|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 32 de 1931. | ||
[EN] |
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1931 | |
ACHT CHUN NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1930, DO LEASÚ. | ||
[31adh Iúl, 1931.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) . |
[EN] |
An Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú. |
2. —Is mar aon Acht amháin a léighfear agus a léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so agus dá réir sin abairtí agus focail a húsáidtear san Acht so agus do húsáideadh sa Phríomh-Acht freisin tá na brigheanna céanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht. |
[EN] |
Roimh-iocanna breise leis an mBord. |
3. —(1) I dteanta na suimeanna cheanglann alt 12 den Phríomh-Acht ar an Aire Airgid do roimh-íoc leis mBord, féadfaidh an tAire sin (fé réir na teorann a forchuirtear leis an alt so), fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air é, gach suim a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil go cóir réasúnta ón mBord chun aon chríche bhainfidh le feidhmiú a chuid feidhmeanna fé sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1930, do roimh-íoc leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis. |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna roimh-íocfar leis an mBord fén alt so thar suim dhá mhilleon punt. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 12 den Phríomh-Acht maidir le roimh-íocanna a híocfar leis an mBord fén alt so fé is dá mba fén alt san 12 do híocfaí na roimh-íocanna san. | |
[EN] | (4) Gach roimh-íoc a híocfar leis an mBord fén alt so tuigfear, chun crícheanna altanna 13,14, agus 16 den Phríomh-Acht mar a leasuíodh iad le haon achtachán ina dhiaidh sin, gur fén bPríomh-Acht do híocadh é agus beidh feidhm ag na haltanna san, agus iad leasuithe amhlaidh, maidir leis na roimh-íocanna san dá réir sin. | |
[EN] |
Iocaíocht le seana-bhall den Bhord. |
4. —Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, íocfaidh an Bord suim dhá mhíle punt le Tomás Mac Lochlainn ba bhall den Bhord le déanaí. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1930, agus den Acht so le chéile. |