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.

3. Alt 9 den Markets and Fairs (Weighing of Cattle) Act, 1887, agus alt 2 agus fo-alt (1) d'alt 4 den Markets and Fairs (Weighing of Cattle) Act, 1891.

4. An Fertilisers and Feeding Stuffs Act, 1906.

5. Na Charitable Loan Societies (Ireland) Acts, 1843 to 1906.

6. Alt 2 den Dogs Act, 1906.

7. An Bee Pest Prevention (Ireland) Act, 1908.

8. Na Sale of Food and Drugs Acts, 1875 to 1907.

9. An Merchandise Marks (Ireland) Act, 1909.

10. An Weeds and Agricultural Seeds (Ireland) Act, 1909.

11. Ailt 18 agus 47 den Irish Land Act, 1909.

12. An Horse Breeding Act, 1918.

13. Sceideal B den Income Tax Act, 1918.

14. An Animal (Anaesthetics) Act, 1919.

15. An Industrial Courts Act, 1919.

16. An Seeds Act, 1920.

17. Acht na nUachtarlann, 1928 (Uimh. 26 de 1928) .

DARA SCEIDEAL.

Ceapa agus Ballraiocht Chosti Talmhaiochta.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn na habairtí “an chomhairle” agus “an chontae” fé seach, chó fada agus bhainid le coiste talmhaíochta, an chomhairle chontae cheapfaidh an coiste sin agus an chontae dá gceapfar é;

chó fada agus bhaineann an abairt “bliain toghacháin” le baill den choiste talmhaíochta do chontae Bhaile Atha Cliath (seachas baill a ceapfar chun foth-fholúntas) do cheapa cialluíonn sí an bhliain 1931 no an bhliain 1933, no aon tríú bliain ina dhiaidh sin tar éis na bliana 1933 agus, chó fada agus bhaineann sí le baill d'aon choiste eile talmhaíochta (seachas baill a ceapfar chun foth-fholúntas) do cheapa. cialluíonn sí an bhliain 1931 no aon tríú bliain ina dhiaidh sin.

2. Có-dhéanfar gach coiste talmhaíochta de dhaoine is baill den chomhairle no neachtar acu de dhaoine is baill den chomhairle agus de dhaoine nách baill di, pe'ca aca is rogha leis an gcomhairle.

3. Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le códhéanamh gach coiste talmhaíochta do chontae, sé sin le rá:—

(a) an méid ball den choiste sin a ceapfar i mbliain toghacháin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle a bheidh ann an bhliain sin ní bheidh sé níos lugha ná oiread fé thrí ná níos mó ná oiread fé cheathair is bheidh de thogha-líomatáistí contae sa chontae ar dháta an chruinnithe bhliantúla san;

(b) fé réir forálacha na fo-mhíre sin roimhe seo, isé méid ball den choiste sin a ceapfar i mbliain toghacháin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle bheidh ann an bhliain sin ná pé méid is oiriúnach leis an gcomhairle agus, d'ainneoin aon atharuithe ar líon na dtoghlíomatáistí sa chontae sin idir an dá linn, beidh an coiste sin có-dhéanta den mhéid ball san is déanaí luaidhtear go dtí an cruinniú bliantúil den chomhairle bheidh ann sa chéad bhliain toghacháin eile ina dhiaidh sin.

4. Beidh ar bhaill choiste thalmhaíochta, in aghaidh gach toghlíomatáiste chontae sa chontae, duine amháin ar a laighead a chomhnuíonn sa togh-líomatáiste chontae sin.

5. Ní ceapfar duine ar bith chun bheith ina bhall de choiste thalmhaíochta mara mbeidh aige maidir le talamh eolas a fuair sé as taithí no as tráchtáil, no eolas teicniciuil, no mara mbeidh estát no leas aige i dtalamh éigin talmhaíochta sa chontae no eolas speisialta áitiuil ar chúrsaí talmhaíochta.

6. Ceapfar baill an choiste thalmhaíochta (seachas ball a ceapfar chun foth-fholúntais) i ngach bliain toghacháin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle bheidh ann an bhliain sin agus beidh ceapa na mball san den choiste sin ina chuid den chéad ghnó déanfar ag gach cruinniú bliantúil den tsórt san.

7. Tosnóidh téarma oifige gach baill de choiste thalmhaíochta (seachas ball a toghfar chun foth-fholúntais) i ndeire an chruinnithe bhliantúla den chomhairle ag ar ceapadh é agus, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, beidh gach ball den tsórt san i seilbh oifige go dtí an chéad chruinniú bliantúil eile den chomhairle go gceangailtear ar an gcomhairle leis an Acht so baill den choiste sin do cheapa aige (seachas chun fothfholúntais do líona).

8. Duine scuirfidh, le himeacht aimsire, de bheith ina bhall de choiste thalmhaíochta beidh sé ion-athcheaptha.

9. (1) Pé uair a thiocfaidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas sa Sceideal so) i mballraíocht choiste thalmhaíochta tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do bhall den choiste sin, déanfaidh an chomhairle, chó luath agus bheidh caoi ann chuige, duine do cheapa chun an fholúntais sin do líona.

(2) Duine ceapfar chun foth-fholúntais do líona i mballraíocht choiste thalmhaíochta beidh sé, marab éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige mar bhall den choiste sin ar feadh iarsma an téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as, no teacht fé dhí-cháilíocht do, seilbh oifige mar bhall den tsórt san mara mbeadh a éag, a eirghe as, no a theacht fé dhí-cháilíocht.

10. Nuair a thárlóidh do bhall de choiste thalmhaíochta, a bheidh ina bhall den chomhairle freisin, go scuirfe sé de bheith ina bhall den chomhairle scuirfidh láithreach de bheith ina bhall den choiste sin ach beidh sé ion-athcheaptha fé réir forálacha Rialach 2 mara mbeidh sé dí-cháilithe ar aon tslí eile.

11. Má bhíonn ball de choiste thalmhaíochta as láthair o gach cruinniú den choiste sin ar feadh tréimhse de shé mhí as a chéile beidh sé dí-cháilithe, i gcionn na tréimhse sin, chun leanúint de bheith ina bhall den choiste sin, maran rud é gur bhreoiteacht fé ndéar a bheith as láthair no gur aontuigh an coiste le n-a bheith as láthair, agus fós beidh sé dí-cháilithe go ceann bliana o dheire na tréimhse sin chun bheith ina bhall den choiste sin.

TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun Costaisi Taistil d'Ioc.

1. Sna rialacha so—

cialluíonn an focal “coiste” coiste talmhaíochta;

cialluíonn an focal “rann-íoc” rann-íoc is iníoctha fén Acht so le ball de choiste mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ragha sé ag freastal cruinnithe an choiste sin.

2. Déanfaidh gach ball de choiste, i dtosach a théarma oifige mar bhall den tsórt san, seola a ghnáth-áite comhnaithe do chur in úil do phríomh-oifigeach fheidhmiúcháin an choiste sin i scríbhinn, seola dá ngairmtear sna rialacha so áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill sin.

3. An rann-íoc a híocfar le ball de choiste alos a theacht go dtí aon chruinniú áireofar é do réir faid an turuis o áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill sin go háit chruinnithe an choiste agus do réir an mhodha iompair a húsáidtear ar an turus san.

4. I gcás in ar bhféidir níos mó ná aon bhealach amháin do ghabháil sa turus o áit chomhnaithe oifigiuil bhaill go háit chruinnithe an choiste, no in ar bhféidir an turus do dhéanamh ar mhodhanna iompair deifriúla, tuigfar, chun crícheanna na rialacha so, gur gabhadh an bealach agus gur húsáideadh an modh iompair is lugha 'na n-iocfí íocaíocht ar a son fé sna rialacha so.

5. Íocfar , le gach ball le n-a bhfuil rann-íoc iníoctha fén Acht so, suim a háireofar sa tslí a horduítear sa chéad riail eile, ar son gach cruinnithe den choiste ar ar fhreastal sé ach ní híocfar aon rann-íoc le haon bhall den tsórt san ar son cruinnithe comóradh in áit is giorra ná cúig mhíle ar aon bhealach o n-a áit chomhnaithe oifigiuil.

6. Is mar leanas a háireofar an tsuim is iníoctha fén riail sin roimhe seo ar son gach cruinnithe fé leith, sé sin le rá, ceithre pingne ar gach míle den turus a deineadh de bhóthar iarainn o áit chomhnaithe oifigiuil an bhaill go háit an chruinnithe, agus cúig pingne ar gach míle den turus san a deineadh in aon tslí eile seachas de bhóthar iarainn.

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

57 & 58 Vic. c. 57.

Diseases of Animals Act, 1894.

Alt 50.

62 & 63 Vic. c. 50.

Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899.

An tAcht iomlán ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le ceárdoideachas.

2 Edw. VII. c. 3.

Agriculture and Technical Instruction (Ireland) Act, 1902.

An tAcht iomlán ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le ceárdoideachas.

2 Edw. VII. c. 33.

Agriculture and Technical Instruction (Ireland) (No. 2.) Act, 1902.

An tAcht iomlán.